Bíonn rogha na himeachtaí le freastal orthu le linn féile IMRAM i gcónaí deacair. I mbliana, ar an ndrochuair, bhí orm bheith thar lear don bpríomh deireadh seachtaine.
Ba leor áfach duine de Laoighseach Ní Choisdealbha, Dairena Ní Chinnéide nó Eithne Ní Ghallchobhair mé a mhealladh go lár na cathrach - ach an triúr acu le chéile!
Anuraidh bhí comhdháil acadúil ag an Acadamh Ríoga faoi phearsa na Caillí. D'aithin siad an uair úd go raibh rud le rá freisin ag na healaíontóirí faoin ábhar, agus chuaigh i bpáirt le hIMRAM agus na filí chun an bhearna sin a líonadh. Bhí an tinfeadh ag Majella Ní Chriocháin, bainisteoir IMRAM Róis a luadh le Liam Carson mar cheoltóir feiliúnach.
Triúr ban ultach, trodaí Duibhneach agus an file físe Margaret Lonergan, ar dheacair ócáid de chuid IMRAM a shamhlú d'uireasa a híomhánna teilgthe.
Is iomaí brí ag an bhfocal Cailleach ar ndóigh, agus thagair Máire Ní hAnnracháin do brí amháin, i. Bean scothaosta agus í ag baint feidhme as an cuir síos sin uirthi féin.
Baineann sanasaíocht Cailleach le caille, i. fial. Agus bhí éadan Róis folaithe faoi chaille dhubh lása nuair a tháinig sí i láthair chun a cheol diamhair féin a chuir i láthair - guth álainn agus asarlaíocht leictreonach scaití á threisiú agus babhtaí eile á choimhthiú. Thug sí amhráin dúinn idir na filí agus tionlacan cúlra dóibh.
Thug Laoighseach sraith dánta dúinn, mar is iondúil ionchollaithe, baineann, láidir. Lán de thagairtí do théacsanna idir saolta, scrioptúrtha agus ó litríocht na cruinne agus na Gaeilge. Fite fuaite le tuiscint ar Chailleach Bhéara an dáin agus a miangas sise.
Bhí dánta Dairena Ní Chinnéide fáiscthe as Dinnseanchas Iarthar Dhuibhne agus cuimhní teaghlaigh ar mná feasa, agus coimhlint idir piseog is creideamh, mná feasa agus cléireach tiarnúil.
Agus bhí reacaireacht Eithne Ní Ghallchobhair báite sa bhéaloideas, cuid de na téamaí a chíor sí i Múscail, a ghiorria. Tuiscint is neamhbhreithiúnacht an bhean feasa, beag beann ar na claontuairimí fúithi féin agus a dlúthbhaint leis an dúlra.
Bhí dán amháin i nGaeilge na hAlban againn, ó Caitrìona Lexy Chaimbheul .
Mar is iondúil le ócáidí imram.ie, fiú agus seo i suíomh acadúil leabharlann an Acadaimh ríoga, is Gesamtkunstwerk a bhí ann - filíocht, íomhánna agus ceol ag tagairt dá chéile, fite fuaite le chéile chun an lucht éisteachta agus féachana a fhuadach chuig domhain na samhlaíochta faoi réir na Caillí.