Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-02-04

Carne, Vale

Tá an Inid ann.
Inniu agus amárach, san Eoraip Caitliceach, beidh an carnabhail faoi lán seoil.

Babhta mhór drabhláis agus ragairne, a fágáil slán ag an fheoil agus an macnas, ar feadh daichead lá an Quadragesima, an Charghas.

Mo-chean do theacht, a scadáin;
druid liom a dhailtín uasail,
do chéad beatha 's do shláinte,
do thuillis fáilte uaimse
...
A scadáin shéimhe shúgaigh,
a chinn chumhdaigh an Charghais,
a mhic ghrádhaigh mo charad,
liom is fada go dtángais
...
I dtús an Charghais chéasta,
a fhir le ndéantar comhól,
ortsa, go teacht na Cásca,
is mór mo ghrása 's is rómhór


Is beag de spleodar an Charnabhail ná de ghéire an Charghas atá in Éirinn na linne seo.

Pé scéal é, tá sé de nós agamsa mo chrannóg gaoitearachta anseo, agus an t-idirlíon i gcoitinne a thréigean le linn an Charghais.

Ar mhaithe le ciúnas intinne agus anama!

Feicfidh mé tar éis na Cásca sibh!

Scríobh an Pápa nóta gairid don Charghas - tráth troscadh, urnaí agus déirce.

Ar déirce agus féin bhronnadh a dhírigh sé i mbliana.




Gheobhaidh sibh an dán iomlán faoin Scadán san Duanaire

2008-02-02

Beoir Beannaithe

Meabhraíonn an scéal seo, faoi mbronntanas de bhuidéal beorach a fuair an Pápa le déanaí, scéal grinn dom.

Sna meánaoiseanna, bá mhian le manaigh áirithe sa Bhaváir beoir a ól le linn an Charghas.
Cuir siad toscaireacht chun na Róimhe ag lorg cead.
Ní raibh aon cur amach ag lucht an Curia ar an mbeoir seo.
Mar sin, d'iarr siad sampla.
Seoladh a mhuin miúil chun na Róimhe í.
Tar éis roinnt seachtainí tháinig sí.
Níor thaitin sí ar chor ar bith le lucht ólta fíona mhilis an Curia.
Mar sin, a teachtaireacht a chuaigh thar nais ná "Ní hamháin go bhfuil cead agaibh í ól, tá dualgas oraibh!"

Fáilte roimh Moltoirí!

Ó sceitheadh "liosta fada" na mblaganna atá istigh air an duais don úsáid is fearr don Ghaeilge i mBlag, is eol dom go bhfuilim air.

Mo bhuíochas don té a chuir isteach mé (ní mise a rinne - táim cúthail ;-))

Ach ciallaíonn sé go bhfuil sé do dhualgas ar roinnt daoine an bhlag seo a léamh.

Fearaim fáilte romhaibh. Tá súil agam go n-aimsíonn sibh ní éigin inspéise i rámhaille an amugha seo...

Óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte

Ná déan leatrom ar an deoraí;
is aithnid duit croí an deaoraí,
óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte
Eax: 23:9


Léigh mé alt suimiúil le hOllamh Iosraelach san Tagesspeigel: Forlámhas nó Daonlathas. Leagan ciorraithe de chaint a thug sé a bhí ann. Bhí sé ag cuir síos ar an dteannas san Iosrael faoi conas plé leis an mionlach Arabach san tír sa chóras polaitíochta.

Táim défhiúsach faoi Iosrael.

Tuigim an riachtanas atá ann le tearmann do Ghiúdaigh; gur cúis misnigh do Ghiúdaigh thar lear Iosrael a bheith ann, agus láidir. Rinneadh leatrom ar Giúdaigh leis na céadta bliain; leatrom a raibh lámh nach beag ag críostaithe agus go hairithe an Eaglais Caitliceach ann, monuar. Nuair a tháinig am an ghátar agus an tUileloscadh ag tarlú, dúnadh doirse in aghaidheanna na dteifeach.
Mar sin, tá sé intuigthe go mbeadh rún daingean ag muintir Iosrael glacadh le gach Giúdach mar saoránach.

Is fíor go bhfuil córas daonlathach agus dlí i bhfeidhm acu - rud nach bhfuil ag a gcomharsan. Tá siad timpeallaithe ag rialtais cama; cuid acu a bhfuil an creideamh ina ngiolla acu chun cumhacht a dhaingniú; cuid eile a chuireann dualgas treibhe in úsáid; agus roinnt a bhfuil an dá tosca ina cosaint acu. Agus is minic na rialtais seo ina bpíosaí fichille ag na mór cumhachtaí.

Ní dhearna an Bhreatain ná an Fhrainc, agus na críocha seo faoina smacht idir an dá cogadh mhór, iarracht dá laghad síol an daonlathais a chuir.

Mar sin, ó tháinig ann don Stát Iosrael, tá an pobal faoi léigear ag naimhde fíochmhara, ar mian leo na Giúdaigh a scuabadh thar nais sa bhfarraige.
Fágann a leithéid lorg ar sícé an phobail; agus tá sé intuigthe go mbeadh righnis le brath ina bplé leis na Palaistínigh laistigh agus lasmuigh de chríocha stáit Iosrael.

Ach is cúis imní dom an cuir chuig righin seo. Ní mar sin a cloítear sceimhlitheoirí.
Caithfear tacaíocht an phobal a bhaint díobh. Rud a thuigeann lucht sceimhle go maith; agus rud a bhaineann siad feidhm as tríd ionsaithe a sheoladh ó i measc an phobail neamhchiontach - le dúil agus go mbeidh aisfhreagra foréigneach a mbeidh an pobal seachas lucht sceimhle thíos leis. Is ar an leasú seo a fhásann an céad barr eile de fiacla dragúin.

Tuigim go maith go bhfuil réimse leathan tuairimí in Iosrael féin faoin gceist seo.
Go bhfuil speictream leathan ann i bhfabhar agus in aghaidh an chuir chuige; agus go bhfuil tuiscintí thar a bheith éagsúla an an gceist laistigh den dá eite chomh maith.

Cúis imní atá ann áfach, go mbíonn idir Likud agus an Lucht Oibre spléach ar mhionpháirtithe chun Rialtas a chuir le chéile; is deacair gníomh cróga a dhéanamh agus a leithéid de Rialtas briosc i réim.

Ceist chasta, íogair.

2008-02-01

Lá le Bríde

Gar dúinn earrach Éireann?

N'fheadar. Tá sé ag cur sneachta go trom thiar, agus sách fuar thoir anseo.

A Naomh Bríd,
A Mhuire na nGael,
scar orainn do bhrat