Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-11-30

Heileo? Heileo? An tú atá ann?

Píosa breá faoi stair "Heileo" mar slí an guthán a fhreagairt.

N'fheadar an bhfuil an nós ag imeacht anois nuair a fhógraíonn an guthán - go hairithe an píobaire póca - cé atá ag glaoch ort? Is rud níos pearsanta an guthán póca, de ghnáth.

Seoda Saíochta Soiscéalaíochta

Chuir mé fios ar an iomlán leabhair móide DD atá a chuir amach ag Lorlum.

Cúig cinn ar fhichead de scéalta ón mBíobla, agus leaganacha fileata cumtha ag Fearghas Mac Lochlainn. Tá siad bunaithe ar leabhair de chuid Arch, mar sin, tá dóchas agam go bhfuil níos mó ar na bacáin acu!

Tá an obair ealaíona gleoite, agus an rannaireacht sár mhaith. Tá nasc san eireaball i gconaí le saol creideamh an duine aonair san lá atá inniu ann.

Sár píosa oibre atá san Dlúthdhiosca freisin, le éagsúlacht guthanna agus fuaimeanna nuair a fheileann siad.

Tá leabhar samplach le feiscint anseo:

Táim ag súil go mór len iad a léamh le m'iníon (tar éis do San Nioclás iad a bhronnadh uirthi um Nollag!)

2009-11-29

Cosc ar mhiontúir - ach díol airm fós ceadaithe

San Eilvéis.

Bhí dhá reifreann ann. Ceann leis an abairt seo leanas a chuir le Bunreacht na hEilvéise:

"Tá cosc ar tógáil mhiontúir"

De réir an Neue Zurcher Zeitung, glacadh leis le móramh 57 % den 55 % a chaith vóta. Ach ar mhaithe le postanna a choinneáil san Eilvéis, is cosúil, bhí móramh mór in aghaidh cosc a chuir ar onnmhairiú ábhair cogaidh.

Caolseans go mbeadh mórán difear anseo dá mbeadh reifreann dá leithéid ann, i bhfianaise an suirbhé ar na mallaibh san Irish Times, a léirigh an tuairim a beith ag casadh in aghaidh eachtrannaigh abhus.

Nach ait an mac an tsaoil - is mó de bhagairt túr, a mheabhraíonn do dhaoine gur ceart guí chun Dé, ná eitleáin cogaidh agus airm mharfacha?

Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise


Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise,
agus gas ag teacht óna fhréamh
Íseáia 11:1

Inniu céad Domhnach na hAidbhinte, an séasúr sin san Eaglais nuair a réitíonn muid muid féin do theacht Chríost um Nollaig. Tréimhse aithrí atá ann - mar sin bíonn éide corcra in úsáid sa Liotúirge.

Nós atá ag éirí níos coitianta san Eaglais abhus ná feidhm a bhaint as Crann Ieise chun stair an tslánaithe agus ginealach daonna an Tiarna a mheabhrú dúinn. Agus tá leagan de san séipéal áitiúil.

Stair agus ginealach spéisiúil atá ann - i measc rudaí eile luaitear drúth (Rahab) agus bean eachtrannach ó chine nach raibh meas orthu (Ruth). Lón machnamh go leor ann don séasúr seo.

Go raibh Aidbhint maranach againn go léir!



Grianghraif de fleasc Aidbhinte le Micha L. Rieser. Aimsithe ar Wikimedia.

2009-11-28

Aoirí Bradacha

Breis cúis náire nochtaithe ag Tuarascáil Uí Mhurchú.

Tá sé tromchúiseach go ndearna Ardeaspaig thar na blianta neamhaird iomlán ar Dhlí Dé, Dlí Canónach na hEaglaise agus Dlí an Stáit agus iad ag plé - nó gan a bheith ag plé - le ciontóirí gnéis imeasc an chléir.

Ní dúirt Críost riamh "Ná Fiafraigh, ná hInis".

Tá muinín agam as an Ardeaspag reatha, a seoladh anseo ón Roimh d'aon ghnó chun na Stáblaí Áigéis seo do ghlanadh. Cúis imní é áfach gurbh é breith an Choiste go bhfuil feabhas tagtha ar chleachtais an Ard Deoise - ach go bhfuil na gnáis spléach ar dhíograis an Ard Easpaig agus an duine i bhfeighil cúram paistí. Ní leor sin.

Cúis imní é freisin an súil dall a thug na Gardaí agus an Stát do choireanna cléirigh. Ní dóigh liom go bhfuil an gné sin ann anois - níl an urraim míchuí sin ann don chléir níos mó. Ach céard faoi daoine eile faoi urraim? An gcuirtear an dlí i bhfeidhm gan aird ar stádas an chúisí?

Tá súil agam go dtiocfaidh íonghlanadh as seo - don Eaglais, agus don Stáit. Agus go mbeidh faoiseamh éigin ann dóibh siúd a milleadh a saolta athuair de bharr neamhaird, sotal nó fiú cos ar bolg nuair a rinne siad clamhsán. Cos ar bholg ní hamháin ón gcléir, ach ón bpobal fré chéile.

Lá dubh eile i nochtadh ár stair.

An Plean Úd

Bhuel, is Plean 2030 atá ann seachas Plean 2028.

Tá na rudaí cearta luaite ann (cé gur mhaith liomsa, mar a deir Calliomachas sách minic, Roinn Oideachais dár gcuid féin.)

Is dóigh liom gur cur chuige stuama atá ann é chuir faoi bhráid an Coiste Oireachtais.

Caolseans go mbeidh an Aire seo in oifig tar éis an gcéad olltoghchán eile. Mar sin, is fearr plé agus aontas trasphairtí ar an bplean seo.

Ach tá súil agam go mbeidh deis aige Acht nua Gaeltachta a achtú agus tús a chuir lena fheidhmiú. Agus go gcuirfear an oiread den Plean i bhfeidhm ar bhealach atá neamhspleách ar spéis nó a mhalairt Aire nó Rialtas ar leith.

Cífhidh muid.

2009-11-25

Foinse agus scéalta eile

Fuair mé an dara cóip de Foinse inniu.

Cuma níos téagartha air. Agallamh fada le Harry Bohan - sagart agus bunaitheoir ionad Céifin maidir leis an gá atá againn le ceannaireacht. Daithí Ó Sé ag diabhlaíocht agus é ag plé Almanac Ó Mórdha Sean. N'fheadar faoina sheift guaisce adharcach a dheánamh de Obama... Bhí alt spéisiúil ann ag Cormac Ó Loideáin maidir le rothar sléibhe, alt measartha ag Hector (ní haon fan dá chuid mé), agus alt ag maíomh gurbh spóirt níos dúchasaí cruicéid ná peil gaelach!

Tríd is tríd, táim measartha sásta go bhfuair mé luach mo chuid airgid.

San Indo a fuair mé saor in aisce leis, bhí scéilín faoi Bernard Dunne dornálaí a bheith ag foghlaim Gaeilge - agus iad ag tagairt don leagan níos faide den scéal i bhFoinse. Sin seift cliste.

Maidir le Gaelscéal, bhí alt fhada ag Pól Ó Muirí san Times inniu ag cíoradh na ceiste. Is fiú é léamh, go go bhfuil sé (tá súil agam) ró dhuairc!

Ach i bhfianaise an scéal seo ar Mercator.net faoi drochstaid na meáin trí chéile, cá bhfios nach fíor dó?

2009-11-23

Móradh Mhorus


(More agus Erasmus, le Holbein)

Spreagtha ag Calliomachas, fuair mé Moladh na Baoise le Erasmus.

Is spéisiúil an duine é Erasmus. Do lasc sé lochtanna Eaglais a linne, agus feictear mar réamhtheachtaí de chuid an Athrú Creidimh é. Ach d'fhán sé fhéin dílis don Eaglais Rómhánach, ainneoin na lochtanna follasacha a chonaic sé uirthi lena linn. Píosa spraoi, scríofa dá chara More is ea an Μωρίας Ἐγκώμιον.

Fir lán de léann agus d'acmhainn grinn iad beirt, agus daonnachaithe go smior.

Aor ar sochaí a linne atá san píosa seo. Tá sé breac le tagairtí do na claisicí - m'anam nár thuig mé ach sciar ana bheag. Is mór idir oideachas liobrálach an uair úd agus anois. Fós féin, bhain mé sult as an leabhar. Baois á moladh féin, agus a léiriú gurbh í is mó a bhfuil tionchar aici ar fir. Ag maíomh a sinsir - Plutus (Maoin) a athar, agus Óige a máthair. (Saothar Terry Prattchett a rith liom san aois seo - an cion céanna ar an gcine, ach an faghairt chéanna i leith na baoise. Agus, gan amhras, a shaothar breac le tagairtí do chultúr na linne seo agus roinnt aoiseanna eile!)

I dtreo deiridh tugann sé sciúradh neamhthrócaireach d'Eaglais a linne tríd beola na baoise. Ag léiriú go raibh diagairí agus cléirigh ró ghafa lena léann mar dhea féin agus a sain-nósanna féin, agus neamhaird á dhéanamh acu ar an soiscéal. Gach duine acu ag caitheamh anuas ar a chomharsan. Clisteacht focail in áit umhlaíocht croí.

Níl staid na hEaglaise chomh hainnis céanna anois - ach is dóigh liom go bhfuil ceachtanna fós le foghlaim ó chlisteacht agus gaois Erasmus.

Táim buíoch do Challiomachas a sheol i'm threo é!

Fuisce faoi thalamh!


Scéal anseo ar tháinig mé air agus mé ag línseoireacht:

Tá foireann eolaithe ag iarraidh teacht ar sampla de fuisce a d'fhág Ernest Shackleton ina dhiaidh nuair a theith sé ón Antartach.

Tá súil ag an Comhlacht Whyte & Mackay an fuisce McKinlay a athchruthú bunaithe ar an sampla.

Breis anseo ó bhlag an Ard Chumascóra s'acu.

Braon uasal aníos?

Clár dubh daor

D'fhógair an Taoiseach ar na mallaibh go bhfuiltear chun infheistiú i dteicneolaíocht do scoileanna. Tá preasráiteas maidir leis an gceist ar shuíomh na Roinne Éadóchais. Ba cheart go mbeadh teacht ar an dtuarascáil ansin freisin, ach faoi láthair ar aon nós, tá an nasc briste. (Is cosúil go bhfuil sé ag obair anois)

Tá siad ag cuir béim ar an bhfíric go mbeidh ríomhaire glúine agus clár bán idirghníomhach ar fáil do gach rang i ngach bunscoil.

Níl ansin, dar liom, ach cur i gcéill. Cinnte, is féidir úsáid fónta a bhaint as teicneolaíocht sa rang. Ach ní oideachas san teicneolaíocht atá i gceist chor ar bith leis sin.

litir spéisiúil san Times inniu, ag rá go bhfuil curaclam ríomhaireachta deartha ag Lero. Tá sé bunaithe ar scratch - bogearra deartha ag MIT chun ríomhaireacht a mhúineadh do ghasúir. Scríobh mé fhéin faoi anseo cheana. Monuar, lig mé mo mhaidí le sruth rud beag - caithfidh mé filleadh ar le mo ghasúir. Cá bhfios nach mbainfinn tairbhe as an ábhar ag http://www.scratch.ie chuige sin.

Luddach Daingean nó Línseoir Dóchasach?

Léigh mé píosa le Juan Goytisolo ar El Pais inné.

Allagar idir é fhéin agus blagadóir caithréimeach ar a dtugann sé Pat. Fear a rinne iontas de go raibh Goytisolo fós i muinín - mar a dúirt sé féin - teicneolaíochta an naoú aois déag. Scríobhann sé le peann (biró saor). Agus seachas feidhm a bhaint as an Idirlín d'fhonn taighde a dhéanamh, tá a chartlann fhéin den méid atá léite aige sna nuachtáin aige, agus is as sin a tharraingíonn sé chun tacú lena altanna.

Mhaígh Pat go raibh ar a chumas siúd, agus línseoirí mar é, bheith ina speisialtóir ar ábhar ar bith. Go raibh siad in inmhe teacht ar fhíricí ar líne chun tacú lena gcuid scríobh. Agus go raibh siad saor dá réir ar an tsórt botún a shleamnaigh isteach i scríobh Juan. (Luaigh sé saothar a chuir Juan i leith Oscar Wilde, ach gurbh é André Gidé a scríobh)

Anois, cé gur blagadóir mé féin, tá amhras orm faoin maíomh seo. Cinnte, téim i muinín na línseoireachta agus eolas á lorg agam. Ach is fearr liom eolas a thagann le mo thaithí, nó mo léitheoireacht i bhfoinsí a bhfuil seala údarásach orthu. Tá an oiread sin fíricí agus sonraí ar líne go bhfuil gá le scagadh chúramach orthu chun tuairim a mhúnlú. Agus, gan amhras, is féidir cló na fírinne agus na húdaráis a chuir ar éitheach ar líne gan mórán dua.

Is dóigh liom gur mó an muinín a bheadh agam in altanna Juan ná blag Phat! Ach beidh mé ag línseoireacht fós. Go cúramach!

2009-11-22

Iomramh Bhreandáin

Fuair mé úrscéal Bhreandán Uí Dhoibhlín "Néal Maidine agus Tine Oíche" ón leabharlann.

Ní leabhar éadrom atá ann, go deimhin, táim ag iomrascáil leis le geal le sé seachtainí. Ach bhfiú an trioblóid, sílim. Úrscéal ar leith atá ann, lán de mhacallaí ó fánaíocht Chlann Iosrael sa bhfásach mar mheafair do dhán Chlanna Gaeil - agus go háirithe cultúr na nGael. Guth amháin - guth chinnire - atá sa leabhair. É ag cíoradh dán a chine, ag machnamh agus i mbun miúine. N'fheadar a bhfuil tuar tagtha faoin tairngire atá sa leabhar fós - is eagal liom nár tháinig, agus go bhfuilimid fós ar strae agus i ngéibheann na coilíneachta ó thaobh meoin agus sochaí de.

Is iontach an saibhreas foclóra a bhí agus atá ag an Doibhlíneach, fiú i seascaidí an chéid seo chaite nuair a scríobhadh an leabhar seo.

Tá léargas ar an méid a chuir sé roimhe san díonbhrollach - tá cóip déanta agam agus é curtha ar fáil anseo.

Saothar ar rún dom filleadh air arís.




Néal Maidine agus Tine Oíche
Breandán Ó Doibhlin
Sáirséal - Ó Marcaigh 1998
ISBN 0-862890-67-5

2009-11-20

Forógra Manhattan

Tá forógra foilsithe i First Things inniu a phléann leis na ceisteanna móra atá ag dó na geirbe do Chríostaithe i SAM.

Bheinnse ar aon fhocail leo, agus feictear dom a lán de na cúiseanna imní céanna a bheith ann abhus.

Tá nath tráthúil ag John Waters san Times inniu agus é ag caint ar an earráid a bhaineann le creideamh a dhíbirt as an earnáil poiblí ar fad: Deir sé gurbh ionann agus léana ar stroighin sochaí atá, d'aon ghnó, dall ar an absalóid.

Táimid san áit ina bhfuilimid, cuid mór, de bharr cliseadh ar chaighdeáin agus géilleadh do shaint.

Níl sé de chéad ná d'acmhainn againne a bhfuil creideamh againn fanacht balbh.



Aguisín: Tá suíomh ann don Fhorógra: http://manhattandeclaration.org/

2009-11-19

Uachtarán fileata!

Is trua, dála an scéil, nár baineadh feidhm as an bhfocail níos cruinne "Cathaoir- leach" agus Conradh Liospóin á thiontú go Gaeilge.

Seo é, mar sin, Herman Van Rompuy - an fear a bheadh ina Uachtarán ar Chomhairle na hEorpa.

Dúirt Plato, más fíor, gur méanar don críoch arbh fealsamh a bPrionsa. Seo againne Cathaoirleach a scríobhann haicúanna. Cén toradh a bheidh ar sin?

Ag tarraingt athuair as an bhFoinse

Bhuel, táimse ina measc siúd a cheannach Foinse, agus an Indo saor in aisce leis, dé Céadaoin beag seo.

Is cinnte go bhfuil Foinse nua níos éadroime - ó thaobh toirt agus ábhar - ná mar a bhí Foinse. Do Irish Times-eoir cosúil liomsa, rud beag ró éadrom.

Bhain mé sult áirithe as alt Dhaithí Ó Sé faoi Jedward, cé gur cuma sa tsioc liom faoi na bamhaithliomoirí agus cáilúiláin. Ach ba píosa deas scríobh a bhí ann. Bhí an t-agallamh leis an Uachtarán spéisiúil. Is breá an sampla í - bean nach raibh ach an gcuid is lú den Ghaeilge aici nuair a toghadh í, agus atá anois líofa agus spreagtha. Ní fear mór spóirt mé (ceithre leathanach eile amú orm!) ach thaitin an alt faoi thonnmharcaíocht liom.

Tá an leagan amach soiléir agus cliste. Foclóir beag discréideach sa chúinne i gcuid mór altanna. Leathanaigh do dhaltaí bunscoile agus meánscoile - iad seo, is cosúil i gcomhair le aonad oideachas an Indo. Leathanach d'fhoghlaimeoirí fásta i gcomhar le CnaG. Ní haon droch smaoineamh é ach oiread roinnt ábhar ó Ghaelport a fhoilsiú ar ardán eile. Altanna spóirt ó buan fhoireann an Indo.

Agus, ar ndóigh, an fíor réabhlóid - mar a dúirt Séamas Mac Sheáin, muirthéachtaí é fhéin, thall ar iGaeilge - nach táirge ar mhaithe le deontas seo.

Beidh le feiscint cén forbairt a thagann air - bhí an t-eagrán seo tógtha suas rud beag le Foinse a bheith ar ais.

Beidh mé ag dréim le níos mó nuachta - i. rudaí nach raibh cloiste/léite agam cheana! Agus tá súil agam go mbeidh spás ann don aor a chleacht an Speallaire agus Ar Son na Cúise.

Tús maith, ach mar a bhíonn gach tosach?

2009-11-17

Ich Hab' Noch Einen Koffer In Berlin



alt spéisiúil ag Torlach Mac Con Midhe san Times inniu. Dar leis:
Níl plean ar bith le feiceáil san atógáil nua; níl aon phlean amháin cuimsitheach do Bheirlín. B’fhéidir go bhfuil sé de chinniúint ar Bheirlín bheith ina chathair ollmhór meigleamáineach i gcónaí riamh, áit a mhothaíonn an gnáthdhuine go bhfuil gach tábhacht ag baint leis na foirgnimh agus nach bhfuil an iomad sin tábhachta ag baint leis féin ná lena shaol.
Anois, chaith mise tréimhse sách fada de mo shaol i mBeirlín. Nó, le bheith cruinn, i Hakenfelde, Prenzlauer Berg agus Pankow. Mar is mar sin a amharcann muintir Beirlín ar a gcathair - maireann gach aoinne ina Kiez fhéin. Is ann atá a theach tabhairne, a shiopa nuachtáin, a bháicéir - riachtanais uile an tsaoil. Agus is sna ceantair atá aghaidh daonna na cathrach le feiscint.

Is fíor gur réabadh an croí ó lár na cathrach san cogadh, agus de bharr deighilt na cathrach ina dhiaidh bhí an iliomad stroighinleach agus fásach i croí lár na cathrach. Potsdamer Platz an ceann ba mheasa. I ndiaidh an aontais, tógadh ceathrú nua ann - ceathrú ar teampall de chuid an chaipitleachas atá ann, ag adhradh Sony agus Daimler Benz. Is fíor gur deacair ról an saoránaigh a fheiceáil ann. Ach ní sin Beirlín! Agus cá bhfios nach ndaonófar é - is stroighinleach eile atá in Alexanderplatz. Ach tá cuimhní cinn agus cion dá réir ag pobal na cathrach air.

Agus tá, freisin, roinnt iarsmaí den Bheirlín uasal ann - mhair roinnt foirgnimh ar Unter den Linden. An tArdeaglais, abair. Nó an Staatsoper. Agus is seod atá san Gendarmenmarkt.

Go deimhin, buaileann "Heimweh" chuig Beirlín mé ó am go chéile!

Ich Hab' Noch Einen Koffer In Berlin

2009-11-16

Spúinse Castachta

Bhí a lán plé ag Chomhdháil, ar fhreastail mé air san Ísiltír ar na mallaibh faoi "chastacht" bhogearraí. Bhí gach aoinne ar aon fhocal faoi go raibh castacht na mbogearraí ag fás - ainneoin nach raibh aoinne á thomhais. Go deimhin, ní raibh aoinne cinnte conas ar cheart castacht a thomhas. Luadh staidéir de chuid NASA ar an ábhar. Chuaigh mé sa tóir air, agus is mór an tairbhe é a léamh.

Bhí cuir síos soiléir ar cad is castacht ann:
"Tomhas ar an deacracht bogearra a thuiscint agus a dheimhniú"
Tá an sainmhíniú seo suntasach, toisc go léiríonn sé gné thábhachtach. Is ar an duine atá ag iarraidh an bogearra a thuiscint a bhraitheann an castacht, cuid mhór. Rud a mhíníonn gné eile. Labhraíodh i 1968, ag comhdháil bogearraí NATO, ar an ngéarchéim bogearraí. Agus seo muid, daichead bliain níos déanaí, imníoch faoin gceist chéanna. Tá difear ann, áfach. An uair úd, ríomhchláir a raibh roinnt deicheanna de mhílte líne a bhí gceist le "casta". Anois, is roinnt milliún líne atá i gceist. Tá, mar sin, forbairt tagtha ar ár cumas tuisceana, agus ár acmhainn dul i ngleic le castacht. Ach creidim go bhfuil nath Dijkstra fós fíor:
Nuair nach raibh ann d'aon ríomhaire, níorbh fadhb ar bith a bhí san ríomhchlárú. Nuair a bhí na ríomhairí lag, ba fadhb beag a bhí sa ríomhchlárú. Anois agus oll-ríomhairí ann is oll-fhadhb atá sa ríomhchlárú.
Cé go bhfuil maolú éigin le feiscint ar fás cumhacht ríomhairí mar thoradh ar Dlí Mhoore, tá gnéithe eile fós ag cuir le cumhacht ríomhairí. Costas íseal agus luas ard cuimhne, mar shampla. Nó próiseáil oll-chomhuaineach ar ríomhairí il-eithneacha. Fágann sin go bhfuil níos mó agus níos feidhmeanna a gcur i gcrích i mbogearraí sna ríomhairí cumhachtacha seo. "Spúinse castachta" atá sna bogearraí - tá níos mó agus níos mó d'fheidhmeanna córais á rialú ag na bogearraí. I scairdéitleáin cogaidh, tá an feidhmiúlacht atá curtha ar fáil i mbogearraí tar éis fás ó 8% go dtí 80% in achair ghearr blianta.

Dá bhrí sin, déantar idirdhealú cúramach i dtuarascáil NASA idir "feidhmiúlacht riachtanach" agus "castacht theagmhasach".

Maidir leis an gcéad gné, ní féidir mórán a dhéanamh. Moltar, áfach, a bheith cinnte go bhfuil an feidhmiúlacht riachtanach - gur cheart bonnmhíniú a sholáthar chun na riachtanais ar an gcóras a dhlisteanú.

Is san castacht theagmhasach is mó is féidir dul chun cinn a dhéanamh. Leagtar béim san tuarascáil ar thábhacht comhbhabhtáil - go mbeadh gach réimse innealtóireacht páirteach san idirphlé agus cinntí á dhéanamh, chun go seachnófaí an cás go mbeadh simpliú ar chuid amháin den gcóras ar chostas breis castacht i gcodanna eile.

Scéal cogadh de'm chuid féin: Bhíomar ar an traein faoi thalamh ag obair an an bhfearas rialaithe. Tharla sé go raibh na hinnealtóirí a bhí ag obair ar an gcóras faisnéise do phaisinéirí ann freisin. Ní raibh a gcuid trealamh ag obair - bhí siad a ríomh faid a bhí 75% ró ghairid. B'é an chaoi go raibh siadsan ag suimiú an luas thar am. Ach in áit an 4 sampla in aghaidh an soicind a chreid siad a bheith acu, ní raibh siad ach ag fáil trí sampla. Bhí an iomarca tráchta ar an líonra inmheánach san traein. Tharla sé gur chuala muid iad ag plé. Dúirt muid leo gurbh amhlaidh go raibh muide ag difreáil faid le teacht ar an luas - agus go bhfeadfadh muid an faid a chuir ar fáil dóibh díreach! Ach murach gur tharla san áit chéanna muid, bheadh a gcóras siúd fós casta agus leochaileach - gan gá. Le faid, ba chuma dá mbeadh roinnt teachtaireachtaí imithe ar strae - bheadh an t-eolas cruinn san céad teachtaireacht eile, gan cúpláil idir teachtaireachtaí.

Foinse thábhachtach castachta is ea cúpláil - easpa neamhspleáchais idir gnéithe den gcóras. Nuair a chuirtear córais a chreidtear a bheith intuigthe agus simplí le chéile, is féidir torthaí nach raibh súil leo a theacht as - iompar "éiritheach". Agus is minic gurbh as seo a fhásann castacht, agus fabhtanna.

Ailtireacht chúramach an leigheas a mholtar san tuarascáil. Ach aithnítear an gá le hoiliúint chuige sin freisin. Agus an caomhachas is dual don ghairm san earnáil bogearraí iontaofa.

Conair chasta fós roimh an ghairm, mar sin. Ach clochmhíle - agus foinse dul chun cinn - mhaith san tuarascáil seo!

2009-11-13

Cantain na ríomhairí!


píosa ag Karlin Lillington san Irish Times inniu faoin IBM 1401 - ríomhaire a thug an ríomhaireacht isteach sa réimse gnó. Ach níos spéisiúla na sin, tá alt aici faoin píosa ceoil a chum Jóhann Jóhannson - "IBM 1401: A User’s Manual". Fuair sé cuid dá inspioráid don bpíosa rince seo ó spraoi a rinne a athair agus a chomhghleacaithe le IBM 1401. Corna maighnéadach a bhí i gcuimhne an ríomhaire. Ní raibh sciath éifeachtach air, rud a d'fhág go gcuirfí isteach ar raidió a bhí gar dó de bharr an fuinneamh leictreamaighnéadach a sceith an corna. Ton seasta a bhí mar thoradh air sin, ach d'fhéadfaí ceol a bhaint as tríd clár ar leith a chuir ag obair ar an ríomhaire, ag athrú an cuimhne. Nuair a bhíothas ag fáil réidh leis an ríomhaire a bhí a athair ag obair air, rinne siad taifid den cheol a ghin an ríomhaire. Tá an ceol sin fite isteach ina phíosa fhéin ag Jóhannson.

Is cuimhin liom féin nach raibh de ghléas cuimhne ag an ZX Spectrum a bhí agam i deireadh na 1980í ach téip, a sheinnfeá ar ghnáth téipthaifeadán. Fuaim aisteach - gan a bheith ceolmhar ach go hannamh - an toradh a bhíodh ar sin.
Is cuimhin liom freisin, agus post samhradh agam san 1990í sa Ghearmáin, a dul i ngleic leis an leadrán tríd ríomhaire saotharlainne a chuir ag ceoil, agus ag tarraingt pictiúir ar an scáileáin bhig a bhí aige.
I dtús ré na ríomhairí, b'é "ceol" a bhaint astu caitheamh aimsire go leor againn.

Ach, ó shin, tá cantain na ríomhairí éirithe i bhfad Éirinn níos gairmiúla - agus Gaeilge Ghaoth Dobair acu, fiú!


Painéal rialaithe oibreoirí an IBM 1401: Íomhá ón ngnáth fhoinse!

2009-11-11

Droch lá, más gé tú!

Is ea féile San Máirtín. De réir an fhinscéil, chuaigh sé i bhfolach i measc na ngé nuair a bhí muintir Tours ag iarraidh easpag a dhéanamh de dá ainneoin. Ach sceith na géanna air. Dá bharr sin a itear gé inniu ar Mór Roinn na hEorpa, deirtear. Mar a léiríonn an alt seo, is iomaí nós - cuid acu barbartha go leor - a bhain le géanna ar an lá seo. Ach is dócha cúiseanna níos créúla a bheith leis ná scéal naofa amháin. Fáil réidh le farasbarr géanna roimh an Gheimhridh toisc eile, is dócha.

Níl nósanna mar sin in Éirinn, a bhuí do na Péindlíthe, sílim. Ach ar fud na Gearmáine bíonn mórshiúlta fairsing. Dráma beag ag léiriú scéal an Naomh agus an Bacach, agus ansin siúl le lóchrainn.



Íomhá ón ngnáth fhoinse!

2009-11-09

Glücklichster Tag der jüngeren deutschen Geschichte


An lá is sona de stair déanach na Gearmáine - sin an cuir síos atá déanta san podchraoladh seo ag Angela Merkel ar an 9ú Samhain 1989.

Bhí sí féin ann, chun an teorann a thrasnú ag Bornholmer Strasse an oíche úd.

Eachtra a chuir corr i gcinniúint a lán - mo chinniúint fhéin ina measc. Caolseans go mbuailfinn riamh le mo bhean, arbh as Beirlín Thoir í, murach sin!



Íomhá ón mBundesarchiv, a d'aimsigh mé ar Wikimedia.

Innill díchéillí, II

Scríobh mé cheana faoi na hinnill atá á chuir ag Iarnród Éireann sna stáisiún.

Thug mé faoi ndeara i Stáisiún na bPiarsach ar na mallaibh gurbh amhlaidh go mbíonn níos mó baill foirne de dhíth - toisc a mhinice is a theipeann ar na hinnill. Go deimhin, glacann an inneall san Carraig Dhubh le mo thicéid minic go leor - ach ansin ní hosclaítear an gheata. Agus má bhainim triail as inneall eile, deir sé liom go bhfuil mo thicéid "díreach bhailíthe". Murach go bhfuil duine ann chun an geata a oscailt dom, bheinn i bponc!

Tharla sé gur bhuail mé le Dick Fearn, Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann. Bhí sé amuigh i Mullach Íde - ar dul chun an dul chun cinn ar an droichead a fheiscint, is dócha. Caithfidh mé a rá go bhfuil meas fear misniúil agam air - bíonn sé ag taisteal gach lá ar an DART, abhaile agus ar obair. Rud a fhágann deis ag mo leithéidí forrán a bhualadh air, agus clamhsán a dhéanamh!

D'éist sé go béasach liom, agus d'admhaigh go bhfuil fadhbanna ann leis an gcóras. Stiall mhaighnéadach atá faoi láthair ar na ticéid. Mar a tharlaíonn sé, tá spota "cárta chliste" ar mo thicéid freisin - ach is le gléasanna Bus Átha Cliatha amháin a fheidhmíonn sé sin! Deir sé go mbeidh cárta cliste dá gcuid féin ag Iarnród Éireann ar na ticéid ó Mí Eanáir, agus go gcreideann sé go mbeidh níos lú fadhbanna ann ansin.

Bhí pointe amháin fiúntach aige - go bhfuil gá acu leis na sonraí a bhailíonn na geataí isteach agus amach, i gcomhthéacs an ticéid amháin atá le bheith ann amach anseo.

Ach táimse fós amhrasach an é seo an leigheas is fearr. Tar éis an tsaoil, tá ticéid amháin a bhfuil feidhm aige ar gach gléas iompar poiblí i mBeirlín le fada an lá, agus scata de chomhlachtaí éagsúla i gceist.

2009-11-05

An Sealgaire agus na Toirc Allta

Agus mé san Ísiltír, phioc mé suas cóip den Spiegel - bhí ceannteideal suntasach ann:
Der Irrtum, der zur Einheit führte
(An botún a raibh an Aontas mar toradh air)

Bheadh an iolra níos cruinne - tá an t-amlíne anseo. Ach thug mé suntas do ról Harald Jäger. Fear a raibh dhá ról aige - ceannasaí na ngardaí ar an teorainn - ach ag an am chéanna ball den Stasi - an péas rúnda a raibh de fhéintuiscint acu gurbh iad "claíomh agus sciath an pháirtí".

Shocraigh sé (le beannacht a uachtaráin) an dream is callánaí a scaoileadh tríd ar dtúis - ach marc a chuir ar a bpasanna a d'fhág nach scaoilfí thar nais iad. Níor fheidhmigh an scéim seo plé leis an dream ar a dtugadh siad "Na Toirc Allta" (Wildschweine). Amhail cinn an Hiodra, tháinig deichniúr agóideoir glórach chun cinn do gach duine a scaoil siad tríd an "chomhla". Agus tháinig bean amháin thar nais tar éis tamaill - ag gol agus ag achanaí go ligfí thar nais chuig a clann í. Scaoil sé gach duine thar nais ansin - an chéad ordú briste. Annamh agus iontach i gcás oifigigh Ghearmánach!

Tréigthe ag a uachtaráin, agus chun doirteadh fola a chosc, d'oscail sé na geataí. Agus thréig gach ar chreid sé ann. Gníomh a raibh meas feall aige fhéin air, ach a chuir corr i gcinniúint na náisiúin.

Imeachtaí, a bhuachaill, imeachtaí, mar a dúirt Macmillan.

2009-11-02

An réamhchlaonadh deiridh a bhfuil glacadh leis

Alt a scríobh Easpag Dolan Nua Eabhrac maidir le frith Chaitliceachas.

Níl an Eaglais saor ó cháineadh. Déanann muide, Caitlicigh, ár sciar de. Bíonn muid ag dréim leis, agus cuireann muid fáilte roimhe. Níl á iarraidh againn ach go mbeadh sé cóir, réasúnta agus cruinn - mar a bheadh muid ag súil leis i léith aoinne.
Tá an scéal beagnach amhlaidh sna meáin abhus. Agus táim chomh cinnte céanna leis an Ardeaspag nach bhfuil feabhas i ndán.

Peireastráice dá cuid féin de dhíth ar SAM!

Bhí ócáid dé Satharn ag an Konrad-Adenauer-Stiftung, foras atá gaolmhar le CDU na Gearmáine.

Bhí fáiltiú acu chun onóir a léiriú don triúr ceannaire a bhí lárnach in athaontú na Gearmáine - Míchail Gorbaitsov, George H. W. Bush agus Helmut Kohl.

Le linn a óráid féin, mhaígh Gorbaitsov go raibh peireastráice - athnuachan córais - de dhíth ar SAM chun dul i ngleic lena gairm mar chumhacht ceannasach Dhomhanda.

Dúirt sé freisin go raibh a lán fós roimh Obama - rud nach féidir a shéanadh.

Ach tá m'amhras ag fás faoi inniúlacht fear gan taithí na dúshláin atá roimh SAM a leigheas. Is eagal liom nach bhfuil roimhe ach téarma achrannach amháin, lán de ghangaid. Ach an pobal scoilte ina threibheanna de réir dathanna pholaitiúla.

Tá gá le Gorbaitsov dá gcuid féin ag muintir SAM - fear a bhí neadaithe sa chóras, ach ar éirigh leis é a leasú dá bharr sin, ainneoin na constaicí.

2009-11-01

Ortha Nan Gaidheal

Arís, trí bhíthin Daltaí, tháinig mé ar leabhar Charmichael.

Tá cosúlachtaí ann le "Ar bPaidreacha Dúchais", ach go bhfuil nótaí an bhailitheora ag dul leo.

Seo iarracht Gaeilge a chuir ar cheann acu:

A Íosa gan locht,
A Rí na mBocht,
A céasadh go goirt
Faoi bhreith1 na nOlc
Díon tusa anocht
ó Iúdás mé

M'anam ar Dó Lámh, a Chríost,
A Rí na Cathrach Neamhaí,
Is tú cheannaigh m'anam a Íosa,
is tú d'íobair beatha dom

Teasairg mé de bharr mo sprocht,
De bharr do pháis, do lot, is d'fhola féin,
agus tabhair anocht slán mé,
i bhfochair Chathair Dé





1 N'fheadar an bhfuil an ciall sin - reacht, réimse ag binn. Tá uimhir 7 ag FGB gar dó. Teastaigh uaim a laghad a athrú agus a bhí riachtanach. Ar mholadh ó Dennis, rinne mé "breith" den "binn"