Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-11-16

Spúinse Castachta

Bhí a lán plé ag Chomhdháil, ar fhreastail mé air san Ísiltír ar na mallaibh faoi "chastacht" bhogearraí. Bhí gach aoinne ar aon fhocal faoi go raibh castacht na mbogearraí ag fás - ainneoin nach raibh aoinne á thomhais. Go deimhin, ní raibh aoinne cinnte conas ar cheart castacht a thomhas. Luadh staidéir de chuid NASA ar an ábhar. Chuaigh mé sa tóir air, agus is mór an tairbhe é a léamh.

Bhí cuir síos soiléir ar cad is castacht ann:
"Tomhas ar an deacracht bogearra a thuiscint agus a dheimhniú"
Tá an sainmhíniú seo suntasach, toisc go léiríonn sé gné thábhachtach. Is ar an duine atá ag iarraidh an bogearra a thuiscint a bhraitheann an castacht, cuid mhór. Rud a mhíníonn gné eile. Labhraíodh i 1968, ag comhdháil bogearraí NATO, ar an ngéarchéim bogearraí. Agus seo muid, daichead bliain níos déanaí, imníoch faoin gceist chéanna. Tá difear ann, áfach. An uair úd, ríomhchláir a raibh roinnt deicheanna de mhílte líne a bhí gceist le "casta". Anois, is roinnt milliún líne atá i gceist. Tá, mar sin, forbairt tagtha ar ár cumas tuisceana, agus ár acmhainn dul i ngleic le castacht. Ach creidim go bhfuil nath Dijkstra fós fíor:
Nuair nach raibh ann d'aon ríomhaire, níorbh fadhb ar bith a bhí san ríomhchlárú. Nuair a bhí na ríomhairí lag, ba fadhb beag a bhí sa ríomhchlárú. Anois agus oll-ríomhairí ann is oll-fhadhb atá sa ríomhchlárú.
Cé go bhfuil maolú éigin le feiscint ar fás cumhacht ríomhairí mar thoradh ar Dlí Mhoore, tá gnéithe eile fós ag cuir le cumhacht ríomhairí. Costas íseal agus luas ard cuimhne, mar shampla. Nó próiseáil oll-chomhuaineach ar ríomhairí il-eithneacha. Fágann sin go bhfuil níos mó agus níos feidhmeanna a gcur i gcrích i mbogearraí sna ríomhairí cumhachtacha seo. "Spúinse castachta" atá sna bogearraí - tá níos mó agus níos mó d'fheidhmeanna córais á rialú ag na bogearraí. I scairdéitleáin cogaidh, tá an feidhmiúlacht atá curtha ar fáil i mbogearraí tar éis fás ó 8% go dtí 80% in achair ghearr blianta.

Dá bhrí sin, déantar idirdhealú cúramach i dtuarascáil NASA idir "feidhmiúlacht riachtanach" agus "castacht theagmhasach".

Maidir leis an gcéad gné, ní féidir mórán a dhéanamh. Moltar, áfach, a bheith cinnte go bhfuil an feidhmiúlacht riachtanach - gur cheart bonnmhíniú a sholáthar chun na riachtanais ar an gcóras a dhlisteanú.

Is san castacht theagmhasach is mó is féidir dul chun cinn a dhéanamh. Leagtar béim san tuarascáil ar thábhacht comhbhabhtáil - go mbeadh gach réimse innealtóireacht páirteach san idirphlé agus cinntí á dhéanamh, chun go seachnófaí an cás go mbeadh simpliú ar chuid amháin den gcóras ar chostas breis castacht i gcodanna eile.

Scéal cogadh de'm chuid féin: Bhíomar ar an traein faoi thalamh ag obair an an bhfearas rialaithe. Tharla sé go raibh na hinnealtóirí a bhí ag obair ar an gcóras faisnéise do phaisinéirí ann freisin. Ní raibh a gcuid trealamh ag obair - bhí siad a ríomh faid a bhí 75% ró ghairid. B'é an chaoi go raibh siadsan ag suimiú an luas thar am. Ach in áit an 4 sampla in aghaidh an soicind a chreid siad a bheith acu, ní raibh siad ach ag fáil trí sampla. Bhí an iomarca tráchta ar an líonra inmheánach san traein. Tharla sé gur chuala muid iad ag plé. Dúirt muid leo gurbh amhlaidh go raibh muide ag difreáil faid le teacht ar an luas - agus go bhfeadfadh muid an faid a chuir ar fáil dóibh díreach! Ach murach gur tharla san áit chéanna muid, bheadh a gcóras siúd fós casta agus leochaileach - gan gá. Le faid, ba chuma dá mbeadh roinnt teachtaireachtaí imithe ar strae - bheadh an t-eolas cruinn san céad teachtaireacht eile, gan cúpláil idir teachtaireachtaí.

Foinse thábhachtach castachta is ea cúpláil - easpa neamhspleáchais idir gnéithe den gcóras. Nuair a chuirtear córais a chreidtear a bheith intuigthe agus simplí le chéile, is féidir torthaí nach raibh súil leo a theacht as - iompar "éiritheach". Agus is minic gurbh as seo a fhásann castacht, agus fabhtanna.

Ailtireacht chúramach an leigheas a mholtar san tuarascáil. Ach aithnítear an gá le hoiliúint chuige sin freisin. Agus an caomhachas is dual don ghairm san earnáil bogearraí iontaofa.

Conair chasta fós roimh an ghairm, mar sin. Ach clochmhíle - agus foinse dul chun cinn - mhaith san tuarascáil seo!