Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-30

Trecheng Breth Féne: 240 - 256

241Trí airfite dála: drúth, fuirsire, oirce.Trí oirfideach dála: drúth, fuirseoir, gaidhrín uchta.


drúth 1 = amhlóir, fear grinn
fuirseoir 2 = fear grinn
242Trí ata ferr do fhlaith: fír, síth, slóg.Trí rud is fearr do flaith: cóir, síth, slua

slua= arm
síth = síochán
243Trí ata mesa do fhlaith: lén, brath, míairle.Trí rud is measa do flaith: leisce, brath, míchomhairle.
244Ceithre báis breithe: a breith i ngó, a breith cen dílse, a breith cen ailig, a breith cen fhorus.Ceithre bás breithe: a bhreith i ngó, a bhreith gan dílse, a bhreith gan fasach, a bhreith gan fios.

ailig = bunús an bhreithe. "Precedent/ Präzedenzfall " atá ag Meyer agus mar sin fasach atá agamsa. 
245Trí adcoillet gáis: anfis, doas, díchuimne. Trí ní a scriosann gaois: ainbhios, eolas míchruinn, díchuimhne.
246Trí muime ordain: delb cháin, cuimne maith, creisine. Trí mhuime dínit: dealbh chaoin, cuimhne mhaith, cráifeacht.
247Trí muime menman: sotla, suirge, mesce.Trí mhuime meanman: sotal, súirí, meisce.
248Cetheora miscne flatha: .i. fer báeth utmall, fer dóer dímáin, fer gúach esindraic, fer labor dísceoil;
ar ní tabair labrai acht do chethrur: .i. fer cerda fri háir ⁊ molad, fer coimgni cuimnech fri haisnéis ⁊ scélugud, brethem fri bretha, sencha fri senchas.
Ceithre mhioscais flaithe: fear baoth udmhall, fear moghach díomhaoin, fear bréagach easonórach, fear cainteach gan scéal:
óir ní thugann ceart labhartha ach do cheathrar: file chun aoradh ⁊ moladh, fear le cuimhne mhaith chun fáisnéise agus staire, breitheamh chun breithiúnas, seanchaí chun seanchais.
249Trí dorcha in betha: aithne, ráthaiges, altrom.Trí dorcha an beatha: taisce, ráthúnas, altram.

i. Ní fios cén toradh a bheidh orthu.
250Trí urgarta bíd: a chaithem cen altugud, a chaithem d’éis óiged, a chaithem réna thráth cóir.Trí urghaire bia: a chaitheamh gan altú, a chaitheamh tar éis aoi, a chaitheamh roimh a thráth cóir.
251Cetheora aipgitre gáise: ainmne, somnathe, sobraid[e], sothnges; ar is gáeth cach ainmnetach ⁊ sái cach somnath, fairsing cach sobraid, sochoisc cach sothengtha.Ceithre aibítir gaoise: foighne, sotheagaisc, stuaim, deisbhéil: óir is gaoth gach foighneach ⁊  saoi gach sotheagaisc, féiltiúil gach stuama, sochomhairleach gach deisbhéalach.

aibítir 2: buntús
252Cetheora aipgitre báise: báithe, condailbe, imresan, doingthe.Ceithre aibítir baoise: baoithe, claontacht, imreas, cúlchaint
253Teora sírechta flatha: cuirmthech cen aisnéis, buiden cen erdonail, dírim cen chona.Trí uireasa flaithe: coirmtheach gan nuacht, buíon gan bolscaire, díorma gan cúnna.
254Trí indchoisc ordain do duine: .i. sodelb, sáire, sulbaire.Trí chomhartha dínit i nduine: deilbh mhaith, iompar saor, solabhartha. 
255Trí gúala doná fess fudomain: gúala flatha, gúala ecalse, gúala nemid filed.

"Die Kirche hat einen guten Magen", Goethe, Faust (Tá goile maith ag an Eaglais)
Trí chiste nach fios a ndoimhneacht: ciste flaithe, ciste eaglaise, ciste file neimheadh

neimheadh = pribhléid
256Trí féich nach dlegar faill: féich thíre, duilgine achaid, argius aiste.Trí fiach nach dlitear faillí iontu: fiacha talún, táille achadh, teagasc filíochta?

Nótaí:

Liomsa na leaganacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.

Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne : Trí hamra

236
Trí hamra Glinne Dalláin i tír Eogain:


Torcc Dromma Leithe, is ass rochin ⁊ is dó-side forfhéimid Finn ní, co torchair im Maig Lii la aithech búi hic tírad, ut dixit Finn:
“Ní mad biadsam ar cono,
Ní mad ríadsam ar n-echa,
Tan is aithechán átha
Romarb torcc Dromma Letha.”

Míl Leittreach Dalláin, cenn duine fair, dénam builc gobann olchena .i. ech usci robói isind loch i tóeb na cille, is hé dochúaid ar ingin in tsacairt co dergene in míl frie.

Dam Dili in tres ingnad. Asind loch cétna táinic a athair co ndechaid for boin do búaib in brugad robói i fail na cille, co ndeirgenai in dam de.
Trí hamhra Glinne Dalláin i dTír Eoghain:

Torc Dhroim Léith, is ann a rugadh é agus theip ar Fionn rud ar bith a dhéanamh ina choinne, gur thit i Má Lí le haitheach a bhí ag tíoradh, agus dúirt Fionn
Ní maith a bheathaigh muid ár gcon
Ní maith a riadh ar n-eacha
Tan is aitheachán áithea mharbh Torc Dhroim Léith

Míol Leitir Dalláin, ceann duine air, agus déanamh bolg gabhainn seachas sin .i. each uisce a bhí sa loch ar thaobh na cille a luí le hiníon an sagairt agus a ghin an míol léi.

Damh Dile an treas ionadh. As an loch céanna a tháinig a athair agus chuaigh in airde ar bhó de bha an feirmeora a mhair gar don gcill agus ghin an damh léi.

Luaitear Daimh Dil, iníon Mil nó Legmannair, sa Dindsenchas, No. 44 and 111 (Rev. Celt. xv.).
237Trí hamra Connacht:
lige nÉothaili ’na thrácht. Comard hé frisin trácht. Intan atraig in muir, comard hé fria lán.


Dirna (.i. cloch) in Dagdai, cia fochertar im-muir, cia berthair hi tech fo glass, dodeime a tiprait oca mbí.

2021-06-14 Tá léamh eile ar an sliocht seo ina réamhrá ag Meyer ó LSS eile:

 cia focearta im-muir, cia beirthear hi tech fo glass no do theine, dogeibther occan tiprait

In dá chorr i n-Inis Cathaig, nocha légat corra aili leo inna n-insi ⁊ téit in banchorr isin fairrgi síar do duth, co tóet cona heisínib essi ⁊ nocon fagbat curaig eolus cia airm in doithi.

Féach #107
Trí hamhra Chonnacht:
uaigh Eochaidh ar a thrá. Tá sé ar chomhairde leis an trá. Nuair a thuileann an muir tá sé ar chomairde leis an lán mara.

Díorna (i. cloch an Dagda), cé go gcaithfí sa mhuir é, cé go gcuirfí faoi ghlas i dteach é, nó i dtine, faightear é san tobar ina raibh sé.







 Dhá chorr Inis Cathaigh, ní ligeann siad corra eile leo ar an inis ⁊ téann an banchorr siar i bhfad sa bhfarraige chun gor agus fillean lena gearrcaigh ⁊ níl eolas faighte ag curraigh ar an áit a nide.

Nótaí:

OG 14115 druim leithi trí hamhra 14115 druim leithi trí hamhra Glinne Dalláin i Tír Eogain, i. torcc Dromma Leithi, míl Leitrech Dalláin agus dam Díli, H. 2, 16, pp. 242, 243, O’D Supp. 571, YBL 242 = 1482*Tri hamra Glinne Dalláin i Tír Eogain: torcc Dromma Leithe; is ass ro-chin ... co torchair i mMaig Lii la haithech buí ic tirad, ... Míl Lettrech Dalláin, Dam Dili, Triads (ed. Meyer), §236*; tl. Drumlea, p. Bodoney, b. Strabane Upper, nr Omagh, c. Tyrone; one of the 3 dromanna of Ireland, UM 190a2, YBL 237, H. 2. 17, 183, col. 4; al. Druim Lethe, BB 42, i. torcc Dromma Leithi, míl Leitrech Dalláin agus dam Díli, H. 2, 16, pp. 242, 243, O’D Supp. 571, YBL 242 = 1482*Tri hamra Glinne Dalláin i Tír Eogain: torcc Dromma Leithe; is ass ro-chin ... co torchair i mMaig Lii la haithech buí ic tirad, ... Míl Lettrech Dalláin, Dam Dili, Triads (ed. Meyer), §236*; tl. Drumlea, p. Bodoney, b. Strabane Upper, nr Omagh, c. Tyrone; one of the 3 dromanna of Ireland, UM 190a2, YBL 237, H. 2. 17, 183, col. 4; al. Druim Lethe, BB 42


Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne: 231 - 240

231Cenéle dáileman: mórmenmnach meda, bolcsrónach brocóiti, itfa eserni, cúacroessach, donndabach, bolcra paitte, abartach escrai, geir grainne, cranndretel cuirn.Cínealacha dáileamh: (arí, ní raibh ag Meyer ach buillí faoi thuairim, agus mar sin tá siad fágtha gan aistriú)
232Trí as anso bís do accallaim .i. rí imma gabáil ⁊ Gall ina lúirig ⁊ athech do muin commairchi.Tríur ar deacair agallamh leo: rí faoina ghabháil ⁊ Gall ina lúireach aitheach faoi choimirce. 
233Trí as mó menma bís .i. scolóc iar légad a shalm ⁊ gilla íar lécud a erraid úad ⁊ ingen íar ndénam mná dí.Triúr is airde meanman: scoláire iar léamh a sailm ⁊ giolla iar ligean dá éide (óige) uaidh ⁊ ainnir iar bean a dhéanamh di.
234Cetharda forná bí cosc nó ríagail .i. gilla sacairt ⁊ cú muilleórach ⁊ mac bantrebthaige ⁊ gamain gamnaige.Ceathrar nach bhfuil cosc ná riail orthu: giolla sagairt ⁊ cú muilleora ⁊ mac baintrí ⁊ gamhain gamhnaí

gamhnach = Bó atá tuirseach agus ar bheagán bainne tar éis blianta ag obair
235
Trí húais dóib: dul ar ríg nó úasal nemid, ar is lethiu enech ríg aidbriud; dul fri cath, ar ní túalaing nech glinni fri cath acht ríg lasmbíat secht túatha foa mám; dul fri cimmidecht acht nech lasa mbí mug dóer.


Secht n-aurgarta dóib: dul ar deoraid, ar drúth ⁊ ar dásachtach, ar díaraig, ar angar, ar éconn, ar essconn. Imnedach dano cach ráth, ar is écen dí díanapud im cach ngell dobeir, aill riam, aill íarum.
Trí ghuais: ráthú do rí nó dó ard-uasail, óir is leithne  eineach rí ná aon chúis; cath a rathú óir níl neach seacha rí agus seacht dtuath faoi ar féidir amhlaidh; ráthú do chimíocht - neach ag a mbí daor amháin is féidir amhlaidh.

Seacht gcosc: ráthú ar dheoraí, ar dhrúth, ar dhásachtach, ar eisreachtaí, ar angoire, ar éigiallta, ar easconn. Trioblóideach gach ráth, is éigin fógra tobann a thabhairt as gach geall a tugtar, roimhe agus ina dhiadh.

goire = an chúram is dual do mhac dá athair. Níl angoire (easpa an dualgais) sa bhfoclóir ach ní léim ró mhór é!
236Trí hamra Glinne Dalláin i tír Eogain:Féach leathanach ar leith!
237Trí hamra Connacht:Féach leathanach ar leith!
238Trí luchra ata mesa: luchra tuinde, luchra mná bóithe, luchra con foléimnige.

Féach freisin #91
Trí gháire is measa: gáire toinne, gáire mná baoithe, gáire con ar nós leis léim ar dhaoine
239Cisne trí ana soitcedach? Ní handsa són. Immarchor erlam, cuirm cen árus, cummairce for sét.Cad iad trí ana sonasaigh? Ní hansa son. Iompar athlamh, coirm gan áras, coimirce ar séad
240Trí maic beres genas do gáis: gal, gart, gaire. Triúr mac a bheireann geanas do ghaois: gal, gart, gáire (nó goire)

gal = laochas
gart = féile
goire = dualgas mic

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn!
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne: 221 - 230

221Trí as anergnaid do neoch: slaide a eich ríana thigerna co salaig a étach, dul ina chocar cen gairm, a sírdéicsiu ina agaid oc caithem neich.Trí ní atá faoi dhínit neach: each a thiomáint roimh a thiarna agus a éadach a shalú, dul ina fhochair gan gairm, stánadh ina aghaidh agus é ag caitheamh a chuid.
222Trí bassa téchtai: bass etir a assa ⁊ a ochrai, bass etir a ó ⁊ a berrad, bass etir chorthair a léined ⁊ a glún.Trí bhos dleachtach: bos idir as ⁊ osán, bos idir ó ⁊ bearradh, bos idir corthair a léine ⁊ a ghlúin.

as = bróg
ó = cluas
osán = bríste
223Cia mesam hi trebod? Maic mná méile, fleda menci, clemna ile, immat meda scéo fína: notchrínat, ní thormaiget.Cia is measa i teaghlach? Mic bodoinsí, fleánna minic, go leor cleamhnais, iomad meadha agus fíona: cnaíonn siad tú, ní tairbheach iad.
224Trí galair ata ferr sláinti: seola mná for mac, gríss bronngalair glanas broinn, gríss timgaire olc dia maith.Trí galar atá níos fearr ná sláinte: luí seoil mnaoi le mac, fiabhras galar boilg a ghlanann an bolg, fiabhras a bhacann olc lena mhaith?
225Trí fáilti coirmthige: immed ⁊ dúthracht ⁊ elathó. Trí fáilte coirmthí: iomad, (i flúirse)
dúthracht, ealaíon

dúthracht 2: deá-thoil 
Maidir le elathó/ ealaíon, glacaim leis gur siamsaíocht curtha ar fáil ag oirfidigh atá i gceist 
226Trí fognama ata messam dogní duine: fognam do drochmnái ⁊ do drochthigerna ⁊ do drochgobainn.Trí fónamh is measa a dhéanann duine: fónamh do drochbhean ⁊ do drochthiarna ⁊ do drochghabha

Drochthalamh atá i foinse N in áit drochghabha.
227Trí ata ferr i tig: daim, fir, béla.Trí ní is fearr i dteach: daimh, fir, biailí
228Trí ata messum i tig: maic, mná, méile.Trí ní is measa i dteach: buachaillí, mná, oinmhídí

Is graostacht a chuir Meyer ar méile, ach luann DIL gur aicme daoine a bheadh i gceist.
229Trí comartha tirdachta .i. immargal ⁊ immarbág meraichne.Trí chomhartha tírúlachta: iomaraíl iomarbhá mearaithne

mearaithne 2: iomrall aithne
230Cenéle amus: salanaig buale ⁊ buicc brodnai ⁊ cóin erchoille ⁊ seiche corad.Cinéalacha amhais: ?

De réir Meyrer ní bheadh anseo aige ach buillí faoi thuairim míshásúla, mar sin d'fhág sé gan aistriú iad.

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn!
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne - Ráthú

218Trí gníma rátha: fosta, féile, lobra.

Fosta i n-árus, féile, arná ebra góe, lobra hícce .i. lécud a lomartha i n-indligud dar a fhechimain.
Trí gníomh rátha: fosta, ionracas, fulaingt?

Fanacht sa bhaile, ionracas a sheachnaíonn bréag, fulangaíonn íoc - ligeann é féin a lomadh in áit an féichiúnaí
219Trí brotcháin rátha: éi[i]cthogním fecheman no díthechte.Trí bracháin ratha: éiric nó ? féichiúnaí nó díbirt.
220Trí húais rátha ⁊ aitiri nadma
.i. dul fri dénam dúine ríg ⁊ daurthaige ⁊ choiri. Ar is úais do fir fine do thabairt fria céili.
Trí rud atá deacair rathú le maoin, colainn agus eineach:
déanamh dún rí, nó dairthí, nó coire. Mar is deacair d'fhear fine a thabhairt lena chéile?

Ní raibh Meyer in ann ciall a bhaint as seo.

Nótaí:

Féach freisin 139: Trí brothcháin rátha: rothice, rosiacht, rotochtaig.

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn!
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne - laethanta na mban is na bhfear

216Trí banlae: lúan, mairt, cétáin.
Mná co firu innib, bid mó a serc la firu indá serc a fer leo-som 7 beit a mná tar éis na fer sin.
Trí lá na mban: Luan, Máirt, Céadaoin.
Má gabhann bean chuig fear ar an lá sin is mó searc a bheidh ag an fear di ná aici dó; agus mairfidh an bhean tar éis an fear.
217Trí ferlae: .i. dardáin, áine, domnach.
Mná co firu intib, beitit na mná sin fo dígrad 7 beitit a fir dia n-éisi. Satharn immorro is laithe coitchenn. Is comlíth dóib. Lúan sáer do dul fri cach les.
Trí lá na bhfear: Déardaoin, Aoine, Domhnach.
Má ghabhann bean chuig fear ar an lá sin beidh an bhean d'uireasa grá agus mairfidh an fear ina diadh. Satharn áfach is lá coiteann é. Is ionann ádh dóibh.
Is féidir gnó ar bith a dhéanamh ar an Luan.

Féach freisin Líth = ádh

Nótaí:


Tá pisreoga luaite le laethanta pósta i mBailicháin na Scoil freisin: ach níl deighilt idir fir agus mná ann - go bhfaca mé.

Tá trí laethanta de'n t'seacht-mhain coisgithe chun pósadh do dhéanamh, agus deirtear aenne do phósfhadh ortha go bhfuil mí rath á leanamhaint. Siad na laethanta iad ná an Chéadaoin An Aoine, agus an Luan.

 https://www.duchas.ie/ga/cbes/4811630/4804154/5164314

 Deirtear gur laethannta mí-rathmhar chun pósadh, Dia Luain agus Dia h-Aoine.

https://www.duchas.ie/ga/cbes/4622976/4619669/4628663

 Siad na laethanta sa tseachtmhain is fearr leo posadh ná Dia Luain, Dia Máirt. Más soir a bhíos siad le dhul is maith leo pósadh Dia Luain agus más siar a bhíos siad le dhul is maith leo pósadh Dia Máirt.

 https://www.duchas.ie/ga/cbes/4591079/4588505/4592594

 'Sé diardaoin, Dia h-Aoine agus Dia Satharn na laethe nach bhfuil ádhmhail chun pósadh.

https://www.duchas.ie/ga/cbes/4602684/4595129

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn!
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

2020-06-29

Deadwood Dick na Gaeilge

Gaedheal gasta géar-chúiseach a bhí ag cainnt liom oidhche ar léigheann na Gaedhilge do chuir im’ cheann an scéal so do scríobh. 

Dubhras-sa go mba mhór an truagh ná raibh breis spéise againn go léir, idir óg agus sean, i léightheoireacht na Gaedhilge. 

“Is mór an truagh é,” ar seisean; “acht ní mór an-tiongna é agus gan scéal so-léighte againn ó aimsir Fhinn anuas acht a bhfuil i gceathair nó i gcúig de leabhraibh an lae indiu.  Is amhlaidh tá ag urmhór de’n saoghal go bhfuil an leisce ’n-a ghalar ortha.  Ní bhíonn fonn ortha scéal ar bith a léigheamh mara sciobann an scéalaidhe leis an marcaidheacht iad le taithneamh agus le aoibhneas a scéil.  Tá scéálta de’n saghas sin de dhíth ar an nGaedhilg, agus is mí-ádhmharach an t-easba é.  Féach a dhuine chóir,” ar seisean, “séard atá uainn - agus glac m’fhocal leis - séard atá uainn chun an Ghaedhilg do chur d’á léigheamh, agus d’á labhairt, ar fuaid na tíre acht Deadwood Dick.” 

Do rinneas machtnamh ar chainnt mo charad. 

Ní dóigh liom go raibh iomlán an chirt aige, acht - bhí cuid mhaith de’n cheart aige. 

Cé gur dhána an gnó damh-sa tabhairt fé n-a leithéid, do bheartuigheas ar dhíchillín mo chroidhe do chur le iarracht chun scéal do chumadh ’n-a mbeadh eachtraí agus beodhacht innste, agus olcas agus maitheas; do chuireas rómham scéal do chumadh ná caithfead an léightear uaidh sul a mbeadh a leath léighte aige.  Ní fios dam ar éirigh liom; is é an léightheoir an breitheamh. 

Níor léigheas Deadwood Dick riamh acht tuigim gur scéal é tá lán d’eachtraí greannmhara gan deall- ramh, gan cruth na fírinne, gan teagasc gan múineadh gan subháilce. 

Ar eagla go leonfaí aigne an aosa óig nó go gcuirfí seirbhthean ar dhaoinibh fásta ní bhfaghainn im’ chroidhe scéal do scaoileadh ’n-a mbeadh a bheag nó a mhór de’n dubháilce ’á nochtadh agam gan an t-olcas sin do chothromú go cóir leis an subháilce.  Dá bhrigh sin tuigtear nach le dúil i gcneámhaireacht do chumas cneámhaire agus gur chuireas púca an díoghaltais ar thóir a mharbhtha acht chun an múineadh tá i gcaibiodlaibh XXIV  agus XXV do chur i n-iúl do’n léightheoir. 

Mícheál Ó Gríobhtha.


Sin agaibh an réamhrá atá leis an úrscéal Go mBeannuighthear Dhuit (1925). Luaigh Anna Heusaff ina halt faoi scéalta bleachtaireachta gur foilsíodh trí scéal bleachtaireachta leis an nGríofach i 1927.
Tá sé sin lasmuigh den réimse téacsanna atá ar fáil i gCorpas Stairiúil na Gaeilge. Chuaigh mé ag tochailt mar sin féin, m'fhiosracht spreagtha ag an bplé faoi Grádh agus Crádh. Tháinig mé ar an urscéal seo agus spreag an réamhrá m'fhiosracht. Is féidir leagan ePUB a íoslódáil, agus a thiontú don Kindle. Scéal (sách áiféiseach) eachtraíochta - seilg agus díoltas timpeall na cruinne, bás á imirt agus á fhulaingt. Agus aithrí ina dheireadh thiar thall - roimh báis. Pulp fiction. 

Feictear dom áfach go raibh a leithéid á scríobh agus á cheannach as Gaeilge ar feadh scair den chéid seo caite - ach nach bhfuil níos mó. An bhfuil gá lena leithéidí arís - nó an é go bhfuil siamsaíocht na teilefíse tagtha ina áit agus nach mbeadh tairbhe ann?

Tugaim faoi deara gur Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta a d'fhoilsigh. Seans mar sin gur ar déagóirí a bhí an leabhar dírithe. Níl sé pioc níos áiféisí ná na húrscéalta Alex Rider nó Artemis Fowl nó a mhacasamhail a bhíodh mo mhic ag léamh sna déaga (cé go bhfuil an moráltacht ann sách sean-fhaiseanta).

Ceisteanna, ceisteanna... 

Trecheng Breth Féne: 201 - 215

201Trí caindle forosnat cach ndorcha: fír, aicned, ecna.Trí choinneal a shoilsíonn gach dorchadas: fírinne, aigne, eagna

aigne - nádúr, eisint.
202Tréde neimthigedar ríg: fonaidm ruirech, feis Temrach, roimse inna fhlaith.Trí cháilíocht rí: conaidhm le ruireacha, Feis Teamhrach, flúirse ina fhlaitheas.
203Trí glais foríadat rúine: náire, túa, dochtaTrí ghlas a iann rúin: náire, tost, doichte.
204Trí heochracha aroslicet imráitiu: mescca, tairisiu, serc. Trí eochair a scaoileann smaointe: meisce, tairise, searc.

tairise = muinín
205Trí orbai rannaiter fiad chomarbaib: orba drúith ⁊ orba dásachtaig ⁊ orba sin.Trí oidhreacht a roinntear i bhfianaise na n-oidhrí: oidhreacht drúth ⁊ oidhreacht dásachtach ⁊ oidhreacht seanóra.

dásachtach = gealt.
206Trí seithir óited: tol, áilde, féile.Trí siúracha óigeanta: dúil, áille, féile
207Trí seithir sentad: cnet, genas, éitche.Trí siúracha seanda: cneadaíl, geanas, míofaire.
208Trí seithir sognáise: feidle, soithnges, cuinnmíne. Trí siúracha sobhéasach: feidhle, deisbhéal, caoideanas.
209Trí seithir dognáise: luinne, cétludche, tairismige.Trí siúracha dobhéasach: loinne, macnas, ceanndánacht.

loinne = feargacht.
210Trí seithir sotcaid: sognas, sochell, súarcus.

sognás, féach so in DIL.
Trí siúracha sonais: dea-thógáil, soicheall, suairceas.

soicheall = féile, fáilteach
211Trí seithir sochlatad: léire, trebaire, rathmaire.Trí siúracha le deáchlú: díogras, tíos, rafaireacht
212Trí seithir dochlatad: laxa, díbe, prapchaillte. Trí siúracha le drochchlú: faillí, diúnas, dorn iata.
213Trí seithir ferge: écnach, augra, doithnges.Trí siúracha feargacha: blasféim, achrann, gráiscínteacht.
214Trí seithir deirmiten: tromdatu, espatu, utmaille.Trí siúracha dímheasúla: éilitheacht, giodam, giodalacht.
215Trí seithir airmiten: torbatu, airétrumma, fosta.Trí siúracha urramacha: tairbhe, seasamh éasca, seasmhacht.

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne: 191 - 200

191Trí forindet cach n-umal: bochtatu, dínnime, humallóit. Trí ní a fhoilsíonn gach umhal: bochtanas, dearóile, umhlaíocht.
192Trí airdi gáisse: ainmne, faiscsiu, fáthaige.Trí airí gaoise : foighne, fáisce, fáistine
193Trí airdi drúisse: bág, imresain, condailbe.Trí airí baoise: maíteacht, imreas, teanntás

teanntás , i. ag brú gaoil ar chách
194Tréde immifoilnge gáis do báeth: ecna, fosta, sochoisce.Trí ní a dhéanann baoth gaoismhear: eagna, fosta, sotheagaisc.

fosta = seasmhach
cf freisin ionchosc = teagasc.
195Tréde immifoilnge báis do gáeth: fúasnad, ferg, mesca.Trí ní a dhéanann gaoth baoismhear: argóint, fearg, meisce.

gaoth 3: eagnaí
196Tréde faillsiges cach ndagfheras: dán, gaisced, crésine.Trí ní a fhoilsíonn gach deá-fhear: dán, gaisce, cráifeacht.

dán sa chiall scil ar leith.
197Tréde faillsigedar cach ndrochfheras: serba, miscais, midlachas.Trí ní a fhoilsíonn gach drochfhear:  seirbhe, mioscas, mílaochas.
198Trí foglúaiset fóenledchu: ingreim, dolud, dommatu. Trí chúis fánaíochta: géarleanúint, dola, bochtanas.

dola = caillteanas.
199Trí slabrada hi cumregar clóine: cotach, ríagail, rechtge.Trí slabhra a cheanglaíonn claontacht: conradh, riail, reacht.

i. Riail mainistreach
200Trí all frisa timargar béscna: mainister, flaith, fine.Tri ail a bhfuil béascna ceangailte leo: mainistir, flaith, fine.

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne: 182 - 190

182Trí búada étaig: maisse, clithcha, suthaine. Trí bhua éadaigh: maise, cluthaireacht, suthaine

suthain = buan

183Trí ná dlegat othras: fer aslúi flaith ⁊ fini ⁊ fili. Tríur nach dlitear taca tinnis dóibh: fear a theith óna fhlaith nó óna fhine nó ó fhile
184Trí tharsuinn archuillet othras: echmuir, mil, saillti.

Bhí Meyer den tuairim gur luibh éigin a bhí i gceist le "echmuir" ach níor éirigh leis é chinntiú.
Trí tarsainn a chuireann as do leaba tinnis: ?, mil, sáillte

tarsan 2 = blastán 
185Trí mná ná dlegat díri: ben lasma cuma cipé las fái, ben gatach, ben aupthach.Triúr ban nach dlitear eiric dóibh: bean ar cuma léi cé leis a luíonn sí, bean gadaíoch, asarlaí mná.
186Trí dofortat cach flaith: góu, forsnaidm, fingal.Trí rud a scriosann gach flaith: , sracadh, dúnmharú gaoil

sracadh 6 - éileamh thar is ceart

187Trí túarascbaid cach ngenmnaide: fosta, féile, sobraide.Trí thuarascáil gach geanmnaí: fosta, féile, measarthacht.

fosta = seasmhacht 
188Trí ara n-aichnider cach fergach: ír, crith, imbánad.Trí ní ar a aithnítear gach feargach: racht, croitheadh, bánú.
189Trí thúarascbait cach n-ainmnetach: sámtha, túa, imdercad.Trí thuarascáil gach foighneach: sáimhe, tost, deargadh.
190Trí thúarascbait cach n-úallach: mórthu, maisse, máine.Trí thuarascáil gach uallach: mórchúis, maise, maoin.

uallach 2: mórtasach

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

"aithech do shleith banrígna"

Atom-raracht co dian díscir dénmnetach, co mianach míchuirdech, co slemda slithemda amal sinchán do leith aegaire nó aithech do shleith banrígna nó fendóc dochum ngairr nó ag n-allaid do gebbad guirt gem-shecoil a mís Mitheman.

D'éirigh mé agus d'imigh go dian díscir deinmhneach, go mianach cíocrach?, go sleamhain slítheanta amhail sionnach i leith aoire, nó aitheach chun banríon a éigniú ina codladh, nó feannóg ar gharr nó ag fia ar ghort seagail gheimhridh i Mí Meitheamh.

~ Aislinge Meic Con Glinne 


  • díscir = fíochmhar
  • deinmhneach = mí-fhoighneach
  • mianach 2 = mianúil.
  • aitheach = bodach
  • garr = feoil lofa
An samhail ait úd "aithech do shleith banrígna" a tharraing m'aird ar an ruthag seo. Tá tagairt d'aitheach agus banríon sna tréanna freisin - tá an cuma air gur tróp atá ann sa litríocht.

2020-06-26

Trecheng Breth Féne: 171 - 181

171Trí comartha aragella i tig britheman: ecna, aisnéis, intlecht.

Tá crostagairt ó aragella go airgell. Tá an brí doiléir anseo dar le Meyer agus millte is dócha.
Trí chomhartha ? i dteach breithimh: eagna, fáisnéis, intleacht

172Trí dlegat aurfocrai: aél coire, fidba cen sheim, ord cen dimosc.Trí ní a dlitera fógra dóibh: adhal coire, bileog gan seam, ord gan ?

adhal: forc (chun feoil a bhaint as an gcoire)
bileog 2: uirlis le lann chun géaga a bhaint.
seam:  cineál bolta chun plátaí miotail a ghreamú dá chéile (An Foclóir Beag)
Luann DIL gur féidir gur pionna nó ding chun an cloigeann a choinneáil é dimosc. 
173Trí doruis gúa: tacra fergach, fotha n-utmall n-eolais, aisnéis cen chuimni.Trí dhoras : tagra feargach, fotha udmhall eolais, fáisnéis gan cuimhne

gó: bréag
tagra: pléadáil sa chúirt
fotha: bonn 
udmhall: míshocair
174Trí doruis a n-aichnither fír: frecra n-ainmnetach, ái fossad, sóud fri fíadnu.Trí dhoras trína n-aithnítear fírinne: freagra foighneach,  agra seasmhach, glaoch ar fhinnéithe

agra = cúis dlí
175Trí búada airechta: brithem cen fúasnad, etirchert cen écnach, coma cen diupairt.Trí bhua oireachta: breitheamh gan fuaiscneamh, idircheart gan cáineadh, comha gan diúbairt

fuaiscneamh: corráil
idircheart: breith, leagan amach
comha: tearmaí réitigh
diúbairt: calaois
Ó Trevor Herbert ar Twitter: 
Aireacht = tionól airí na tuaithe agus an rí. Is geall le cúirt é.
176Trí tonna cen gáissi: tacra calad, breth cen eolas, airecht labar. Trí thonn gan gaois: tagra caladh, breith gan eolais, oireacht labharthach
177Trí búada insci: fosta, gáis, gairde.Trí bhua insce: foistine, gaois, gairide

inscne: urlabhra
foistine: seasmhacht, ciúnais
178Trí cumtaig gáisse: immed n-eolais, lín fássach, dagaigni do airbirt.Trí cumhdach gaoise: iomad eolais, líon fasaigh, abhcóide maith a fhostú.

cumhdach 5: maisiúchán
fasach: breith nó rialú a tugadh san am atá caite agus a thógtar mar shampla nuair a bhíonn a leithéid i gceist arís (An Foclóir Beag)
179Trí miscena indsci: rigne, dlúithe, dulbaire. Trí mioscais  insce: righneas, dlúithe, doilbhire.

Luann Meyer go bhfuil macháil cainte luaite ag Duinnín le "righneas labhartha". Tá an rud céanna ag de Bhaldraithe.
180Trí fostai dagbanais: fosta thengad ⁊ gensa ⁊ airnberntais. Trí fos deabhanúlachta: fos teangan  ⁊ geanais ⁊ tíos

fos: seasmhacht
geanas: modhúlacht, geanmnaíocht
181Trí fóindil drochbanais: fóindil scél ⁊ ataid ⁊ airberntais. Trí scaiptheacht drochbhanúlachta: scaiptheacht scéil ⁊  ? ⁊ tíos

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne: 161 - 170

161Trí nát fuigletar cia beith ar a ngáes: fer adgair 7 adgairther 7 focrenar fri breith.Triúr nach dtugann breithiúnas cé go bhfuil gaois acu: fear agartha na cúise, an fear a bhfuil an cúis ina choinne, fear a ghlac breab chun breithiúnas a thabhairt.

Maireann agair mar thearma teicniúil dlí.
162Trí fors ná tuit aititiu ’na ré: bás, anfis, anfaitches.Tríur nach dtiteann a aithne lena ré: bás, ainbhios, neamh-aire.
163Trí foimrimme ná dlegad díre: homan, robud, toxal

foimrinne: usucaption nó Ersitzung atá ag Meyer
toxal = asportation nó Wegnahme
Trí gabháil seilbhe nach dlítear íoc astu: uamhan, rabhadh, tógail chun siúl
164Trí duilgine conrannat gníaid: duilgine coiri, duilgine muilinn, duilgine tige.Trí thuarastal a roinneann lucht a déanta: tuarastal coire, tuarastal muilinn, tuarastal tí.
165Trí nóill doná dlegar frithnóill: nóill mná fri húaitni, nóill fir mairb, nóill díthir.Trí mionn nach dlitear séanadh dóibh: mionn mná i luí seoil, mionn fir mairbh, mionn díthreabhach.
Ciallaíonn frithnóill mionn eile a bhréagnaíonn an chéad mionn. Brí an tré ná nach bhfuil a leithéid de dhíth mar nach bhfuil seasamh ag an bhfianaise ar aon nós
166Trí gráda coillte túath inna ngói: gói ríg, gói shenchada, gói bretheman. Trí gráda a choilleann tuatha lena n: gó rí, gó staraí, gó breithimh

gó = bréag

Nóta (ó comhrá le Trevor Herbert ar Twitter): Bhí ról an senchae níos leithne go mór ná staraí an lae inniu; chuimsigh sé fios ar seilbh talún, dleachtanna dlite do rí agus cé hiad baill an derbfhine a thogh an rí nua agus a  tháiniste. Ar mhaithe leis an eolas a mheabhrú déanta dánta as eolas fearacht ginealach, teorainn agus araile - rud a fhágann an t-eolas againn sna lámhscríbhínní.
167Trí sóir dogníat dóeru díb féin: tigerna renas a déiss, rígan téite co haithech, mac filed léces a cheird.Triúr saor a dhéanann daor díobh féin: tiarna a dhíolann a thalamh, ríon a théann go haitheach, mac file a ligeann uaidh a cheird.

aitheach = tionónta bocht
Mac file nach dtéann le filíocht
168Trí ruip conberat duinechinaid: cú áraig, reithe lonn, ech daintech.Trí beithíoch ar ionann a gcion agus cion duine: cú ceangailte, reithe lonn, each a alpann

cion: 3 = coir 
169Trí ruip ara tíagat cinta: cú foilm[n]ech, sleg caille, slissén chomneibi

Níl aon sampla eile de chomneibi dar le Meyer - " hapax legomenon" atá ann.
Trí rud a íocann as a gcionta: cú ar iall, sleá coille, slis ?

Lean mé Meyer maidir le "cú ar iall" ce gur "tugtha do léimt" is brí le foilmnech.
170Trí imuscrenat: saill, imm, iarn, fechemnas toisc leimmid eicsi.Trí ní a mhalartaítear ar a chéile?: saill, im, iarann ?

Níl aon brí tugtha ag Meyer ar imuscrenat - lean mé an iontráil i DIL. Tá an cuid deiridh "doiléir agus as riocht is dócha" dar le Meyer.

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne: 151 - 160

151Trí nata[t] túalaing sainchuir: mac beo-athar, ben aurnadma, dóer flatha.Triúr nach bhfuil sainchonradh ar a gcumas: mac athar bheo, bean geallta, daor flaithe.

Nó conradh as a stuaim féin.
152Trí maic nad rannat orbai: mac muini ⁊ aurlai ⁊ ingine fo thrilis.

Gruaig atá i gceist le airla, ach féach "irla .i. ab arula .i. berrad moga"
Triúr mac nach roinneann oidhreacht: mac muine, mac daoir nó mac cailín a chaitheann a gruaig fós i dtrilsí.

Maidir le mac muine - féach 'meirdrech muine', Laws v. 176, 4. - tuilí atá i gceist.
153Trí ái nad eplet faill: ái dochuind, ⁊ dochraite, ⁊ anfis.Trí chás nach n-éagann le faillí: cás éigiallaí , cás cos ar bolg, nó cás aineolais.
154Trí fuile ná dlegat frecor: fuil catha, ⁊ eóit, ⁊ etargaire.Trí fuildoirteadh nach dlitear cur ina gcoinne dóibh: doirteadh fola i gcath, in éad, le linn idirghabála. 
155Trí fuchachta nad increnat slabrai: a gabáil ar écin, a sleith tri mescai, a turtugud do ríg.Trí caidreamh collaí nach n-íocann spré: éigniú, comhriachtain agus bean ar meisce, éigniú ag rí.
156Trí ná dlegat turbaidi: athchor maic, aicdi cherdai, gíallaigecht.Trí ní nach dlitear turbhaidh dó: athchur mic, uirlisí ceardaí, giallacht.
157Trí aithne ná dlegat taisec: aithne n-écuind, ⁊ ardneimid ⁊ aithne fuirmeda.Trí éarlais nach dlítear aiseag dóibh: éarlais easconn, éarlais ardphiarda, éarlais seasta.

easconn: duine gan chiall (conn)
Luann Meyer tagairt do Poblacht Phlato: "Ní tabharfá claíomh a fuairr tú ar iasacht ó amadán ar ais"
Luann Meyer freisin go bhfuil sliocht eile Heptads (Laws v. 196, 3) go bhfuil "aithne fuimeda" le n-aisíoc fiú mura bhfuil conradh chuige sin.
158Trí mairb direnaiter beoaib: aball, coll, fidnemed.Tríur marbh a íoctar astu le beo: crann úll, coll, neimheadh fiodh

Níl miniú sna dlíthe ar "neimheadh fiodh" bheith san áireamh dar le Meyer.
neimheadh = áit naofa.
159Trí[ar] ná ditoing ná fortongar: ben, angar, amlabar. Triúr nach dtugann mionn ná nach gcuirtear faoi mhionn: bean, mac nach dtugann taca dá athair, balbhán.
160Trí ná dlegat athchommus: mac ⁊ athair, ben ⁊ a céile, dóer ⁊ a thigerna.Tríur nach dlitear dóibh udarás a shéanadh: mac dá athair, bean dá céile, daor dá thiarna.

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne: 141 - 150

141Trí hiarnduba: fer tochmairc, fer gaite meirle, fer hic aisnéis.Trí iarghnó: fir tochmhairc, meirligh, fir tabhairt faisnéise
142Trí maic beres drús do lonnus: tuilfhéth, fidchell, dulsaine.Tríur mac a bheireann drúis do loinne: toilfhéith, ficheall, cáineadh.

Triúr mac a bheireann baois do fearg: gnúsacht, argóint, cáineadh.

Tá an ceann seo dorcha. Is mar "baois" a d'aistrigh Meyer "drús". Dar leis nach raibh ciall le ficheall sa chomhthéacs. Dar le David Stifter, cúis feirge cluichí de gach sort. Maidir le toilfhéith, bod is ciall leis. Ach tá crostagairt i DIL do "tul" agus malairt léamh ansin, i. féith tosaigh ag at. "do éirgidar toillféthi a mullaigh co mbátar ar chuing a muiníl"
D'fhéadfaí gnúsacht a léamh as sin.
143Trí maic beres féile do ainmnit: grúss, rúss, rucca. Triúr mac a bheireann féile do fadfhulaingt: ?, deargadh, náire.

Is féidir gur modhúlacht atá i gceist le féile - tá an dá chiall luaite ag DIL.
144Trí maic beres neóit do deinmnait: crith, dochell, grith.Triúr mac a bheireann neoid do deinmhne: crith, doicheall, 
145Trí húar fíchte: tipra, muir, núae corma.Trí fuara a fiuchann: tiobra, muir, coirm úr.

Luaigh Sharon Arbuthnot ar twitter idirdhealú idir "tipra" - foinse as a shileann uisce agus "topur" - tobar as a tógtar uisce. Ach níl an t-idirdhealú sin sa chaint níos mó - foinse a deirtear.

146Trí fúammann móaigthe: fúam bó mblecht, fúam cerdchae, fúam arathair. Trí fhuaim méadaíochta - fuaim bó bleacht, fuaim ceárta, fuaim arathair
147Trí hana antreinn: tipra i sléib, tene a liic, ana la fer calad.Trí hana in áit aimrid - tobar i sliabh, tine ó leac, saibhreas ag fear crua.

ana = saibhreas.
148Trí aithgine in domuin: brú mná, uth bó, ness gobann.Trí ní a athghineann an domhain - broinn mná, uth bó, neas gabha
149Trí diubarta forsná íada dílse: tinnscra mná, imthomailt lánamna, iarraid maicc.

dílse b: forghéilleadh
Trí rud nach féidir coigistiú: spré mná, lón lánúna, táille altranais.
150Trí cuir tintaiter do réir britheman: cor mná ⁊ micc ⁊ bothaich.

cor 12 = conradh
Trí chonradh a thiontaítear de réir breitheamh: conradh mná nó mic nó coiteora.

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

2020-06-25

Grádh agus Crádh: Úirsgéilín

Tamall siad chuir Nathaniel Harrington ceist ar Twitter maidir leis an gcéad úrscéal le bean a foilsíodh i nGaeilge na hÉireann. Bhí mé páirteach san allagar agus rinneamar amach gur "Grádh agus Crádh" le hÚna Ní Fhaircheallaigh an leabhar sin. Tá sé luaite san liosta ag Úrscéalta na Gaeilge.

D'aimsigh mé ar Chorpas ARÉ an leabhar a foilsíodh i 1901. 

Rinne Nathaniel léirmheas air atá le léamh anseo.

Luaigh sé go raibh leagan ePUB ar fáil, rud nach raibh suntas ceart tugtha agam dó. Ní féidir ePUB a léamh le Kindle, ach tá tiontóirí ó ePUB go MOBI ar fáil ar líne. 

Fuair mé é mar sin. Níl ann ach 28 leathanach - is mó de ghearrscéal atá ann ná úrscéilín mar a thuigeann muid iad. 

Eachtra shimplí - bean óg agus fear i ngrá - a hathair dubh ina choinne ar chúiseanna creidimh agus maoine. Lonnaithe sa Chabhán i ré Eilís I (Sibéal san leabhair). Cé gur de mhuintir Raghallaigh an bheirt, is ag athair an chailín atá an maoin mar gur iompaigh sé agus rinne fónamh do Shasanaigh.

Tá beartaithe ag an bhfear óg an tír a fhágáil. Buaileann sé leis an mbean óg chun slán a fhágáil léi. Lena linn sin, déantar a hathar a dhúnmharú. Ar an bhfear óg a chuirtear triail as...

Tá corr deas i ndeireadh an choirscéil - dráma cúirte. Ach níl críoch sona. 

Scéilín beag deas. Ní raibh Gaeilge á fhoghlaim ag Úna ach le ceithre bliana nuair a scríobh sí an scéal - ach tá sé glan glé soiléir. Bheadh an teanga réamhchaighdéanach ina bhac ar léitheoirí an lae inniu - tá litriú ársa coitianta ann. 

Is maith go bhfuil fáil ar na leabhair seo trí Chartlann ARÉ cé nach an leagan amach is cuanna atá orthu!

Trecheng Breth Féne: 131 - 140

131Teora ranna sluinte fri cáintocad: trumma, toicthiu, talchaire.Trí ranna a léiríonn rath: toirtéis, ádh, daingne.

Níor aistrigh Meyer toitchiu - ach measaim go bhfeileann ádh de réir sainmhínithe DIL.
132Teora ranna sluinte dotcaid: tlás, áes, airbire.Trí ranna a léiríonn mírath: tlás, aos, achasánacht
133Dí derbshiair: tlás ⁊ trúaige. Beirt deirfiúr: tlás ⁊ ainnise
134Dá derbráthair: tocad  ⁊ brugaide.Beirt dheartháir: toice ⁊ féile

toice = ádh

Maidir le brugaide, féile an míniú atá tugtha in eDil ach d'aistrigh Meyer mar Husbandry/Hauswirtschaft é. Tá an focal brigu ann agus is cosúil gur brugaide an iompar is dual don úinéir talúin den aicme seo - féile ina bhrú d'aoinne a tháinig an bealach. Hapax - focal nach bhfuil aon fhoinse eile againn dó - is ea brugaide.  Measaim féin, i bhfianaise #133 gur maith an péire iad toice ⁊ féile. Is féidir áfach, dar le David Stifter, gur leis an bhfocal briug - talamh, fearann atá brugaide gaolta. Níl gaol sanasaíochta idir brigu agus briug.
135Trí fuidb dotcadaig: ráthaiges, etargaire, fiadnaise. Dotoing dia fiadnaisi, íccaid dia ráthaiges, doberar béimm n-etargaire ina chinn.Trí ? mí-ámharacha: ráthú, idirghabháil, fianaise. Is gá fianaise a mhionnú, ráth a íoc, agus buile sa cheann a fhaigheann idirghabhálaí.
136Trí sethracha góa: béss, dóig, toimtiu.Tríur siúr bhréagacha: B’fhéidir, is dócha, Dar liom.
137Trí bráthair uamain: sta! sit! coiste! Triúr bráthair faiteach: fuist! stop! éist!
138Trí mairb fortgellat for bíu: med, airmed, forrach.Trí marbh a thugann fianaise ar bheo: meá, miach, forrach

miach = tomhais d'earraí tirime
forrach = slat tomhais
139Trí brothcháin rátha: rothice, rosiacht, rotochtaig. Trí bhracháin ratha: (dorcha agus is dócha millte dar le Meyer - fch #219 freisin)
140Trí dubthrebtha: tuga co fúatchai, imme co forngaire, tírad co n-aurgorad.

Nóta: tá malairt léamh i roinnt lámhscríbhinn - co fodaib seachas co fúatchai.
Trí dubhthreabhchas: díonadh le habhar goidte, fálú le fógra fóghail, tíoradh go ruadhó.

Treabhchas - feirmeoireacht

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

Trecheng Breth Féne : 121 - 130

121Tréde neimthigedar cerdai: fige ronn, caer comraic, plett for faebur.

Ní raibh Meyer cinnte cad is "caor comhraic" ann. Síleann O’Curry, Manners and Customs, ii., p.253,  ‘caer comraic’ a bheith ina ‘mheall le ribí nó línte ag teacht le chéile ’, tá a leithéid de choirnín gloine mósáic in Joyce’s "Social History of Ancient Ireland," vol. ii., p. 32, fig. 171. Luaitear ‘cáer comraic’ le hocht dath i  LB. 108b 20.
Trí chailíocht cheardaí: fí slabhra, caor comhraic, faobhar ar lann.
122Tréde neimthigedar cruitire: golltraige, gentraige, súantraige.Trí chailíocht chruitire: goltraí, geanntraí, suantraí.
123Tréde neimthigedar filid: immas forosna, teinm laeda, dichetal di chennaib.Trí chailíocht file: iomas a shoilsíonn, teinm laeda, tobchumadh.

Orthaí atá i gceist le "immas forosna" agus "teinm laeda" (cogaint smúsach chun fios a fháil - mar a rinne Fionn lena ordóg). 
Luann DIL fáistine le "immas forosna" agus tagraíonn do Sanas Cormaic agus foinsí eile. Féach thíos.
Imbas Forosnai, Nora K. Chadwick, 1935
124Dá mígairm míthocaid: commáidem do chétguine, do ben la fer n-aile.Dhá mhíghairm mhíthoice: maíomh as céad marú nó as do bhean a luí le fear eile.

toice = ádh.
125Teora airi[se]na iarnduba: comar, cocless, clemnasTrí chúis iarghnó - comhar, comhchleas, cleamhnas.
126Trí bainne cétmuintire: bainne fola, bainne dér, bainne aillse.

cétmuintir = (príomh) nuachar
Ó Trevor Herbert ar Twitter: "Tá alt ag Liam Breathnach ar an bhfocal seo in Ériu 66. ‘On Old Irish Collective and Abstract Nouns, the Meaning of cétmuinter, and Marriage in Early Mediaeval Ireland’. Mar thoradh caitheann sé amhras ar an smaoineamh go raibh na Gaeil polagamach in aon chor."
Trí bhraon bean pósta: braon fola, deor, braon allais.
127Trí coiri bíte in cach dúini: coire érma, coire goriath, coire áiged.

Fch freisin: gainitir tri coiri i cach duiniu .i. Coire Goriath  Coire Érmai  Coire Sois 
Tuairim Meyer: "Quite obscure to me. There is a heavily glossed poem in II. 3. 18, beginning ‘Coire goriath’. In II. 2. 15, p. 117b, after the colophon to Dúil Laithne (Goid., p. 79), there are some further glosses, among which I find: goiriath .i. gardhamh in gach iath, erma .i. uasal-iompú no iar-iompa. But ‘érma’ seems the genitive of ‘érim’, ‘a course’."
Trí choire a bhíonn i ngach dún: coire érma, coire goriath, coire na n-aoi.
128Trí comartha láthraig bendachtan: clocc, salm, senad.Trí chomhartha láthair bheannaithe: clog, salm, sionad. 
129Trí comartha láthraig mallachtan: tromm, tradna, nenaid.Trí chomhartha láthair mhallaithe: trom, traonach, neanta.

Trom: an chrann atá i gceist.
130Teora muimmecha táide: caill, coim, adaig. Tríur muime gadaí: coil, coim, oíche

Coim 2: i. clóca

Nótaí:


"can dothéig" or Medb. "a halbain iar foglaim filidechta" or ind ingen "in fil imbass forosna lat" or Médb. "Fil écin" or ind ingen. " ~ DIL.

'Cé as a dtángais?"
'As Albain, áit a rabhas ag foghlaim filíochta'
'An bhfuil iomas forasna agat?'
'Tá, go deimhin,' arsa an ógbhean.

lch 19
Táin Bó Cuailgne
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac

Maidir le Caer Comraaic: seo an léaráid ó Joyce agus an sliocht as O'Curry atá luaite thuas:




Maidir le Tré 127:
Thug David Stifter @ChronHib an t-eolas breise seo :
Tá sé sin pléite ag Liam Breatnach in "The Caldron of Poesy", 


Tuilleadh plé ag:

Thagair Dennis King do alt le P.L. Henry agus d'aimsigh @thetamus anseo é: 
P.L. Henry, The Cauldron of Poesy, Studia Celtica 14/15 (1979/1980) p 114.

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.

2020-06-24

Trecheng Breth Féne - Eadarlúid - Focail Liteartha sa bhFoclóir Gaeilge Béarla

Le cúpla bliain anois táim ag aistriú giotaí Sean-Ghaeilge ó chnuasaigh Dennis King, mar shampla https://www.sengoidelc.com/ agus na Tréanna. Is minic mé ag ceadú Foclóir Uí Dhónaill ar mhaith leis an "mot juste", an focal oirúnach. Tá sé de nós agam cloí le focal at a gar don mbunleagan má aimsím ann é. Beag beann ar an nod "Lit(eartha) leis. B'é an míthuiscint a bhí orm ná go raibh na focail seo sa nua-litríocht ach ní sa chaint.

Nuair a thosaigh mé ar an dtogra seo ar mholadh Dennis King bhí plé maidir leis an nós seo ar Twitter. Luaigh Sharon Arbuthnot (cuid d'fhoireann eDIL) gur mheas sí gurb as an bhfoclóir sin a tháining mórchuid na tearmaí leis na nod i FGB. Spreag sé sin mé chun amharc ar an réamhra, agus tá sé ráite go soiléir ansin:

Aidhm an Fhoclóra

... Lena chois sin cuireadh isteach focail áirithe as seanlitríocht na Nua Ghaeilge nach n-úsáidtear go coitianta anois, ach a mbeadh a mbrí ag teastáil le lucht léite na litríochta sin. Cuireadh an nod Lit. le focail den aicme sin lena chur in iúl gur sa litríocht amháin a fuarthas iad. Mar an gcéanna cuireadh an nod Lit. le haon bhrí ar leith d'fhocal nach bhfuil le fáil anois ach sa tseanlitríocht, e.g. scanradh, m. (gs-aidh).1. Lit: Routscatteringdispersal2. Fright. ...
Tá sé ráite ag Sharon Arbuthnot gur minic, agus focal a bhfuil fianaise airithe dó sna meánaoiseanna, go ndeirtear léi go bhfuil sé fós sa chaint agus an iontráil i FGB mar thaca dó sin - beag beann ar an nod Lit. Is léir mar sin go mba cheart a bheith airdeallach san úsáid. Sin ráite, tá athbheochan tagtha ar fhocail áirithe Liteartha de réir taighde atá déanta ag Kevin Scannell. Mar shampla, focal coitianta anois - sa mheamráiméis ach go háirithe - 
earnáilf. (gs-álapl-álacha).Lit: Partsharebranchdivisionclasscategorykind.
Dar leis an scagadh minicíochta ar potafocal.com (a eascraíonn as scagadh Kevin) Is é earnáil an 1,285ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge. Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 16,992 focal.
Agus tá 
aonbheannachm. (gs. & npl-aighgpl~).Lit: Unicorn
sa bhfaisean!

Tá míle éigin ceannfhocal nó brí leis an nod Lit in FGB.

Chun críche an togra seo chuir mé pobalbhreith ar Twitter. 


Ní bhfuair sé ach 22 freagra, ach seans go bhfuil sé sin sách ionadaíocht don lucht leitheoreachta atá ag an togra seo. Bhí 3/4 den tuairim go mba cheart na focail liteartha a úsáid, ach nótaí mínithe a chuir leo - mar a bhí beartaithe agam. Sin mar sin an cuir chuige. Cá bhfios nach ndeanfaí athbheochan ar roinnt acu!