111 | Trí túa ata ferr labra: túa fri forcital, túa fri hairfitiud, túa fri procept. | Trí thost is fearr ná labhairt: tost le linn foirceadal, tost le linn oirfide, tost le linn seanmóireacht. oirfide = ceol |
112 | Trí labra ata ferr túa: ochán ríg do chath, sreth immais, molad iar lúag. Meyer: aistrithe go trialach mar "scaipeadh eolais" tearma filíochta is ea "sreth immais" a chiallaíonn na focail ar fad i líne a nascadh le huaim, mar shampla: slatt, sacc, socc, simend, saland féach Ir. Texte iii., p. 30. Mitterlirische Verslehren | Trí labhairt is fearr ná tost: dreasú rí chun catha, scaipeadh eolais, moladh iar luach. féach freisin sliocht as Theagasc Chormaic thíos. Tá David Stifter den dtuairim gur an rí atá ag gríosadh chun catha, i. aitheasc Rí roimh catha atá i gceist le ": ochán ríg do chath" |
113 | Trí ailgesa étúalaing .i. éirg cen co dechais, tuc cenitbé, déna ceni derna. | Trí éileamh éadulangach: imeacht cé nach féidir leat, rud nach bhfuil agat a thabhairt, rud nach bhfuil ar do chumas a dhéanamh |
114 | Trí hamaite bít[e] i ndrochthig óiged .i. sentrichem senchaillige, roschaullach ingine móile, sirite gillai. | Trí amaidí a bhíonn i ndroch theach aíochta: sean-triuchaíl seanchaillí, baothchaint chailín, siride giolla. siride: neach ósnádúrtha mioscaiseach |
115 | Trí hairig na dúalche: sant, cráes, étrad. | Trí hairí na dúailce: saint, craos, drúis. |
116 | Tréde neimthigedar crossán: rige óile, rige théighe, rige bronn. Chuir Sharon Arbuthnot ar mo shúile dom go bhfuil roinnt gluaiseanna ar an tré seo in DIL. pluc: pluice ag síneadh a beoil tíag (b) = cadairne. | Trí chailíocht chrosáin: séideadh óile, séideadh cadairne, séideadh boilg. óil = leiceann |
117 | Tréde neimthigedar círmaire: coimrith fri coin hi[c] cosnum chnáma, adarc reithi do dírgud dia anáil cen tenid, dichetal for ochtraig co rathochra a mbí ina íchtur for a úachtar do chongna 7 cnámaib 7 adarcaib. | Trí chailíocht cíormhaire: comhrás le con um cnámh, ag díriú adharc réithe lena anál gan tine, dícheadal ar otrach do dtagann na hadhairc ⁊ na cnámha ⁊ na beanna atá in íochtar in uachtar. |
118 | Tréde nemthigedar sáer: dlúthud cen fomus, cen fescred, lúd lúadrinna, béimm fo chommus. | Trí chailíocht saoir: dlúthú gan tomhas, gan feascradh, lúth leis an gcompás, béim chumais |
119 | Tréde neimthigedar liaig: dígallrae, díainme, comchissi cen ainchiss. | Trí cháilíocht lia: leigheas iomlán, easpa ainimh, scrúdú gan péin |
120 | Tréde neimthigedar gobainn: bir Neithin, fulacht na Morrígna, inneóin in Dagda. | Trí cháilíocht gabha: bior Neithin, fulachta na Mór-Ríona, inneoin an Dagda. De réir Meyer tá cuir síos agus pictúir ar fáil de na gairis seo ar fáil i YBL., 419a, and Egerton, 1782, fo. 46a. Níor aimsigh mé iad (fós). Dúirt David Stifter liom go bhfuil breis eolais ar fáil i "Caibidil 3 "The Three Qualifications of a Blacksmith" (ll. 49‒88) in: John Carey, Magic, Metallurgy and Imagination in Medieval Ireland. Three Studies [= Celtic Studies Publications 21], Aberystwyth: Celtic Studies Publications 2019." |
Nótaí:
‘A húi Chuind, a Chormaic,’ ol Carpre, ‘cid bindem lat rochúala?’
‘Ní hansa,’ ol Cormac.
Ilach íar mbúaid,
molad íar lúag,
itge degmná dia hadurt.
'A hó Choinn, a Chormaic', arsa Cairbre 'cad iad na nithe is binne a chuala tú?'
Ní hansa, arsa Cormac
Iolach iar bua,
moladh iar luach,
itche deámhná dá hadhairt
itche = cuireadh
Tecosca Cormaic
Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.