241 | Trí airfite dála: drúth, fuirsire, oirce. | Trí oirfideach dála: drúth, fuirseoir, gaidhrín uchta. drúth 1 = amhlóir, fear grinn fuirseoir 2 = fear grinn |
242 | Trí ata ferr do fhlaith: fír, síth, slóg. | Trí rud is fearr do flaith: cóir, síth, slua slua= arm síth = síochán |
243 | Trí ata mesa do fhlaith: lén, brath, míairle. | Trí rud is measa do flaith: leisce, brath, míchomhairle. |
244 | Ceithre báis breithe: a breith i ngó, a breith cen dílse, a breith cen ailig, a breith cen fhorus. | Ceithre bás breithe:
a bhreith i ngó,
a bhreith gan dílse,
a bhreith gan fasach,
a bhreith gan fios. ailig = bunús an bhreithe. "Precedent/ Präzedenzfall " atá ag Meyer agus mar sin fasach atá agamsa. |
245 | Trí adcoillet gáis: anfis, doas, díchuimne. | Trí ní a scriosann gaois: ainbhios, eolas míchruinn, díchuimhne. |
246 | Trí muime ordain: delb cháin, cuimne maith, creisine. | Trí mhuime dínit: dealbh chaoin, cuimhne mhaith, cráifeacht. |
247 | Trí muime menman: sotla, suirge, mesce. | Trí mhuime meanman: sotal, súirí, meisce. |
248 | Cetheora miscne flatha: .i. fer báeth utmall, fer dóer dímáin, fer gúach esindraic, fer labor dísceoil; ar ní tabair labrai acht do chethrur: .i. fer cerda fri háir ⁊ molad, fer coimgni cuimnech fri haisnéis ⁊ scélugud, brethem fri bretha, sencha fri senchas. | Ceithre mhioscais flaithe: fear baoth udmhall, fear moghach díomhaoin, fear bréagach easonórach, fear cainteach gan scéal: óir ní thugann ceart labhartha ach do cheathrar: file chun aoradh ⁊ moladh, fear le cuimhne mhaith chun fáisnéise agus staire, breitheamh chun breithiúnas, seanchaí chun seanchais. |
249 | Trí dorcha in betha: aithne, ráthaiges, altrom. | Trí dorcha an beatha: taisce, ráthúnas, altram. i. Ní fios cén toradh a bheidh orthu. |
250 | Trí urgarta bíd: a chaithem cen altugud, a chaithem d’éis óiged, a chaithem réna thráth cóir. | Trí urghaire bia: a chaitheamh gan altú, a chaitheamh tar éis aoi, a chaitheamh roimh a thráth cóir. |
251 | Cetheora aipgitre gáise: ainmne, somnathe, sobraid[e], sothnges; ar is gáeth cach ainmnetach ⁊ sái cach somnath, fairsing cach sobraid, sochoisc cach sothengtha. | Ceithre aibítir gaoise: foighne, sotheagaisc, stuaim, deisbhéil: óir is gaoth gach foighneach ⁊ saoi gach sotheagaisc, féiltiúil gach stuama, sochomhairleach gach deisbhéalach. aibítir 2: buntús |
252 | Cetheora aipgitre báise: báithe, condailbe, imresan, doingthe. | Ceithre aibítir baoise: baoithe, claontacht, imreas, cúlchaint |
253 | Teora sírechta flatha: cuirmthech cen aisnéis, buiden cen erdonail, dírim cen chona. | Trí uireasa flaithe: coirmtheach gan nuacht, buíon gan bolscaire, díorma gan cúnna. |
254 | Trí indchoisc ordain do duine: .i. sodelb, sáire, sulbaire. | Trí chomhartha dínit i nduine: deilbh mhaith, iompar saor, solabhartha. |
255 | Trí gúala doná fess fudomain: gúala flatha, gúala ecalse, gúala nemid filed. "Die Kirche hat einen guten Magen", Goethe, Faust (Tá goile maith ag an Eaglais) | Trí chiste nach fios a ndoimhneacht: ciste flaithe, ciste eaglaise, ciste file neimheadh neimheadh = pribhléid |
256 | Trí féich nach dlegar faill: féich thíre, duilgine achaid, argius aiste. | Trí fiach nach dlitear faillí iontu: fiacha talún, táille achadh, teagasc filíochta? |
Nótaí:
Liomsa na leaganacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.