Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-26

Trecheng Breth Féne: 151 - 160

151Trí nata[t] túalaing sainchuir: mac beo-athar, ben aurnadma, dóer flatha.Triúr nach bhfuil sainchonradh ar a gcumas: mac athar bheo, bean geallta, daor flaithe.

Nó conradh as a stuaim féin.
152Trí maic nad rannat orbai: mac muini ⁊ aurlai ⁊ ingine fo thrilis.

Gruaig atá i gceist le airla, ach féach "irla .i. ab arula .i. berrad moga"
Triúr mac nach roinneann oidhreacht: mac muine, mac daoir nó mac cailín a chaitheann a gruaig fós i dtrilsí.

Maidir le mac muine - féach 'meirdrech muine', Laws v. 176, 4. - tuilí atá i gceist.
153Trí ái nad eplet faill: ái dochuind, ⁊ dochraite, ⁊ anfis.Trí chás nach n-éagann le faillí: cás éigiallaí , cás cos ar bolg, nó cás aineolais.
154Trí fuile ná dlegat frecor: fuil catha, ⁊ eóit, ⁊ etargaire.Trí fuildoirteadh nach dlitear cur ina gcoinne dóibh: doirteadh fola i gcath, in éad, le linn idirghabála. 
155Trí fuchachta nad increnat slabrai: a gabáil ar écin, a sleith tri mescai, a turtugud do ríg.Trí caidreamh collaí nach n-íocann spré: éigniú, comhriachtain agus bean ar meisce, éigniú ag rí.
156Trí ná dlegat turbaidi: athchor maic, aicdi cherdai, gíallaigecht.Trí ní nach dlitear turbhaidh dó: athchur mic, uirlisí ceardaí, giallacht.
157Trí aithne ná dlegat taisec: aithne n-écuind, ⁊ ardneimid ⁊ aithne fuirmeda.Trí éarlais nach dlítear aiseag dóibh: éarlais easconn, éarlais ardphiarda, éarlais seasta.

easconn: duine gan chiall (conn)
Luann Meyer tagairt do Poblacht Phlato: "Ní tabharfá claíomh a fuairr tú ar iasacht ó amadán ar ais"
Luann Meyer freisin go bhfuil sliocht eile Heptads (Laws v. 196, 3) go bhfuil "aithne fuimeda" le n-aisíoc fiú mura bhfuil conradh chuige sin.
158Trí mairb direnaiter beoaib: aball, coll, fidnemed.Tríur marbh a íoctar astu le beo: crann úll, coll, neimheadh fiodh

Níl miniú sna dlíthe ar "neimheadh fiodh" bheith san áireamh dar le Meyer.
neimheadh = áit naofa.
159Trí[ar] ná ditoing ná fortongar: ben, angar, amlabar. Triúr nach dtugann mionn ná nach gcuirtear faoi mhionn: bean, mac nach dtugann taca dá athair, balbhán.
160Trí ná dlegat athchommus: mac ⁊ athair, ben ⁊ a céile, dóer ⁊ a thigerna.Tríur nach dlitear dóibh udarás a shéanadh: mac dá athair, bean dá céile, daor dá thiarna.

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.