Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-23

Trecheng Breth Féne : 62 - 70

62
Trí hamrai la Táin Bó Cúailgne: .i. in cuilmen dara héisi i nÉrinn; in marb dia haisnéis don bíu .i. Fergus mac Róig dia hinnisin do Ninníne éicius i n-aimsir Corbmaic maic Fáeláin; intí dia n-aisnóther, coimge bliadna dó.
Trí hamhra Táin Bó Cuailgne; .i. an "cuilmen" tagtha go hÉirinn mar mhalairt air, an marbh dá aithris don bheo, .i. Fearghas Mac Róich dá hinsint do Ninníne éigeas in aimsir Corbmaic Mac Fáeláin; cosaint bliana d'éinne a chloiseann á aithris é

amhra = iontas
an "cuilmen" - ainm ar shaothar de chuid Isidorus-  Origines nó Etymologiae 
63Trí meinistri fer Féne: .i. cích, grúad, glún.Trí rud naofa fir Éireann; cíoch, grua, glúin.
64Trí dotcaid duine: deog therc d’uisci, ítu i cormthig, suide cumang for achad.Trí dhonas duine: deoch thearc uisce, íota i gcoirmtheach, suí chúng ar achadh
65Trí dotcaid threbtha: gort salach, iarmur cléithe, tech drithlennach.Trí dhonas treabhaire: gort salach, iarmhairt cléithe, teach drithleannach

2021-06-08: Bhí plé agam le Dennis King faoin gceann seo ar Twitter. Níl sé soiléir an cléithecliath atá i gceist. Tagraíonn DIL don tré faoin ceannfhocal cléithe; cinéal forigneamh. Ach tá cúpla ciall ag clíath a fheileann freisin. Tá gluais ar an bhfocal san tré: ".i. salchar na cléithe d'fágbhail a bferann".Mo bhuille faoi thuairim féin ná go bhfuil seo ag tagairt do bhráca agus fuirseadh míshlachtmhar tálúin.
66Trí hairgarta ecalse: caillech fri clocc, athláech i n-apdaine, banna for altóir.Trí chosc eaglaise: cailleach mar chlingire, athlaoch ina ab, braon ar an altóir.

Cailleach = bean rialta (faoi chaille)
Athlaoch = duine a tháinig mall chuig gairm crabháidh.
67Trí fáilti co n-íarduibi: fer tochmairc, fer gaite, fer aisnéise.Trí fáilte a leanann díoma iad: fear tochmharc, fear goidte, fear fáisnéise.

tochmharc = ag lorg céile.
68Trí bróin ata ferr fáilti: brón treóit oc ithe messa, brón guirt apaig, brón feda fo mess.Trí bhrón ar fearr ná áthas iad: brón tréada ag ithe measa, brón goirt aibí, brón feá faoi mheas.

Bhí an chiall "ualach" ag brón.
Meas 2 = toradh na gcrann
Fiodh = coill 
69Trí fáilti ata messu brón: fáilti fir íar ndiupairt, fáilti fir íar luga eithig, fáilti fir íar fingail.Trí athás ar measa ná brón iad: áthas fir iar chalaois, áthas fir iar mionn éithigh, athás fir iar fionaíl.

fionáil = dúnmharú gaoil
70Trí fiada co n-anfhiad: gréss i nóentig fri muintir, uisce rothé dar cosa, bíad goirt cen dig.Trí fiadh ar ainfhiadh iad: gréas in aontíos le muintir, uisce ró-the do chosa, bia goirt gan deoch.

fiadh = léiriú measa, fáilte
gréas = ceardaíocht

Nótaí: 

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.