Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-30

Trecheng Breth Féne - laethanta na mban is na bhfear

216Trí banlae: lúan, mairt, cétáin.
Mná co firu innib, bid mó a serc la firu indá serc a fer leo-som 7 beit a mná tar éis na fer sin.
Trí lá na mban: Luan, Máirt, Céadaoin.
Má gabhann bean chuig fear ar an lá sin is mó searc a bheidh ag an fear di ná aici dó; agus mairfidh an bhean tar éis an fear.
217Trí ferlae: .i. dardáin, áine, domnach.
Mná co firu intib, beitit na mná sin fo dígrad 7 beitit a fir dia n-éisi. Satharn immorro is laithe coitchenn. Is comlíth dóib. Lúan sáer do dul fri cach les.
Trí lá na bhfear: Déardaoin, Aoine, Domhnach.
Má ghabhann bean chuig fear ar an lá sin beidh an bhean d'uireasa grá agus mairfidh an fear ina diadh. Satharn áfach is lá coiteann é. Is ionann ádh dóibh.
Is féidir gnó ar bith a dhéanamh ar an Luan.

Féach freisin Líth = ádh

Nótaí:


Tá pisreoga luaite le laethanta pósta i mBailicháin na Scoil freisin: ach níl deighilt idir fir agus mná ann - go bhfaca mé.

Tá trí laethanta de'n t'seacht-mhain coisgithe chun pósadh do dhéanamh, agus deirtear aenne do phósfhadh ortha go bhfuil mí rath á leanamhaint. Siad na laethanta iad ná an Chéadaoin An Aoine, agus an Luan.

 https://www.duchas.ie/ga/cbes/4811630/4804154/5164314

 Deirtear gur laethannta mí-rathmhar chun pósadh, Dia Luain agus Dia h-Aoine.

https://www.duchas.ie/ga/cbes/4622976/4619669/4628663

 Siad na laethanta sa tseachtmhain is fearr leo posadh ná Dia Luain, Dia Máirt. Más soir a bhíos siad le dhul is maith leo pósadh Dia Luain agus más siar a bhíos siad le dhul is maith leo pósadh Dia Máirt.

 https://www.duchas.ie/ga/cbes/4591079/4588505/4592594

 'Sé diardaoin, Dia h-Aoine agus Dia Satharn na laethe nach bhfuil ádhmhail chun pósadh.

https://www.duchas.ie/ga/cbes/4602684/4595129

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn!
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.