Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-11-29

Cé tá ag faire orm?

Tá muid san saol poiblí anseo.
Rud a thuigim go maith. Agus ní deirim aon rud nach mbeinn sásta rá go poiblí.

Ach is iomaí duine nach dtuigeann é seo. Léigh mé an t-alt tráthúil seo:

Dar ndóigh, tá sciath chosanta áirithe ag Gaeilgeoirí!

Ach an rud is deacra smacht a choiméad air ná cé tá ag faire. Níl sé ionann agus a bheith i gcomhluadar san seomra mór gorm. Ní fheiceann tú do léitheoirí.

Fiú agus níthe cosúil le statcounter in úsaid ag duine, tá sé deacair daoine a aithint; bíonn móran gach teaghlach nasctha le dream éigin a bhfuil sciar mhór seoltaí IP acu, ach a dháileann go randamach iad.

Mar sin, bígí airdeallach agus sibh amuigh i ndufair na hidirlíne!

2007-11-24

Lá Cholumbán Naofa

a bhí ann inné.
Fear ar mhó a chlú ar Mhór Roinn na hEorpa ná ina thír dhúchais.

Tá leabhrán de chuid Thomás Uí Fhiaigh agam ina bhfuil cuir síos gairid ar a shaol mar aon le tiontú Béarla ar chuid dá shaothar Laidine.

File, scoláire, manach, cainteoir teasaí agus spreagthach.

Ní raibh eagla air dul i ngleic le Prionsaí saolta ná eaglasta a linne.

Bhí alt ag comhalta de bhall Ord Cholumbán san Irish Catholic an tseachtain seo, inar luaigh de nath de chuid an Naoimh:
Más mian leat an Cruthaitheoir a thuiscint,
tuig créatúir


Feictear dom, cé gur réitigh an Eaglais an bealach don Eolaíocht ar an iliomad slite, go bhfuil rud éigin caillte againn san tsíor anailís a bhí leithéidí Columbán: sintéis nó tuiscint iomlán ar chúrsaí.

Tá díth daoine mar Columbán arís orainn!

2007-11-19

Caróga an Idirlín

Bhí mé ag lorg eolais ar scannáin Dermot Somers ar na mallaibh. Fuair google an rud a bhí uaim - an comhlucht lena rinne sé iad. Ach nuair a lean mé an nasc bhí truflais ann ag iarraidh pornagrafaíocht agus salachar eile a dhíol liom. Bhí an comhlucht tar éis dearmad a dhéanamh an sintúis don ainm fearainn a athnuachan. Bhí sé as feidhm le lá, agus bhí ruathar deánta air cheana féin.

Chuir mé scáirt orthu, agus fuair siad thar nais é.

Ach is iomaí seod scriosta ag na caróga céanna; is maith agus is mithid go bhfuil dreamanna ar nós Cartlann an Idirlín ann chun roinnt éigin den eolas a thabhairt slán.

Bhí nath i leabhar de chuid George Orwell gurb é an dearcadh a bhí ag lucht fógraíochta ná gur muca iad na daoine, agus gur croitheadh an bhuicéid scodalaigh is ea fógraíocht. Is cosúil gur greim magarlaigh a shantaíonn siad anois....

2007-11-16

Anois teacht an Fhómhair, bíonn na rothaí ag sciorradh

An tráth seo den bhliain, bíonn fógraí ag Iarnród Éireann ag cuir an milleáin ar duilleoga ag titim ar na ráillí as iad a bheith go hiondúil mall. (Ní bhacann siad le leithscéalta an chuid eile den bhliain, seachas "Cúiseanna Teicniúla" nó "Deacrachtaí Oibriúcháin").

Mar a tharlaíonn sé, tá an scéal airithe seo fíor.

Roth miotail ar ráille miotail ata i gceist le hiarnród. Tá teorann leis an fórsa ar féidir é a aistriú tríd an chomhéadan seo. Laghdaítear an teorann seo má bhíonn salachar éigin ar na ráillí. "Greamaitheacht" an téarma theicniúil a bhaintear feidhm as san réimse seo. Disciplín ann féin atá i "Rialú Greamaitheachta", agus gnéithe den ealaíon dubh ag baint leis!

Nuair atá an traein ag géarú luais, má thiteann an greamaitheacht, sciorrfaidh an roth, sé sin, beidh an roth ag casadh ró thapaigh i gcoibhneas leis an luas atá ag an traein. A mhalairt a tharlaíonn nuair atá na coscáin i bhfeidhm. Stopann na rothaí. Is féidir damáiste a dhéanamh don roth dá bharr.

Chun an greamaitheacht a rialú, caithfear an sciorradh nó bacadh a aithint agus é ag tosú. Nuair atá acastóir gan a bheith tiomáinte san carr traenach, níl deacracht ar bith - is féidir luas na rothaí ar acastóir tiomáinte a chuir i gcoibhneas leis na rothaí ar acastóir saor. Ach i traenacha áitiúla, leithéidí an DART, bíonn gach acastóir tiomáinte.

Mar sin, is gnách samhail de acastóir saor a ríomhadh, ag braith ar na fórsaí atá á ghineadh ag na hinneall agus eolas faoi mais na traenach ag cuir san áireamh na mais rothlacha, agus gan amhras mais na bpaisinéirí, a dtig leo trian a chuir le meáchan an chairr.

Ansin, déantar iarracht an fórsa a rialú chun a bheith díreach faoi bhun an leibhéal a spreagfaidh sciorradh.

Tá rudaí eile le cur san áireamh freisin, áfach: uaireanta cabhraíonn méid áirithe sciorradh san acastóir tosaigh chun na ráillí a ghlanadh, agus feabhas a chuir ar an ngreamaitheacht don gcuid eile den traein.

Mar a deirim, ealaíon dubh a bhíonn i gceist uaireanta le córas dá leithéid a choimisiúnú; go hairithe toisc go bhfuil sé deacair na cúinsí greamaitheachta a bhíonn i gceist a chruthú ar an ráille profa.

Bíonn deacrachtaí faoi léith againn le líne traenach amháin i mBeirlín, áit ar tháinig an traein amach as tolláin agus isteach i clais. Bhí crainn poibleoga ag fás fán gclais. Mheasc pailin na gcrann le sioc agus fearthainn san earrach chun cumasc thar a bheith sleamhain a chruthú, agus bhí athrú tobann agus tubaisteach ar an ngreamaitheacht nuair a tháinig an traein as an tollán.

Rinne muid iarracht na cúinsí céanna a chruthú le gréisc. Is cuimhin liom ócáid amháin ar an líne profa agus dalladh gréisc ar na ráillí. Theip ar an gcóras rialaithe leictreach san traein. I gcás mar sin, tagann an córas coscáin aeroibrithe i bhfeidhm. Ach theip ar an rialú greamaitheachta dó sin freisin. Sciorr muid ar rothaí bactha - agus tháinig chun stop ar deiridh orlaigh ón maolán. Deirimse leat go raibh muid ag cuir allais...

2007-11-10

Ag buachailleacht geacanna

Caint eile a chuala mé, Déardaoin beag seo, ná an chaint a thug Dermot Somers don gCiorcal Caidrimh de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile na Manach.

Arís, caint thar a bheith spreagúil a thug údar Ag rince ar na Ballaí agus Buaic

Rinne sé cur síos ar dtúis ar a sheal ag buachailleacht geacanna leis an pobal Dolpo i Neapal, agus na deacrachta a bhí aige le tarbh bhradach ard sna Himiléithe, sular ndearna sé cur síos níos ginearálta ar a shaol mhoilleadóireachta.

Is iontach an rud é éisteach le duine a bhfuil grá aige don rud a dhéanann sé ag caint.

Ní haon ailleadóir mise - tá an iomarca trealaimh i gceist, dar liom, ach tá grá agam do na sléibhte. Bhí ardú meanman sna pictiúr a thaispeáin sé.

2007-11-09

Croitheadh Solais

D'fhreastail mé Déardaoin seo chaite ar leacht a thug Tomás Ó Brosnacháin ó BSL don Roth.

Ba léir go raibh an tuiscint aige ar a ábhar agus rinne sé cuir síos glé ar conas iomlaoid voltais agus a éifeacht ar soilse a thomhas, ag cuir san áireamh an dóigh ina bhfeictear an tionchar do dhaoine.

Fadhb sách tromchúiseach atá ann, mar go bhfuil éifeacht síceolaíochta ag an croitheadh solais ar dhaoine má leannan seo ró fhada. Rinne sé cur síos ar na modhanna chun a fhadhb a sheachaint - an ualach a roinnt níos fearr idir na pasanna, nó trealamh a chuir ann chun an cumhacht fhreasaitheach a chuir ar fáil don ualach atá ina chúis don croitheadh.

Tuigim go bhfuil sé i gceist leagan den chaint a chuir ar fáil ar suíomh an Rotha, mar sin ní rachaidh mé isteach sna sonraí anseo.

Iothlainn na Gaeilge

Seachnaím ceist na teangain de ghnáth. Ach chuir blagmhír seo Cailín na nGruanna Rósacha ag smaoineamh mé.

Is minic scríbhneoireacht míchruinn ar bhlaganna. I dteanga ar bith seachas an Ghaeilge, is cuma, is san ábhar a cuirtear spéis. Ach, scríobh as gaeilge, agus luath nó mall tiocfaidh saoithín éigin an treo chun mionbhotúin a cheartú go poiblí. Agus is minic na ceartúcháin mícheart, de bharr cúinge eolais an dronga san ar ghnás na Gaeilge, agus an fairsinge a cheadaíonn fiú an Caighdeán Oifigiúil.

Féach, dream leathan is ea lucht labhartha na Gaeilge. Tá caomhaigh agus cumannaigh inár measc, daoine le meon aerach agus daoine gruama, daoine geanmnaí agus daoine macnasacha, ... tá a leithéidí ag blagadóireacht as gach teanga eile ar domhain; ach níl an oiread sin fós as Gaeilge. Má tá na péas gramadaí freagrach as seo, is mór an feall é.

Dála, an scéil, má thagann duine agaibh an treo, agus gan de chúram oraibh ach mo dhrochghramadach a cheartú; ná bac. Scriosfaidh mé do theachtaireacht!



Tagairt do rud a dúirt Joe Steve atá i dteideal an mhír seo. Féach anseo

2007-11-07

Ráig ragoibre

Tagtha aniar aduaidh orm.

Tá moill ar gach cuid eile den togra, agus ó tharla muide, an foireann profa agus deimhnithe, ag deireadh an slabhra, agus an críoch dáta ag teannadh linn,...

An sean-scéal cráite arís. Má thógann sé naoi mí ar bhean leanbh a iompar, cuirfidh muid naoi mban a dhéanamh laistigh de mhí...é sin nó "Tá fiche ceathair uair sa ló, agus munar leor sin, oibreoidh muid istoíche"

Seans mar sin go mbeidh na smaointe a bhreactar anseo níos fánaí fós go ceann ráithe nó dhó!

Bás, Breith, Ifreann, Neamh

Ní minic a luaitear na ceithre rudaí deiridh níos mó.
Ach tá siad ann.

Bím ag éisteacht le leachtaí de chuid an fealsamh Peter Kreeft. Fear é a bhfuil an ghean aige ar C.S. Lewis, fear a tháinig ar a chreidimh arís agus é fásta, agus a rinne an chuir síos ar bhunchlocha na Críostaíochta i leabhair cosúil le Mere Christianity.

Tá tagairt láidir amháin a bhíonn go minic ag Kreeft:
Dá mbeadh sé ar ár gcumas daoine a fheiscint mar a bheidh siad san saol eile, d'fheicfeadh muid neach diaga a mbeadh cathú orainn iad a adhradh, é sin nó neach nach fhaca muid lasmuigh de fíor dhroch tromluí. Agus tá muid ag cabhrú lena cheile, lá i ndiaidh lae, ceann den dá chríoch sin a bhaint amach.


Ó thaobh sceon agus fonn gníomh a chuir ar dhuine, tá an smaoineamh úd beagnach chomh láidir le Apacailipsis Eoin 3:15
Uch nach fuar nó te thú! De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach


Seo linn, mar sin, fáiscimis ár mbalcaisí, agus ar aghaidh linn le chéile ar an mbóthar chúng...

2007-11-02

Firinne gharbh na Ríthe

Chonaic mé an scannán Kings anocht.

Thar a bheith cumhachtach, ach thar a bheith duairc. Bhí blas gharbh, searbh na firinne ar an uile nóiméad de. Shil mé deora.

Mar dhuine a chaith seal ar imirce mé fhéin, agus a bhuail le roinnt de leaids na buildeáileacha thar lear, bhraith mé go raibh ionracas agus soiléire i léiriú na gcinniúintí éagsúla a bhain don seisear.

Ach ar son Dé, nach ndéanfaidh duine éigin rom-com nó scéal gealgháireach áthasach as Gaeilge a scannánú dúinn?