Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-01-18

Na Misneoirí Liteartha

Bhí a gcéad cruinniú inné ag Aontas na Scríbhneoirí. Tuigim an gá lena leithéid agus guím gach rath orthu. Mar sin féin - le fonn diabhlaíochta - rith scéim liom atá luaite ag Ciarán Ó Nualláin ina leabhar Amaidí.
Tá cáil ar scéim a dheartháir chun cuma léite a chuir ar leabhair don duine saibhir gan deis nó scil. Scéim eile a bhí ag Ciaráin:

"Caidé is ciall leo seo uilig? Níl de chiall leis ach go bhfuil eagraíocht úr bunaithe agam - Na Misneoirí Liteartha - an t-ainm atá uirthi. Eagraíocht atá inti le misneach a thabhairt do scríbhneoirí atá ag dul in éadóchas.
Tugann gaolta nó cairde údair faoi deara go bhfuil éadóchas tagtha air de dheasca drochdhíol a bheith ar a leabhar, nó b'fhéidir leabhar leis a bheith diúltaithe. Chomh luath is a thugann siad faoi deara go bhfuil contúirt ann go n-éireoidh sé as an Ghaeilge glaonn siad ar oifig na Misneoirí Liteartha i Muileann na Mire. Taobh istigh de cheathrú uaire bíonn tús curtha le imeachtaí arbh é a gcuspóir an t-údar éadóchasach a mhisniú. ...
Seo iad na táillí: Gnáth-Mhisniú (ruaig a chuir ar an éadóchas amháin) £15; Mór-Mhisniú (an t-údar a spreagadh le leabhar nua a scríobh chomh maith) £35;  Barr-Mhisniú (sraith úrscéalta a chur á scríobh ar nós Forsyte SagaComédie Balzac) £500 - £5000;"

2015-01-14

Píosa staire: Huygens – ag tuirlingt ar ghealach dhiamhair Shatairn, Tíotán.

Mheabhraigh giolc de chuid ESA ar ball dom an méid a bhí ag tarlú deich mbliana ó shin agus ar scríobh mé aiste faoi ag an am don Roth.



Go luath sa bhliain 2005, sroichfidh an tóireadóir Huygens dromchla Thíotáin, gealach de chuid Shatairn. Is é seo an chéad spásárthach riamh le tuirlingt ar chorp de chuid an chórais gréine seachtrach. Is árthach de chuid Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa (ESA) é Huygens, atá mar chuid de chomh-mhisean idir an Ghníomhaireacht sin agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Spás agus Aerloingseoireacht (NASA). Seoladh Huygens agus an máthair-árthach Cassini ar an 15 Deireadh Fómhair 1997 ó Cape Canaveral ar bord roicéid den déanamh Titan-IVB/Centaur. Ainmníodh an t-árthach as Christiaan Huygens (1629-1695) réalteolaí as an Ísiltír, agus fionnachtaí fháinní Shatairn, agus i 1655, an ghealach is mó dá chuid, Tíotán.

Corp diamhair é Tíotán. Tá sé níos mó ná Mearcair, agus níos troime ná Plútón; níos éadroime de bheagán ná Ganymede, atá ar an ngealach is mó i gcóras na Gréine. Ar chúis nach dtuigtear fós, tá brú atmaisféar uair go leith níos mó ná brú atmaisféar an Domhain ar dhromchla na gealaí. Tá atmaisféar tiubh oráiste ag Tíotán. Is é an t-atmaisféar seo a spreagann suim na n-eolaithe; creideann siad go bhfuil sé an-chosúil le hatmaisféar an domhain óig, sula raibh aon bheatha ann. Tá atmaisféar Tíotán lán de nítrigin agus d'orgánaigh. Tá sé chinn de hidreacarbóin simplí aitheanta ann, chomh maith le cúig nítríl. Tá toitcheo tiubh ann, agus creidtear gurbh de bharr comh-dhlúthanna simplí na ngáis orgánach maraon le polaiméir, a gineadh as móilíní cosúil le HCN agus C2H2, atá seo amhlaidh. Creidtear go bhfuil an dath oráiste le feiscint ón spás de bharr na bpolaiméir. Ceist amháin atá ag cur fiosrachta ar na heolaithe ná ceist an mheatáin – briseann solas na Gréine meatán síos de shíor, agus is mar thoradh air seo a ghintear na móilíní orgánacha. Ach fós, tá a lán meatáin san atmaisféar – cad as a dtagann sé mar sin? Ar an domhan s’againne is ó neacha beo a thagann an meatán. Ardaíonn sé seo an cheist an bhfuil, nó an raibh, beatha ar Tíotán. Is dóichí áfach, gurbh aigéan mheatáin an fhoinse. Tá an teocht ar dhromchla Tíotáin 180 céim faoin reophointe, dá bhrí sin, níl aon uisce leachtach ar an ngealach. Ní heol dúinn aon chás ina bhfuil beatha ann gan teacht aici ar uisce leachtach.

De bharr go bhfuil an t-árthach ag díriú ar Thíotán, tá réalteolaithe ag díriú a n-aird air freisin, agus tá forbairt leanúnach ar an méid eolais atá ann faoi. Thóg an t-árthach Voyager 1 na céad íomhánna i 1980. De réir na híomhánna sin, is atmaisféar teimhneach atá ag an ngealach. Bhí an cuma air go raibh an t-atmaisféar aonchineálach. Chuir an t-atmaisféar tiubh bac ar aon radharc ar an ndromchla. Ach ó shin i leith, tá íomhánna  níos cruinne curtha ar fáil ag Spásteileascóp Hubble, agus ag réadlanna ar an Domhan. Tuigtear anois go bhfuil paistí geala agus dorcha ar an ngealach. Creidtear gurbh de bharr mór-roinne agus aigéan a bheith ann atá seo amhlaidh. Creidtear freisin go bhfuil séasúir éagsúla ann, de bharr tomhasanna a thaispeáin scamaill mheatáin in aice le mol theas an ghealaigh ag amanna áirithe, ach iad a bheith in easnamh ag amanna eile.

Spreagann na cosúlachtaí a chreidtear a bheith idir córas ceimiceach Thíotán agus ceimic an Domhain roimh teacht do bheatha ann, suim na n-eolaithe. Ní féidir eolas cuimsitheach ar thús na beatha a fháil ar an domhan seo amháin, toisc go bhfuil cúrsaí athraithe go mór sna milliún bliain ó shin. Cinnte, toisc a fhuaire is atá Tíotán, ní samhail chruinn den Domhan óg atá ann, ach tá na heolaithe dóchasach go gcuirfear leis an eolas atá acu ar conas mar a fheidhmíonn córas ceimiceach mar seo. Os rud é nach bhfuil aon réimse maighnéadach aitheanta thart ar an ngealach, creidtear nach bhfuil bolcáin ná a leithéid ann. Ach tá na heolaithe dóchasach go bhfuil créanna sileacha ar an dromchla; creidtear go raibh ról thábhachtach ag créanna dá leithéid i gcruthú na móilíní orgánacha as ar fhorbair móilíní na beatha níos moille.

Mar sin, is mó ceist atá le fuascailt ag Huygens. Chuige sin, tá sé uirlis ar bhord. Dreamanna éagsúla ó ollscoil ar fud na hEorpa agus an Domhain a d’fhorbair agus a smachtóidh gach uirlís acu, chun staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar ghnéithe den atmaisféar.  Má thuirlingíonn an tóireadóir ar leacht, déanfar iniúchadh ar an leacht sin. Sá chás  gurbh ar chré nó ar charraig a thuirlingíonn sé, tá na huirlisí cuí chuige sin ann freisin.

Siad na huirlisí ná:
·         Uirlis Structúr Atmaisféarach Huygens (HASI): cuimsíonn an uirlis seo brathadóirí chun airí fisiceacha agus leictreacha an atmaisféir a thomhas, agus micreafón a sheolfaidh fuaimeanna thar nais ó Tíotán. Déanfar an teocht, an brú, agus neart an réimse leictrigh a thomhais. Tá brathadóir luasghéaraithe ann freisin chun eolas a chuir ar fáil ar shuíomh na dtomhasanna le linn an titim go dromchla.
  • An Crómatagraf Gáis agus Mais-speictriméadar (GCMS): Uirlis ildánach  í seo a dearadh chun anailís ceimiceach a dhéanamh ar ghás chun comhábhair éagsúla an atmaisféar a aithint agus a thomhas. Tógfar samplaí ag airde ard ós cionn an dromchla freisin, agus déanfar anailís orthu dé réir mar a bhíonn am ar fáil.
  • An Bailitheoir agus Pirealathóir Aerasóil (ACP): Baileoidh an uirlis seo samplaí ón atmaisféar agus téifear chuig trí phointe teochta éagsúla iad. Sa tslí seo déanfar scagadh orthu sul má chuirfear faoi bhráid an chrómatagraif iad.
  • An Íomhathóir Tuirlingthe agus Radaiméadair Speictreach (DISR): Tá roinnt brathadóirí san uirlis seo a dhéanfaidh íomhánna sa bhanda-raon iomlán ó ultraivialait go infridhearg. I measc rudaí eile, tá dhá cheamara ag féachaint anuas agus trasna a ghlacfaidh íomhánna den dromchla agus an t-árthach ag tuirlingt. Má tá airí ar an dromchla, tabharfaidh na pictiúir seo eolas faoin gcaoi ar shéid an ghaoth an t-árthach dá chosán.
  • Turgnamh Gaoithe Doppler (DWE): Tomhasfaidh an uirlis seo an aistriú Doppler sa mhinicíocht raidió idir an tóireadóir agus an máthair-árthach agus an tuirlingt ar bhun. De bharr cruinnis na dtomhasanna seo, beifear in ann bogadh agus casadh an tóireadóra sa ghaoth a mheas.
  • Pacáiste Eolaíochta don Dromchla (SSP): Sraith trialacha simplí atá anseo a thabharfaidh eolas faoi conas mar a bhuail an t-árthach an dromchla. Más ar leacht a thiteann an t-árthach, tomhasfar doimhneacht na leachta san.

Toisc teirce an eolais faoin ngealach seo, baineadh úsáid as samhail bunaithe ar an eolas a bhí ar fáil, ag cuir réimse leathan de roghanna san áireamh. Beidh tionchar ag tintreach, gaothanna agus siotaí san atmaisféar ar chumas oibre Huygens agus é ag tuirlingt. Caithfear an baol go reofadh fliuchras ar an tóireadóir a chur san áireamh freisin. Caillfear torthaí an mhisin má theipeann ar an nasc raidió leis an máthair-árthach.  Gnó baolach is ea taiscéalaíocht i gcónaí; is gá pleanáil agus forbairt chuimsitheach a bheith ann. Agus caithfear eolas nua a chuir san áireamh de réir mar atá sé ar fáil.

Sna naoi déag seachtóidí a céad pléadh misean chuig Satarn. I 1982 a céad pléadh an cónasc idir árthach de chuid NASA agus tóireadóir de chuid ESA. De bharr chomh trom (5.6 tonna) agus atá cónasc na n-árthach, ní raibh aon chóras ann a bheadh láidir a dhóthain chun iad a chur díreach chuig Satarn gan achar mór de bhlianta a bheith i gceist. Dá bhrí sin, baineadh feidhm as cúig inlíocht inar eitlíodh gar do phláinéid chun feidhm a bhaint as imtharraingt an phláinéid le breis fuinnimh a thabhairt don árthach. Nuair a théann árthach gar do pláinéid ar chosán hipearbóileach, fágann sé arís leis an luas céanna i gcoibhneas leis an bpláinéid, ach i dtreo éagsúil. Ciallaíonn an méid seo go bhfaigheann an árthach breis fuinnimh ón inlíocht seo, mórán mar a fhaigheann sliotar a bhuailtear le camán. B'ionann an breis fuinneamh seo agus 68 tonna de breosla roicéid i gcás an dá eitilt gar do Venus (in Aibreán 98 agus Meitheamh 99) agus ceann gar don Domhan (Lúnasa 99). Sa bharr ar na hinlíochtaí seo, is turas dúshlánach an turas de bharr an achar fada ama – geall le seacht mbliana.

Nuair a thagann Cassini chomh fada le Satarn i lár na bliana 2004, tosóidh an dúshlán don tóireadóir. Scaoilfear an tóireadóir ón máthair-árthach 22 lá sula sroichfidh sé Tíotán. Tá sé ceangailte leis an máthair-árthach le boltaí. Pléascfar na boltaí agus brúfar an tóireadóir amach le fuinneamh thart ar 500 N an ceann ó trí lingeáin. Tá córas cuarach ráillí ann a fhéachann chuige go bhfágann an tóireadóir ag casadh seacht n-uaire in aghaidh an nóiméad ar mhaithe le cobhsaíocht, agus le luas coibhneasta de 0.3 m/s. Beidh ríomhairí an tóireadóra múchta: níl ach cumhacht do thart ar trí uair an chloig ar fáil sna cadhnraí, toisc go raibh sé riachtanach an t-árthach a choimeád éadrom. Ní bheidh ach clog simplí ag feidhmiú. Fiche ceithre nóiméad roimh an bpointe ama a bhfuil an tóireadóir le teagmháil a dhéanamh le hatmaisféar Thíotán, lasfaidh an clog seo na ríomhairí riailaithe ar bord. Tá dhá ríomhaire iomarcach ann; gnáthnós  é seo i gcursaí spáis. Chomh maith leis an clog, tá méadar luasghéaraithe ann chun a chinntiú nach dtosaíonn an clár tuirlingthe go dtí go dteagmhaíonn an t-árthach le hatmaisféar Tíotán. De bharr na teagmhála seo tiocfaidh moilliú ó 6 km/s go Mach 1.5 (thart ar 0.5 km/s) ar an t-árthach. Chun an t-árthach a chosaint ón teas ollmhór a ghinfear de bharr an moilliú seo tá sciath cosanta ar dhá thaobh an árthaigh. Sroichfidh an teocht os comhair an t-árthach 18 000 céim. Nuair atá luas 1.5 Mach sroichte, ag airde de tuairim agus 159 km, séidfear pléascán beag a scaoilfidh paraisiút beag. Osclóidh an paraisiút seo agus tarraingeoidh sé an clúdach cúl den árthach. Nuair a scaoiltear an clúdach cúl, osclóidh paraisiút mór chun dlús a chuir le moilliú an árthaigh. Tar éis 32.5 s ón gcéad teagmháil beidh luas faoi bhun 0.6 Mach ag an árthach, agus is féidir an sciath tosaigh a scaoileadh. Do bheadh an tuirlingt ró mhall leis an paraisiút mór; caithfear tuirlingt laistigh den 3 uair a chloig ina bhfeidhmeoidh na cadhnraí. Dá bhrí sin scaoilfear an paraisiút mór tar éis 900 s. Leanfaidh an tuirlingt faoi stiúir pharaisiút beag. Ón am seo ar aghaidh is féidir leis na huirlisí feidhmiú. Táthar ag súil go mbeidh thart ar 3 nóiméad ag an árthach feidhmiú ar dhromchla Thíotáin. Cuimsíonn na huirlisí brathadóirí a oibreoidh má thuirlingíonn an t-árthach ar leacht, nó ar dhromchla crua.

Tarlaíonn an clár seo ar fad faoi stiúir na ríomhairí ar bord. Chomh maith leis na méadair luasghéaraithe, tá dhá chóras radar ag tomhas an airde ós cionn an dromchla. Stiúrann na ríomhairí an clár bunaithe ar am, eolas airde agus eolas luais; cuirtear i gcomparáid na foinsí eolais seo le foinsí inmheánacha atá bunaithe ar na samhail réamhmhisean atá i gcuimhne na ríomhairí. Is féidir le ceachtar den dá phríomhríomhaire an clár a stiúradh – agus tá gléas inmheánach i ngach ríomhaire acu chun a chinntiú go bhfuil siad ag feidhmiú i gceart. Bagairt mhór do ríomhairí sa spás ná athrú ar eolas sa chuimhne de bharr cáithníní radaighníomhacha. Tá cosaint ar na cuimhní sa ríomhaire le crua earra speisialta. Tá ar chumas an crua earra seo botún i ngiotán amháin laistigh de bheart a cheartú go huathoibríoch; agus dhá bhotún a aithint. Bíonn na ríomhairí ag seoladh an eolais a bhailítear thar nais go dtí an máthair-árthach de shíor. Ach a luaithe agus a bhristear an ceangail meicniúil leis an máthair-árthach, níl bealach ar bith chun orduithe a chur chuig an tóireadóir. Chomh maith leis sin, ní mór don máthair-árthach an aeróg ard neartaithe a dhíriú ar Tíotán le linn na tuirlingthe, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon nasc idir Cassini agus an Domhan go dtí go mbeidh an misean thart. Cúis eile í seo a chuireann srian de thart ar trí uair an chloig ar an misean – faoin am sin, beidh an máthar-árthach as radharc an tóireadóra de bharr go bhfuil sé i bhfithis thart ar Tíotán.

Is léir ón méid atá scríofa agam thuas go bhfuil bogearraí foirfe riachtanach don mhisean seo, sa bharr ar an dearadh cúramach sna crua earraí, agus na córais chosanta eile. Chun a chinntiú gurbh amhlaidh atá, leantar córas dearaidh ar ard-chaighdeáin i ndearadh bogearraí don spás. Cur chuige céimneach bunaithe ar Mhodh an Easa atá i gceist, ina mbíonn forbairt chúramach leanúnach ann bunaithe ar riachtanais chórais agus ailtireacht ard leibhéal. Déantar forbairt agus mionléiriú ar gach céim. Bíonn deimhniú ann idir céimeanna, agus promhadh ar toradh gach céim deartha. Tá na modhanna oibre seo leagtha síos i gcaighdeáin de chuid ESA.  

Cinntítear go bhfuil bealach le fadhbanna a aithnítear a leigheas níos déanaí, nuair atá an fhorbairt fhéin thart. Bíonn breis cuimhne ar fáil do chláracha nua. Le linn an turais chuig Satarn, dúisítear an tóireadóir gach sé mhí, agus bíonn clár cuimsitheach promhaidh ann. Chomh maith leis sin, tá comhionann an tóireadóra ag an gCeanncheathrú Rialacháin Misean (ESOC) i nDarmstadt na Gearmáine. Tá an “tsamhail innealtóireachta” seo ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh ar aon cheist a ardaítear sa mhisean.

Mar a bhíonn le tograí ESA i gcónaí, bhí comhlachtaí ó na ballstáit uile páirteach i dtógáil an árthaigh. Bhí ról fíor thábhachtach ag comhlacht Éireannach, CAPTEC, atá lonnaithe i Mullach Íde, Co. Átha Cliath, sa togra. Iadsan a bhí freagrach as an Deimhniú agus Promhadh Neamhspleách ar na bogearraí. Tá CAPTEC gníomhach san earnáil spáis le breis agus scór bliain, agus taithí leathan sa chomhlacht ar fhorbairt agus promhadh bhog earraí iontaofa. Is de bharr an taithí seo a bhuaigh an comhlacht an gcomórtas chun an conradh seo a fháil.

Sular tógadh an t-árthach in aon chor, bhí clár staidéir ann chun na riachtanais a chinntiú. An dualgas a bhí ar CAPTEC ná féachaint chuige go gcuirfí na riachtanais sin i gcrích go foirfe. Baineann mórán céimeanna oibre éagsúla lena leithéid d'obair. Agus tá sé rí thábhachtach go mbeadh comhlacht neamhspleách i mbun na hoibre seo – comhlacht nach bhfuil faoi bhrú tráchtála de bharr iad a bheith bainteach le forbairt na mbogearraí. Tá an neamhspleáchas tábhachtach freisin chun a chinntiú nach bhfuil aon "spota dall" i gceist. Is minic nuair a bhíonn dream ag plé le dearadh ar feadh i bhfad go nglacann siad le "fírinní" airithe – ach nuair a thagann dream neamhspleách an treo, go bhfeiceann siad nach amhlaidh atá.

Is mó tasc atá i gceist lena leithéid de Dheimhniú agus Promhadh Neamhspleách. Ar dtús, caithfear léirmheas a dhéanamh ar na doiciméid a leagan amach na riachtanais ar an gcóras ar fad chun an chuid sin de na riachtanais a bhaineann leis an mbogearra atá i gceist a aimsiú. Le linn na léirmheasta seo, scrúdaítear na riachtanais iad fhéin, chun a bheith cinnte go bhfuil siad ciallmhar, cuimsitheach agus in-phrofa. Má aimsítear fadhbanna ag an gcéim seo, is féidir iad a cheartú, rud a shábhálainn a lán oibre níos déanaí. Leantar le léirmheas na doiciméid deartha, ag cinntiú i gcónaí go bhfuil gach céim den dearadh ag teacht leis an méid a chuaigh roimhe, agus go bhfuil clúdach cuimsitheach déanta ar na riachtanais cuí. Chuige seo, is gnách maitrís rianach a fhorbairt a léiríonn cén riachtanas córais a chlúdaíonn riachtanais fo-chóras, agus cá gcuirtear i gcrích gach riachtanas córais. Is furasta bearnaí a aimsiú leis an modh oibre seo.

Chomh maith leis sin, is féidir FMECA a chur i gcrích. Déanadh é seo i gcás Huygens. Anailís ar bhaol, toradh agus cúiseanna teip atá i FMECA. I gcás bogearraí, is éard a bhíonn i gceist de ghnáth ná an t-ionchur go dtí an córas a scrúdú, agus an cheist a chur "Cad a tharlódh dá dteipfeadh ar an ionchur seo?". Mar shampla, dá dteipfeadh ar cheann des na braiteoirí airde. Cén córas atá curtha i gcrích sa bhogearra lena leithéid de theip a aithint, agus an tionchar  atá aige a mhaolú? I gcás Huygens, tá an dara braiteoir ar fáil, chomh maith le tábla ina bhfuil an airde réamhaithriste de réir ama leagtha síos. Má thugann braiteoir amháin luach atá ag teacht salach ar an mbraiteoir eile, agus ar an tábla, is dócha go bhfuil teipthe air, agus ní úsáidfear an luach sin.

Nuair atá an dearadh críochnaithe, bíonn an cód don chlár ar fáil. Déanadh léirmheas cuimsitheach ar an gcód seo. Cuimsíonn a leithéid de léirmheas roinnt scrúdaithe:

  • An bhfuil an cód so-léite, i dtreo is gur féidir cothabháil a dhéanamh air?
  • Ar baineadh úsáid as tréithe den teanga chláraithe atá amhrasach nó a bhfuil fadhbanna aitheanta ag dul leo?
  • An bhfuil na riachtanais uile curtha i gcrích ar bhealach cuí?
  • An bhfuil modhanna cosanta úsáidte chun plé le fabht san ionchur?
  • An bhfuil soláthar mar is ceart déanta chun go bhfeadfaí cur leis an gcóras más gá? (Breis cuimhne ar fáil, úsáid chuí táblaí gur féidir cur leo.)

I ndiaidh na céimeanna anailíse seo ar fad, bhí feachtas promhaidh ann. Dhear CAPTEC sraith scrúduithe chun iarracht a dhéanamh fabht nó teip a spreagadh. Cuireadh na scrúduithe seo i gcrích i gcóras ina raibh an t-árthach, maraon le gléasanna speisialta chun timpeallacht spáis a chur in iúl don árthach. Bhí na scrúduithe seo ann sa bhreis ar na gnáth scrúduithe a chuir forbrathoirí na gcórais bhogearraí agus an árthaigh i gcrích chun gnáth fheidhmiú an tóireadóra a chinntiú.

Cuirtear na scrúduithe seo i gcrích tré orduithe a sheoladh chuig na gléasanna spreagtha agus chuig an árthach. Seolann an t-árthach eolas rialta thar nais de shíor, agus ní mór an t-eolas sin a scrúdú chun a chinntiú go raibh an toradh ceart ar an scrúdú, agus nár thit aon rud as an ngnáth amach de bharr an scrúdaithe. Úsáidtear teanga ríomhaireachta ar léith chun a leithéid de scrúdú a fhorbairt. Úsáidtear réimse leathan feidhmchláir ríomhaireachta chun an anailís a éascú – is féidir suas le 30 MB de eolas a bheith i gceist le linn tástáil iomlán ar mhisean Huygens.
Áirítear ar obair CAPTEC maidir le dearadh na scrúdaithe
  1. a chinntiú gur cuireadh i gcrích sa teanga scrúdaithe i gceart iad
  2. comhoibriú leis an bhfoireann a chuir na scrúdaithe i gcrích sa chóras scrúdaithe chun a chinntiú gur éirigh le gach scrúdú
  3. anailís chuimsitheach a dhéanamh ar na torthaí. Chuimsigh  an obair seo forbairt na huirlisí analíse.

D’éirigh thar barr leis an bhfeachtas seo, agus aimsíodh ar a laghad fabht tromchúiseach amháin dá bharr.

Tá cur chuige céimneach agus cúramach riachtanach i ndearadh agus i bhforbairt bhogearraí ard iontaofachta. Is cuid lárnach de córas dá leithéid neamhspleáchas idir dearadh agus promhadh. Is céim bhreise atá ann comhlacht iomlán neamhspleách a chur i mbun deimhnithe agus promhaidh breise. Cruthaíodh sa togra seo, agus i dtograí nach é, go gcuireann an cur chuige seo eolas luachmhar breise ar fáil. Tarlaíonn seo de bharr an taithí eagsúil a bhíonn ag comhlacht dá leithéid i gcomparáid le forbairtheoirí eile, agus de bharr nach mbíonn an brú tráchtála céanna  ar an gcomhlacht agus a bheadh ar fhoireann laistigh de comhlacht atá ag forbairt táirgí bogearraí. 

Is féidir bheith dóchasach go sáróidh Huygens na dúshláin uile atá roimhe, agus go gcuirfear go mór lenár n-eolas de bharr an mhisin seo. Agus beidh baint nach beag ag innealtóirí Éireannacha leis an toradh rathúil sin.


Foilsíodh leagan den aiste seo, a bhuaigh duais Oireachtais Cumann na nInnealtoirí, ar Feasta.

2015-01-12

Scríbhneoirí na Gaeilge - tá mná ina measc!

Cé go n-aontaím le Réaltán (agus cúiseanna maithe tugtha anseo aici) gur feall éagóir atá ann nach bhfuil ach bean amháin ar an póstaer seo de chuid Leabhra Feabhra, tús maith atá ann dar liom.

Gliogáil le méadú

Bhí plé bhríomhar againn ar Twitter faoi; meabhraíonn an scéal ar fad don go ndearnadh feall ar mhná mná a ligeann síos freisin san Field Day Anthology, rud a spreag imleabhar iomlán ar chúrsaí ban ina dhiaidh sin. Ar ndóigh chíor Máirín Nic Eoin an leithcheal seo in B'ait leo Bean agus phléigh lucht Merriman uair an scéal - tá toradh a bplé ar fáil san leabhar Leath na Spéire.

Ní mór dom admháil - agus mé ag déanamh talamh slán de gur daoine ar shlí na fírinne a bheadh san áireamh - nár rith liom ach beirt:
Luaigh Iarla Siobhán Ní Shúilleabháin. Maidir le Peig, a luaigh Réaltán, bhí mise den tuairim gur scéalaí seachas scríbhneoir í. Ach ag smaoineamh arís, caithfidh mé admháil go raibh tionchair aici in éineacht le scríbhneoirí eile an Bhlascaod ar litríocht na Gaeilge, agus áit san Painteon dlite di dá réir.

Ba chuimhin liom gur luaigh Biddy Jenkinson liosta filí a bheith in A primer of Irish metrics le Kuno Meyer. Chíor mé an liosta agus fuair na mná seo leanas ann (tharlódh corr botún cló bheadh annm agus tharlóidh mná a bheith sa liosta nár aithin mé mar mhná)

Ar ndóigh tá mná  lárnach i litríocht na linne; agus níos fadsaolaí. Tríonóid iad Máire Mhac an tSaoi Seán Ó Ríordáin agus Máirtín Ó Direáin atá ag tús na nua-filíochta; tá Máire fós linn agus gura fada buan í! Tá Nuala Ní Dhomhnaill i measc filí INNTI. Tá Biddy Jenkinson, Áine Ní Ghlinn, Anna Heusaff, Orna Ní Choileáin, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Éilis Ní AnluainRita Kelly ... agus níl ansin ach ainmneacha ar bharr intinne an léitheora thuathaigh seo ...

Nára fada uainn póstaer a thugann a gceart do na mná!




2020-09-21
Le cuir leis an liosta thuas, a bhuí le hElizabeth Boyle (cómhrá Twitter)

máthair Dega meic Cairpri a leagtar  an dán  "Co fes cor leth iar Luachair" uirthi. Ní heol dúinn a hainm dílis. 

2015-01-11

Frithsceimhle agus saoirse cainte

I bhfad roimh imeachtaí na seachtaine i bPáras agus slad iriseoirí Charlie Hebdo ba léir gurbh an dúshlán mór roimh an Eoraip ná an radacachas Ioslamach atá ag fás i measc mionlach daoine óga. Cuid acu de bhunadh na tíortha traidisiúnta Ioslamacha, ach scair suntasach i measc pobal seanbhunaithe na hEorpa ata ag iompú ar an Ioslam radacach de bharr coimhthíos leis an bpobal ina mhaireann siad. Ag an t-am céanna tá radacachas den eite dheis ag fás freisin, fearacht an Front National sa Fhrainc, agus anois sa Ghearmáin á chnuasach faoin mana PEGIDA ("Patriotischen Europäer gegen die Islamisierung des Abendlandes" - Eorpaigh tírghrácha i gcoinne Ioslamú an Iarthair) agus an cuma ar an scéal go bhfuil an páirtí nua thall Alternative für Deutschland (Malairt rogha don nGearmáin) ag teacht i dtír ar an coimhthíos is míshuaimhneas seo leis an gcóras mar atá.

Tá na grúpaí seo ach beag, ach mar a chonaic muid ar na mallaibh is féidir le líon beag daoine daoine tír iomlán a sceimhliú, agus an domhan a chuir ag faire. (Cé nach gá gur mar sin a tharlódh - mharaigh Boko Haram líon i bhfad níos mó daoine thart ar an am céanna gan mórán airde a tharraingt).

Is fada muid ar an eolas faoi modhanna oibre sceimhlitheoirí. Rinne Lawrence Durrell ina leabhar Bitter Lemons cuir síos beacht: sé aidhm an sceimhlitheora aisfhreagra ar an pobal i gcoitinne a spreagadh, d'fhonn go gcuirfeadh an fraoch a spreagann pionós ar na neamh chiontaigh breis daoine le tacú leis. (Féach anseo)

Tá roinnt ailt spéisiúla léite le cúpla lá anuas agam faoin slad i bPáras agus na ceisteanna a eascraíonn as. Thaitin alt Alex Hijmans i Tuairisc go mór liom, ag moladh cairdeas mar chosaint.

Táim idir dhá chomhairle maidir le saoirse cainte. Ar lámh amháin creidim go bhfuil áit ann don aor, don saighdeadh agus don graostacht.
Der Satiriker ist ein gekränkter Idealist: er will die Welt gut haben, sie ist schlecht, und nun rennt er gegen das Schlechte an.
'Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc.'  
Sin a dúirt Kurt Tucholsky (faoin ainm chleite Ignaz Wrobel) in aiste inár tháinig sé ar an tuairim go bhfuil gach rud ceadaithe don Aor. (Was darf die Satire)

Ach níl tír ar bith ar domhan nach gcuireann srianta dlí ar rudaí áirithe a rá - ar mhaithe le síocháin poiblí. Agus caithfead a rá go raibh amhras orm an raibh an ceart ag RTÉ ardán a thabhairt don tuathghríosóir Anjem Choudary. Sa mhullach ar sin is minic ar na saolta seo feachtais ann i gcoinne dreamanna a deir nó a fhoilsíonn rudaí áirithe, agus ardáin á cheilt ar daoine labhairt ag ollscoileanna mar go n-easaontaíonn dream éigin leo. Go minic is faoi mhana cosaint mionlaigh a déantar a leithéide de chosc a chuir i bhfeidhm.

San tír seo, de bhrí go bhfuil foráil Bunreachta ann i gcoinne Diamhasla (foráil ar cheart é aisghairm) tá dlí i gcoinne Diamhasla:
"Aon ní diamhaslach nó ceannairceach nó graosta a fhoilsiú nó a aithris is cion inphionóis é de réir dlí" Airt 40.6.1 BnahÉ
Tá iarracht déanta san Acht cáiliú a dhéanamh ar an gcoir:
(2) Chun críocha an ailt seo, déanann duine ní diamhaslach a fhoilsiú nó a chur i gcaint más rud é —
(a) go ndéanann sé nó sí ní a fhoilsiú nó a chur i gcaint atá rómhaslach nó rótharcaisneach i ndáil le nithe a maíonn aon chreideamh gur nithe beannaithe iad, agus, ar an tslí sin, uafás a spreagadh i measc lín shubstaintiúil de lucht leanúna an chreidimh sin, agus

(b) go mbeartaíonn sé nó sí, tríd an ní lena mbaineann a fhoilsiú nó a chur i gcaint, an t-uafás sin a spreagadh. 
Níor ciontaíodh aon duine faoin dlí roimh 2009 agus ní raibh ach cás amháin ann go bhfios dom a bhain le greannán ag spochadh as an Eocairist. Ach is rí léir go bhfeadfaí leas a bhaint as an alt thuas chun dlí a chuir ar dhaoine mar a bhagair ollamh Ioslamach abhus a dhéanamh dá ndéanfaí athfhoilsiú ar scigléirithe Charlie Hebdo abhus. Ní dócha go n-éireodh le cás mar é ach ba leor an bhagairt agus an costas a bhaineann le cás le fál áirithe a chuir in áit.

Ar an lámh eile áfach is minic claontuairimí faoi aicme nó grúpa pobail á bhuanú le scigléirithe mar seo, agus baineadh mífheidhm as a leithéid cheana - ag na Naitsithe abair.

Níl mé cinnte cén dóigh is fearr leis an cóimheá seo idir ceart mionlaigh agus cearta daoine aonair cur i gcoinne smaointe a easaontaíonn siad leo a bhaint amach. Is dócha, fearacht gach ní eile, go mbeidh siar is aniar dleathach ann i gcónaí. 

Tá an píosa seo a dul ag fánaíocht orm.

Creidim i saoirse cainte. Creidim freisin i ndeá bhéasa. Creidim gur gá bheith faichilleach ag dul i ngleic le lucht sceimhle - gan an aisfhreagra atá uathu a bhronnadh orthu.

Ach sílim nach mbeidh aon rath ar an scéal go dtí go mbíonn fís dearfach againn san Eoraip, fís atá tarraingteach freisin dóibh siúd inár measc a mhothaíonn coimhthíos leis an tír inar rugadh agus tógadh iad.

Easpa urraime dóibh foinse cuid mhó den coimhthíos seo, toradh lofa an nua-liobrálachais agus na hidirdhealaithe ar bhonn creidimh is dath craicne atá fós láidir.

Tá muid ag tús an próisis imeasctha san tír seo don gcuid is mó. Tá súil agam go n-éiríonn linn botúin na tíortha eile san Eoraip a sheachaint, nó ar a laghad a mhaolú.

Ach gan tuiscint cad is brí le saoránacht Éireannach, cad iad na luachanna coitinne, agus iad a chuir i bhfeidhm, beimid ar an mbóthar céanna.







2015-01-10

Pícaro ar fán

Tá an dara eachtra de chuid Corto Maltese foilsithe ag Leabhar Breac anois. Agus ceannaithe agam (do mo mhac, mar dheá, ach sílim nach bhfuil an céad imleabhar léite i gceart aige fós, rudaí eile níos tarraingtí dó).
Bhí muid á phlé ar Twitter agus d'fhiafraigh Dennis an picaresque atá sé. Ní raibh fhios agam féin go baileach cad is brí le picaresque (scéal faoi rógaire dar le focal) mar sin bhí orm beagán taighde a dhéanamh.
Níl aon cheist ach gurbh rógaire é Corto Maltese, é anseo i gceantar suaite na teorainne idir an Tuirc, an Airméin agus na críocha sin, ar thóir ar órchiste agus ag iarraidh a chomrádaí Rasputin (a bhí san gála deiridh freisin) a tharrtháil. Ansin cuirtear casadh san scéal agus é ag iarraidh cailín Airméanach a tharrtháil, an t-aon marthanóir dá teaghlach tar éis áir.
Tá scata bé eile san scéal, agus cairde a thagann i gcabhair ar Chorto gach uair a bhíonn sé i bponc.
Arís tá an plota sách scaoilte - áiféiseach fiú, ach is léitheoireacht thaitneamhach atá san scéal, gan mórán doimhne. Pearsa aisteach Corto - rógaire ach iarracht éigin den uaisle ag baint leis freisin, de chúirtéis an ridire.

Arís, molaim Leabhar Breac as an obair atá á dhéanamh agam - cloisim go bhfuil gála eile ar na bacáin, agus leabhar eile tiontaithe ón bhFraincis - Cadavre Exquis le Pénélope Bagieu atá ag dul i dtreo eile ar fad. Treise leo!

An Teach Órga i Samarkand

€12.00 (bog), 256 lch;
ISBN 1 909907 43 0

Gaisceachán i dTír Strainséartha

Ag deireadh An Litir bhí Lúcás Ó Briain ar bhord loinge ar a bhealach chun na Fraince, é tar éis an ceann is fearr a fháil ar an spiaire An Sionnach i gcomhrac pionsóireacht.

Ach ag tús I dTír Strainséartha foghlaímid  go bhfuil casadh san scéal agus gur go Briostó atá an long ar a bhfuil sé ag dul. Isteach i dTír an namhaid - nó an ea? Tá corraíl is Sasana freisin agus coimhlint creidimh agus dílseacht do Rí Séamus I fós ann.

Bíonn an chuid cor agus casadh san scéal ach éalaíonn Lúcás ó Shasana faoi dheireadh an leabhair. Faigheann muid roinnt nod ann gur casta an scéal ná Litir a thabhairt chomh fada le hÓ Néill agus go bhfuil comhcheilg laistigh de chomhcheilg ann. 

Tá an reacaireacht spéisiúil agus maith anseo freisin, castar daoine spéisiúla orainn agus léirítear gnéithe de stair agus tuiscint na linne úd i Sasana dúinn. 

Anois is arís téann an reacaireacht chun fadálacha agus sleamhnaíonn isteach in insint dúinn cad a mhothaíonn Lúcás seachas é a léiriú dúinn. Ach tá réimse ama agus tíre níos mó le clúdach mar sin ba dheacair an teannas a bhí in An Litir a choinneáil thar an dar a leabhar. Ach tá radhairc lean teannais agus eachtraíocht ann, troideanna, éalú, mealladh, ...

Leabhar iontach atá anseo ach is eagal liom gur beag déagóir a bheidh in inmhe é a léamh - bhí mé féin ag streachailt scaití leis an bhfoclóir. Sin an dúshlán.


I dTír Strainséartha
Liam Mac Cóil

€15.00 (bog), 384 lch; 
ISBN 978-1-909907-53-9

2015-01-05

Léirmheasanna ar An Tuairisceoir

Foilsíodh cúpla léirmheas a scríobh mé don Tuairisceoir ansiúd:

  1. An Ghlanfhírinne Cóil Learaí Ó Finneadha, Cló Iar-Chonnacht
  2. Caillte i gConamara/Lost in Connemara
  3. An Bhean Feasa, Alan Titley
  4. Anamlón Bliana, in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine as dialanna Ó Ríordáin.

2015-01-03

Ag léamh Na Comharthaí

Léigh mé "Na Comharthaí" d'aon alp amháin inné. Dea-theist ar scríbhneoireacht agus plota an méid sin féin. Mar sin féin níl fhios agam an féidir liom moladh gan "ach" a thabhairt dó. 
Tá pearsa lárnach san scéal, duine corr atá gafa leis an smaoineamh gur é a dhán bheith ina "Ghiolla Rí" agus a níonn cíoradh is é ina ghasúir ar gach a bhaineann leis an ról idir stair is miotaseolaíocht. Ríthe atá imithe faoi thalamh ag fanacht lena ndeis.
Briseann an idée fíxe seo isteach san fíor saol de chineál ach a mbuaileann sé le file, agus luann ainm as barr a chinn leis an bhfile mar rí. Eascraíonn cultas chasta as sin agus iad as sin amach ina gcúirt faoi cheilte ag an té seo - agus an rud ar fad fite fuaite le caidreamh collaí atá ag ár laoch le bean atá freisin gafa leis an té atá aitheanta acu mar rí.
Tá gnéithe den scéinséir is den eachtraíocht ag baint leis an scéal, dream eile ar an imeall ag briseadh isteach ar bhealach diamhair.
Níl mé iomlán tugtha don gcineál seo osréalachas san fíor saol ach láimhsíonn Darach Ó Scolaí a chúram go maith agus tá an scéal sách inchreidte agus bá againn do na carachtar. Baineann sé feidhm chliste as athrú reacaire chun gnéithe den scéal a shoilsiú a mbeadh an laoch dall orthu.
Tá cíoradh spéisiúil ann idir an difear idir an Giolla Rí nach bhfaigheann aitheantas, atá síoraí sa chúlra - ina oide nó aite i. fear altrama agus an compánach atá le hais an rí agus a roinneann a ghlór.
D'fheadfainn a shamhlú go bhfillfinn ar an leabhar agus go bhfuil i bhfad níos mó adhmaid le baint as ná mar a bhain mé ar an gcéad léamh chraosach.

Na Comharthaí
€18.00 (crua) 240 lch; 
978-0-898332-86-5
Leabhar Breac