Agus cá mbeimid gan na léitheoirí ar nód tábhachtach cumarsáide gach duine acu. Ar an gcaoi sin tig linn na meáin shóisialta a lua, an ghiolcaireacht agus na blaganna, mar shampla. Is nód tábhachtach ann féin é Aonghus Ó hAlmhain.
2022-10-02
Ní nód go naisc...
2020-05-30
Fontenoy Mhic Cóil
2020-02-01
Bealach na Spáinneach
2019-10-23
Laochra na Seanlitríochta
Ach bhí fonn mór ar orm Liam Mac Cóil agus Diarmuid Johnson a chlos i mbun léitheoireachta. Tarlaíonn sé go bhfuil an dá saothar as ar tharraing siad léite agam.
Chomh maith le bheith ina fhile agus scríbhneoir próis, seinneann Diarmuid Johnson an fheadóg mhór go feillbhinn. Seinn sé píosa mar réamhrá sular thosaigh Liam Mac Cóil ag léamh óna úrscéal An Choill.
Níl aon dá saothar le Liam Mac Cóil mar an gcéanna, ach is ceann ar leith An Choill. Athshamhlú ar eachtra de chuid ridire de chuid an Bhord Cruinn, scríofa i bhfriotal agus stíl na rómáns Artúracha.
I dtús an scéil músclaíonn an laoch i lár coille, é ar díchuimhne iomlán. Tá castachaí agus fealsúnacht go leor a bhaint leis an scéal, agus mar a dúirt mé le Liam bhraith mé féin agus mé á léamh go raibh mé i bhfostú mé féin, ar strae sa chaschoill. Cuid den pointe é sin, dar leis...
Taithí de chineál eile, ar lú dua agus ar mo phléisiúr, éisteacht le léamh mínráiteach Liam ar sleachta as an scéal - go háirithe os rud é nár bhain na nathanna ársa tuisle as mar a bhaineann siad as asam agus mé ag léamh. Agus rogha cuí de phictiúir rómánsacha roghnaithe ag Margaret Lonergan á theilgeadh ar an mballa lom laistiar de i Scoil na mBuachaillí.
Ealaín eile ar fad. Agus fonn orm athchuairt a thabhairt ar an leabhar.
Seilbh Inse Fódla atá mar fotheideal ar insint Diarmuid Johnson ar scéalta Tuatha De Danann, agus is tírdhreacha sceirdiúla na hÉireann a bhí roghnaithe ag Margaret Lonergan chun na sleachta a léigh Diarmuid a léiriú. Clocha loma mar chúlra d'insint ar streachailt na laochra - gabháil Fódla ó na bhfear bolg agus a chosaint i gcoinne Balor agus na bhFomhórach.
Prós ceolmhar a chleachtann Diarmuid agus tá guth soilbhir glan aige. Idir na sleachta sheinn sé ar an bhfeadóg mór.
Cloisim go bhfuil Conaire Mór taifeadta mar chlosleabhar aige agus ar na bacáin ag Leabhar Breac. Agus Midir agus Étain ag teacht ár dtreo san earrach.
Agus maidir le Liam Mac Cóil, go mbeidh ceann scríbe bainte amach faoi dheireadh ag Lúcás Ó Briain roimh Nollaig - imleabhar toirtiúil ag teacht ár dtreo.
Gura fada buan Leabhar Breac agus a chuid údair - laochra na seanlitríochta atá ag tabhairt léargas úr dúinn ar sheanchas ár sinsir.
2017-04-17
Ar strae sa Choill
Scríbhneoir turgnamhach é Liam Mac Cóil; ag baint feidhme as múnlaí, seánraí agus modhanna nua.
San leabhar An Choill chuir sé roimhe an cineál dréachta a foilseofaí san 16ú aois a chuir ar fáil - sé sin dá mbeadh leabhair i ngaeilge á fhoilsiú go forleathan.
Is dóigh liom gur éirigh leis. Ach bhí mé féin ag streachailt leis an leabhar. Tá meascán ann de Ghaeilge na linne seo, agus Gaeilge an ré úd. Tá sé déanta go healaíonta aige sa mhéid is go bhfuil ciall na bhfocail soiléir ón gcomhthéacs, agus is ar mhaithe le dearbhú seachas ciall a bhain mé feidhm as foclóir. Ach bíonn breis dua ag baint leis an léamh mar sin féin.
Baineann an scéal féin le ridire de chuid Rí Artúr, agus é ar fán le linn lorgaireacht an Soithigh Naofa. Tá aistriúcháin ar roinnt den litríocht úd, ó Cymru agus ón mór roinn, léite agam agus feictear dom go bhfuil an údar dílis go maith don nósmhaireacht. Dris chosáin eile sin, ar ndóigh, do mo leithéidí a bhíonn ag dréim le insint ina bhfuil tús, lár agus deireadh. Bíonn an léitheoir, maraon leis an Ridire fáin, ag fánaíocht sa choill agus amhrasach an bhfuil dul chun cinn nó faoiseamh i ndán dó.
Tharlódh go mbeadh breis adhmaid bainte agam as dá mba duine machnamhach fealsúnta mé.
Ach is ar thóir eachtra agus siamsaíocht a léim ficsean.
Is dóigh liom gur turgnamh fiúntach atá sa leabhar, ach nílim baileach cinnte an ann do na léitheoirí ar a bhfuil sé dírithe.
Tharlódh go mbainfidh mé tairbhe as i gceann scór bliain, ach mé bheith beo le cúnamh Dé.
Ní mór a rá, mar is dual do thairgí Leabhar Breac, gur seod ó thaobh páipéir, dearadh agus cló an leabhair; léaráidí ann agus cruth ar leith ar an leathanach ag sleachta áirithe.
An Choill
Liam Mac Cóil
€18.00
116 lch; clúdach crua;
ISBN 978 1 909907 69 0
2015-07-25
Fontenoy arís
Cur síos fuarchúiseach ar ár an chogaidh, ar chúraimí agus smaointe oifigeach coinsiasach laistigh de srianta na linne; ré ina raibh an troid aghaidh ar aghaidh, go bhfaca fir agus oifigeach toradh fuilteach a gcuid oibre ós a gcomhair agus faoina gcosa.
Macallaí áirithe de "Faic nua san Iarthair" Remarque, brúidiúlacht agus éigiall an chogaidh ach na fir ag leanacht orthu mar nach bhfuil an dara rogha acu.
Ach b'fhearr le gach fear a bheith ag tochailt a gharraí féin ag baile, rud atá ceilte air ag naimhdeas agus aindlí na naimhde a a bhfuil a n-arm anois ós a chomhair.
Sár leabhar. Lón machnamh.
Fontenoy
Liam Mac Cóil
€12.50 (bog), 192 lch;
ISBN 978-0-898332-5-7
2015-05-08
SCÉINSÉIRÍ STAIRIÚLA le Liam Mac Cóil, Darach Ó Scolaí agus Seán Ó Dúrois
AN SIOPA LEABHAR
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Cead isteach €5
SCÉINSÉIRÍ STAIRIÚLA
Tá an-éileamh go deo ar fhicsean stairiúil le blianta beaga anuas agus tá an tóir chéanna air as Gaeilge agus atá air as Béarla. Bígí linn le haghaidh díospóireacht bhríomhar phainéil le Cathal Póirtéir mar chathaoirleach uirthi ina ndéanfar plé ar chuile rud ó Chath Fontenoy go húrscéalta bleachtaireachta atá spreagtha ag gnéithe áirithe den stair. I measc na bpainéalaithe beidh Liam Mac Cóil, údar Fontenoy, a bhí ar ghearrliosta na Comhairle Ealaíona le déanaí le haghaidh an Laureate i gComhair Ficsean Éireannach, Darach Ó Scolaí, údar An Cléireach a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin, Gradam Leabhar na Bliana i 2008 agus Seán Ó Dúrois, údar Rí na gCearrbhach agus Crann Smóla.
2015-01-10
Gaisceachán i dTír Strainséartha
2012-08-29
Splanc samhlaíochta
2012-01-02
Lámh thapa in uachtar
Oscailt pléascach - Easpag á chrochadh as Tréas, agus mion chuir síos ar a fhuiltí agus a bhí an gnó úd ag an am - blaiseadh freisin ar mheon an phobail.
An suíomh léirithe dúinn mar sin, bogann an scéal ar aghaidh go gasta agus cuirtear an laoch inár láthair, scoláire ar scoil i nGaillimh, na gasúir ag cíoradh na ráflaí - an dá campa ina measc - Gael dílis do Ó Néill agus lucht caomhach na gceannaithe Gaillmheacha atá amhrasach faoi. Baineann an chuid eile den úrscéal leis ana heachtraí a bhaineann le Lúcás idir an t-am a bhronntar Litir an teideal air le tabhairt go hÓ Néill, an amhras a bhuaileann é an é an duine ceart don misean é, an crá croí a bhaineann le bualadh amach ar thuras baolach agus a ghaolta agus a chairde a fhágáil ina dhiaidh, agus an baol de bhrí go bhfuil sé anois in eangach na gcomhcheilg iomadúla atá ar bun, agus an namhad sa tóir air. Fear claímh oilte is ea an ógánach, dalta le ceannaí Francach sa Ghaillimh - agus roimh deire an imleabhair seo bíonn ar é fhéin a chruthú i ndáiríre seachas ar urlár an chleachtadh - i gcomhraic claímh agus intinne - agus cruthaíonn go maith.
Cruthaíonn an údar go maith freisin, ag baint feidhm éifeachtach ar an scéal chun an saol agus an imreas idir na faicsin éagsúla a léiriú dúinn le spléachadh ar imeachtaí éagsúla.
Craos talún, an Gael i ngleic le córas nua dlí nach ghlacann le fianaise nach bhfuil ar phár, fir teanga cam i sochaí ina bhfuil an Bhéarla in uachtar, ach gan í ach ag fíor bheagán.
Ach an mana "taispeáin dom, ná habair liom" leanta go paiteanta tríd síos.
Tá an lán feola le baint as an úrscéal seo, ar fad laistigh de imeacht aon lae sa Ghaillimh, agus beidh mé ag súil leis an gcéad gála eile!
An Litir
Liam Mac Cóil
Leabhar Breac
€15.00 (bog), 420 lch;
ISBN 978-0-898332-57-5
2007-08-02
Fontenoy
Tá trí snáth sa leabhar, guth an údair, agallamh idir staraí francach agus oifigeach Éireannach a bhí páirteach sa chath, agus leagan an Oifigigh fhéin - an ceann deiridh san scríofa i nGaeilge na linne sin.
Thaitin an leabhar liom, ach níor bhraith mé gur chuir na sleachta ina raibh an údar ag caint go díreach leis an léitheoir leis an scéal a bheag nó a mhór. Bhris siad an teannas dar liom, agus ní raibh suim dá laghad agam sna teoiricí litríochta agus socheolaíochta iontu.
Maidir le Gaeilge na 17ú haoise, ní raibh sé deacair chor ar bith í léamh.
Fontenoy
Liam Mac Cóil
ISBN 1898332193
Leabhar Breac 2005