Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Diarmuid Johnson werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Diarmuid Johnson werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-04-06

Uraiceacht nua na hÉigse


Go n-uige seo is tríd athinsintí a d'fhéach Leabhar Breac le slabhra litríochta na Gaeilge a athghaibhniú. 

San saothar seo áfach, tá sleachta gairide próis ó stair na litríochta sin roghnaithe ag Diarmuid Johnson. Ó na meánaoiseanna go dtí tús an chéid seo caite. Iad curtha i gcomhthéacs stair a linne, san Eoraip agus in Éirinn. Athinsint ar shleachta a mbainfeadh dua lena léamh do Ghaeilgeoirí na linne seo, le Diarmuid féin nó le húdair eile fearacht Feargal Ó Bearra, beannacht Dé lena anam. 

Sa bhreis ar sin nótaí ar ghnéithe teangan a bhaineann leis na sleachta. 

Tá eolas fairsing agus domhain ag Diarmuid Johnson. File chomh maith le húrscéalaí agus scoláire. Tá a lorg sin ar an dtráchtaireacht. Abairtí gairide gonta a chleachtann sé go minic. Éifeachtach. 

Beatha teanga a labhairt. Is fíor an focal. Is fíor dá réir go bhfuil teorainn leis an méid de bhrí na teanga is féidir cur i scríbhinn. 

Diarmuid Johnson 
Deoch an Tobair lch 176, An canúnachas. 



Dá bhrí sin, más bláth agus biseach atá i ndán don chumarsáid agus don chomhthuiscint, ní leor ann féin gan ach seancheart na teanga a chleachtadh go dall deabhóideach. Ar an taobh eile den scéal, bláth agus biseach ní féidir gan eolas ar an seancheart úd agus gan fios a thábhachta dá réir.

Diarmuid Johnson
Deoch an Tobair 

Treoir anseo dúinn. Géarú goile. Tá go leor de na téacsanna ar fáil dúinn a bhuí leis na dána digiteacha - tríd celt.ucc.ie abair, nó corpas.ria.ie


Diarmuid Johnson 
Leabhar Breac 

2026-02-13

An Cláirseoir


Úrscéal neamhghnách stairiúil ó pheann Diarmuid Johnson. Scéal na Normannach a rinne ionradh ar Éirinn ar ball - ach iad fós ar imeall Ríocht Shasana, in adharca le muintir Cymru.

Na Gearaltaigh, go háirithe Muiris a thug a ainm do Chlár chlainne Mhuiris ar ball. A athair, Gearailt de Windsor. É pósta ar banphrionsa as Cymru ar ordú Anraí Rí.

Cláirseoir Breatnach an cláirseoir, scéal a thaoisigh agus na Taoisigh eile fite fuaite le scéal na Tiarnaí Mairge a earcódh Diarmuid na nGall ar ball. Agus a raibh airc talún orthu, iad míshocair san Marg toisc lucht Cymru a bheith ag neartú, agus Anraí Rí a bheith luaineach. Pléimeannaigh sa mheascán leis i roinnt na creiche ar imeall thiar na Breataine.

Siar is aniar idir Éirinn agus an Bhreatain chomh maith. 

Snáithí an scéil fite ina bhréidín dhlúth ag Diarmuid, scéal thar na glúinte, troid agus trádáil, feall agus féile, searc agus mioscais.

Scéal a thugann stair chun beochta, réamhrá d'ionradh na Normannach ar Éirinn.

Léitheoireacht atá idir taitneamhach agus ina lón eolais. 

Ní bearna atá i Muir Meann, ach nasc - go háirithe san tréimhse sin agus go ceann i bhfad ina dhiaidh.

Diarmuid Johnson 
Leabhar Breac 

2023-04-18

Ceallach seolta


Thug mé m'aghaidh anocht ar lár na cathrach chun freastal ar sheoladh Ceallach Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac.

Sé Antain Mac Lochlainn a rinne an seoladh agus thug sé sár phíosa cainte uaidh, ag cíoradh scéalaíocht Dhiarmuid a chuireann Ceallach inár láthair go beo beathach, cé gur scéal agus meon ársa atá aige - an rud is ársa is iontach! Thug Antain suntas do seinge na bhfocail, gontacht ealaíonta. Ceallach i láthair romhainn. Muid ag tabhairt na mionrudaí faoi deara chomh maith leis na mór rudaí. Gan leisce ar Dhiarmuid gnásanna liteartha a shárú. (Píosa snasta cainte a mbeinn ag súil leis é fheiceáil i gComhar nó Feasta amach anseo!)

Bhí Bríd Harper ann le ceol a choinneáil linn, idir sealanna inár léigh Diarmuid as an leabhar chun blaiseadh a thabhairt dúinn. 

Chuir Diarmuid agus Bríd clabhsúr leis an ócáid le port meidhreach ar an bhfidil agus an feadóg mhór. 

Ócáid pléisiúrtha - agus ionad oiriúnach. (Tá na leabhragáin ar rotha ana úsáideach nuair atá spás le cruthú. 


2023-04-14

Cín lae fánaí naofa

 
 
Idir dhá Nollaig a léigh mé an athinsint seo ag Diarmuid Johnson ar shaol Ceallach, compánach Columbán a d'fhan taobh abhus de na hAlpa agus a bhunaigh an mainistir ar a dtugtar Sankt Gallen anois, ainm eile ar Ceallach is ea Gall, is cosúil. 

Dialann atá ann, aistir Cholumbáin agus a chompánaigh ó Éirinn, ar an bhóchna go dtí an Fhrainc le headarlúid i gCymry. A misean thall agus mar ar éirigh idir Columbán is Rí Theuderic. Díbirt agus anró, filleadh ar bhealach eile, aistir ó dheas arís tríd críocha págánacha. Tearmann seal cois Alp. Uafás a thugann ar Cholumbán na hAlp a thrasnú. Achrann idir é agus Ceallach nach mian leis dul ar aghaidh. Ceangal dian dá bharr gearrtha ag Columbán ar Cheallach - gan Aifreann a rá fad ba bheo dó Cholumbán. (Ní thuigim an raic eatarthu - bhí Ceallach tinn. Ach bhí na Céilí Dé thar a bheith dian ar an gcolainn). 

An rud ar fad inste trí shúile Ceallaigh ag Diarmuid Johnson i bhfriotal ceolmhar fileata. (Ábhar closleabhar den scoth na leabhair de chuid Diarmuid atá foilsithe ag Leabhar Breac. Tuigtear dom go bhfuil a leithéid ar na bacáin acu.). 

Leabhar snasta cuanna freisin, mar is dual do Leabhar Breac. Seoid eile i mo L-spás. 


Diarmuid Johnson
ISBN 978-1-913814-25-0

 

2021-11-10

Deamhain an uaignis is na filíochta

I measc na leabhair a fuair mé le déanaí ón leabharlann bhí saothar filíochta le Diarmuid Johnson : Die Dämonen / I measc na ndeamhan.

Dhá dhán measartha fada, aistrithe go Gearmáinis ag Peter Busse, agus le neart léaráidí dubh agus bán le Susanne Haun. (Tá sciar acu le feiceáil ar a suíomh anseo.)

Pléann na dánta - nó sin mo léamh orthu ar aon nós - le stoiteacht agus coimhthíos an file, scoite amach ón gnáth phobail, i dtiúin leis na deamhain. Cuireann na léaráidí sa leabhar cuanna seo ó Churach Bhán leis an dtaithí. Mheas mé go raibh na haistriúcháin Gearmáinise cineál scaoilte scaití, ach scaití eile chur siad mé ag machnamh ar dhóigh eile faoi leathrann. 

Saothar snasta ealaíne ina iomlán, ó foilsitheoir lonnaithe sa Ghearmáin. 


2020-08-29

Éadaoin


Seo an tríú imleabhar ina bhfuil beatha nua tugtha ag Diarmuid Johnson do scéal ón tseanlitríocht. An uair seo, de bhrí nach bhfuil scéal iomlán tagtha anuas chugainn, bhí ar féin roinnt den scéal a cheapadh, rud atá mínithe aige in aguisín. Ach níl aon difríocht le haithint idir athinsint agus cumadóireacht sa reacaireacht fuinte seo.

Thaithin an teanga san imleabhar seo go mór liom. Is geal le ceol é. Abairtí gairide go minic. Athrá éifeachtach ar samhlacha. Tá Trecheng Brethre Féne luaite i measc a chuid foinsí, maraon leis an sár leabhar Flóra Chorca Dhuibhne. 

Tá an scéal suite i gcomhthéacs níos leithne aige, ag tosú le mealladh na Bóinne ag an Dagda agus breith Aonghus Óg, agus ag críochnú le casadh tuismitheoirí Conaire Mór ar a chéile. 

Idir eatarthu tá scéal Éadaoine. Ach cé gurb a hainm atá ar an scéal, is scéal na rudaí a tharlaíonn di atá ann seachas na nithe a dhéanann sí. Ní léir fiú an í dáiríre a bhronnann searc nó an ag déanamh áil den éigin atá sí. Midir, a chéad bhean siúd Fuamnach agus dara céile Éadaoine Eochaidh na gníomhaithe.

Draíocht agus dásacht. Searc agus éad. Cleasaíocht agus cruálacht. Ach áilleacht cainte agus íomhánna.

Cuireann na scéalta seo go mór le saibhreas na litríochta nua Ghaeilge. 

Tá dornán focail nach mbeadh cur amach agam orthu agus tá gluais úsáideach i ndeireadh an leabhair. Ach i ndáiríre tá siad soiléir i gcomhthéacs.

Chuala mé go bhfuil taifeadadh déanta ag Diarmuid ar Conaire Mór mar chlosleabhar. B'fhiú go mór amhlaidh a dhéanamh leis an leabhar seo. Admhaím gur i nglór Diarmuide a chuala mo chluas inmheánach é...

2019-10-23

Laochra na Seanlitríochta


Bíonn roghanna deacra romham i gcónaí nuair a fhoilsítear clár IMRAM. De bhrí go mbíonn orm bus a fháil abhaile agus éirí luath an mhaidin dár gcionn tá sé dodhéanta freastal ar gach rud.

Ach bhí fonn mór ar orm Liam Mac Cóil agus Diarmuid Johnson a chlos i mbun léitheoireachta. Tarlaíonn sé go bhfuil an dá saothar as ar tharraing siad léite agam.

Chomh maith le bheith ina fhile agus scríbhneoir próis, seinneann Diarmuid Johnson an fheadóg mhór go feillbhinn. Seinn sé píosa mar réamhrá sular thosaigh Liam Mac Cóil ag léamh óna úrscéal An Choill.

Níl aon dá saothar le Liam Mac Cóil mar an gcéanna, ach is ceann ar leith An Choill. Athshamhlú ar eachtra de chuid ridire de chuid an Bhord Cruinn, scríofa i bhfriotal agus stíl na rómáns Artúracha.

I dtús an scéil músclaíonn an laoch i lár coille, é ar díchuimhne iomlán. Tá castachaí agus fealsúnacht go leor a bhaint leis an scéal, agus mar a dúirt mé le Liam bhraith mé féin agus mé á léamh go raibh mé i bhfostú mé féin, ar strae sa chaschoill. Cuid den pointe é sin, dar leis...

Taithí de chineál eile, ar lú dua agus ar mo phléisiúr, éisteacht le léamh mínráiteach Liam ar sleachta as an scéal - go háirithe os rud é nár bhain na nathanna  ársa tuisle as mar a bhaineann siad as asam agus mé ag léamh. Agus rogha cuí de phictiúir rómánsacha roghnaithe ag Margaret Lonergan á theilgeadh ar an mballa lom laistiar de i Scoil na mBuachaillí.
Ealaín eile ar fad. Agus fonn orm athchuairt a thabhairt ar an leabhar.

Seilbh Inse Fódla atá mar fotheideal ar insint Diarmuid Johnson ar scéalta Tuatha De Danann, agus is tírdhreacha sceirdiúla na hÉireann a bhí roghnaithe ag Margaret Lonergan chun na sleachta a léigh Diarmuid a léiriú. Clocha loma mar chúlra d'insint ar streachailt na laochra - gabháil Fódla ó na bhfear bolg agus a chosaint i gcoinne Balor agus na bhFomhórach.

Prós ceolmhar a chleachtann Diarmuid agus tá guth soilbhir glan aige. Idir na sleachta sheinn sé ar an bhfeadóg mór.

Cloisim go bhfuil Conaire Mór taifeadta mar chlosleabhar aige agus ar na bacáin ag Leabhar Breac. Agus Midir agus Étain ag teacht ár dtreo san earrach.

Agus maidir le Liam Mac Cóil, go mbeidh ceann scríbe bainte amach faoi dheireadh ag Lúcás Ó Briain roimh Nollaig - imleabhar toirtiúil ag teacht ár dtreo.

Gura fada buan Leabhar Breac agus a chuid údair - laochra na seanlitríochta atá ag tabhairt léargas úr dúinn ar sheanchas ár sinsir.





2018-08-30

Seilbh Litríocht Fódhla

Is é 'Tuatha de Danann - Seilbh Inse Fódhla' an dara leabhar de chuid Diarmuid Johnson atá ag tarraingt as an litríocht ársa. Mar a rinne sé i Conaire Mór, tá sleachta as lámhscríbhinní éagsúla fuinte le chéile aige in insint bhríomhar cuanna.

Tá nathaíocht agus ruthaig ann, ach seachas cinn smolchaite tá siad múnlaithe as an nua. (Ba iontach an chlosleabhar a dhéanfadh seo).

Tá scéal gabhála Éireann iontach agus aisteach, streachailt Tuath de Danann, Fir Bolg agus Fomhóraigh.

Tá insint Diarmuid Johnson soléite snoite gan an aisteacht a scaoileadh le sruth. De bhrí an scéal atá faoi chaibidil tá foclóir leathan in úsáid ach ní dóigh liom go mbeadh léitheoir le taithí seasta ag ransú foclóir - tá na leaganacha soiléir i gcomhthéacs an insint.

Bhí cuid mhaith de na heachtraí léite agam in insintí eile. Ach is mar scéalta thall is abhus a léigh mé iad. Is maith ann insint téagartha taitneamhach amháin.

Leabhar a fillfidh mé ar arís, fearacht Conaire Mór, agus tá mé ag tnúth le foilsiú an tríú ghála, Éadaoin.

Tá Leabhar Breac ag fónamh do léitheoirí agus do scríbhneoirí araon trí seoda seo na sean litríochta a fhoilsiú faoi chló nua, agus in eagráin ar saothar ealaíona gach cuid de, clúdach, cló, caint...

Tuatha Dé Danann
Diarmuid Johnson
€16.00
120 lch, clúdach crua,
ISBN 978-1-911363-20-0

2017-12-05

Ceiliúradh ar Conaire Mór

Ó ghlac Caitlín Nic Íomhair freagracht as an siopa leabhair, tá an spás níos gile agus níos eagraithe. Tá na leabhair eagraithe agus comharthaí soiléire ar na seilfeanna. Agus tá spás cluthar cruthaithe d'imeachtaí litríochta agus ealaíona.

Le déanaí bhí mé ag mion cheolchoirm de chuid IMLÉ ann.

Bhí mé ann arís aréir ag ócáid thar a bheith taitneamhach, agus an duaisleabhar Conaire Mór á sheoladh. Fuair mé féin an leabhar te bruite ó na clódóirí, agus tá mo léirmheas anseo.

Aréir is é Seosamh Ó Murchú, file bisiúil é féin a chuir an leabhar inár láthair, i bpíosa breá cainte ag tarraingt as an leabhar. Thug sé samhail thar a bheith spéisiúil don saothar atá cruthaithe ag Diarmuid Johnson, i. Siansa ceoil agus go leor ornáidíocht ann.

Léirigh Diarmuid Johnson féin, le tionlacan Bríd Harper ar an fidil, oiriúnacht an tsamhail tríd sleachta a léamh as an leabhar go drámatúil. Tháinig guth, insint agus ceol le chéile go paiteanta.

Go deimhin (ar an gcaolseans go bhfuil Alan Esslemont á léamh seo) tá mianach dráma físiúil in athinsint ealaíonta Dhiarmuid ar scéal atá ceilte le fada ar an té, fearacht mise, nach bhfuil sean Ghaeilge aige.

Is dócha áfach go mba ghá an Cartoon Saloon a chuir i mbun oibre chun na carachtar a thabhairt chun beatha...

Seod deartha an leabhar, mar a bhíonn muid ag dréim leis ó Leabhar Breac. Tá leagan Darach Ó Scolaí den Táin ar tí a fhoilsithe, agus cloisim go bhfuil leabhar eile ar na bacáin ag Diarmuid leo.

Bail ó Dhia ar an obair mo ghuí ar Dhiarmuid, ar Dharach agus ar Chaitlín! Gura fada buan iad.

2017-08-17

Conaire Mór

Le déanaí d'fhoilsigh Leabhar Breac athinsint Diarmuid Johnson ar Togail Bruidne Da Dearga.

Níl againn ach leagan sách ársa den mbun scéal faoin Rí óg Conaire, ar den sí a mháthair. Tá geasa éagsúla air, ach diaidh ar ndiaidh fágann cúinsí gan rogha é, agus sáraíonn sé na geasa ceann i ndiaidh cinn. Maraítear é sa deireadh ag díbheirgigh.

Chuir Diarmuid roimhe leagan den scéal a scríobh amhail is dá mbeadh leagan scríofa san 15ú aois bunaithe ar an leagan atá againn, agus athleagan san 18ú aois.

Tragóid gréagach atá san scéal, i. is iad a thréithe féin idir suáilcí agus duáilcí is trúig bháis do Chonaire.

Tá an insint ag Diarmuid bríomhar spleodrach, na tréithe ársa fós ann ach an scéal soléite drámata.

Is fearr an scéal ina thús, dar liom, a óige agus tús a ríocht. Éirí amach na n-óglach atá míshásta le síocháin a réime cionn is gurbh as traidisiún gaiscíoch á fáisceadh iad. A dhrogall an bás a imirt orthu, rud a fhágann díbeartha na díbheirgigh. Cothaíonn siad mioscais thar lear, téann i gcomhghuaillíocht le bithiúnaigh eile agus filleann chun slad a imirt.

I dtreo deireadh an scéil - ag leanacht an bunleagan - gabhann an scéal chun aistíola is áibhéile.

Ina réamhrá luann Diarmuid na laigí san scéal - measaim go raibh sé ag tagairt do na gnéithe seo.

Mar is dual do Leabhar Breac, seod snasta atá sa leabhar. Insint ana sholéite, álainn fiú in áiteanna. Léargas ar ceann d'ár scéalta ársa, a mheabhródh spleodar laochúil na Rúraíochta.

Táim fíor shásta gur cheannaigh mé an bronntanas seo dom féin!

Conaire Mór
Diarmuid Johnson
104 lch;
ISBN 978-1-911363-12-5