Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-08-17

Conaire Mór

Le déanaí d'fhoilsigh Leabhar Breac athinsint Diarmuid Johnson ar Togail Bruidne Da Dearga.

Níl againn ach leagan sách ársa den mbun scéal faoin Rí óg Conaire, ar den sí a mháthair. Tá geasa éagsúla air, ach diaidh ar ndiaidh fágann cúinsí gan rogha é, agus sáraíonn sé na geasa ceann i ndiaidh cinn. Maraítear é sa deireadh ag díbheirgigh.

Chuir Diarmuid roimhe leagan den scéal a scríobh amhail is dá mbeadh leagan scríofa san 15ú aois bunaithe ar an leagan atá againn, agus athleagan san 18ú aois.

Tragóid gréagach atá san scéal, i. is iad a thréithe féin idir suáilcí agus duáilcí is trúig bháis do Chonaire.

Tá an insint ag Diarmuid bríomhar spleodrach, na tréithe ársa fós ann ach an scéal soléite drámata.

Is fearr an scéal ina thús, dar liom, a óige agus tús a ríocht. Éirí amach na n-óglach atá míshásta le síocháin a réime cionn is gurbh as traidisiún gaiscíoch á fáisceadh iad. A dhrogall an bás a imirt orthu, rud a fhágann díbeartha na díbheirgigh. Cothaíonn siad mioscais thar lear, téann i gcomhghuaillíocht le bithiúnaigh eile agus filleann chun slad a imirt.

I dtreo deireadh an scéil - ag leanacht an bunleagan - gabhann an scéal chun aistíola is áibhéile.

Ina réamhrá luann Diarmuid na laigí san scéal - measaim go raibh sé ag tagairt do na gnéithe seo.

Mar is dual do Leabhar Breac, seod snasta atá sa leabhar. Insint ana sholéite, álainn fiú in áiteanna. Léargas ar ceann d'ár scéalta ársa, a mheabhródh spleodar laochúil na Rúraíochta.

Táim fíor shásta gur cheannaigh mé an bronntanas seo dom féin!

Conaire Mór
Diarmuid Johnson
104 lch;
ISBN 978-1-911363-12-5