12 July 2019

Nellie agus na Maighigh

Tagairt in alt Phádraig de Paor faoi litríocht taisteal (Comhar Taighde) a spreag mé le fios a chur ón leabharlann ar Mise agus na Maighigh le Nellie Nic Giolla Bhríde.

Rinne mé talamh slán de gur bean óg sna fichidí a scríobh, í ar Grand Tour na linne seo mar a bhíonn go leor dá leithéid.

Ní hamhlaidh atá áfach. Múinteoir as Gaoth Dobhair í Nellie Nic Giolla Bhríde, clann fásta uirthi. Í sách aosta le cuimhne a bheith aici ar bhochtaineacht agus easpa sócúlachta i nGaoth Dobhair agus mar sin léargas níos tuisceana ar bhochtaineacht Guatamala agus Hondúras.

Bhí a mac Eoghan i Meiriceá Theas roimpi, Spáinnis acu beirt agus fonn eachtraíochta. Ag taisteal ar bhusanna sicín le muintir na háite, agus ag dul san amhantar chun lóistín a aimsiú.

Stíl éadrom reacaireachta atá sa leabhar, mar a bheadh sí ag comhrá leat. Acmhainn láidir grinn (fúithi féin go minic). Tabhairt faoi deara. Nathaíocht den scoth.

Mheabhraigh sí taistealaí mná eile dom a bhfuil na tréithe céanna ina cuid scríbhneoireacht - Úna Ní Mhaoileoin.

Bhí mearbhall áirithe orm faoi leagan amach an leabhar, mar nár lean sé de réir am. Tagairt do lá le Pádraig, ansin cúpla leathanach níos déanaí do Dhomhnach Cásca, ach ina dhiaidh sin d'Aoine an Chéasta agus Domhnach na Slat. Is dóigh liom go bhfuil sé leagtha amach go tíreolaíoch agus gurb é an chaoi gur chaith sí cúpla seal in áiteanna áirithe. Ní chuireann sin as ró mhór don insint áfach.

Tá go leor eolais faoi daoine agus áiteanna ann, agus tá na heachtraí féin spéisiúil. Lón éadrom léitheoireachta chun fonn bóthair a spreagadh!

Mise agus na Maighigh
Nellie Nic Giolla Bhríde
Coiscéim 2003

11 July 2019

Cill Éinde

Ar chúinsí stairiúla níl mórán eaglais againn sa tír seo a bhfuil fiúntas ailtireachta agus ealaíne ag baint leo. Go deimhin tá barraíocht acu atá gránna nó lán kitsch.

Tá seoid ag muintir an Spidéil - Cill Éinde, a tógadh ag tús an fichiú aois. Tá cuir síos chuimsitheach ag an Tiarna Kilannin, a raibh baint aige a mhuintir lena thógáil, san alt seo.

Bhuail mé isteach chun paidir a rá ar an Satharn agus d'éist muid Aifreann ann ar an Domhnach.

Is léir ní hamháin go bhfuil caomhnú cúramach déanta air, ach go bhfuiltear ag cuir go cúramach leis na saothair ealaíne. Thug mé suntas d'fhuinneog gloine amháin ina raibh eitleán agus bád farantóireachta sa chúlra agus manach naofa sa tulra.

Le hais na haltóra tá Cros Céasta deartha ag Imogen Stuart a tiomnaíodh i 2015 - Ardchrois an Spidéil.

Chuaigh Turas na Croise i bhfeidhm orm - mósáic gloine agus an inscríbhinn faoi sa lámh Gaelach. É sin ó thús an chéid seo chaite.

Ar ndóigh ní iarsmalann nó dánlann atá ann, ach eaglais.

Tá sagart diongbhála na Cille ann faoi láthair, dar liom.

Ag canadh a tháinig an tAthair Seán Mac Aoidh isteach chun Aifreann a rá, agus fiú agus é ag caint mhothaigh mé nach raibh sé i bhfad ó chanadh le lúcháir an chreideamh.

Seachas aitheasc a thabhairt bhí sliocht as imlitir an Phápa aistrithe aige a léigh sé agus a mhínigh sé. Toradh ar an sionad faoin óige is ea Christus Vivit!
Bhí aistriúchán an tAthair Seáin i gcló freisin sa nuachtlitir. (Tá súil agam go mbeidh an deis aige amach anseo na sleachta uilig a chrochadh ar shuíomh an pharóiste). Ní cloistear sagart sách minic ag craobhscaoileadh briathra an Phápa agus á nascadh go héifeachtach leis an soiscéal a chuala an pobal.

Ardú meanman.

Bíonn cúraimí saolta ar shagart paróiste freisin ar ndóigh agus bíonn orthu stocaireacht ar son a dtuarastal féin scataí! Sách deacair agus freastal ar Aifreann ag titim agus glaoch ar charthanach daoine ag méadú. (Bhí cumann Peil na mBan ag bailiú ag doras na hEaglaise). Ábhar machnaimh ab ea gur luaigh sé go raibh daoine sa pharóiste nach bhfreastalaíonn ar Chill Éinde de bharr gur trí Ghaeilge a fheidhmíonn an paróiste.

Tá súil agam go mbeidh an paróiste faoi bhláth go ceann i bhfad eile, ag déanamh cúram don gCill agus don gcreideamh.

09 July 2019

Traidphicnic

Tá an ceol agus an tiomáint ag mo bhean chéile, mar sin is ise a bhíonn ag taisteal suas síos na tíre le m'iníon ag ócáidí ceoil. Chaith m'iníon an tseachtain seo chaite ag campa ceoil Ourchestra i mBaile Átha an Rí. Chuaigh mo bhean siar Dé hAoine chun an cheolchoirm deireadh a chlos agus sin ar aghaidh leo beirt go dtí an Spidéal.

Ó tharla go raibh spás dom sa lóistín a bhí in áirithint aici shocraigh mé dul siar go Gaillimh ar GoBus tar éis na hoibre. Rinne mé amhlaidh agus thóg mé taxi amach as an nGaillimh píosa, áit ar bhailigh mo nuachar mé. Beart stuama chun trácht na Gaillimhe a sheachaint. (Bhí na haicearraí ar eolas ag fear an taxi. Fear as Guinée na hAfraice atá sa Ghaillimh le leathscór bliain. An fear taxi is tostmhara dá raibh agam riamh.)

Bhí sé mall, m'iníon tuirseach agus an lóistín píosa maith soir an bhóthair ón Spidéal, ar an gCoilleach, mar sin ní dhearna muid faic eile Dé hAoine.

Maidin Sathairn chuir muintir an tí bricfeasta breá friochta romhainn. Thug m'iníon aghaidh ar rang ceoil ansin agus chuaigh mise ag fálróid thart ar an Spidéal. Bhí dreas cainte agam liom le Gearóid san Spailpín Fánach. D'éirigh liom buaileadh isteach i gCló Iar Chonnacht. Níos iontaí fós, d'éirigh liom teacht as gan cuir le mo stoc leabhair...

Thíos sa bhaile casadh Aonghus Chóil Mhaidhc orm, an garraíodóir a rinne Paula Kehoe an clár Síolscéalta faoi. Bhí seastán aige ag binn tí Uí Dhroighneáin. Ó tharla muid gan cistin thiar ní raibh ciall sailéid nó glasraí a cheannach, ach chroch mé mála fataí liom.

Bhailigh muid le chéile ansin arís sa cheardlann agus ghlac m'iníon páirt i seisiúin ceoil (le Cathal Banjo!). Faraor is ceolta eile a bhí ar eolas aici seachas an méid a bhí ag muintir Chonamara agus tar éis uair a chloig nó mar sin chuaigh sí chun T léine a dhearadh di féin le Spailpín.

Bhí dinnéar luath blasta againn sa Bhuilín Blasta agus ansin shuigh muid síos chun éisteacht leis an gceol.

Chualamar Dónal Ó Braonáin* i mbun sean nós (agus chonaic a mháthair Caitlín Pheaits ag éisteacht go hairdeallach).

Bhí m'iníon tar éis ranganna a fháil le Clare Friel ag Scoil Cheoil an Earraigh agus b'iadsan go háirithe a mheall ise. Ainneoin go raibh sé ag ceobhrán (agus gur éirigh an brádán níos troime de réir mar a chuaigh an ceol ar aghaidh) bhaineamar an taitneamh as an gceol a chuir siad ós ár gcomhair le tionlacan ó Cathal Banjo Ó Cuirreáin agus Martin Barry ón Dún.

Cé gur as Glaschú na deirfiúracha Friel is de bhunadh Dhún na nGall iad agus is as an dtraidisiún sin atá a gceol agus amhráin fáiscthe. (Dúirt duine acu gur amhrán agus mionnaí móra as Gaeilge a fuaireadar óna Mamó agus go bhfuil iarracht á dhéanamh acu na bearnaí a líonadh). Bhí an comhcheol agus iad ag canadh fíor deas.

Mar a deirim, ainneoin an aimsir (a spreag lucht eagar chun málaí bruscair a scaipeadh ar an slua mar díon ar an doineann) bhí an spiorad go maith.

Bhí m'iníon fós ag teacht chuici féin tar éis seachtain lán ceoil agus easpa codlata mar sin fágadh mise liom féin ag éisteacht le Ulaid.

Ghlan an aimsir (ach tháinig na míoltóga).

Bhí an ceol go hiontach, agus fuair siad tacaíocht roinnt den am ó Mhuireann Nic Amhlaoibh. Níos iontaí fós.

Chuir siad fios ar na Deirfiúracha Friel chun clabhsúr a chuir leis an gcuid foirmealta agus bhí an slua ar fad ar a gcosa acu agus mórán acu ag damhsa!

Taithí iontach.

Táim cinnte gur ghabh siad siar go dtí an sráidbhaile agus go raibh oíche go maidin acu. Bhí mise fós tais áfach agus drogall orm bheith ag siúl sa dorchadas mar sin d'fhill mé ar an lóistín.

Ní raibh muide ann ach ar feadh lá den trí lá agus feicim go raibh aimsir níos fearr ar Aoine agus Domhnach. Bhí sé ana dheas. Bhuail mé le scata nach mbíonn ag caint leo ach ar Twitter de ghnáth. Pop up pearsanta sa Ghaeltacht! (bhí sé go deas gnó a dhéanamh trí Ghaeilge freisin)
.

Bheadh fonn orm filleadh (agus lóistín níos áisiúla a lorg!) Feicimid.

* Bertie Ó Domhnaill a bhí scríofa agam i dtosach mar go raibh sé luaite ar an gclár. Ach táim measartha cinnte gur Domhnaill Ó Braonáin a chuala mé.

03 July 2019

Danny Seaimpín an Domhain


Tá an tóir ar Roald Dahl le fada ag léitheoirí óga, de bharr a shamhlaíocht spreagúil ait. Is maith liom mar sin go bhfuil Leabhar Breac ag tabhairt faoi iad a chuir ar fáil do léitheoirí óga na Gaeilge.

Tá tús láidir curtha acu leis an aistriúchán seo le Muiris Ó Raghallaigh.

Scéal iontach faoin grá idir athair agus mac, agus an dóigh a chuireann an athair oideachas saoil ar a mhac. Murab ionann agus go leor de scéalta Dahl, scéal réalaíoch atá anseo, lonnaithe faoin dtuath i Sasana i lár an chéad seo chaite.

Spreagadh ón dúlra agus ón gceardaíocht á roinnt go fial ag athair lena mhac, agus iad araon neadaithe i gcomhluadar tuaithe. Scéal eachtraíochta freisin, mar a bhuaileann siad bob ar bhoc mór saibhir míthaitneamhach.

Teanga shaibhir, rud beag canúnach atá sa leabhar – rud atá díreach ceart don scéal. Bainfidh léitheoirí neamhspleácha taitneamh agus tairbhe as, ag cuir lena n-eolas agus a saibhreas teangan.

Má tús maith leath na hoibre tá bonn thar barr curtha ag Leabhar Breac leis an obair. Tá an leabhar féin gleoite agus na bun-líníochtaí le Quentin Blake ag cuir barr slacht ar an dtáirge.

Foilsithe i dtosach ar Gobblefunked, 12 Eanáir 2017

Tá leagan iontach de scéal Cú Chulainn curtha ar fáil ag Paul Bolger agus Barry Devlin san úrscéal grafach seo atá aistrithe go Gaeilge ag Leabhar Breac. An céad chuid de thríológ atá san leabhar seo, a phléann le óige Séadanta agus a shaoil go dtí go cuirtear go hAlban é le gaiscíocht a fhoghlaim ón mbanlaoch Scáthach.

Tá a gcasadh féin bainte ag na húdar as an seanscéal agus ról níos suntasaí tugtha don Mór Ríon; agus tochmharc Éimear athraithe agus gnéithe de Oidhe Cloinne Uisnigh curtha ann – éad ar Conchubhar leis an gCú, a mheall gean Éimhir.

Níl feidhm bainte ach as dubh, bán agus dearg sna líníochtaí ach tá siad iontach. Tá go leor gluaiseacht le feiceáil iontu, agus na carachtair ag claochlú. Tá bagairt diamhair ag baint le hárchú Chulainn. Tá an Mór Ríon ann ina bean óg álainn is ina bhadhbh. Tá na líníochtaí beo ar an leathanach agus cainteanna cliste éifeachtacha ag dul leo. Tá an peannaireacht breá soléite freisin.

Measaim go bhfuil an leabhair seo oiriúnach do dhéagóirí óga, do aosánaigh agus go deimhin do dhuine ar bith ar spéis leo athinsint freacnairceach ar scéal ársa.

Beidh súil in airde agam don dara imleabhar; cloisim go mbeidh fáil ar roimh Nollaig.

Foilsíodh é seo i dtosach ar Gobblefunked 28 Aibreáin 2017

25 June 2019

Iarchóilíneachas

Ar cúpla cúis tá scata leabhar le hAfracaigh nó le daoine de bhunadh na hAfraice léite agam le déanaí. Tarraingíonn scéal scéal agus chuir Nnedi Okorafor i dtreo Octavia Butler mé. Níl léite agam fós dá saothar ach Kindred  - scéal taisteal aimsire. Tugtar bean de sliocht sclábhaithe siar go ham na sclábhaíochta chun a sinsear féin a shlánú. Is iomaí corr is casadh sa scéal agus tuiscint scanrúil le baint as ar éifeacht na daoirse ar an duine.

Is de bharr Nnedi freisin a léigh mé úrscéal Ben Okri The Famished Road úrscéal réalaíochas draíochtúil lán spioraid agus draíocht ach deannach agus dua an ghnáthshaoil i gceantar na mbochtán uirbeach freisin, i dtír ar thairseach an neamhspleáchais.

Liosta éigin saothair a sheol i dtreo Wizard of the Crow le Ngũgĩ wa Thiong'o mé, leabhar atá á léamh faoi láthair agam (go mall toisc go bhfuil sé ró mhór iompair thart!).

Le déanaí freisin de bharr an aistriúchán Titeann Rudaí as a Chéile, tá dornán úrscéal agus cnuasach aistí le Chinua Achebe léite agam.

Is maith le hÉireannaigh - Gael go háirithe - amharc orainn féin mar phobal a bhí faoi chois ag coilíneacht. Tá barántas éigin inár stair don tuairim sin ach tá amhras orm, amhras atá ag fás, an é sin iomlán an scéil.

Ar an gcéad dul síos, ós rud é go bhfuil cónaí orainn san Eoraip tá brabach á bhaint againn as torthaí an choilíneachais. Agus as an fána eacnamaíochta a fhágann ar ár gcumas earraí saoire (dúinne) idir ámh agus monaraithe a cheannach ón domhan i mbéal forbartha.

Is Caitliceach mé. Tuigim riachtanas agus tairbhe an mhisean. Creidim fós go ndearna misinéirí na hÉireann níos mó leasa ná aimhleasa. Ach is deacair a shéanadh go raibh aimhleas ann.

Go háirithe nuair a réitigh an misean an bealach do choilíniú agus níos measa.

Tá stair Rí Afonso an Congó spéisiúil, abair.

Chaith mo dheartháir seal ina phoitigéir i Uganda agus chuir an ciníochas as do. Bhraith sé gur géilleadh dá thuairim de bharr lí a chnis seachas a shaineolas.

Anois agus muid i ngleic géarchéim aeráide is gá dúinn bheith ionraic linn féin agus iarracht a dhéanamh a bheith cóir leis na daoine ó thíortha a chreach an Iarthair agus atá anois ag fulaingt iarmhairtí ní hamháin an choilíneachais stairiúil agus láithreach ach freisin iarmhairtí saol caifeach an Iarthair. Pé acu an teifigh abhus iad nó ina gcríocha féin.

Beidh sé deacair.

15 June 2019

Cití na gCártaí

Fuaireamar blaiseadh de scéal mháthair mhór Réaltán roinnt blianta ó shin i Comhar - bean óg a thug cleamhnas ó Málta go Béal Feirste na fichidí í. Dá máthair mór, Josefina de Felici Mateer atá an saothar tiomnaithe - ach ní hionann Cití agus í. Is léir an taighde agus an staidéar - Málta agus abhus - atá curtha isteach san úrscéal. 

An chéad chogadh Domhanda. Na fir ag imeacht. Athair agus ceithre iníon le tabhairt i gcrích aige. An cleamhnas a bhí déanta don duine is sine ó mhaith toisc an fear a bhí i gceist a bheith curtha go grinneall Muir Bhailt ar dualgas sa chabhlach....

Scéal na mban atá anseo, beo i bpatrarcacht, ach na patrarc féin faoi chúng impireacht. Cuma an sa gcúlráid i Málta atá cónaí orthu nó i sráideanna Béal Feirste áit  a thógann a athchleamhnas Cití. Buailtear buillí go leor ar Chití agus ar mhná nach í, agus foréigean á imirt ar na fir agus ag na bhfear i Trioblóidí na Fichidí agus "Stáit Protastúnach do Phobal Protastúnach" a ghaibhniú le foréigean na Specials agus frith fhoréigean an IRA. Cé go bhfuil na mná thíos go mór le cúrsaí, ní leabhar éadóchasach an t-úrscéal seo mar léirítear seiftiúlacht agus teacht aniar na mban. Ainneoin easpa tuisceana phiúratánach a gcuid bhfear... 

Úrscéal taitneamhach a spreagfaidh smaointe - mar faraor ní leis an gcianaimsir a bhaineann collaíocht mar airm cogaidh. Ná geanmnaíocht agus umhlaíocht mar slat tomhais ar luach mná... 

Úrscéal a fhágann sáite i saol Málta agus Béal Feirste na fichidí muide - ag féiscint na radharcacha, ag bolú na boladh, ag múscailt comhbhá ionann le cinniúint chrua. 

Aguisín : Tá seanfhocal feiliúnach as Máltais maille aistriúchán go Gaeilge le gach caibidil. Dóigh deas chun cosúlacht cultúir agus uilíochas taithí a léiriú. 

Cití na gCártaí
Réaltán Ní Leannáin
Cois Life
ISBN: 978-1-907494-93-2 

01 June 2019

Mo mháthair ag an mBainis Ríoga

Agus mé ag fás aníos bhí tréan rudaí ón Afraic sa tigh. Druma. Coinnleoir copair. Seithe liopaird fiú. D'imigh dhá tua as radharc nuair a d'éirigh comhraic aonair inár measc rud beag ró dháiríre...

Bhí fhios agam go raibh seal caite ag mo mháthair san Saimbia roimh pósadh di, ag múineadh scoile. (Chuala ó shin gurb amhlaidh gur bhailigh sí léi mar gur mheas sí go raibh suirí ag teacht idir m'athair agus staidéir dá chéim!)

Bhí fhios agam go raibh bean ón Afraic ina cónaí linn agus mé ana-óg - agus go raibh sí ag bainis mo mháthair roimhe.

Níor thuig mé go dtí traidhfil blianta ó shin go mba ball de theaghlach ríoga thall í agus gur chiallaigh na bráisléid eabhair a chaitheadh mó mháthair go minic go raibh sí glactha ina deirfiúr fola aici agus ríoga dá réir! Agus gurb iad na mná san sliocht sin a bhíonn ag rialú (go deasghnách, le hais an rialtas daonlathach).

Le déanaí thug aint liom nuachtán ón Afraic dúinn ón uair úd ina raibh tuairisc ar an mbainis, agus sonra tugtha don aoi aduaidh as Éirinn ann.

Agus go deimhin ról na manaigh Éireannacha i gceiliúradh na bainise, rud a bhí suntasach is cosúil i 1967.

Tá tagairt ann freisin don "latest polyester fabric" i gculaith dhubh an grúim.

Tá an nuachtán dhá-theangach (níl mé cinnte cé an teanga áitiúil).

31 May 2019

An Teachta Dála agus Scéalta Eile

I ndiaidh dom Go dtí an lá bán a léamh (foilsithe ag Éabhlóid, saothar Ciorcal Scríbhneoirí Ghaoth Dobhair) d'fhiafraigh mé ar Twitter an raibh aon rud eile foilsithe ag na mná seachas Máire Dinny Wren (Tá Go mbeinnse choíche saor ar Kindle agam). Luaigh Eoghan an cnuasach seo. Chuir mé fios air ón leabharlann.

Cnuasach tanaí gearrscéalta, cuid acu fíor ghairid.

Thaithin siad liom. Má tá téama ar leith ann, an chaidreamh idir fir agus mná atá ann. Agus faraor an leithcheal a imríonn fir ar mhná. Níl an t-údar i mbun aithisc áfach. Insíonn sí an scéal. Faoin léitheoir an tátal a bhaint as.

Taithí Bhéal Feirste (móide Trioblóidí) agus Tír Chonaill.

Lón machnaimh.

An Teachta Dála agus Scéalta eile
Brighid Uí Mhonacháin
Coiscéim 2013.

30 May 2019

Chomh lán floisc le hábhair píobaire

Nuair atá do chlann ar an ollscoil is beag is féidir leat a dhéanamh le tacú leo (lasmuigh de chúrsaí airgid...).

Go háirithe má tá siad ag tabhairt faoi ábhar nach bhfuil scil agat féin inti.

Bhí gníomh deiridh sa chúrsaí céime roimh Fhinn inné. Cur i láthair ar a chumas ceoil. Scrúdú. Ní minic deis agat tacú le do mhac i scrúdú cinniúnach.

Ach ceolchoirm a bhí ann freisin agus mar sin bhí mo nuachar, m'iníon agus mé féin i Halla John Mc Cann i Rae Chatham inné i bhfochair an bpainéal scrúdaitheoir. Bhí cairde agus comhghleacaithe le Fionn ann freisin, agus daichead nóiméad aige le dul i bhfeidhm orainn.

Idir seinm agus cur i láthair. Tá ginealach an ceoil tábhachtach i measc aos ceoil traidisiúnta. "Fuair mé an bport seo ó sheinm ó leithéidí seo nó ó chnuasach a leithéidí siúd". Níos fearr fós má tá scéilín barrúil ag dul leis.

Tá aistir fhada curtha de ag Fionn ó spreag seinm Con Durham, beannacht Dé lena anam, é leis an deannach a bhaint de foireann cleachtadh píb a bhí ag a mháthair. Bhí deis aige roinnt a fhoghlaim ó Con sular sciob ailse eisean uainn.

Is mó máistir a d'fhoghlaim sé uaidh ó shin. Agus inné bhí dalta leis féin ag éisteacht...

Bhí tionlacan éagsúla aige le míreanna éagsúla agus na píob uilleann nó an fheadóg mhór á sheinm aige. Bodhrán (Jack Ó hAonghusa, a chomhbhádóir i Préachán). Mandola (Joey Doyle). Cláirseach (Rachel Ní Dhufaigh, chomhbhádóir eile). Batiste ón Fhrainc lena mhusette.

Bhí díséad na bpíb iontach maith. Chonaic ná méara ag saothrú ach ní raibh mo chluasa in ann idirdhealú idir ceol na bpíb uilleann agus an musette.

Ceol éadrom ard.

Codarsnacht ab ea an amhrán gan tionlacan a d'fhoghlaim sé ó Antaine Ó Faracháin, i. Leagan Chonnachta den mBonnán Buí. Véarsaí aige thar mar a chloistear go hiondúil.

Chuir sé na píob ag caint dúinn ansin. Scéal Cath Chéim an Ois ó 1649 agus Alastair Mac Giolla Choda (measaim!).
Máirseáil ann. Trumpa an fhogha. Caismirt na gClaíomh. Páirc an áir á chuardach. Bás gan choinne. Caoineadh na mBan - a mháthair Ultach, a bhuime Laighneach, a nuachar Mhuimhneach.

Bhí an seomra chomh meirbh go raibh na píob ag fulaingt agus giolcaigh as cruth.

Ach d'éirigh leis teacht go ceann scríbe le dhá fhonn Duibhneach, áit a bhfuair sé go leor ceoil thar na blianta. Port de chuid Cormac Bhegley agus Camino a athair Bhreandáin.

Tá súil agam go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar na scrúdaitheoirí!

28 May 2019

Lón le Lon Loch Lao

Mheall seoladh leabhair Myra Zepf, Nóinín, ó thuaidh mé. Bhí mé ann sách luath le scroid eadra a bheith agam i mBia, bialann an Chultúrlann. Bhuail mé ann le hEoghan Ó Néill (arís) agus Máirín Hurndall (don gcéad uair sa fíorshaol). Bhí comhrá taitneamhach agam léi. Deir sí go bhfuil fúthu clár leabhair a dhéanamh ar Raidió Fáilte. Ba mhithid!

Ba é  Dónall Mac Giolla Chóill (ball den gcumann líonmhar úd iar eagarthóirí ar iar foilseacháin Ghaeilge) a bhí mar fhear an tí agus bhí dreas cainte agam leis siúd agus le go leor eile. Chuir sé iontas orm go raibh tuairim ag Séamus Mac Seáin cé mé féin...

Chíor mé cúrsaí Opera le Seán Ó Muireagáin, fiú...

Cuideachta caoin.

Bhí an seoladh féin iontach pléisiúrtha.

Bhí Dónall ina fhear an tí bríomhar greannmhar.

Sheol Caoimhe Ní Chathail (dorcha) an leabhar, ag insint dúinn go mbeadh Caoimhe óg ar bís dá mbeadh a leithéid de leabhar ar fáil di. Aontaím go bhfuil Myra tar éis cloch fiúntach a chuir sa bhearna litríochta do na déaga. Tá súil agam go mbeidh breis uaithi amach anseo.

Úrscéal saor véarsaíochta is ea Nóinín, dánta gairide gach caibidil, agus léigh Myra roinnt de na dánta (gan an phlota a mhilleadh barraíocht).

Bhí roinnt ama agam i ndiaidh an seoladh roimh an bus abhaile agus shiúl mé faid
Bhóthar na bhFál go foirgneamh nua galánta Raidió Fáilte.

Is páiste de chuid na 1970í mise, as Deisceart Bhaile Átha Cliath. Tá go leor sreang deilgneach fós ar an teorainn i m'intinn agus samhlaím fós go bhfuil na Sé Chontae i bhfad i gcéin agus deacair teacht orthu. Níl anseo ach an dara uair dom sa Chultúrlann agus b'fhéidir cúig nó sé cuairt gairide tugtha ar Bhéal Feirste agam.

Cé go bhfuil an sreang deilgneach laghdaithe ag an turas seo, mar sin féin cuireann na greamáin ag cuir fainic ar dhaoine gan comhoibriú leis na péas, na clocha cuimhne do Óglaigh agus na múrmhaisiú cogaí atá líonmhar ar
Bhóthar na bhFál mo sháith mí chompord orm! (Tá aicmeachas ag baint leis an míchompord freisin ar ndóigh. Doicheall meánaicmeach roimh fágáil an chrios compoird).

Bhí faoiseamh áirithe orm mar sin caifé an Lon Dubh i bhfoirgneamh Raidió Fáilte a bhaint amach.

Foirgneamh nua ghalánta, inspioráid ó dhán ársa :

Int én bec
ro léic feit
do rinn guip
glanbuidi:
fo-ceird faíd
ós Loch Laíg,
lon do chraíb
charnbuidi.

Tá cuma an litir L ar an bhfoirgneamh, urlár na talún níos leithne ná an dá (trí?) urlár eile. Fuinneoga móra, go leor solas. Ar leibhéal na talún tá painéil miotail ar féidir iad a bhogadh ós comhair na fuinneoga istoíche. Dath an óir orthu. Filíocht sa chló Ghaelach orthu, le litreacha curtha in iúl le poill bheaga.

Cuanna.

Bhí babhla anraith agus cupán caife agam sa Chaifé ar urlár na talún, ansin thug bainisteoir Raidió Fáilte turas an fhoirgnimh dom. Spás go leor stiúideo agus cruinnithe agus oifige. Oscailte geal.

Deartha go ciallmhar, beag ionadh go bhfuil sé san áireamh do dhuais ailtireachta.

Go n-éirí go geal le Raidió Fáilte ina mbaile fhairsing nua.

Agus má tá deis agaibh, bainigí sult as an súp sa chaifé mar a rinne mise.

Tá súil agam go mbeidh mé ar ais....

27 May 2019

Áireamh leictreonach vótaí

Chuir Dennis ceist ar Twitter ar ball, nach bhféadfaí ríomhchlár a dhearadh chun an córas vóta amháin inaistrithe a chuntas go gasta.

Rinne an rialtas faoi Bertie Ahern iarracht vótáil leictreonach a thabhairt isteach chun fáil réidh leis an "oul peann luaidhe". Theip ar an iarracht de bhrí gur chlis ar mhuinín an phobail an.

In iarracht muinín a chothú lorg an rialtas tairiscint ar phromhadh neamhspleách bogearraí ar an gcóras. Rinne mé féin iniúchadh ar na cáipéisí tairisceana thar ceann m'fhostóra. Chinneamar sa deireadh gan dul ar aghaidh leis an dtairiscint.

Ach thug sé léargas dom ar an bhfadhb.

Bhí deacrachtaí leis na hinnill, ach d'fhéadfaí iad sin a leigheas. Cúis mór leis an easpa muiníne ná gan taifead páipéar a bheith ar vótaí. Bheadh sin furasta le leigheas.

Ceist eile ar fad an áireamh. Mar atá faoi láthair tá gné "randamach" le athdháileadh an farasbarr vótaí nuair a shroicheann iarrthóir an cuóta le bheith tofa. Fágann sin gur féidir le toradh éagsúil a bheith ar athchomhaireamh. Tá go leor de na rialacha a bhaineann leis bunaithe ar fasaigh ó chásanna cúirte. Bhí na cáipéisí a cuireadh ar fáil don forbróir bogearraí breac le cásanna speisialta agus leasaithe.

Le bheith inphrofa is gá do bhogearra a bheith cinnteachaíoch. Is gá bheith in ann tuar go cruinn cén toradh a bheidh ar inchur ar leith.

Má tá gnéithe randamach ann, ní féidir sin a chinntiú.

Cé go raibh go leor trácht ar an bogearra bheith in Ísiltíris agus an bunachar a bheith mí shábháilte agus araile b'é easpa cinnteachta an algartam buille maraithe na muice don gcóras leictreonach.

(I Pascal ach ag comhlacht Ísiltíreach a scríobhadh an bogearra. Bhí ainmneacha athróga agus roinnt de na tagairtí mínithe in Ísiltíris, b'shin cúis an luaidreáin. Constaic do chigireacht a bhí ann. Ach ní fál go haer).

Má táimid le córas leictreonach a bheith againn beidh gá le halgartaim (níos fearr) atá cinnteachaíoch a dhearadh. Ós rud é go bhfuil ar chumas ríomhaire gach uile ballóid a chuir san áireamh d'fhéadfaí fáil réidh leis an ngné randamach.

Ceist eile an mian leis an mbunaíocht sin. Is spóirt ag go leor anoracs polaitíochta an áireamh fhada.

Nuair a rinneadh feidhm a bhaint as an gcóras ar bhonn trialach in olltoghchán amháin i dtoghcheantar ar leith, chaill Nóra Owens a suíochán laistigh de faitheadh na súil. Rud a ghoill go follasach uirthi. Tugann an áireamh mall deis ag iarrthóir dul i dtaithí go mall ar an dtreo, an bua nó teip atá i ndán.

Bheinn féin i bhfách le córas níos éifeachtaí, ach ba ghá an algartam a dhearadh i dtosach.

Agus pé bogearraí a úsáidtear a bheith foinse oscailte, profa agus cruthaithe.

26 May 2019

Kintsugi liteartha

Fear geal díreach meánaosta meánaicmeach mise. Pósta le ceathrú céad anois. Socair i mo cholainn agus craiceann. Creideamh agam mar thaca. Ní sháraím aon gheis de chuid an sochaí. Ní luíonn bróg an tsaoil trom orm. Ní cheistím agus ní cheistítear m'fhéiniúlacht. Fiú más de mhionlach a bhfuil Gaeilge agam ní chuireann sin de mhairg orm ach corr racht cantail. Tuigim go bhfuil pribhléid go leor agam.

Sé go raibh Marcus Mac Conghail le bheith mar fhear an tí a mheall go hócáid Áras Scríbhneoirí Éireann i Smock Alley Dé hAoine mé. Ócáid dhá theangach a bhí fógartha.

Ní raibh sé baileach mar a bhí súil agam leis.

Bhí ardán á chuir ar fáil do dhaoine atá ag dul do phrintíseacht de chineál in áras na scríbhneoirí chomh maith le daoine a chuir iad féin isteach, agus bhí beirt aoi speisialta.

Níor thug mé liom ainmneacha gach a reic. Bhí na mná i dtreis agus beirt trasinscneach. Bhí go leor streachailt le hinscne, le chollaíocht, le searc, le teacht ar féin tuiscint.

Maith go leor, bhí cuid den scríobh ámh. Bhí teacht i láthair níos fearr ag daoine thar a chéile. Dhá dtrian damhsa gothaí, dhá dtrian reacaireacht guth.

Bhraith mé go raibh pian aigne i go leor den scríobh. Iomrascáil féiniúlachta. Col le cruth colainne agus cúng an ghnáis. Ceal taithí agamsa níor theagmhaigh sciar de na saothair liom. Ach ní tomhas ar a bhfiúntas sin.

Ní mian liom bheith uasal le híseal. Ní thuigeann an sách an seang.

Mhothaigh mé go raibh pian ann. Pian intinne.

An samhail a rith liom ar ball ná kintsugi. Ealaíon Seapánach ina ndeisítear soitheach briste cré le hábhar luachmhar, ór abair. Soitheach láidir álainn an toradh.

Ní thig liom gach duine a reic a lua, ach tá roinnt a chuaigh i bhfeidhm go háirithe ormsa.

Chuir Marcus tús le himeachtaí lena dhán i gcuimhne Nuala Nic Con Iomaire, bean a raibh an aithne agam uirthi, aithne níos fearr ná ar a hathair Liam a chuir muid le déanaí. Bhí tionlacan ag Marcus óna mhac Naoise ar an dord leictreach. Tá smacht ar leith ag Marcus ar a ghuth, reacaireacht atá i gcónaí ar tí briseadh isteach ina chanadh.

An bheirt aoi speisialta:

Scríbhneoir foilsithe i Nicole Flattery a léigh scéal as a cnuasach Show them a good time. Léitheoir cumasach í agus bhí línte grinn a aimsigh a sprioc i gcónaí. Scéal a mheabhraigh Kafka dom.

Ba é Ifor ap Glyn, file náisiúnta na Breataine Bige an aoi eile. Chuir sé a reacaireacht i láthair as Gaeilge agus Béarla. Bhí an filíocht féin as Breatnais dar ndóigh, agus is don gceol san reacaireacht is mó a thug mé suntas. Ní raibh mé iomlán dall ar an mbrí, toisc go raibh aistriúchán curtha ar fáil ag Ifor dúinn. Grá athair, grá tíre, grá teanga, téamaí a labhair liom féin.

Triúr eile a chuaigh i bhfeidhm go mór orm.

Colm Mac Gearailt. Duibhneach. Staraí. Aisteoir i Ros na Rún. Trí phíosa a reic sé, péire as Gaolainn faoi deoraíocht agus an taca a thugann cuimhní ar an mbaile do dhuine. As Béarla reic sé píosa faoistinúil faoi a bhod ag diúltú feidhmiú de bharr ól agus an toradh ar an gcomhriachtan teipthe ar meon lánúin agus an siar agus aniar.

I measc na píosaí próis a d'aithris Chandrika Narayanan-Mohan bhí duan molta grá do Bhaile Átha Cliath, leis an líne iontach faoi bheith ag mothú clocha le "bonn chomh tanaí le sciathán féileacán". Bean siúlach scéalach.

Saothar samhlaíoch is mó a bhí i gceist. An eisceacht ab ea Sam Cox a rinne píosa iontach a léamh as tuairisc faoi Synaesthesia - nuair a bhíonn céadfaí ag trasnáil ar a chéile, go mblaiseann duine fuaim nó go bhfeiceann siad dath in ionad fuaim. Píosa fuinte a bhí ann, curtha i láthair go snasta.

Tríd is tríd is oíche ana mhaith a bhí ann. Lón marana go leor.

Tá sraith pictiúir ón ócáid ar mo fhotha Twitter.

25 May 2019

O Isis und Osiris....

I measc an seachtú cúig rud atá ar bun ag mo mhac Fionn faoi láthair, tá sé sa chór san Ceoldráma Die Zauberflöte atá léirithe ag an Irish National Opera.

Tá caidreamh fhada againn mar theaghlach le ceoldráma seo Mozart. Go deimhin bhí a mháthair i gcór na páistí san Staatsoper i mBeirlín Thoir. Fonn uirthi Papageno a shábháil ón gcroch.

Schöne Mädchen, denkt an mich,
Will sich eine um mich Armen,
Eh' ich hänge, noch erbarmen,
Wohl, so laß ichs diesmal seyn!
Rufet nur -- ja, oder nein! 

Chonaiceamar san Staatsoper le chéile é sna 1990í i léiriú taibhsiúil ach sách traidisiúnta. Arís ins na 2000í i léiriú ciorruithe de chuid an Opera Theater Company, a bhí ag cuir ceoldrámaí ar stáitse an Pavilion le líon fíor bheag amhránaí - ceathrar measaim - agus ceoltóir.

Tá DVD againn le puipéid ag déanamh an aisteoireacht.

Tá na seacht n-aithne mar sin againn ar eachtraí Tamino, Pamina, Sarastro, Banríon na hOíche agus Papageno.

Bhí deis ag mo nuachar agus iníon é fheiceáil tráthnóna Déardaoin agus chonaic mé féin oíche Déardaoin é. (Mar sin ní fhacamar baileach an chliar céanna)

Tá léiriú Irish National Opera iontach spéisiúil. Tá an dráma lonnaithe acu i dteach mór Éireannach san ochtú aois déag. Cleas éifeachtach, go háirithe leis an stiúradh. Thug mé faoi ndeara ar dhóigh nach ndearna go dtí seo díreach cé chomh gránna atá na tuairimí i leith na mban a léirítear.

Léirítear Teampall Sarastro mar an rud a bhí in intinn Emanuel Schikaneder agus Mozart, eadhon cruinniú de chuid na masúin ag cuir cuma shollúnta ar club sotalach na bhfear.

Mar a sheasann Lukas Jakobski (Sarastro) cloigeann is guailne go corpartha ós cionn an chliar, ba suntasaí a chanadh is aisteoireacht. Iarracht de chruálacht lom á léiriú aige le miongháire sotalach ar a bheola.

Thug mé suntas freisin do Padraic Rowan (Sprecher) a bhí ag tabhairt dúshlán Sarastro le gothaí cúramach.

Ba é Gavan Ring (Papageno) áfach an laoch domsa. Gutmensch lán grinn. Dó féin a scríobh Schikaneder an ról seo an chéad lá agus bhí go leor spraoi ag baint le léiriú Gavan idir gothaí is greann.

Baineadh casadh as an deireadh nuair a shéan Pamina an chaille pósta is theith na deora léi. Ar ball tugann Tamino a bhrat chuici.

Bhí m'iníon fiosrach faoi cad a bhí i gceist. Bhí mearbhall áirithe orm féin. Tar éis mo mharana a dhéanamh, measaim gur diúltú don dtuiscint chúng ar ról fear agus bean a bhí ann.

Rud a léiríonn go dtig le healaíon casadh a bhaint as seanscéal ach fós bheith dílis don libretto! (Ní ciardubhán ab ea Monostratos ach oiread, cé nach ndeachaigh an casadh áirithe sin i bhfeidhm chomh maith céanna orm).

Oíche pléisiúrtha a bhí ann dom agus lón machnaimh freisin.

Tá áthas orm gur spreag a chanadh sean nós daoine Fionn a mhealladh i dtreo an ceoldráma. Gné eile dá chumas is mianach ceol á fhorbairt.

O Isis und Osiris, schenket
der Weisheit Geist dem angehenden Musiker !
Die ihr der Wandr’er Schritte lenket,
Stärkt mit Geduld ihm in Gefahr.

Laßt ihm der Prüfung Früchte sehen,...

23 May 2019

Baoite

Tá Darach Mac Con Iomaire ar thús cadhnaíochta i ndrámaíocht na Gaeilge, ar ardán agus ar scáileán.

Scríbhneoir géarchúiseach. Dhá bhliain ó shin bhronn Amharclann na Mainistreach Coimisiún ar dráma a scríobh. Baoite an toradh. Léiríodh i dtosach anuraidh é san Taibhdhearc. Bhí fonn orm dul siar ach níor éirigh liom. Bhí mé ag tnúth leis an deis é fheiceáil agus thapaigh mé faoi dheireadh Dé Máirt seo caite é.

Tá Darach tar éis ár stair le déanaí a scagadh agus a spíonadh agus leagan dlúth de a chuir romhainn. Tragóid - tragóidí dáiríre — sa chiall bunaidh atá ann. Tréithe na carachtair féin, tréithe a d'fhéadfadh bheith ina suáilcí i gcúinsí eile, a tharraingíonn tubaiste orthu.

Bíonn ar dráma stáitse feidhm a bhaint as cliar bheag chun pobal níos leithne a chruthú. Ceathrar atá anseo, baill aon teaghlaigh. (beirt eile go sealadach, agus go deimhin an lucht féachana féin, i bhfíor thús an dráma agus cruinniú poiblí ar stáitse).

Athair. Mac. Iníon. Cliamhain isteach.

Teannas eatarthu ó thús. Bagairt seachtrach ó chomhlacht fraiceála. An lánúin óg céasta ag aimride. Toradh ar mian clainne a chuir siar ar mhaithe le cúram máthair. Fiacha arda chun íoc as ivf. Gan éifeacht.

Diaidh ar ndiaidh treisíonn na tubaistí agus nochtar rúin a mhíníonn an achrann i gcroí an teaghlaigh. Grá curtha as a riocht ag tubaiste. Táimid soghonta ag an dream a bhfuil grá againn dóibh agus ní bhíonn ach screamh thanaí ar na coilm.

Tugann Diarmuid de Faoite sár léiriú ar chéastacht feargach an mhic Tom. A phéin is a fhrustrachas soiléir i ngach gotha agus béic. Athar fuar faoi smacht ar éigin Pat (Macdara Ó Flatharta). Tá ról níos deacra ag Sorcha Ní Chéide, mar is pian príobháideach nach nglactar leis go poiblí an aimride agus an cailliúint linbh. Chailleamar féin beirt. Bhí muirir mhór ag mo mháthair ach i ndiaidh sin is uile bhí tionchar mór ag a breitheanna anabaí uirthi, ní áirím an mhac a fuair bás go tobann i ndiaidh sé seachtain. Bheadh pian níos doimhne i gceist le haimride, pian nach dtig liom a shamhlú. Pian a chuireann Sorcha i láthair le gothaí beaga éifeachtacha.

Tá ról deacair ag a céile freisin. Idir na frontaí. Ag iarraidh tacú lena bhean ach imníoch faoin dtodhchaí agus baol na fiacha. Gan cumhacht i gcoinne tubaiste breith anabaí. Cuireann Eoin Ó Dubhghaill an streachailt stuacach i láthair go fíor mhaith.

Is téamaí uilíocha iad seo, ceisteanna a bhaineann linn ar fad ach iad treisithe go healaíonta.

Cuireann an dearadh stáitse agus soilse leis an treisiú. Gan trácht ar cheol Maitiú Ó Casaide agus Saileog Ní Cheannabháin.

Léiriú fuinte fiúntach atá ag díol amach an Péacóg oíche i ndiaidh oíche. Agus atá ag mealladh daoine gan Ghaeilge. (Bhí rang Ollscoile Meiriceánach ann an oíche a raibh mise ann agus chuala siosarnach spreagtha uathu. Bhí deis acu ina dhiaidh cúrsaí a phlé le Darach agus an chliar).

Ina fhianaise sin is cúis imní nach bhfuil faic cloiste agam faoi bhreis coimisiún a bheith dáilte.

Cinnte tá obair teilifíse ann (agus obair faighte i Ros na Rún ag an gcliar ar fad i measc rudaí eile).

Ach is scil ar leith atá i gceist le drámaíocht ardáin agus téann sé i bhfeidhm ar dhóigh eile ar an lucht féachana. Éifeachtach.

Faoi mar atá rudaí is gá do gach léiriú lucht féachana a thógáil as an nua.

(Rinne Ciara Ní É ana obair anseo)

Tá súil agam nach mbeidh mé ag fanacht cúig bliana eile ar dhráma gairmiúil san amharclann náisiúnta.

Tá leithéidí Aisteoirí Bhulfin thar barr.

Ach tá scoth aisteoirí agus scríbhneoirí againn agus é dlite dóibh bheith ar ardán a ndiongbhála.

21 May 2019

Herland

Liosta de deich úrscéal ficsean eolaíochta le mná a scaip Nnedi Okorafor ar Twitter a chuir an t-úrscéal gairid seo ar mo shúile. (Bhí ceithre cinn acu léite cheana agam). Tugann ficsean eolaíochta agus samhlaíochta deis scagadh a dhéanamh ar rólanna agus tréithe a bhaineann le hinscne agus collaíocht. Rinne Ursula le Guin é sin go héifeachtach. Céim níos faide a théann Charlotte Perkins Gilman san úrscéal seo, ag samhlú tír ina bhfuil ard sibhialtacht ach nach bhfuil ann ach mná.

Duine de thriúr fear óg Meiriceánach an reacaire. Cairde. Fear saibhir, lothario ceart. Dochtúir agus bitheolaí. Socheolaí an reacaire féin. Tá siad ar thuras taiscéalaíochta i measc na "daoine fiáine" nuair a chloiseann siad ráflaí faoi "tír na mban". Faigheann siad nod nó dhó go bhfuil a leithéid ann agus beartaíonn turas.

Sáite mar atá siad i bhfireannachas tús an chéid seo caite ní féidir leo saol riartha ag mná amháin a shamhlú.

Sin a aimsíonn siad áfach. Tír dúnta isteach ag sléibhte. Maraíodh na fir ar fad dhá mhíle bliain ó shin. Partanaigineas a thug an pobal slán. Iad anois ina hardsibhibhialacht. Garraí torthúil déanta dá tír. Beartas ilghlúin pleanála. Máithreachas coiteann agus siúrachas, oideachas cúramach cnámha a pobail. Idéal álainn. Bhain an údar freang amháin asam nuair a luaigh sí gur "Airiasach" a bhí pobal na mBan. Ar ndóigh ní raibh an smál céanna is atá anois ar an téarma i 1915 ach ba chúis díomá dom an chiníochas.

Úrscéal gairid atá ann, ach tugann an codarsnacht idir an triúr fear, agus an dóigh stuama a phléann Poblacht na mBan leo deis don údar go leor smaointe a chíoradh.

Lón machnaimh spreagúil agus fós úr (faraor) cé gur i 1915 a foilsíodh i dtosach é. Greann éadrom íorónta a ligeann di síolta smaointe tromchúiseacha a chuir beagnach i ngan fhios.

20 May 2019

Spideog spreagúil scéalach

Bíonn dornán ócáid Gaeilge ag Féile Idirnáisiúnta Litríochta Átha Cliath gach bliain. Agus mé ag iniúchadh an suímh féachaint cad a bhí romham i mbliana chonaic mé go raibh Robin Stevens le bheith ag caint freisin. Tá m'iníon gafa le cérinnecháin faoi láthair. Agatha Christie agus a mhacasamhail. Ina measc an sraith úrscéalta seo le Robin Stevens. Cailíní i scoil chónaithe Sasanach sna tríochaidí iad a bleachtairí, duine acu ó Hong Kong. Sin a bhfuil d'eolas agam féin orthu, níl siad léite agam! Ach bhí sceitimíní ar m'iníon agus cheannaigh mé péire ticéad. Is maith go ndearna go luath mar díoladh amach an ócáid.

Sin an toisc a fuair mé mé féin inné in Amharclann Scabhat Smock. Timpeallaithe ag máithreacha agus iníonacha sna luath déaga. Corr bhuachaill ceart go leor, agus dornán athair. Dualgas athartha a thug ann mé agus dáiríre ní raibh mé ag súil le mórán dom féin ann. Bhí dul amú orm.

Cainteoir spreagúil líofa í.

Thug sí cuir síos (léirithe le roinnt pictiúir roghnaithe go cúramach) ar an dóigh a rinneadh scríbhneoir di.

A tógáil neamhghnách. Rugadh i Santa Cruz Mheiriceá í, ach chaith sí mórchuid dá hóige i dteach diamhair Máistir an Choláiste i gColáiste Pembroke Oxford. Teach dorcha inar mheas sí gach rud a bheith ró-mhór di. Uaigneach. Taibhsiúil. Scoite amach ó leanaí eile sa dóigh is gurb éigin spraoi leo a phleanáil go cúramach.

Ba léitheoir í gan amhras. Fearacht a hathair roimpi. A spreag í chun Agatha Christie a léamh — ach iarracht a dhéanamh an phlota a réiteach í féin.

Bhí sí ag scríobh léi ó aois a sé. Printíseacht fhada. Ina measc cumadh scéalta lán paisean agus formad faoina bréagán Sylvanian Families (gné a mheabhraigh Boxland óige CS Lewis dom).

Labhair sí faoin céad úrscéal ina sraith a scríobh di féin mar gur shíl sí é bheith ró ait. An chaoi gur dhiúltaigh gníomhaithe agus foilsitheoirí dó, toisc dúnmharú bheith mí-oiriúnach do leanaí.

Ach gur ghlac gníomhaire agus foilsitheoir leis faoi dheireadh - agus bhí rath air. Oiread ratha gur scríbhneoir lán aimsire í agus ocht leabhar foilsithe sa sraith go dtí seo.

An streachailt a bhí ann idir a post agus a scríobh. (Faraor ní bhíonn an deis ag scríbhneoir Gaeilge éirí as post!)

Roimh glacadh le ceisteanna léirigh sí conas creatlach scéil mistéir a chumadh:
Na gnéithe :
Suíomh
Íospartach
Fianaise
Amhrasáin
Réiteach

Fuair sí moltaí ón lucht féachana do gach ceann acu, ag cuir moltaí ar vóta. Ag tabhairt noda - gur gá an suíomh a bheith dúnta.

Níorbh fada go raibh stiúrthóir scannáin marbh ag oíche oscailte a scannán nua! Sáite ag fear on gcomhlacht a bhí in iomaíocht léi. Formad agus saint !

Ghlac sí go fial agus dáiríre le ceisteanna na mná óga agus thug freagraí ciallmhara stuama. Agus chaith breis is uair a chloig i ndiaidh na hócáide ag síniú leabhair agus ag freagairt ceisteanna aonair.

Teacht i láthair taitneamhach spreagúil. Shamhlóinn gur leasaigh sí síolta an scríobh i measc go leor dá lucht éisteachta agus go mbláthóidh roinnt dá bharr.

Táim thar a bheith sásta gur chuir mé an cheist faoi bhráid m'iníon!

19 May 2019

Préachán, Préachán ar an Áth

Bhí cónaí ar an bhfile Séamus Heaney sa Ghleann Mór lámh le hÁth na Fuinseoige i gCill Mhantáin. I measc a dhánta tá aistriúchán ar dhán Sean Ghaeilge, an Lon Dubh. Rud a thug ainm d'fhéile ceoil agus filíochta a bhí ar bun sa bhaile an deireadh seachtaine seo. 
        Int én bec
        ro léic feit
        do rinn guip
        glanbuidi:
        fo-ceird faíd
        ós Loch Laíg,
        lon do chraíb
        charnbuidi.
Bhí ceolchoirm ar leith ann do cheoltóirí óga áitiúla san Ionad Oidhreachta atá ainmnithe as Heaney. Ó éan dubh eile a fhaigheann Préachán a n-ainm - triúr ceoltóir traidisiúnta, Rachel Ní Dhufaigh (cláirseach),  Jack Ó hAonghusa (Feadóg mhór, bodhrán - nár sheinn sé - agus guth) agus mac liom, Fionn Ó hAlmhain (feadóg mhór,, píb uilleann, Viola da Gamba, guth). Sular tháinig siadsan ar an stáitse áfach bhí fear óg eile air, atá ag staidéar ar ardscoil cheoil  Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Cliath mar atá an triúir.

Teanór é Stephen Walker agus chan sé roinnt Lieder le tionlacan méarchláir, as Iodáilis, Béarla agus Gearmáinis.  Taispeántas snasta a thug sé uaidh agus líon a ghuth an seomra.

Deirtear nach bhfuil ceol ag Préachán
Ach níl sé ceart ná cóir sin a rá

(Mo leithscéal le Tadhg Mac Dhonnagáin as a fhocail a ghoid) Thaitin ceol an go mór liom. Ach chuaigh an cuir i láthair i bhfeidhm orm freisin, an dóigh ar chaith siad caideanna chuig a chéile agus iad ag cuir na píosaí i láthair. "Giotár le bogha" an Viol dar le Fionn agus é féin agus Rachel ag déanamh tionlacan ar Jack ag canadh amhrán agóide Close the coalhouse door. Chan Fionn Cuaichín Ghleann Néifinn. Sheinn siad scata port agus ríl freisin. Comhcheol cuanna. Snas air.

Chuireadar clabhsúr leis an choirm tríd Stephen a thabhairt ar ais agus amhrán a chum Anraí VIII roimh teacht i gcoróin dó a sheinm - 'Pastyme With Good Companye'

Is cinnte gur deá chomhluadar iad chun tráthnóna nó níos mó aimsire a chaitheamh leo!

08 May 2019

Máthair an Fhiaigh


Ar lá na Filíochta le déanaí tarlaíonn sé go bhfaca mé físeán de Dhairena  Ní Chinnéide ag reic filíochta faoi dhó. Dán faoin nGaeilge le Mícheál Ó hAirtnéide, agus dán dá cuid féin ag léiriú ómós do Sheoirse an Chaifé Liteartha. 

Spreag sé sin mé le súil a chaitheamh ar seilf (bheag) na Gaeilge i leabharlann Mhullach Íde. Bhí súil agam rud éigin le Ó hAirtnéide a aimsiú mar nach bhfuil faic dá chuid léite agam (tá sé iarrtha agam ar iasacht idir leabharlainne). 

Tá scríofa agam cheana faoin Trodaí, cnuasach dá cuid a léigh mé traidhfil blianta ó shin. 

Bhí na dánta sin trodach don gcuid is mó, streachailt an ghrá agus an tsaoil. 

Carraig mara i gCorca Dhuibhne is ea Máthair an Fhiaigh (Go gcosnaí Dia tú ar an fiach is a mháthair!) 

Tá sciar de na dánta seo ar maos i ngrá d'Iarthar Dhuibhneach, áit dúchais an fhile as a bhfáisceann sí neart agus neart filíochta. (Ceantar atá siúlta go minic agam féin agus mo chroí istigh ann). 

Tá rannóg eile lán le grá máthartha dá mac. 

Ceann eile fós ag ceiliúradh go macnasach tig dá cuid féin a bheith aici faoi dheireadh agus í in ann é chuir in oiriúint di féin de réir a toighis. 

Rannóg faoi thréimhse oibre san Eoraip. 

Níl na nótaí dorcha in easnamh go hiomlán ach ar an mórgóir is ceiliúradh ar aoibhneas na beatha an cnuasach seo. Ardú meanman. 

(Corr amharc a chaith mé ar a leaganacha Béarla, nuair a bhí mé éiginnte faoi fhocail.)

Táim sásta gur ghéill mé don spreagadh! 





 Máthair an Fhiaigh/The Raven’s Mother 
 Dairena Ní Chinnéide
 Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781905560271 

07 May 2019

Go dtí an lá bán

 Go dtí an lá bán 
Cnuasach gearrscéalta
Máire Dinny Wren
Máirín Uí Fhearraigh    
Brighid Ní Mhonacháin
Síle Uí Ghallchóir

Tháinig cóip léirmheasa den cnuasach láidir gearrscéalta mo threo. Saothair a fuineadh as obair Chiorcail Scríbhneoireachta Ghaoth Dobhair.

Scéalta atá ag tarraingt as taithí saoil agus béaloidis. Cuimhní ar na trioblóidí agus ar thréigeadh Oileán Gabhla. Scéal chaoin faoi lánúin ag dul ó aithne a chéile de bharr néaltrú a bheith ar an mbean.

Scéalta láidre corraitheacha.

Tá leabhar foilsithe ag Máire Dinny Wren ó shin agus leaganacha de roinnt de na scéalta seo ann. Fuair mé amach ó Eoghan Mac Giolla Bhríde go bhfuil cnuasach i gcló ag Brighid Uí Mhonacháin freisin agus tá sé iarrtha ón leabharlann agam.

Déanann an teach foilsitheoireachta Éabhlóid cúram ar leith de chanúint Thír Chonaill agus tá saibhreas ar leith cainte chomh maith le scéalaíochta sa leabhar seo. Cuireann sé go mór leis go bhfuil dhá CD ag dul leis agus réimse daoine ag léamh na scéalta go taitneamhach soiléir.

Saothar thar a bheith fiúntach.

03 May 2019

Bis orat qui bene cantat

Tar éis titim bhalla Bheirlín fuair Thomas Richter, ealaíontóir, cuireadh taispeántas dá shaothar a chuir ar bun sa Ghaillimh. In Áras na nGael más buan mo chuimhne. Bhí an bhean a bhfuilim pósta léi i measc an dreama a chuaigh siar don seoladh. Tholg sí spéis sa cheol Gaelach.

Ag an am is ceol na meánaoiseanna a bhí á sheinm aici, ach go raibh ceol eaglasta á seinm roimhe sin aici. Rud a mheall isteach san eaglais Liútarach í agus í sna déaga déanacha.

An spéis sa cheol Gaelach a thug isteach i tábhairne Éireannach i mBeirlín í. Tnúthán an dúchais a d'fhág mise san áit céanna. Cinniúint? Pé scéal é chuamar le chéile chuig Féile ceoil Albanach san HdK go gairid ina dhiaidh sin. Catherine Anne MacPhee a rá go raibh thart ar dhá mhíle duine sa halla. An líon céanna a bhí ar a hoileán dúchais. Nár chan sí riamh d'oileán iomlán...

As an suirí d'eascair pósadh. As an bpósadh triúr clainne. Fionn duine acu.

Más buan mo chuimhne is leis an bhfeadóg stáin a thosaigh sé féin agus a dheartháir níos sine. Fearacht go leor.

Tá sé de nós againn ó 2003 saoire a chaitheamh i gCorca Dhuibhne. Is ann a casadh Con Durham, beannacht Dé lena anam, ar Fionn agus bhí sé spreagtha ag an bpíb uilleann. Tharla sé go raibh foireann cleachtadh píb ag Uta ón uair úd i mBeirlín agus chrom sé ar foghlaim. Fuair sé a chéad ceachtanna ó Chon agus muid ar saoire thiar. Bhí sé sáite i gcúrsaí Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Agus píobaireacht. Seachtain Willie Clancy i Sráid na Cathrach. Seo siúd is uile.

Áit éigin fán mbealach thosaigh sé ag canadh corr amhrán sean nóis.

(Bhí meascán ceoil i dtólamh le clos tí s'againne, Raidió na Gaeltachta agus carnán CD ilchineálach)

Ba léir gur le ceoil a rachadh sé san ollscoil. Agus rinne. Ceol traidisiúnta i DIT (Ollscoil teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath anois).

Uair éigin chuala duine éigin ag canadh é agus shantaigh a dhord don Claiscideal Clasaiceach. As sin fuadaíodh isteach i gcúrsaí Opera é.

Tá sé i mbliain na céime faoi láthair. Agus ag cleachtadh le cór Opera Ireland don Zauberflöte. (Ceol a chloistear go minic tí s'againne. Bhí a mháthair i gcór na leanaí sa Staatsoper fadó agus fonn uirthi Papageno a tarrtháil ó lámh a chuir ina bhás féin... Ein Mädchen oder Weibchen....)  Ag scríobh tráchtas. Ag ullmhú do scrúdaithe. Gnóthach....

Ach aréir bhí mé in Eaglais Naomh Lorcán ar champas nua OTÁC. Fuinneog ghloine. An Croí Ró Naofa sa lár. Naomh Lorcán ar ar chlé uaidh. Naomh Dymhna ar a dheasláimh. Meabhrú gur ospidéal meabhairghalair a bhí i nGráinseach Gormáin tráth.

Bhí an Cumann Claiscidil ag cuir Aifreann Shollúnta Rossini i láthair. Tionlacan piano agus harmonium.

Bíonn Aifreann Laidine sa séipéal áitiúil maidin Sathairn agus éistim measartha minic é. Aifreann íseal gan cantaireacht gan amhras. Fágann sé áfach go bhfuil taithí agam ar Ghréigis an Kyrie, agus ar Laidin an Gloria, Credo, Sanctus. Tá an Salutaris Hostia féin cloiste measartha minic agam (éistim le cantaireacht Greagórach scaití).

Tá tuiscint measartha agam ar bhrí na focail. Ar ndóigh tá na paidreacha cloiste na céadta uair as Gaeilge, Béarla agus Gearmáinis agam.

Ar dhóigh éigin áfach tá sollúntacht ar leith ag baint leis an Laidin.

Chóirigh Rossini nathanna agus frásaí ar leith, agus bhí píosaí áirithe á chanadh ag amhránaithe aonair nó grúpa amhrán aonair.

Níl fhios agam cé chomh domhain agus atá creideamh na n-amhránaithe, an ag guí chomh maith le ag canadh a bhí siad. (Ní bhaineann sé liom ar aon nós).

Ach bhí an oiliúint opera ag roinnt acu soiléir sa chur i láthair, in athchanadh nath cóirithe.

Bhí aria ag Fionn féin tógtha thart ar na focail Quoniam tu solus sanctus, tu solus altissimus, Jesu Christe (mar is tú amháin is naofa, is tú amháin is ró ard, Íosa Críost).

Chan Naho Koizumi soprano O Salutaris Hostia ina haonar freisin. Go gleoite. Le brí agus fuinneamh.

Mar sin, domsa, is taithí ar chúpla leibhéal a bhí ann. Daidí mórtasach. Éisteoir. Creidmheach.

Cáid cach ceól co cruit. (uasal gach ceol go gcomparáid le cruit é) a dúirt ar sinsir.

N'fheadar. Thabharfainn an chraobh don nguth oilte. A ardaíonn meanma. Go flaithis uaireanta.

Bis orat qui bene cantat. Urnaí faoi dhó a dhéanann an té a chanann go maith.

Nath a luaitear le hAibhistín.

02 May 2019

Adios

Tá dearmad déanta anois agam cén tagairt go díreach a phrioc mé le fios a chur tríd an leabharlann ar saothair Tharlach Uí hUid.

Díolaim dánta a tháinig mo threo i dtosach "Rachtanna". Níor bhain mé mórán adhmaid as. Ró theagascúil, mhothaigh mé. An ceacht ró fhollasach.
Níor bhain sé geit filíochta asam.

Scéal eile an úrscéal Adios. Lonnaithe i Mallorca ach Béal Feirste tús na trioblóidí mar chúlra. Scéal grá agus cailliúint a nochtar diaidh ar ndiaidh fad is atá an reacaire ag titim i ngrá athuair, agus ag an am céanna ag iarraidh úrscéal díoltais lonnaithe sna trioblóidí a scríobh. (Beidh spéis ag Aodhán Ó Deá sa bhfíric gurb caitheamh an Fháinne a tharraing aird an stuaire ar reacaire an scéil).

Tá snáithe iomadúla an scéil fite go maith le céile, agus úsáid éifeachtach bainte as Mallorca mar shuíomh, George Sands agus Chopin úsáidte, bia agus (go leor) deoch, turasóirí idir Éireannach, Sasanach agus Poncánach úsáidte go maith.

Na scéalta foilsithe mír ar mhír, ár dtuiscint ar an reacaire agus go deimhin a thuiscint ar féin ag doimhniú caibidil ar chaibidil.

Thaithin sé liom agus tá súil agam anois na dírbheathaisnéis a léamh.

Is mór an peaca nach bhfuil leabharlann cuimsitheach de leabhair Ghaeilge san ardchathair. Táim ag brath ar iasachtaí idir leabharlanna, crannchur ar bhealach mar nach mbíonn fáil i gcónaí ar an leabhar atá uaim. Nó go nglactar leis an iarratas (a chaithfear cuir ar leabharlann ar leith) ach nach mbíonn toradh. B'éigean dom dhá iarratas a dhéanamh chun Adios a fháil.

29 April 2019

Siúlach scéalach, ag siúl ar chonair scéalta eile

San eagrán reatha de Comhartaighde.ie tá alt ag Pádraig de Paor faoi pléisiúr na léitheoireachta taisteal. Chuir sé ag smaoineamh mé faoi phléisiúir eile, an toise breise a chuireann léitheoireacht faoi ait, in úrscéal abair, le bheith ag taisteal ann. Nó an chaoi a measctar cuimhní cinn ar thuras le cuimhní cinn ar léamh chun cuimhní eile a chruthú.

Agus mé ag siúl amach léi chuir mo nuachar anois in aithne dom dhá rud atá fite fuaite le chéile i mo chuimhní agus samhlaíocht.

Scríbhinní Adalbert Stifter agus siúlóidí sa tSeic.

Cé gur Gearmáinis a scríobh Stifter ba Boihéimeach é (tá lár na hEorpa ilteangach ilchineálach le fada). Tá mórchuid dá scéalta lonnaithe sna cnoic idir an Ostair anois agus an tSeic anois.

Agus cónaí orainn i mBeirlín, bhí siúlóidí sa tSeic cúpla uair an chloig chun siúl ar an traein. Is iomaí deireadh seachtaine a chaith muid ann, ag siúl, ag ithe is ag ól.

Chaith muid tréimhse níos faide saoire ann tráth freisin, ag dul go Český Krumlov  (Krumau) agus  České Budějovice (Budweis) ach freisin go Horní Plána (Oberplan), áit dúchais Stifter. Shiúlamar an ceantar, go dtí áiteanna atá luaite ina shaothar fearacht an Dreisesselstein (cloch na dtrí suí) atá san áit a dtagann an Ostair, an Bhaváir agus an tSeic le chéile. Nó an loch, draíochta más fíor, Plöckensteinsee. (Ainmneacha Gearmáinise mar a bhí ag Stifter is túisce a thagann chun cuimhne).

Tírdhreach crannach sléibhtiúil. Iarsmaí spéisiúla obair daonna na céadta bliain, a bhfuil cuir síos orthu i saothar Stifter. Tithe na fíodóirí, leath adhmaid agus leath cloch. Bhíodh an seol sa chuid adhmaid mar bhaineadh sé croitheadh as an teach.

D'fhág tragóid agus mioscais an Treas Reich go bhfuil Gearmáiniseoirí díbeartha as an gceantar anois, ach tugtar aitheantas do Stifter fós. Agus anois agus an cuirtín iarainn ar lár tá daoine a díbríodh ag filleadh ar chuairt agus ag athnuachan iarsmaí a sinsear. (ní dóigh gur gan teannas sin). Eaglaisí, reilig agus leaca cuimhne.

Dúlra agus saothar daonna le feiceáil ag an turasóir, mar sin.

Tá leabhair Stifter ar ár leabhragáin le fada, bhí siad ag mo nuachar. Ach cúpla bliain ó shin fuair mé a shaothar don Kindle agus léigh go leor de, roinnt de don gcéad uair.

Tá loinnir na seirce is na hóige ar na cuimhní seo.

Ba mhaith liom filleadh ar an gceantar. Bhí rún agam sin a dhéanamh dhá bhliain ó shin nuair a bhí seachtain idir dhá ócáid sa Ghearmáin. Bhí sé beartaithe agam taisteal, de shiúil na gcos den mórchuid, idir Český Krumlov agus Passau na Gearmáine. Theip ar an bplean mar gur fhág mé ró mhall é lóistín a lorg agus bheadh an chostas ró ard dom.

Níl an plean dearmadta agam áfach agus tá súil agam go mbeidh deis agam na cnoic a shiúl agus meabhrú ar scéalta Stifter ina áit dhúchais.

27 April 2019

Bliain na nAmhrán

Don tuismitheoir atá ag tógáil clann le Gaeilge scoite amach ó chroí phobal na Gaeilge, tá áiseanna fearacht CD an-luachmhar. Bhí an céad cóip de Bliain na nAmhrán agam deich bliana ó shin agus mé an-sásta leis. Amhrán nua atá i gceist, iad ag plé le séasúir na bliana. Tadhg Mac Dhonnagáin a chum iad don gcuid is mó, le cabhair ó John Ryan, agus Tadhg a chan iad le cabhair ó roinnt paistí.

Anois, deich bliana níos déanaí tá eagrán iomlán nua curtha ar fáil agus leabhar ag dul leis leis na focail ar fad ann. Tá an CD álainn – chomh maith le Tadhg agus a iníon Róise tá Caitlín Ní Chualáin ag canadh, agus leanaí ó Scoil Sailearna i nGaeltacht Chonamara.

Tá sé an-tábhachtach go gcloisfeadh leanaí leanaí i nGaeilge!

Is seod atá sa leabhar féin. Tá cáil ar Futa Fata as feabhas a bpictiúrleabhar, agus san leabhar seo tá gach ráithe maisithe ag duine ar leith den gcliar cumasach sin – Christina O'Donovan (earrach), Brian Fitzgerald (samhradh), Tarsila Krüse (fómhar) agus Jennifer Farley (geimhreadh).

Cuireann na pictiúr go mór leis na focail agus tá greann agus gean sna hamhráin – taitneoidh siad go mór le óg agus sean. Beidh an leabhar an-oiriúnach do scoileanna chomh maith le do theaghlaigh ina bhfuil na páistí ag foghlaim Gaeilge sa bhaile.

Údar: Tadhg Mac Dhonnagáin/John Ryan
Léaráidí: Tarsila Krüse, Jennifer Farley, Christina O’ Donovan agus Brian Fitzgerald.
ISBN: 9781910945216
Foilsitheoir: Futa Fata
Aois: 4+ years

Foilsíodh an píosa seo i dtosach ar Gobblefunked.com 31 Eanáir 2017

Bí ag spraoi liom


Tuigeann Sadhbh Devlin, mar mháthair ar chúpla iníon spleodracha fuinniúla, agus mar duine féinfhostaithe an streachailt a bhíonn idir cúraimí an lae agus am chun spraoi le do leanaí. Tá an tuiscint sin fite fuaite san scéal álainn seo, agus freisin tuiscint domhain do dhearcadh an pháiste ar an gceist. Tá freisin an-thuiscint ann do chumhacht na samhlaíochta. Leabhar atá anseo le léamh le do leanbh; agus cuireann léaráidí Tarsila Krüse go mór leis an scéal; ag leathnú amach abairtí simplí go samhlaíoch. Bláthaíonn samhlaíocht Luna (an pháiste) sna pictiúr seo, agus í ar iarraidh dul i ngleic leis an easpa ama ag a máthair di.

Cuireann albam pictiúr í ar chonair smaointe chun buaileadh le Mamaí agus í óg – agus aimsíonn Mamaí an spás atá de dhíth chun díriú ar a hiníon.

Tá frídín amhrais ionam áfach – beidh sé deacair ag tuismitheoirí an scéal seo a léamh gan mothú beagán ciontach, mar is cinnte gur beag duine againn a éiríonn leo droim láimhe a thabhairt do chúraimí an lae agus díriú go hiomlán ar ár bpáistí.

Léiríonn an leabhar gur fiú é dhéanamh, agus seans go dtabharfaidh sé misneach do pháistí agus do thuismitheoirí – is cinnte go bhfuil lón samhlaíochta ann!

Údar: Sadhbh Devlin
Léaráidí: Tarsila Krüse
ISBN: 9781910945315
Foilsitheoir: Futa Fata
Aois: 3-7 bliain

Foilsíodh é seo i dtosach ar Gobblefunked.com ar 11 Deireadh Fómhair 2017.

An Billiúnaí Beag

Máirín Ní Mhárta a chuir Gaeilge ar an saothar seo de chuid David Walliams. D’éirigh go seoigh léi an scéal greannmhar easurramach spleodrach a thabhairt slán. Ní hamháin go bhfuil an scéal aistrithe, ach san méid is féidir tá sé logánaithe aici, ainneoin go bhfuil iarsmaí dá dhúchas Sasanach nach bhfeadfaí déanamh dá uireasa.

Folaithe san scéal faoi athair agus mac atá éirithe fíor saibhir go tobann tá scéal dáiríre faoi srianta an airgid, tábhacht an chairdeas agus an grá – rudaí nach féidir a cheannach. Rudaí a bhfuil meas agus am riachtanach chucu.

Tá greann Walliams ainrialach ainsrianta agus bainfidh leanaí sult as an bhfiántas easurramach.

Tá ruthaig fada d’fhocail áiféiseacha agus ainmneacha níos áiféisí fós.

Tá scigaithris ar mhúinteoirí chruálacha agus bulaithe bréana.

Ar pháipéar leithris atá saibhreas muintir Práta bunaithe, agus de bharr fabht leis a chailleann siad a gcuid maoine. Fágann an ghné sin scóip don uafás greann leithris, gné eile a chuirfidh leanaí áirithe ag gáire.

Mar sin féin, is cineáltas agus meas a thugann fuascailt an scéil agus a shlánaíonn athair agus mac.

Tá cloiste agam go bhfuil lucht leanúna Walliams a bhfuil Gaeilge acu ag tnúth leis an leabhair; ní bheidh díomá orthu!

Cuireann bunléaráidí Tony Ross go mór leis an spraoi.

Clochmhíle eile sáraithe ag Futa Fata.

Údar: David Walliams
Aistritheoir: Máirín Ní Mhárta
Léaráidí: Tony Ross
ISBN: 9781910945254
Foilsitheoir: Futa Fata
Aois: 8+ bliain

Foilsíodh é seo i dtosach ar Gobblefunked.com ar 6 Márta 2017

An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín

Finscéal dár ré atá san leabhar ghleoite seo inár sholáthar Biddy Jenkinson na focail agus Ríbó na pictiúr.

Tá Banríon Bess agus a comhluadar cait ag maireachtáil go síoch i Lios na gCat, ardmheas ag a comharsana daonna i mBaile an Leasa orthu.

Ach faigheann Gusaí Gaimbín, fear gnó neamhscrupallach seilbh ar mhaoin Bhaile an Leasa agus é i gceist aige an Lios a scrios agus Casino ollmhór a thógáil. Mar is iondúil tá na boic móra daonna – an TD, an Comhairle Contae agus araile, meallta aige lena chuid ‘forbairt’. Tá brú ar féin freisin mar go bhfuil airgead ar iasacht aige ó bhithiúnaigh – Fifó Fum ina measc. Cuireann na cait agus an cosmhuintir ina choinne agus is iomaí corr sa scéal go deireadh, an ceantar agus an alltar a comhoibriú le scéiméireacht Ghusaí agus a chomhbhithúnach an foghlaí mara baineann Sciní Goleor a chuir ó rath. An Cat Mara a bhunaigh an lios, agus tá ról lárnach ag catapais – cait ar féidir leo snámh – sna heachtraí, agus tuileann siad ardú céime is urraime dá bharr.

Tá an insint bhríomhar agus lán de imeartas focail a bhainfidh leanaí an-sult astu – iad ilteangach, Fraincis sa chumasc chomh maith. Tá léaráidí ghleoite de chuid Ríbó ar gach leathanach.

Tá an leabhar oiriúnach le léamh ós ard, ach bainfidh léitheoirí neamhspleácha an-tairbhe as freisin.


Údar: Biddy Jenkinson
Léaráidí: Ribó
Foilsitheoir: Coiscéim
Raon aoise: 9-12 years

Foilsithe i dtosach 13 Nollaig 2016 ar Gobblefunked.com

26 April 2019

Raidió na Gaeltachta agus mise

Le roinnt blianta anois ní éistim dáiríre ach le raidió na Gaeltachta. Anois is arís (ag an deireadh seachtaine nuair atá spórt ar RnaG nó má tá mé i gcarr mo nuachar agus clár cainte ar siúl) bíonn Lyric FM ar siúl. Ach ó thaobh eolas de is Raidió na Gaeltachta amháin a fhaigheann cluas éisteachta uaim.

Na polaiteoirí féin, is lú bladar a chloistear astu as Gaeilge (ceal cleachtadh is dócha).

An rud atá suntasach domsa áfach go bhfágann an riachtanas duine le Gaeilge a aimsiú gur iondúil gur duine le heolas faoi leith agus dearcadh úr ionraic a chloistear san agallamh.

Seachas iriseoir iompaithe ina chomhairleoir caidreamh poiblí, ag fuineadh agus ag múnlú teachtaireacht ar mhaithe lena mháistrí.

Fear cathrach mise agus níl fréamhacha ná dáiríre nasc Gaeltachta pearsanta agam. Is fíor go mbíonn saoire bhliantúil á chaitheamh againn in Iarthar Dhuibhneach le blianta fada, ach is de thaisme a tharla sin. Agus is an tírdhreach dáiríre is cúis lenár oilithreacht bhliantúil.

Lochtaítear RnaG go minic as bheith "ró áitiúil".

Ní aontaím.

Is é láidreacht Raidió na Gaeltachta gur raidió pobail atá ann, agus a cuid craoltóirí ina dhlúth agus inneach sa phobal. Iad go minic gníomhach i ndul chun cinn a pobail. Tuiscint dá réir acu ar mhianta agus riachtanais a bpobail.

Cinnte, pobail bheaga scoite amach atá i gceist. Fadó ó Bhaile Átha Cliath na cinntí agus cumhachta. Tá gach polaitíocht áitiúil áfach agus tugann na cláracha áitiúla ardán don bpobal a chloistear scaití san ardchathair.

Ní minic a chloisim féin leithéidí Iris Aniar, Barrscéalta nó an Saol ó Dheas de bhrí go mbím ag obair le linn dóibh bheith ar an aer.

Ach cloisim scaití iad. Agus is fiú cluas éisteachta dóibh. Ba ola ar mo chroí mar shampla na comhráití samhraidh a bhíodh idir Michelle Nic Grianna agus an gasúr Hiúdaí Mac Gairbheith.

Bhí eachtra cosúil leis le déanaí nuair a bhuail Helen Ní Shé saol ó dheas, laoch de chuid RnaG, le leanaí ó Scoil Naomh Erc a raibh cinneadh déanta acu rothaíocht ar scoil.

Bíonn comhráite níos troime ann - agallamh tuisceanach Helen Ní Shé le hEmma mac Mathúna, abair, beannacht Dé lena hanam.

Scéalta áitiúla ar scéalta náisiúnta iad. Is mór agam leathanach Gaeilge RTÉ, áit a tharraingíonn Siún Ní Dhuinn m'aird ar seoda a bheadh caillte agam.

Ar ndóigh (agus tá an chlú sin orm de dheasca an iliomad teachtaireacht liom a léitear amach) is móidín de chuid Tús Áite mé. Agus Cormac ag a  Cúig roimhe. Agus Glór Anoir roimhe sin.

Tuigim go bhfuil go leor nua chainteoirí agus Gaeil uirbeacha nach sásaíonn RnaG iad.

Nach dá toighis na cláracha ceoil (is breá liomsa iad. Seachas nuair atá barraíocht Ceol Tíre....)

Is aoibhinn le mo nuachar iad. Agus le m'iníon a thugann Raidió na Blabarála air nuair a mheasann sí barraíocht cainte bheith ann.

Tá spás do chineálacha eile raidió as Gaeilge. Ach ní lagú ar na rudaí atá láidir anois an freagra.

Tá féidearthachtaí sna cainéil dhigiteacha.

Tá ceannródaíocht léirithe ag an bpodchraoladh Beo ar Éigean freisin. (móidín mé).

Ach fágtar ag pobail na Gaeltachta a raidió pobail. (agus cuirtear acmhainní cuí ar fáil).

Sin mo racht go n-uige seo.

25 April 2019

Síolscéalta


Sraith teilifíse gleoite atá anseo. Chaith Paula Kehoe agus a foireann bliain leis an ngarraíodóir Aonghus Chóil Mhaidhc agus é siar is aniar idir a gharraí féin in Indreabhán, tollán ar cíos sa Spidéal agus margaí agus bialanna chun luach saothair a bhaint amach. Baill teaghlaigh agus spailpíní deonacha idirnáisiúnta WWOOF ag saothrú na talún leis go cúramach ar an sean dóigh. Aoileach agus feamainn mar leasú. Spléach ar an aimsir (agus cráite ag triomach an tsamhraidh!) 

Grá domhain don ithir ar tógadh air é, fillte ón gcoigríoch diongbháilte slí beatha a fháisceadh as an mórchuid cloch is gannchuid cré. Leas a phobail agus na cruinne a dhéanamh. Idéalach ach stuama. 

Scannánú cúramach aireach. Gan mórán ceoil. Tírdhreach álainn. 

Lón machnaimh! 

Tá súil agam go mbeidh rath ar streachailt Aonghusa agus go mbeidh ar a chumas tollán dá chuid féin a thógáil go luath agus bonn níos fearr a chur faoina ghnó! 





Síolscéalta — Saoi Media

Nóinín stoite

Scéal dhá leath, reicthe i saorvéarsaíocht ag beirt reacaire. 

Sa chéad leath, cloisimid ó Nóinín. Gnáth déagóir. A mhothaíonn faoi chúng ag an scoil. Faoi chois ag na cailíní áille. Ach tá cara maith aici, Eimear. Agus tá a fón aici agus an idirlíon. 
Castar buachaill uirthi ann. Blaisimid a sceitimíní agus an spéis agus an grá ag bláthú. Grá gan choinne mar go mothaíonn sí ró ghnách, le hais na cailíní áille. Ach seo anamchara a thuigeann í. Cuireann an chaidreamh nua ding sa chairdeas le hEimear. Is deacair grá a roinnt... 

Fonn uirthi buaileadh lena searc san fíor saol, feiceáil an féidir an aisling a fhíorú... 

Ag Eimear atá an reacaireacht anois, an aisling iompaithe ina thromluí agus Nóinín ar iarraidh. 

Bíonn Eimear báite sna mothúcháin dorcha ar fad a leanann tubaiste. Eagla, fearg, brón, ciontacht. 

Ach aimsíonn sí misneach freisin. 

Tá an saol contúirteach. 

Is maith liom an tátal a bhaineann Máire Zepf tríd Eimear as. Tá baol ann. Ach ní ar íospartaigh atá an locht. Tá gá le hairdeall ach ní le cúlú faiteach eaglach. Dóchas le súile oscailte. 

Mar sin féin, cé gur do m'iníon a cheannaigh mé an leabhar, is dóigh liom go bhfanfaidh mé bliain nó dhó, go dtí go mbeidh sí níos giorra d'aois Nóinín is Eimear sula dtugaim di é. 

Tá píosa spéisiúil scríofa ag Máire féin ar writing.ie faoin leabhar.

Fáiltím roimh an leabhar seo. Tá easpa leabhair do dhéagóirí as Gaeilge agus seo saothar dea-scríofa tráthúil.







Máire Zepf
Nóinín
Cois Life
ISBN: 978-1-907494-94-9

24 April 2019

De labore Proinsias

Fuair
mé blaiseadh den úrscéal seo ag ócáid san siopa leabhar. Spreagadh goile a spreag mé chun cuairt a thabhairt ar eaglais San Pietro in Montario áit a bhfuil eachtra tábhachtach sa scéal. 

Scéinséir den scoth atá anseo. Is léir an taighde a rinne Proinsias mar go gcloíonn an scéal tríd síos le fíor stair. Ach go bhfuil rud sa bhreis curtha aige leis, casadh nó sonra ar mhaithe leis an scéil. Dhá eagraíocht comhcheilge in adharca a chéile. Dream acu fréamhaithe in idéil na hEaglaise Ceiltí agus ag iarraidh an pápacht a scrios. Na Céilí Dé baiste acu orthu féin. An Nobilita Nera (na hUaisle Dubha) ina gcoinne, ag saothrú faoi rún chun an pápacht a chosaint. Gnáth pholaitíocht eaglasta freisin. Tairngreacht Malachy mar snáithe tríd. A thuarann deireadh go luath leis an bpápacht.... 

Iriseoir Éireannach ar sos gairme a thagann ar eachtra gan choinne agus a bhíonn idir na frontaí. Sáite ann dá ainneoin, mar fhinné ar taca é do dhream acu ach contúirt do dhream eile. Ach é amhrasach fúthu uilig. 


Cúl scéal iontach faoi Cholm Chille agus a faoistin, a aimsítear agus a chuireann corr sa scéal. 

Deireadh drámata agus na cairdinéil atá bailithe chun comharba Pheadair a roghnú tar éis éirí as Benedict faoi ionsaí. 

Ionsaí a chloítear ar éigin. 

Blas na féidearthachta agus fírinne ar an scéal ar fad ainneoin eachtraí taibhsiúla. Gan ann ach nithe a d'fhéadfadh titim amach mar a tharla. 

Pléisiúr iontach. 

Mothófá ciontach ag slogadh saothar na mblianta d'aon alp chraosach amháin. Mar a rinne mé. Á léamh ar dart. Beag nár chuaigh mé thar an stáisiún, bhíos chomh sáite san insint. 

Táim cinnte áfach go bhfillfidh mé ar an scéal arís le fonn. 

Scéinséir comhcheilge den scoth. 

(bhain an tagairt san iarfhocal don dóchúlacht go bhfuil comhad ramhar ag roinnt gníomhaireachtaí faisnéise ar Phroinsias de thoradh an chineáil taighde a bhí ar bun aige miongháire asam. Tá súil agam go mbeidh cúpla leabhar eile uaidh sula dtagann siad chomh fada leis.) 


Tairngreacht
Proinsias Mac a'Bhaird
Leabhar Comhar