Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label ealaíon werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label ealaíon werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-04-14

Pádraig aspal Éireann


Le linn an Charghais rinne mé iarracht Aifreann a éisteacht níos minice. Bíonn Aifreann ag 7:30 in Eaglais an Chroí ró naofa i nDomhnach Broc agus is ann is minice a bhí mé dálach. 

Thug mé suntas cheana don fhuinneog tiomnaithe do Phádraig. Ní minic a bhíonn fuinneog dá chuid féin ag Pádraig, agus nuair a bhíonn ní minic a bhíonn níos mó ná an naomh maille na siombail a bhaineann leis, an seamróg abair, le feiceáil. 

Ach san pictiúir seo insítear scéal baiste iníonacha Laoghaire. Agus mura bhfuil dul amú orm, tá Agallamh na Seanórach le feiceáil os cionn na fuinneoga, Caoilte agus a shleá ar chlé agus Oisín agus scríbhinn ar dheis. Pádraig sa lár. 

Michael Healy, ball den Túr Gloine a rinne i 1914.

 Agus bhí cailín uasal beannaithe amháin orthu de chine na Scot agus í in aois mná agus fíor-álainn. Bhaisteas féin í agus tar éis cúpla lá tháinig sí chugainn ar ábhar éigin agus chuir sí in iúl dúinn go bhfuair sí scéala ó aingeal Dé agus gur chomhairligh sé di bheith ina hóigh le Críost agus druidim chun Dé. Buíochas le Dia an séú lá dár gcionn do ghlac sí go hiontach díograiseach an ní úd a ghlacas gach óigh le Dia. Ní de thoil a n-aithreach é ach is é an chaoi a bhfuil siad ag fulaingt géarleanúna agus tarcaisní gan údar óna dtuismitheoirí agus ina dhiaidh sin is ag dul i líonmhaire atá siad. Ní heol dúinn cé mhéad dar gcineál atá tar éis athghiniúna ansin cé is moite de bhaintreacha agus díobh siúd a chuir suas de chearta a bpósta. Ach is ar na mná atá i mbraighdeanas atá an bhail is measa: tá go fiú sceoin agus bagartha a bhfulaingt acu gan sos. Ach do thug Dia grásta dá lán dá bhanóglaigh arae, bíodh is go gcrostar orthu é, tá an lorg á leanúint acu go tréan.

 
Dolotar de ingin Loigaire maic Neill comoch dontipraait do nigi alamh amal babeas doib .i. Eithne fhinn ocus Feideilm dercc. conairnechtatar (.i. cofuaradar) senod innacleirech (.i. inrobfearr no robeolcadib) icontiprait conhetaigib gelaib ocus dercc. 

 Beatha tríchodach Phádraig

2024-05-09

Cuimhnigh ar Dhoire!


Ag an deireadh seachtaine thug mé cuairt ar chomhghleacaí le mo nuachar. Tá costas cíosa tar éis é a dhíbirt chomh fada le hInis Eoghain. Bhain timpiste dó agus ní féidir leis staighrí a dhreapadh ró mhaith. D'aimsigh sé tigín ar chostas réasúnta ar an Doire Mheathán, áit a bhfuil ionad ag dream creidimh. Bhí roinnt tithe saoire acu ar a dtailte, ach tá siad sin anois ligthe ar thréimhsí fada. 

Tá Doire Mheathán buailte ar an dteorann, agus Cathair Dhoire deich nóiméad gluaisteáin ar siúl, anois agus an teorainn oscailte. 

Ba go Doire a chuaigh mé dá réir. Ar bhus X4 ó bhusáras, um a seacht maidin Sathairn. Bhí an oíche roimh ré caite agam tí m'athair. 

Cé go ndeachaigh mé trí Dhoire cúpla uair cheana, ní raibh aon am caite agam ann. Thapaigh mé an deis, tar éis do Sven mo mhála droma a ghlacadh uaim dul ag fánaíocht thart. Na ballaí i dtosach. 
Is cuid de mhiotas bunaidh "Ná géill" dílseoirí an tuaiscirt léigear teipthe Dhoire i gCogadh an dá Rí. Meabhrú buan ar sin na ballaí, ar féidir timpeall lár an bhaile a dhéanamh orthu fós. Tá athchóiriú déanta ar na geataí chun gur féidir le trácht comhaimseartha dul tríd - rud a fhágann an siúlóid géar go maith in áiteanna. 
Chomh maith leis na ballaí féin, tá roinnt foirgneamh stairiúla a thug mé suntas dóibh. 
Céad scoil Dhoire atá anois ina ionad ealaíona. Níl mé cinnte an raibh na hinscríbhinn i gcónaí ann, nó a mbaineann siad leis an ionad ealaíona. 

Glacaim leis go raibh an Tor ar lasadh, suaitheantas eaglais Preispitéireach na hÉireann ann ó thús. 

Ach is spéisiúil an nath triarach 
MAKER
MAKAR
Ο ΠΟΙΗΤΗΣ

File mar dhéantóir. 
Rinne mé timpeall an bhaile ar an mballa agus thug aghaidh ar Thaobh an Bhogaigh ansin. Ó tharla gur thosaigh mé mo thimpeall ag Ard eaglais Eaglais na hÉireann bhí an balla le trasnú agam. Mheall geata isteach mé i ngairdín ealaíne beag ciúin. 
Bhain mé amach Cearnóg Dhoire shaoir. 
Thug mé suntas don ealaíon. Go háirithe do leagan Robert Ballagh de phictiúir Goya. (Bhí leagan déanta de phíosaí adhmaid ag mo mhamó). 
Is cloch mhíle léanmhar i stair na hÉireann Domhnach na Fola. Thug mé cuairt ar Iarsmalann Dhoire shaoir. Bhí sé tochtmhar na rudaí nithiúla a bhain leis an stair a bhí ar eolas agam a fheiceáil. 

Ciarsúr Edward Daly. Casóga réabtha ag piléir. Fógraí agus forógraí. 

Tá súil agam go bhfuil a leithéid sa stair. Go mbeidh rath ar an athmhuintearas.