Is Turcach sliocht na Gastarbeiter ón Tuirc sa Ghearmáin. Is Alman (Gearmánach) é nuair a thugann sé cuairt ar a thír máthartha.
Ní mór dúinn féinaitheantas agus fhéintuiscint an Stáit a leathnú chun nach bhfágfar ithir chun go bhfásfaidh an coimhthíos seo abhus. Ach go hairithe chun teacht roimh an eitnáisiunachas forchiníoch Anglafónach. Ar bior sa mbeo dóibh an Ghaeilge nach bhfuil acu a chlos ó dhuine a bhfuil iomarca meilinin, dar leo, acu le bheith Éireannach.
Thuig na Gaill ó thús cumhacht na Gaeilge.
III. Item ordine est et establie que chescun Engleys use la lang Engleis et
soit nome par nom Engleys enterlessant oulterment la manere de nomere use par Irroies et que chescun Engleys use la manere guise monture et appareill Engleys solonc son estat et si nul Engleys ou Irroies [conversant entre Engleys use la lang Irroies]...
Is mithid dúinne an tuiscint seo a tharraingt chugainn, agus deis a thabhairt do gach fleiscín Éireannach bheith níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin. Mar a bhí na sean Ghall. Is traidisiún na Gaeil riamh anall gur Gael an té a labhraíonn Gaeilge, agus atá páirteach mar sin i gcultúr na Gaeilge.
Ar ndóigh, ní gá gur saoránach Éireannach gach Gael. Ach is cuid d'oidhreacht gach saoránach Éireannach, cuma cárbh as dá sinsir, an Ghaeilge.
Tá sé ciallmhar mar sin go mbeidh deis a sealbhaithe acu. Ciallaíonn sé sin go mbeadh gaelscolaíocht ar fáil dóibh. Déanfaidh siad go maith, mar is iondúil iad a bheith ar a laghad dátheangach mar atá. Agus níl oidhreacht diúltach an iar choilíneachas i leith na teanga acu. Creidim freisin go n-éascóidh sé seilbh a choinneáil ar a gcultúir eile - tá sé nádúrtha sa ghaelscolaíocht a bheith oscailte don ilteangachas agus an éagsúlacht cultúir.
Cúis an aiste seo?
Ní hansa.
Chonaic le déanaí gasúr óg in éide Scoil Lorcáin (iar scoláire mé féin). Bhuail mé forrán as Gaeilge air. Ní bhfuair mé de fhreagra ach croitheadh cinn agus miongháire. Bhí an fón ina ghlaic níos spéisiúla ná seanduine liath. Ach labhair a athair, Béarlóir Éireannach, ar a mhórtas faoin seilbh a bhí aige - de bharr tumoideachas docht - agus gan é ach sna naíonáin sinsir ar an nGaeilge, chomh maith le Polainnis a mháthair.
As lor liom ꝗ laḃrꝫ de sin