Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-04-25

Tír Chonaill, ar lean

Is beag breise atá le rá agam thar an méid a bhí sa thcht eile úd.

Thug muid sciuird ar thrá nó dhó; Port Nua/An Fhearthainn agus an Trá Bán ag Malainn Bhig.

Bhí siad go deas - chuaigh na gasúr ag snámh.

Ach clamhsán is mó atá againn faoin saoire ná go raibh sé geal le bheith dódhéanta áit deas don lón a aimsiú, murab ionann agus Corca Dhuibhne na gCaifé!

Tá rún agam filleadh agus ruathar a thabhairt ar Shliabh Liag agus Cosán an Aon Fhir.

Feachtas pearsanta frith bruscair

Is maith liom caife.

Le fada, táim ag ceannach caife latté "le dul". Ghoill sé orm i gconaí go raibh mé agu cur leis an mbruscar dé bharr na cupáin aon uaire. Táim ag diúltú le fada an caipín plaisteach a ghlacadh.

Ach anois, tá an chéid céim eile tóghta agam. Beirim mo chupán fhéin liom, agus líonann siad dom é.

Dar ndóigh, d'fheadfainn déanamh gan caife ar fad, ach....

2007-04-24

Cráin olla bhainne ubhbheirtheach

Cráin olla bhainne ubhbheirtheach nó, mar a deir na Gearmánaigh Eierlegendewollmilchsau.

Drochnós atá fairsing i bhforbairt bogearraí. An gobadán ar mian leis, ní amháin freastal ar an dá tráth, agus ar gach tráth agus gach neach.

Tromluí promhadh agus cothabhála a bhíonn mar thoradh ar a leithéid de chóras, a bhíonn seacht n-uaire ar fhichead níos casta ná mar is gá chun an feidhm a chuir i gcrích.

Simplíocht an praghas atá le n-íoc ar iontaofacht. Praghas atá ann a théann níos déine ar na saibhir ná aon dream eile íoc.

C.A.R. Hoare


Ní sócamas ar féidir déanamh dá éagmais is ea cuannacht matamaiticiúil, ach an ní a chinneann an teip nó bua atá i ndán.
Edsger W. Dijkstra


Is mór an trua nach mbaintear níos mó feidhm as na foirceadail seo!

Sin mo racht don oíche anocht!

2007-04-22

Aisling Mhic Conglinne

Táim díreach thar éis Aisling Mhic Conglinne a léamh in aistriúcháin Gearmáinise Thurneysen.

Is bocht an scéal é nach bhfuil teacht ar an eachtra áibhéile seo sa Nua Ghaeilge.
Ná scéalta nach iad.

Laochas agam, ach tá i bhfad níos mó des na seanscéalta atá ar mo leabhragán i mBéarla nó i nGearmáinis ná i nGaeilge.

2007-04-21

Béairlge

Feictear dom go bhfuil focail Gaeilge i litriú Bhéarla ag éirí fairsing mar chleas margaíochta.

Stira (staighre) ann le fada

Agus le déanaí tá an dream seo feicthe agam Shomera (seomra)

Agus ansin bhí fear darbh ainm Dunne ar Ollscoil liom. Nuair a bhunaigh sé comhlucht thug sé Jaynta air. (déanta)

Tá ishka feicthe agam freisin, ach theip orm teacht ar fianaise ar líne do sin.
Fuair Hilary é (grma!). "Munster Soft Drinks" atá ciontach!

2007-04-20

Innill díchéillí

Tá geataí nua uathoibrithe ag Iarnród Éireann i roinnt de na stáisiún lár cathrach, Stáisiún Uí Chonghaile ina measc.

Tá siad ann ar mhaith le do thicéad a phromhadh agus tú ag fágáil. Agus ar mhaithe le foireann a shábháil, mar dhea.

Díchéille atá anseo, dar liom. Ghreamaigh mo thicéid sa diabhail rud inné, agus is beag nach chaill mé mo bhus aneas dá bharr. Ticéid bliana atá agam, mar sin bhí orm fanacht le fear a scaoil as an rud é. Is léir go dtarlaíonn sé go minic; bhí ceathrar d'fhoireann an iarnróid ag seasamh thart chun faoiseamh a thabhairt do mo leithéidí.

Cuirtear moill gan gá ar dhaoine, fiú nuair atá na diabhail rudaí ag feidhmiú i gceart.

Tuige nach féidir linn aithris a dhéanamh ar chóras Bheirlín; gan geata ar bith; inneall beag simplí ar an ardán chun ticéid a chuir i feidhm, agus cigireacht rialta chun breith ar an dream nach n-íocann.

Bíonn sé furasta bogadh isteach is amach as an stáisiún, agus ní bhíonn moill ar aoinne. Sna traenacha a déantar an chigireacht.

Is innealtóir ríomhaireachta mé, ach ní fheicim leigheas gach faidhbe in inneall!



Aguisín: Thug mé sciúird chomh fada le dufair stroighne Tamhlachta inné (bhí mo mhac páirteach i gceolchoirm Chór na nÓg) Rud a mheabhragh dom nach gá dul chomh fada le Beirlín chun an córás atá á mholadh agam d'fheiscint. Sin an córás atá ag Luas

2007-04-19

An físeán sin

Is dóigh liom gur droch-bhotún a rinne NBC nuair a d'fhoilsigh siad an físeán úd ón ngealt a rinne an sléacht i Virginia Tech. Bíonn baol an "coir aithrise" i gcásanna mar seo i gcónaí. Tá eagla orm go gcuirfidh an físeán, agus an cáil iar bháis a thugann sé do mo dhuine, leis an mbaol.

Tá súil agam go bhfuil breall orm.

Síocháin Dé go raibh ag na híobartaigh, agus sólás dá gclann.

Ifreann

Agus mé ar deoraíocht ón Idirlíon le linn an Charghais, bhí cad é caint faoi gur thagair an Pápa d'Ifreann a bheith ann.

A lán den (baoth)thuairimíocht uathu siúd nach gcreideann i nDia.

Tá ciall agus réasún le hIfreann a bheith ann.

Más ann do Dhia (agus creidim gurbh ann), táimid ar an saol seo chun caidreamh a bhunú agus a bhuanú leis. Tá na Scrioptúir agus na sacraimint againn chuige sin.

Is mian leis muid a uchtú mar chlann; is chuige sin a fuair a Mhac bás ar ar son, agus ar éirigh sé ó na Mairbh. Níl teorainn lena thrócaire.

Ach bhronn Sé saor toil orainn. Tig linn diúltú Dó, agus Dá thrócaire. Sin Ifreann. A bheith scartha ó Dhia go brách, agus lán léargas agus tuiscint agat ar an méid a chaill tú.

Ní raibh riamh sna tinte ach samhail. Ach samhail le ciall. Creidimid in aiséirí na Colainne. Fiú sa saol seo, bíonn tionchar ag na mothúcháin ar an gcolainn. Samhlaigh an tionchar a bheadh ar an lán-léargas uafásach sin in Ifreann ar an deis caillte, agus an scaradh ó Dhia ar an colainn.

Gura fada uainn é.

Tá na Crainn faoi bhláth

agus mise do mo chrá!

Is álainn an radharc iad. Ach táimse scriosta ag fiabhras léana

Is mór an feall é!

2007-04-17

Tráth na n-uan 's na sabhaircíní


atá ann.

Dhá ní a ghealann mo chroí. Um an dtaca seo den bhliain a pósadh mé, agus chaith muid seachtain na meala in Iarthar Duibhneach. Bhí na goirt breac le h-uain, agus na claíocha le sabhaircíní.

B'amhlaidh a bhí an tseachtain seo chaite arís agus muid, móide ar gcúram, i dTír Chonaill.

I dTeileann a bhíomar, ait a bhfuil cara le mo bhean ón nGearmáin Thoir ag cur faoi le cúpla bliain. Shiúl mé píosa de Shlí Cholm Cille leis an gasúr agus mé ann. Bhí sé i gceist againn an gcuid ón gCarraig chomh fada le Gleann Cholm Cille a shiúl. Ach theip orainn an tús sa Charraig a aimsiú, agus chaill muid roinnt ama ag fánaíocht ar shleasa Knockunna (Níl an logainm cheart ag an SO, agus mar sin níl agamsa!). Nuair a d'aimsigh muid an cosán ar deireadh ag barr an chnoic bhí sé marcáilte go maith. Lean muid orainn chomh fada leis an gcrosaire ag Loch Unna. Tharla gur tháinig mo bhean sa charr orainn ansin, agus ós rud é go raibh éirí amach ar tí a bheith i measc an chois mhuintir, ghéill mé agus chuamar sa charr chun an Ghleann.

Breis oíche eile, lcd.

2007-04-14

Solas Chríost

Déan gairdeas, a Bhanríon na bhflaitheas, alleluia,
Óir, an Té arbh fhiú thú é a iompar, alleluia,
D'aiséirigh Sé mar a dúirt Sé, alleluia



I mbliana don gcéad uair le fada (riamh?), níor éirigh liom freastal ar Aifreann Oíche Satharn Cásca. Bhí sé um a 7:30, agus bhí orainn na paistí a bhailiú ón gcampa gasóga ag an am áirithe sin.

Is breá liom searmanas an tsolais. Bhí mé sa Róimh sa bhliain 1985 (nó mar sin), agus fuair mé deis freastal ar an searmanas i mBaisleac Pheadair. Samhlaigh an t-olleaglais úd, dubh dorcha. Ansin cloistear an scairt;
Lumen Christi
agus freagra an phobail
Deo Gratias

Scaipeann solas chaoin na coinnle ó cúl na heaglaise go dtí an altóir.
Agus ansin, de phlimp, le linn an Gloria, lastar na tuilsoilse, agus bíonn an eaglais chomh geal le lár an lae, beagnach.

Ní raibh ach smál amháin dom; tintreach na gceamaraí agus daoine ag iarraidh a bpictiúr fhéin den Phápa.

Bhí sé i gceist agam é seo a sheoladh Domhnach Cásca, ach ní raibh deis agam go dtí anois!