Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-09-30

Reic

Bhí mé i bpluais na cúise i bhfad ró luath Dé hAoine do Reic. Nós neamhghaelach amach is amach ach sé an chaoi go raibh mé ag teacht ón obair.

Diaidh ar ndiaidh líon an t-íoslach agus chuir Ciara tús le himeachtaí. Mar is iondúil bhí meascán ábhair agus caighdeáin ann, agus níl fúm léirmheas a thabhairt ar ghach thaibhe.

Bhí roinnt a chuaigh i bhfeidhm orm seachas a chéile.

Triúr ban go háirithe. Tá Ciara síoraí ag cuir lena répertoire spreagúil. Leagan nua aici dúinn de "Roghnaigh Saol", ceol cúlra agus tinfeadh ó Trainspotting. Sciolladh géar greannmhar ar fimíneacht i leith na mBan. Fimíneacht ó fhir, agus ó mhná...

Fear baoth ar líne a spreag an píosa fíorghreannmhar "Ramhar, gránna, iomarca smidiú, lán di féin". Bhí an curfá á chanadh léi sara bhfad ag a raibh ann.

Jill mac Mahon ag léiriú cás na mban atá cúngaithe ag éilimh an sochaí a bhíonn go hiondúil ag teacht salach ar a chéile - a fhágann bean ina riarthóir ar a colainn seachas ina príomhfheidhmeannach.

Elizabeth McGeown a tháinig aduaidh ó Bhéal Feirste agus a thug crobhaing dúinn - dánta ar dán na mban i saol an cheoil i measc cumann cuiditheach na bhfear a sainíonn tallann na mban. Dán ar uafás Thuama. Dán fhada faoi uaigneas agus fearg an té a déantar tromaíocht orthu ar scoil agus tearmann na samhlaíochta. (Mar duine a tháinig tríd tromaíocht mé féin, ainneoin é bheith i bhfad níos séimhe, chuaigh seo i bhfeidhm orm go háirithe).

Triúr fear.

Barry (Currivan ?). Canúint Béarla Duibhlinne. A dúirt faoi féin gur cúigiú colúnaí na Gaeilge é, ag briseadh an Bhéarla. Dán iontach aige faoi Supervalue Sanjay agus na hinimircigh eile atá níos Éireannaí ná na hÉireannaigh ina gcaint. Ina measc an créatúr ar mian leis bheith ina gheabaire ach atá Irish-Afro seachas Afro-irish... Reic sé dán as Gaeilge freisin - léiriú glé ar streachailt éigse Éireannach le teanga. A ghléas oibre.

Iarraidh ar Aindriú Mac an Rí an léann clasaiceach a mhúineadh do dhaltaí. Ó tharla gan é bheith eolach faoi b'éigean dó é féin a thumadh i miotais na Gréige is na Róimhe. B'fhiú é.

As scéal Echo, Narcissus agus Pan d'fháisc sé dán iontach comhaimseartha ach fréamhaithe sa mhiotas. Beanorgain. Tuismitheoirí faoi dobróin. Amharc deireadh TCI. Nach truamhéalach go bhfuil scéalta mar seo á insint leis na mílte bliain?

Colm Mac Gearailt a chuir clabhsúir leis an oíche. Reic sé an dán Deor-aíocht a bhuaigh Slam Liú Lúnasa dó. Dán faoi tréigean - leannáin nó tíre, nó an dá rud. Agus dán a thobchum sé ar an mbóthar ó thuaidh faoin críochdheighilt agus bagairt na Breatimeachta. Dán ag pléascadh le fearg cóir.

Taibhfhile ar leith Colm. Ní le focail agus guth amháin a reiceann sé. Bíonn gach orlach dá cholainn san reacaireacht - a aghaidh go háirithe. Riastradh.

Is iontach an ócáid Reic. Mar ionad thaithin broinn na filíochta i mbrú an generator níos fearr liom - ach tá a bhuanna féin ag Club an Chonartha.

Táim fíor bhuíoch gur thionscan Ciara an togra seo. Bail ón mBé ar reic agus ar thograí eile Chiara. Is saibhride mo shaol an éigse.

2019-09-27

Seacht gcéim go gcailltear do thír

Alt le Robert McMillen a spreag mé le fios a chuir ar Seven steps to lose your country leis an iriseoir agus scríbhneoir ón dTuirc Ece Temelkuran.

Ba sa Tuirc is túisce a tháinig poblachas údarásach chun cinn, cé gur meirge an chreidimh atá ar foluain ag Erdoğan agus a pháirtí. Le traidisiún tuatach poblachtach a bhaineann sí, dream a chur ar son an daonlathais agus i gcoinne údarás an airm.

Tarlaíonn sé go raibh saothar Arendt ar ollsmachtachas léite le measartha déanaí agam. Admhaím go raibh mé ag streachailt leis!

Cuntas finné atá anseo maille anailís a aithníonn na cosúlachtaí idir gluaiseacht Erdoğan agus gluaiseachtaí fearacht Trump, Brexit nó AfD na Gearmáine.

An dóigh a ghabhann ceannasaithe i bhfeidhm ar an "bhfíor pobal" chun iad a ghríosadh. An dóigh a aimsíonn siad na laigí san dioscúrsa liobrálach chun an ghaoth a bhaint as seolta céilí comhraic. Na nithe san (nua) liobrálachas, sa coibhneasaíochas, sa indibhidiúlachas a réitigh an bhealach don na gluaiseachtaí seo a dhéanann earra eile i margadh na smaointe de fírinne eolaíochta- a chuireann ar a gcumas maíomh gur easpa measa agus cos ar bolg atá ann iarraidh orthu glacadh le fíricí.

Cé nach bhfuil gluaiseacht láidir dá leithéid in Éirinn fós, tá na síolta ann. Aicme a mhothaíonn, agus sciar den fhírinne acu, tréigthe agus faoi chos.

Is breosla cumhachtach doicheall agus formad don té atá sásta teacht i dtír ar gan náire, chun "fíor dhaoine" a chur in adharca "scothaicme sotalach".

Tá an leabhar soléite, soiléir, pearsanta, daonna. Tá dóchas aici - as mná óga.

(bheadh pointí polaitíochta nach n-aontaíonn léi fúthu, ginmhilleadh go háirithe. Ach roinnim a dóchas i mná óga. Go háirithe iadsan atá spreagtha ag an gcóir idirnáisiúnta atá den riachtanas chun dul i ngleic leis an géarchéim aeráide).

Is mithid ullmhú.

How to Lose a Country: The 7 Steps from Democracy to Dictatorship

Ece Temelkuran

2019-09-19

Criss Cross Mo Chara

Is mar taibhfhile is mó aithne agam ar Ghearóid Mac Lochlainn, teacht i láthair neartmhar ar stáitse (cé gur minice go mór ar fhíseáin feicthe agam é).

Tá fhios agam go raibh lámh aige tráth sa ghrúpa ceoil Bréag. (Dream nach bhfuil ag éirí liom teacht ar mórán dá cdanna faraor).

Ní cuimhin liom go baileach cad a spreag mé chun fios on leabharlann a chuir ar Criss Cross Mo Chara ach tá mé iontach sásta go ndearna.

Eachtraí i saol ceoltóir sráide in umar na haimléise ag ól is drugaí. Leath dá shaol á mhaireachtáil sa samhlaíocht.

Cnuasach dhátheangach ach fiú nuair atá gaol idir dán Gaeilge agus Béarla is leaganacha seachas aistriúcháin atá iontu.

Is dóigh liom gurb é Mac Lochlainn a chum an téarma Babylon Gaeilgeoir, a bhfuil amhrán de chuid Bréag fáiscthe as.

(Úr) scéal do Bhabylon Gaeilgeoirí atá anseo, saol imeallach idirtheangach.

Úire uirbeach sa Ghaeilge agus Béarla araon, áilleacht á fhuineadh as ainnise.

Tá CD ag dul leis, dornán dáin le tionlacan.

Saothar ealaíne spreagúil. Feicim go sé ar fáil mar r-leabhar freisin. Is dóigh liom go gceannóidh mé é...

Criss Cross Mo Chara
Gearóid Mac Lochlainn
Cló Iar-Chonnachta

2019-09-16

Seán Ó Mulláin

Níl a fhios agam níos mó cén comhthéacs inár luaigh Panu Höglund Seán Ó Mulláin i gcomhrá i Twitter. Ba leor é chun m'fhiosracht a spreagadh áfach agus chuir mé fios ar roinnt dá leabhair tríd an gcóras iasachtaí idir leabharlanna.

Tá cineál crannchur i gceist leis sin, agus ní dhearna mé fiosrú ceart ar na saothair roimh ré. Ceithre leabhar atá léite go dtí seo, dhá leabhar an ceann as dhá sraith.
Mar a tharlaíonn is cosúil gur in ord contráilte ama a léigh mé iad.

San 16ú nó 17ú aois atá "Na Rianaigh Abú" agus "Fir Claímh" lonnaithe. Eachtraí a bhaineann le teaghlach uasal Gaelach i ré corraithe. I Fir Claímh faigheann mac de chuid an teaghlaigh buille sa chloigeann agus é ag teitheadh ó líon níos mó Sasanaigh tar éis achrann. Cailleann sé a chuimhne. Tagann buíon giofóg i gcabhair air - ach díbrítear iad go Sasana. Is iomaí cor sa scéal go dtagann sé slán abhaile arís. Tá eachtraí  Na Rianaigh Abú lonnaithe sa Fhrainc áit a bhfuil gaol le tarrtháil ó fear uasal Francach.

Dhá úrscéal lán eachtraíochta agus aicsean. Taitneamhach éadrom.

I caogaidí nó seascaidí an aois seo chaite atá an dá leabhar eile lonnaithe, sé sin le rá thart ar am a bhfoilsithe. Poitín, achrann teaghlaigh agus idir teaghlaigh, suirí, grá. Roinnt aicsin freisin gan amhras.

Triantán grá i lár Gníomhú Cosanta. Corr agus casadh roimh deireadh sásúil. Scéal grá idir bean den lucht siúil agus feirmeoir i lár Cosaint an Ghleanna. Beagáinín amhras orm faoi seo mar go bhfuil tincéirí maithe agus drochthincéirí i gceist. Faraor cuid de fós tráthúil - cur in aghaidh tithíocht don lucht siúil.

Bhain mé níos mó taitneamh as na scéalta faoi lucht na claímhte.

Ach scéalta éadroma soléite iad ar fad agus leanfaidh mé orm ag lorg breis saothair leis ón leabharlann.

Is trua nach bhfuil a leithéid i gcló agus fáil ag léitheoirí óga go héasca orthu.

Tá a mhacasamhail i dteangacha eile fairsing.

2019-09-13


Tá an tríú imleabhar de úrscéal grafach Paul Bolger agus Barry Devlin faoi Cú Chulainn foilsithe ag Leabhar Breac le tamall. Darach Ó Scolaí a chuir Gaeilge air.
Ghlac mé an deis an t-iomlán a léamh le déanaí. Is léir go bhfuil eolas ag na húdair ar na bunscéalta na Rúraíochta agus miotais eile de chuid na nGaeil.
Tá casadh úrnua curtha san insint acu áfach, streachailt um anam Cú Chulainn idir an Mór Ríon ar mian léi uirlis anord fuilteach a dhéanamh as, agus mian Setanta féin saol simplí feirmeora a chaitheamh agus clann a thógáil lena ghrá geal Eimear.
Tá gnéithe de Oidhe Chlainne Uisnigh curtha le scéal Eimear agus Cú Chulainn - Eimear le bheith pósta ar an sean Rí, ach a gean ar an ógfhear a thagann lena tionlacan go hEamhain. Coimhlint idir dílseacht agus searc.
Dubh agus dearg, agus úsáid éifeachtach as an spás bán atá sna léaráidí.
Gluaiseacht curtha in iúl go héifeachtach, go scannánúil geal leis.
Claochlú agus riastradh ag léim ón leathanach.
Saothar ealaíne agus barr feabhais curtha ar le focail roghnaithe go cúramach ag Ó Scolaí.

2019-09-10

Der Krieg und Ich

Tá seachtó bliain ann ó ionradh fealltach na Gearmáine (agus APSS) ar an bPolainn a chuir tús leis an dara ár Eorpach agus an uileloscadh ar Ghiúdaigh a tharla faoina scáth.

Mar chuid den chuimhneacháin cpraoladh sraith ocht scannáin leathuaire thar an dá deireadh seachtaine ar KiKa, teilifís na leanaí sa Ghearmáin.

Bhí leanbh a mhair tríd an cogadh i ngach ceann acu - agus insíodh an scéal trína dhearcadh siúd.

An buachaill óg ar theastaigh uaidh bheith in Ógra Hitler fearacht gach duine ach atá ceanúil ar a chomharsa Giúdach. Mac iascaire san Iorua gafa atá ag iarraidh a iasc a choimeád chun a chlann a bheathú. Iníon ministéara Protastúnach sa Fhrainc Vichy, ag cabhrú le Giúdaigh teitheadh mar gurb é sin an rud ceart dar lena hathair - a ghabhtar. Déagóir fiáin san Albain nach bhfuil uaidh ach go bhfillfidh a athar - go dtí go dtiteann buamaí ar an gCluaidh. Mac óg Giúdach a éalaíonn ón ngeiteo díreach roimh an bailiú don ár is a fhaigheann dídean ó chomharsa. Cailín óg a theith as uafás Stalingrad. Ceoltóir óg Seiceach a thagann slán ar éigin as Auschwitz de bharr gean kapo. Buachaill óg, múnlaithe ag fás aníos le linn na Naitsíoch, a seoltar chun an fronta in éineacht le leanaí eile chun na Meiriceánach a stop agus an cogadh caillte.

Idir na scannáin ráitis ó leanaí eile an chogaidh.

Níor léiríodh, ar ndóigh, uafás iomlán an chogaidh. Ach measaim gur tugadh teachtaireacht láidir ar mithid é chlos faoi gan cluas bodhar a thabhairt don éagóir, seasamh i gcoinne tromaíocht agus gríosadh fuatha.

I ré a bhfuil náisiúnachas santach ciníoch ag borradh, tá gá le fianaise soiléir dá leithéid.

2019-09-06

Ó Corr na Móna go Bangalore

Bhí dialann de chuid Pádraig Ó Fiannachta, foilsithe ag an Sagart, i measc na leabhair a bhronn Réaltán orm cúpla bliain ó shin. Turas in éineacht le dream sagart ar an der India i 1974 a bhí i gceist. Níl de thagairt ann do Chorr na Móna ach gurb ann a thosaigh an aistir.

Is san tréimhse seo tar éis an Dara Chomhairle Vatacáine a bhí eagar a chur ar an liotúirge chun gnéithe dúchasacha a thabhairt isteach ann. Eagar agus iarracht a ndearna an Fiannachtach cion fathaigh ar a shon i dtaobh na Gaeilge.

Aistir staidéir a bhí i gceist, cé go bhfuil cur síos ann freisin ar Thír, bia, cultúr is ceol.

Ach bhí aird ar leith aige ar na hiarrachtaí a bhí ar bun san India le cultúr na tíre a thabhairt isteach sa liotúirge. Iarracht a bhí conspóideach an uair úd, agus atá fós go deimhin.

Ba díol suntais dom go raibh scrioptúir de chuid na Hiondúch in úsáid mar chuid den Aifreann thall - Níl fhios agam an bhfuil sé fós amhlaidh.

Béim a chur air nach déithe iad Síve, Krishna agus araile ach gnéithe den aon Dia amháin, agus diagairí thall den tuairim go raibh tairbhe dá réir i litríocht ársa eagna na Hiondúch don Críostaí Dúchasach.

Spléachadh freisin ar ghnáis creidimh na dreamanna eile thall.

Agus gnáth thurasóireacht - cé mar is dual dó go ndearna sé iarracht ar leith roinnt de theangacha agus cultúir a shealbhú le linn an turais.

Leabhrán spéisiúil.