Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-09-13


Tá an tríú imleabhar de úrscéal grafach Paul Bolger agus Barry Devlin faoi Cú Chulainn foilsithe ag Leabhar Breac le tamall. Darach Ó Scolaí a chuir Gaeilge air.
Ghlac mé an deis an t-iomlán a léamh le déanaí. Is léir go bhfuil eolas ag na húdair ar na bunscéalta na Rúraíochta agus miotais eile de chuid na nGaeil.
Tá casadh úrnua curtha san insint acu áfach, streachailt um anam Cú Chulainn idir an Mór Ríon ar mian léi uirlis anord fuilteach a dhéanamh as, agus mian Setanta féin saol simplí feirmeora a chaitheamh agus clann a thógáil lena ghrá geal Eimear.
Tá gnéithe de Oidhe Chlainne Uisnigh curtha le scéal Eimear agus Cú Chulainn - Eimear le bheith pósta ar an sean Rí, ach a gean ar an ógfhear a thagann lena tionlacan go hEamhain. Coimhlint idir dílseacht agus searc.
Dubh agus dearg, agus úsáid éifeachtach as an spás bán atá sna léaráidí.
Gluaiseacht curtha in iúl go héifeachtach, go scannánúil geal leis.
Claochlú agus riastradh ag léim ón leathanach.
Saothar ealaíne agus barr feabhais curtha ar le focail roghnaithe go cúramach ag Ó Scolaí.