Píosaí liom in áiteanna eile:

2023-06-25

An tairiscint ghníomhach


Táim ag siúl in Iarthar Dhuibhneach. Bhí mé sa Daingean arú inné - peata scitsifréineach de bhaile. Tógadh mise leis an ngeis gan Gaeilge a bhrú ar dhaoine, go bhfuil a leithéid drochbhéasach. Bím airdeallach sa Daingean go háirithe, mar go bhfuil daoine ann a chreideann sa gheis céanna fós. Is mór an chabhair mar sin, mura bhfuil aithne agam ar an ngnó, fógraí fearacht na cinn thuas atá scaipthe ag na heagraíochtaí pleanála teanga Tobar Dhuibhne agus Dúchas an Daingin. Tugann siad le fios dom nach cantal ná eiteach a bheidh mar fhreagra ar forrán i nGaeilge. Agus ós duine mé a sheachnaíonn achrann ó nádúr, is maith liom an tairiscint ghníomhach seo, cuireann sé ar mo shuaimhneas mé. Go háirithe i mBaile an Daingin, áit ina bhfuil an stádas Gaeltachta agus na teangan uaireanta ina ábhar achrainn. Táim níos faide siar anois agus an cheist níos simplí.

Aisteach go leor, seans go bhfuil níos mó Gearmáinis ná Gaeilge labhartha agam ar an dturas go dtí seo, ó thaobh comhráite de ar aon nós. Lánúin ón nGearmáin trasna uaim ar an dtraein chomh fada le Mála. Bean ón nGearmáin atá ag siúl sa cheantar san suanlios sa bhrú. Comhrá fada fairsing agam léi siúd. 

Comhráite as Béarla freisin - bhí leaid ón Afraic Theas ar an mbus ó Trá Lí, é ar intéirneacht le comhlacht infheistíochta i mBÁC. Comhrá spéisiúil againn faoi intleacht shaorga!

Sin ráite, chuaigh mé ar cuairt nó dhó. Bhí comhrá fhada agam le Mazz sa siopa ceoil, aithne aici ar Fionn ó thaobh an cheoil de. Agus cheannaigh mé lón bóthair sa siopa nua Beatha. Agus caife i Bean in Dingle. 


Tá Áine Tig Áine imithe ar scoir, rud atá tuillte go maith aici. Tá an biachlár sa proinnteach imithe chun leadrán áfach. Tá sí fós ag soláthar scóin dóibh ar a laghad. 

Ar aon nós bhuail mé isteach chuici féin agus bhí comhrá fhada againn faoin dtogra ealaíne a chaith sí an gheimhridh air. Tá blagmhír dá chuid féin dlite dó sin. 

Chuaigh mé a luí luath aréir, níl fhios agam an mbeadh mé tar éis comhráite Gaeilge a aimsiú murach sin. Ach théis tríocha km a shiúl agus fliuchadh a fháil ag deireadh na siúlóide inné, ní raibh fonn orm bheith ag fánaíocht thart ar an mBuailtín ar an seans go mbeadh comhrá le fáil!

Mé ag fanacht anois ar bhricfeasta. Aifreann a deich ar ball i Séipéal Naomh Uinseann agus ansin coisíocht arís go dtí an Baile Breac. Tá an ghrian ag taitneamh - b'fhéidir go mbainfidh mé barr Chnoc Bhréanainn amach fós. 

2023-06-18

Fíorbhraon - IMRAM

Cé gur mar fhéile litríochta thart ar seachtain ar fhaid a thosaigh IMRAM tá na cúraimí ar an eagraíocht tar éis leathnú agus scaipeadh, agus an iliomad ócáid a bhaineann le héigse na Gaeilge faoina gcúram.

Cuid de sin an sraith FÍORBHRAON - léamha filíochta san siopa leabhar Books Upstairs i lár na cathrach. Bhí mé i láthair an Domhnach seo caite. Bhí Cathal Póirtéir ina fhear an tí. Chuir Marcas Mac Conghail tús le cúrsaí le leagan de Amhrán Phádraig a chum sé roinnt blianta ó shin nuair a bhí feachtas bailithe airgid ann chun cabhrú le teaghlach Phádraig Schäler cúram a dhéanamh dó tar éis dó gortú inchinne a fhulaingt i dtimpiste rothair i Meiriceá. Is cuimhin liom féin an feachtas go maith, cé, fearacht Marcas, nach raibh ainm Phádraig cloiste agam cheana. Ba tréimhse spreagúil é, toisc gur tháinig a chairde le chéile agus in éineacht lena theaghlach bhain go leor amach. De réir mo thuisceana tá feabhas áirithe tagtha ar Phádraig cé nach bhfuil biseach iomlán i ndán dó. Cumha ag baint le gnéithe den amhrán freisin - tá Seosamh an chlub imithe ar shlí na fírinne ó shin. Scéal-amhrán a shroicheann go domhain. Capsúl ama.

Níl cnuasach foilsithe fós ag Laoighseach Ní Choistealbha, cé go bhfuil dánta léi foilsithe i gComhar, Feasta agus ardáin eile. Cnuasach i lámha Barzaz faoi láthair, tuigim, agus táim ag súil go mór leis. Filíocht meabhrach collaí, ionchollaithe. Íomhánna iontach láidre. Tagairtí neamhghnácha don mBíobla agus oidhreacht léinn eile. Dán iontach faoi Bhean Lot, abair, a rinneadh gallán salainne di toisc gur amharc sí siar ar scrios Sodom. Deireadh iontach - na Rómhánaigh ag tógáil an tsalainn chun saighdiúirí a íoc. Bean Lot ag leá "ar theanga míle fear". (Tá scéalta Lot ar na scéalta is aisti sa Bhíobla. É ag ofráil a iníonacha chun éigniú a aíonna fireanna a sheachaint, nó iadsan á dhéanamh ólta d'fhonn luí leis).

Eascraíonn dánta gairide gonta Mhicheál Ó hAodha óna thaithí ar deoraíocht i Sasana agus a theagmháil ann le heolchaire na ndeoraithe eile, tnúthán an dúchais nach bhfuil sásamh i ndán dó, toisc nach bhfuil aon bhaile ann le filleadh air. Taithí ar leith, mar cé go bhfuil daoine fós ag imeacht ar deoraíocht, níl an briseadh cumarsáide céanna i gceist níos mó. Bíonn siar is aniar ann idir an comhluadar scaipthe, agus feabhas iontach ar na deiseanna cumarsáide - fiú thar na nóchaidí nuair a bhí mé féin ar deoraíocht agus ag filleadh gach Nollaig. Capsúl ama de chineál eile dánta Mhichíl. 

Chuig a garraí fiáin nach dtugann bheith istigh do rósanna saothraithe a thug Biddy Jenkinson muid. Éin na coille agus na héin fáin garraíodóirí cúnta a háitreabh i nDoire Bán lámh le Gleann dá Loch. Scéal Róis a tháinig anoir aduaidh ó Albain in éineacht le héan a sciob an scríob óna dhúchas é. 

Capsúl de chineál eile! An dúlra ag lúbadh agus ag casadh faoi thionchar aeráid athraitheach an chine dhaonna ach teacht aniar ann fós. 

Chuir Marcas clabhsúr ar an ócáid lena rogha dhánta as Ceol Baile agus Spásas, sa bhreis ar na hamhráin a thug sé dúinn idir na míreanna. Fiú nuair nach bhfuil Marcas ag canadh is filíocht don gcluas a bhíonn aige agus is fiú go mór é féin a chlos á reic, toisc go bhfuil réimse iontach in ghlór, ag cruthú pictiúir le fuaim agus focail. 

Cat Chamuis, nó siúlóid faoi srianta coibhid 19. 

Uair an chloig iontach pléisiúrtha! 




2023-06-15

Féile na Gealaí



Bhí ticéad agam do Ravelóid i 2016, agus é i gceist agam freastal air leis an duine is óige de mo chlann, cé nach duine mór féilte ná sluaite mé. Cuireadh an Ravelóid ar ceal, agus b'shin sin, dar liomsa. Bhí dream daoine áfach nár ghlac an seasamh leisciúil sin. Bheartaigh siad Féile a reáchtáil iad féin, agus rinne. Tháinig Féile na Gealaí ar an bhfód. Agus tá sé ann go bliantúil ó shin, seachas blianta na Coibhide, ag fás agus ag forbairt. Mo sheasamh ar an ndream beag díograiseach a chuireann croí agus anam isteach ann. Níor éirigh liom féin bheith sách eagraithe dul ann go dtí i mbliana, cé gur fhreastail mé leis an déagóir ar an ócáid tánaisteach a d'eagraigh an dream céanna i nDún Uí Choileáin lá le Pádraig i mbliana agus anuraidh. Bhí sé níos fusa dá réir an déagóir a mhealladh chun tráthnóna Satharn a chaitheamh i Ráth Chairn! 

Thángamar ann thart ar am lóin agus fuair greim bia ó ceann de na seastáin, a raibh rogha fiúntach daoibh ann. 

Bhí deis againn ansin cuid de thaispeántas Dairena Ní Chinnéide a fheiceáil san Típí - filíocht dhiamhair reicthe le tionlacan ceoil. Eagraithe ag IMRAM. 


Bheartaigh muid ansin dul chomh fada leis an mBradán Feasa, áit a raibh Oireachtas na Gealaí le bheith .i. na hEalaíona béil agus cois mar a bhíonn ag Oireachtas na Samhna (áit nach raibh mé féin riamh, toisc nach maith liom sluaite). 

Ceol bhreá ó Cathal Ó Cuirreáin agus Aoife Ní Chróinín. Amhrán ó Domhnaill Ó Braonáin. Lúibín ó bheirt bhan ó Mhúscraí. Fíor mhaith, mar a bheifeá ag súil leis. Ach ansin thosaigh an fíor draíocht. Cailín óg (áitiúil?) a chur agallamh beirte i láthair - léi féin. Amhránaí seacht mbliana d'aois a chan Bean an Fhir Rua go snasta, le foirfeacht a chorraigh go mór mé. Moram go gcloisfear ainm Lasairfhíona Ní Bhraonáin go minic! Bhí ceoltóirí agus damhsóir ann freisin idir leanaí agus daoine fásta óga. 
Tá an déagóir tógtha le aistriúchán Bandia a bhlaiseamar ag ócáid Lá le Pádraig. Mar sin d'fhéachamar chuige go raibh muid ar ais san típí áit a raibh Jill ag treorú déanamh puipéid stoca. (Bhí mé féin measartha falsa agus rinne mé nathair nimhe seachas iarracht a dhéanamh Kate Bush, Robyn, Britney ná Cher a chruthú). Nuair a bhí na puipéid (beagnach) déanta thosaigh an canadh, amhráin leis na hoirfidigh a luaigh mé, aistrithe ag Bandia. Damhsa is canadh spraíúil spreagúil. (Faoi choimirce Aerach Aiteach Gaelach a bhí an ócáid áirithe seo). 

Faoin am seo bhí ceol tosaithe ar an bpríomhstáitse. Grúpa rac na pobalscoile i Ráth Chairn a chuir tús leis, Súp. Fuinniúil!

Tháinig sciar mór de na fonnadóirí a bhí páirteach san sraith Bláth na hÓige ina dhiaidh sin - meallta abhaile ag na deirfiúracha Ní Churraoin. (Dá bhféadfaí fuinneamh Mháire a chuir i mbuidéal bheadh íocshláinte ar leith ann!) Bhain mé an taitneamh as na cláracha agus bhí sé iontach iad a fheiceáil beo.

Lean Emma Ní Fhíoruisce ar an stáitse iad, í féin, a giotár agus a meascán sainiúil de hamhráin traidisiúnta agus a haistriúchán féin ar amhráin comhaimseartha. Táim ag fanacht leis an albam ó chuala i dtosach í ag gradam nós, roinnt mhaith blianta ó shin anois... Ar ámharaí an tsaoil cloistear cuid dá ceol ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá beagán ar soundcloud.

Bhí idirghabháil deas idir í agus an slua, féile pobail seo agus na ceoltóirí iad féin fréamhaithe sa phobal. 

Dúinne b'iad Róisín Seoighe agus IMLÉ an buaicphointe (bhí orainn imeacht ina dhiaidh!) Agus níor ligeadh síos muid. Bhí sé ana dheas Feargal Moloney a fheiceáil leo ag canadh a chuid amhráin ón gcéad albam. Agus Ríona Sally Hartman. Meascán d'amhráin IMLÉ agus a cuid féin aicise. Faoi láthair, is iad cloigeann an chómharghrúpa Cian Mac Cárthaigh agus an cnámh droma Róisín Seoighe, a bhfuil a cuid féin déanta aici den catalóg cúil, agus a bhfuil amhráin dá cuid féin curtha aici leis chun é a shaibhriú. Tuigim go bhfuil tuilleadh eisiúintí ar na bacáin...

Toisc nach raibh againn ach pas teaghlaigh, agus bóthar measartha fada abhaile, bhí orainn fágáil thart ar a hocht. 

Sa mhullach ar an gceol a chualamar bhí neart deiseanna comhrá ann, agus neart comhráite a d'éalaigh uaim. Bhí neart daoine ann freisin nach raibh aithne súil ná twaithne agam orthu fiú. Chonaic mé idir fíor óg agus aosta i láthair, ach dream mór sna fichidí, an chéad ghlúin eile! (Bheinn dóchasach go n-eascródh roinnt straitéis fiche bliain as an teagmháil ann.... Rud a mhol Máire ón stáitse freisin...)

Ba iontach lúcháireach macnasach ceolmhar spreagúil an ócáid é. Ní gan dua a tharlaíonn a leithéid áfach, agus chonaic mé Edel, Hannah Rua, Caoimhe agus Éanna ag gluaiseacht thart ag eagrú agus ag socrú. Measaim go bhfuair siad deis éigin taitneamh a bhaint as cúrsaí freisin ach is léir go raibh an dúrud eagrúcháin agus oibre i gceist, agus é déanta go ciúin éifeachtach acu, gan buaileam sciath. Laochra iad! Ní beag an ní a leithéid a chruthú gan tacaíocht ó eagraíocht, ag mealladh deontais agus ag cruinniú teagmhálacha.

Tá súil agam go mbeidh mé ar ais! 

2023-06-14

Carraig Mhachaire Rois


Bhí mo nuachar agus an déagóir ag cleachtadh ceoil le Ceolfhoireann Traidisiúnta Oirialla maidin Sathairn, i dTigh na mBocht i gCarraig Mhachaire Rois. Toisc go raibh mé féin agus an déagóir ag tabhairt aghaidh ar Féile na Gealaí tráthnóna, chuaigh mé in éineacht leo. Fad is a bhíodar siúd ag ceoil bhí mise ag siúl! Tá roinnt lúb siúlóidí leagtha amach thart ar an mbaile. 
Amach liom ar chúl bhóithre thar na droimlíní mar sin, ag leanacht conair na ceithre chontae. Toisc go raibh ceo  brothaill ann, ní raibh léargas ró mhaith ann, ach is cinnte go mbeadh radharc bhreá ón siúlóid dá mbeadh lá glan ann. Bhí na cúlbhóithre ciúin go maith. 
Chonaic mé fógraí mistéireacha cois bóthair - MGWS. Faoi dheireadh rinne mé amach gur grúpscéim uisce Mhuineacháin a bhí i gceist. 
Fuair mé dearbhú ar sin nuair a tháinig mé ar dúnpholl in aice le fógra dá leithéid. 

Tá tagairt sa bhileog siúlóide do dhún - agus bhí "an Dún" ar chloch ag geata tí ar bharr aird, ach ní fhaca mé aon rud seachas sin. Lúb thart ar 8 km a bhí i gceist, agus bhí neart ama fágtha agam. Chuaigh mé ag fálróid thart ar an mbaile. Tá áit dúchais Patrick Kavanagh, file, gar don áit, in Inis Chaoin. Thall is abhus ar ballaí bhí leacanna práis agus sleachta leis orthu, ag tagairt don mbaile, dá thaithí féin agus don stair. 

Níorbh iad sin na haon scríbhinní ar bhaile. Is cosúil go raibh fear darbh ainm Jim Mc Kenna gníomhach lena shiséal sna tríochaidí agus ina dhiaidh. Ghrean sé dátaí suntasacha staire áitiúil agus náisiúnta i gclocha ballaí thart ar an mbaile. Tá athnuachan déanta ar na fógraí ó shin. 
Tá dán de chuid Kavanagh ag scoil San Louis, ag fáiltiú roimh na siúracha a ghlac seilbh ar áras na coilíneach. Ach casadh eile i rotha mór an tsaoil go bhfuil na siúracha iad féin imithe, cé go maireann an scoil. Fógra eile ar gheata an chlochair a chuir mé ar an eolas faoi sin. 

Chaith mé súil gairid ar an séipéal mór Caitliceach, agus an cuma air go raibh fuinneoga gloine den scoth ann. Bhí Aifreann á rá ann, áfach (agus slua maith i láthair) agus m'am ag éirí gann. D'fhill mé ar theach na mbocht. 

Baile cuanna Carraig Mhachaire Rois, agus cúram á dhéanamh de, feictear dom, ó thaobh ealaíne poiblí. 






2023-06-12

Cé hí siúd amuigh? Naitsíoch lofa go smior!


Tá leabhar Phyllis James, alias Róisín Ní Mhéara, luaite mar fhoinse ag Fionntán de Brún ina Iarfhocal ar a sár úrscéal Béal na Péiste, agus í féin mar phearsa tánaisteach ann. Chuir mé fios ón leabharlann air dá réir. 

Ní minic a chuireann leabhar fearg orm. Ach chuir an leabhar seo. Ar maos le frith Giúdachas. Bolscaireacht lofa Goebbels agus a cuid féin déanta aici de. Ag milleánú na nGiúdach iad féin as an droch íde a imríodh orthu. As a bheith ró shaibhir, nó ró bhocht. Na húdaráis Naitsíocha ar mhaithe leo, más fíor. Buamáil na chomhghuaillithe agus an galar a scaip de dheasca ollphlodú na gcampaí dá bharr ba chúis leis an mbás, dar léi. Shiúl mise Auschwitz. Chonaic mé na hoigheann. Tá na finnéithe súil léite agam - Primo Levi, Klemperer, Frankl. Ba dheacair a leithéid de stuacacht gránna a léamh. Bhí mé gar don leabhar a chaitheamh i dtraipisí cúpla uair.

Bhí an gaol Éireannach a bhí sí síoraí ag brú orm deacair cuir suas leis, toisc go raibh sé fréamhaithe i léamh ciníoch Matthew Arnold et al, na Ceiltigh spioradálta ealaíonta i gcodarsnacht leis na Sacsan stuama. Léamh ciníoch aici freisin ar Ghearmánaigh, Francaigh agus ar ndóigh Slavaigh go háirithe na Rúisigh. An tIarthar Chríostaí ina bhábhún i gcoinne sluaite bharbartha lár na hÁise.

Ní galar Gearmánach an Naitsíochas aici, ná ní ar an Mór Roinn a tholg sí é, feictear dom. Is amhlaidh gur tógadh í mar leanbh uchtaithe ag lánúin den fíor uasalaicme Sasanach. "Ceiltigh" mar dhea ós Albanaigh iad, ach ginearál in Arm na Breataine agus ceannaire an Léigiún Briotanach Ian Hamilton, a athair uchtála. Agus a nuachar siúd a thug an tsaibhris léi.

Den eite sin de uaisle Shasana, fearacht a Rí sular thug cúrsaí pósta air éirí as an gcoróin, a bhí ag suirí le Hitler agus ar aon mheoin leis i leith na fhodhaoine.

Ní dóigh liom gur fianaise iontaofa atá ar fáil sa leabhar seo, mar sin is deacair a dhéanamh amach go díreach cén gaol a bhí aici lena clann altrama. Tá meascán aisteach den formad agus gean tríd síos agus í ag trácht orthu. 

Tá col ar leith aici le Churchill, a bhí ina chara ag Hamilton ach a thit amach leis, is cosúil, de bharr Hamilton a bheith ag iarraidh idirghabháil a dhéanamh idir Hitler agus é. 

I dteannta le leabhair eile, is dócha go bhfuil luach leis an insint seo ar an gcogadh cé gur deacair cuir suas leis an mbolscaireacht. Agus an léamh aontoiseach ar gach dream dá raibh sí i dteagmháil. 

Tá bearnaí aisteacha san insint - luaitear iníon, agus ar ball mac, ach gan tagairt dá laghad don caidreamh nó na caidrimh as ar eascair siad. 

Tá aiste staraí le léamh uirthi anseo.

An raibh sé ceart an síolteagasc seo a fhoilsiú? N'fheadar. Is coir i go leor tíortha an Uileloscadh a shéanadh, agus tá sin sa leabhar. Mar aon le líomhaintí go leor, cuid acu bréagnaithe, ach mar a bhíonn sa bholscaireacht is nimhní beagáinín den fhírinne réabtha as comhthéacs agus ró shimpliú déanta air i gcásanna eile. Ar mhodh Goebbels. 


Gleann Anna

Chaitheamar dhá oíche i mBaile an tSléibhe i Seanaphobal na Déise agus muid ag freastal ar Féile ceoldrámaíochta Gleann na Móire ag an deireadh seachtaine fada. Is ar an gceol a bhí ar n-aird. Ach rith sé liom go mbeadh deis agam roinnt siúl a dhéanamh. Ní bhfuair mé eolas ar líne, mar sin chuir mé ceist ar roinnt de mo lucht twaithne. Tharraing Sorcha Ní Chéilleachair m'aird ar tóraíocht taisce Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Agus an chuid eile fós ina luí tar éis ceoldráma Oíche Domhnaigh bhuail mé amach maidin Luain. Bhí ceann de na siúlóidí nach mór ar lic an dorais agam. Tamall ag siúl ar bhóithre go dtí gur tháinig mé ar imeall coille i ngleann géar. Casadh isteach ar bhóithrín ansin faoi foscadh na gcrann. Deireadh tar éis tamaill leis an mbóthar ach cosán tanaí ansin ag dul le fána, agus an fána ag dul i ngéire de réir mar a tháinig i ngiorracht don gcósta. Cuas beag idir aillte. Cosán géar nathrach síos chomh fada leis.

Dornán teaghlach i mbun campála ann. Polannaigh, measaim. Ó lár na hEorpa cibé de réir a gcaint. Ní dóigh liom go bhfuil nós na campála fiáin i measc teaghlaigh Éireannacha níos mó má bhí riamh!

Sruthán ag teacht anuas an Ghleanna agus isteach sa bhfarraige ag trá clochach. Ar fhaiche beag glas agus ar na clocha duirlinge a bhíodar ag campáil. Clochán trasna an srutháin a thrasnaigh mé. Roimh dul ar ais ar an mbóthar shiúl mé an ghainimh garbh ar an trá faoi na haillte arda. Bhí obair na cruinne le feiceáil sna ciseal casta claochlaithe le feiceáil sa chloch nochtaithe. Féar agus bláthanna ag bharr agus taobhanna na haillte.

Carrchlós beag os cionn na trá, agus bóthar nathrach suas go barr na haille arís. Flúirse bláthanna fiáine ar gach taobh. Casadh ar dheis ansin, ar an mbóthar ar ais chuig an lóistín, síos beagán go droichead sa ghleann, agus suas arís an taobh eile. Fógraí galánta i gcló fhoireann ar leith Gaelach ag na crosairí. Stad seachas stop ar na fógraí dearga sé shleasach. Na Béarlóirí bochta...

Reilig tréigthe, an féar go com. 

Maidin chiúin siúlóide. 

(Tá sé i gceist againn filleadh ar feadh seachtaine an bhliain seo chugainn, b'fhéidir. Beidh níos mó le déanamh ag Fionn san fhéile agus sparánacht bronnta air chun cuidiú lena oiliúint i Londain. Súil agam níos mó siúl a dhéanamh. An Coinigéar go háirithe) 

2023-06-08

Händel sa scioból

Oíche Luain thugamar aghaidh ar bhóthair caol achrannach go seoid ceilte cois Móire, scioból tuí a bhfuil ceoláras déanta as, ag Clós an Droma Mhóir

Rogha Paula Murrihy agus Ceolfhoireann Barócach na hÉireann faoi stiúir Peter Whelan de scoth saothair Händel. Buaicphointe - aria aiféala Deianira bean Earcail, a fear maraithe aici le léine nimhneach Nessus, bob buailte uirthi ag eascara Earcail agus í ite í féin ag formad. Tarlaíonn sé go raibh an aria áirithe seo á chanadh as Béarla - bunlibretto saothar Händel óna thréimhse i Londain. Ach fiú gan sin, agus mar a rinne sí in aria eile, léirigh Paula Murrihy lena colainn chomh maith lena guth réimse uilig mothúcháin Deianira agus Ariodante. 

É sin agus roinnt amhráin eile neadaithe i gclár inar sheinn na hoirfidigh faoi stiúir Peter Whelan ar uirlisí stairiúla agus ar an modh stairiúil, ag eascairt as a gcuid dian scoláireacht. An maestro féin ag seinm ar chruitchlár agus píosa amháin ar bhasún. 

Iad líonta le fuinneamh agus ag líonadh an scioból athmhaisithe le ceol iontach. Slua breá i láthair - bhí ar an bhfoireann breis cathaoireacha a aimsiú! 

Dé réir mar a d'imigh solas an lae, thosaigh na crainn solais gloine ag glioscarnach go séimh. 

Taithí iontach. Ceol álainn. 

2023-06-07

Ag caomhnú milseacht na Bealtaine

Nuair a bhogamar isteach san teach seo, breis agus scór bliain ó shin anois, bhí sraith cufróg Leyland a fiche ar airde an tí ag bun an ghairdín. Bhí smacht níos fearr orthu ar taobh amháin den ngairdín agus fál déanta ann. Nuair a bhog muid isteach, fuair muid duine chun an barr a bhaint de na crainn, ach níorbh réiteach buan sin, d'fhás siad arís. Faoi dheireadh b'éigean iad a leagan ar fad. Ní cuimhin liom go beacht, thart ar 2009 sílim, a rinneamar sin. D'fhan stumpaí sa talamh agus an talamh féin crua clochach driseach. Ní garraíodóir mé ar aon nós. Scaoil muid leis. Le blianta beaga anuas tá an ghairdín imithe chun fiántas ar fad. Tá na leanaí fásta agus an trampailín mór groí a bhí sa ghairdín le fada ag éirí meirgeach. Bhí gá le gortghlanadh. An tEarrach seo fuair muid garraíodóir gairmiúil a rinne an bheart, an trampailín a bhaint óna chéile agus na driseacha agus fiántas a ghlanadh as. I gcomhairle le mo nuachar, d'fhág sé cúpla rud ag fás. Crann gingko a chuir muid féin. Rós. Tor amháin. Agus Trom a chuir na héin blianta ó shin.

Dhá bhliain ó shin rinneamar síoróip as dornán bláthanna uaidh. Bhí fúinn é dhéanamh anuraidh freisin, ach nuair a chuaigh mé chun na bláthanna a bhaint bhí na gasanna dubh le aifidí.

Tar éis don gairdín a bheith glanta, is cosúil gur tháinig breis fuinnimh san Trom agus tá fás rábach faoi. Bhain mé dornán bláth le déanaí, cé go raibh sé deacair teacht orthu. (Tá rún agam an chrann a ghearradh siar go géar an gheimhreadh seo chugainn. Tá súil agam nach mbeidh orm dul suas ar dhréimire luaineach chun fómhair milis a bhaint!) 
Ghearr mé líomóid orgánach saor ó chéir ina shliseanna. É sin agus caoga gram aigéad citreach anuas ar na bláthanna, tar éis na gasanna a bhaint daofa. Cileagram go leith siúcra a bheiriú i lítear go leith uisce. É a dhoirteadh ar na bláthanna. An t-iomlán a fhágáil ar maos sa dorchadas sa gharáiste ar feadh trí lá. An leacht a scaoileadh tríd criathar. Agus an síoróip a bheiriú arís. Isteach i gloiní glana. 

Anois, diaidh ar ndiaidh thart ar deich n-oiread uisce a chuir leis. Agus é ól. Blasta... 


Mac an Bheatha cois Móire

Ó rinneadh amhránaí Opera de thaisme de mo mhac Fionn, táimid ar ais i saol an Opera - bhí mé ag cúpla Opera i mBeirlín sna nóchaidí agus tá meathchuimhne agam ar Carmen sa Gaiety nuair a bhí mé sna déaga. Cibé, le trí bliana anuas, tá Fionn páirteach san Blackwater Valley Opera Festival, tóir ar a dhord sa chór. Agus mé féin agus mo nuachar sa lucht féachana. I mbliana bhí an teaghlach ar fad ann, chun Macbetto Verdi a fheiceáil oíche Domhnaigh i gclós Caisleán na Leasa Móire agus ansin oíche Luain Paula Murrihy agus ceolfhoireann Barócach na hÉireann faoi stiúir Peter Whelan i sciobóil tuí a bhfuil ionad den scoth déanta as, Dromore Yard lámh le hEaglais, cois Móire. Tréith de chuid an BVOF, ceol clasaiceach - Opera go háirithe - den chéad scoth a chur ar fáil in ionad neamhghnácha agus do phobail nua. 
Bolscaireacht ar son Séamus VI na hAlbain agus I Sasana, a mhaígh gaol le Banquo agus a raibh spéis mífholláin aige i mná feasa, a chum Shakespeare. Rinne Verdi slua den triúr cailleach, agus comhshlua dhúnmharfóir i gcór na bhfear. Macbeth fiáin fuilteach eaglach. Banquo uasal a imríonn giollaí Macbeth feallmharú air tar éis feallmharú an Rí. Mac Dubh agus Maolcholm óg freasaitheacha Mac an Bheatha (na drámaíochta, nach bhfuil baint aige le Mac an Bheatha uasal na staire, a bhí seacht mbliana déag i réim faoi mheas!) 

Ach domsa b'iad na mná a bhí chun cinn. Na mná feasa i gcónaí i láthair, mar cór ceolmhar nó mar láithreacht bagarthach ina dtost. Bhí cuid acu i gcónaí i radharc, feisteas agus smidiú simplí ach éifeachtach ag cruthú atmaisféar na tragóide. Seit diamhair simplí agus úsáid fíor éifeachtach soilse, go háirithe agus solas an lae ag éalú. 

Solas dearg preabach ar foirgneamh na stáblaí ag léiriú dó Dhún Mac Dubh, agus cór truamhéalach na dteifeach ag olagón os a chomhair. 

Ba le Serenad Burcu Uyar i ról Bean Macbeth an lá, dar liomsa. Arís, feisteas simplí ach éifeachtach agus guth láidir agus aisteoireacht éifeachtach - diongbháilteacht, uaillmhian, mórtas... Agus ansin aiféala, brón, céastacht. 


Oíche den scoth, agus gach rud ag teacht le chéile chun ócáid a dhéanamh de i dtimpeallacht iontach na gairdíní agus seachfoirgnimh um Caisleán na Leasa Móire. 

Oíche dár saol...

An chliar :
Macbeth: Leonardo Galeazzi 
Lady Macbeth: Serenad Burcu Uyar
Banco: Goran Jurić
Macduff: John Porter
Malcolm: Andrew Gavin
Doctor /Servant : Rory Dunne
Lady in Waiting: Emily Hogarty
Herald | Messenger: Fionn Ó hAlmhain

Agus ceolfhoireann éifeachtach faoi stiúir Killian Farrell. 

Duncan: Philip McCloskey