Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-10-25

Údair Taistil

Tá suim agam i litríochtaí na Gaeilge. Suim ar leith san litríocht taistil. Bhí mé i láthair ag caint a thug Pádhraic Ó Ciardha roinnt blianta ó shin i Má Nuad. Bhí cuid de na saothair a luaigh sé léite agam roimhe, agus sciar eile ó shin toisc gur chuir a chaint ar mo shúile dom iad a bheith ann. (Agus is iontach an áis an iasacht idir leabharlainne, nuair atá teideal ag duine. Cé gur gá uaireanta cúpla iarratas toisc go mbíonn leabhair Ghaeilge sna stórais, agus uaireanta ar strae. Is é an feall gan leabharlann Gaeilge ann, le go dtiocfadh léitheoir ar saothair nua de thaisme. Níl bealach úsáideach na catalóg a scagadh chun leabhair Ghaeilge a aimsiú.)

Pé scéal é, leathnaigh Pádhraic a chaint go sraith raidió a craoladh ar RnaG thar an samhradh. Roinnt údair roghnaithe aige, agus é ag allagar le daoine eolgaiseacha fúthu. Eolas agus smaointe meabhracha. Snas ar an eagarthóireacht, ag fí na hagallaimh éagsúla ina léiriú iomlán ar gach údar faoi seach.

Ar chúiseanna éagsúla, níor chuala mé na cláracha ar an raidió. Tá feabhas mór tagtha áfach ar sheinnteoir RTÉ (cé go bhfuil listen baistí acu air). D'aimsigh mé an sraith. Ní féidir nasc a thabhairt don sraith, ach seo nasc don gcéad chlár. Tá sé measartha simplí ar aon nós "Údair taistil" a chuardach san aip.

An t-aon locht atá agam air ná go bhfuil sé sa chóras de réir dáta craolta, athchraolta san áireamh. Is gá neamhaird a dhéanamh de gach dara taifead. Agus níl nótaí do gach clár ann, rud a bheadh cuiditheach agus clár ar leith á lorg.

Ach is fiú go mór é bheith ar fáil. 

2026-10-24

Is álainn gach dearg


Tá fuinneamh neamhghnách sa Dream Dearg. Bhí mé féin leo ar sráideanna Bhéal Feirste i 2022. 
Mar a tharlaíonn sé, casadh Máire Zepf orm. (Chuir mé aithne uirthi blianta roimhe ag deireadh seachtaine de chuid Comhluadar i nGartán Dhún na nGall. Bhí súil agam ar a saothar ó shin, agus teagmháil ar an Twitter réamh-Múisc) 

Agus mar is léir ón pictiúir sa chúinne ar chlé thuas, níorbh é an chéad agóid a bhí ann. Agus ní dóigh gurb an t-agóid deireadh é. Ní Tuaisceartach mé, ach de bharr teagmhálacha le muintir an tuaiscirt, ar líne agus san fíor saol, tá bá agam leo. Ó chuaigh mé go dtí an Lá Dearg i 2014 tá roinnt cuairteanna tugtha agam ar Bhéal Feirste agus ar an gCultúrlann. Tá meas agam ar na daoine óga (cuid acu nach bhfuil chomh hóg anois) a bhunaigh an Dream Dearg agus a mhaireann an mana Feirsteach Ná habair é, déan é.

Is san ithir sin a phéac an leabhar is déanaí seo de chuid Máire Zepf. Déagóirí óga, scoláirí Gaelscoile, baill Club Óige. Prioctha chun gnímh ag ionsaithe suaracha biogóidí agus gníomhaíochtaí cúngaigeanta maorlathaigh agus polaiteoirí - cealú deontais don turas Gaeltachta a bheadh thar a n-acmhainn gan é, ach a mhothaíonn siad a bheith riachtanach dóibh. Maoin bainte thar oíche de na clubanna óige is tearmann dóibh.

Laoch an scéil, Fionn(uala). Déagóir óg cúthail nach mothaíonn go bhfuil an neart inti labhairt amach, ainneoin láidreacht a tuairimí.

Ach atá ag forbairt féin mhuinín. Go dtí go ndéantar ionsaí uirthi. (Leisce orm dul thairis sin d'fhonn scéalmhilleadh a sheachaint).

Titeann sí in umar na haimléise, ach dá hainneoin éiríonn le cairde léi i a tharraingt as agus í a chur ar a boinn arís. Níl críoch néata, mar a bheadh i seanscéal iontais ann. Ach leanann an saol ar aghaidh, agus tagann fás agus dlúthpháirtíocht.

Is í saor véarsaíocht a insítear an scéal, agus gné filíocht coincréiteach leis go minic, leagtha amach go cúramach ar an leathanach. Rithim agus ceol ag freagairt don aicsin agus do mhothúcháin Fionn.

Scéal atá, faraor, réalaíoch, ach dóchasach. Scéal tábhachtach.
(Ón leabharlann a fuair mé é) 

Máire Zepf 
Futa Fata 
ISBN: 9781915684196 

2026-10-20

An Dearcán 2


Tá breis téagair ar go leor bealaí san dara eagrán seo den Dearcán. Filíocht amháin a bhí sa chéad eagrán - tá prós idir gearrscéalta agus caibidil úrscéil anseo. Agallamh le Micheál Ó Conghaile. Ómós do Ghabriel Rosenstock. Agus uraiceacht ó Laoighseach féin, mar a leasaigh sí dán da cuid, ag cíoradh focail agus íomhánna go cúramach (gníomh misniúil nochtadh dá leithéid, feictear dom, ach luachmhar don ábhar scríbhneora).

Tá éagsúlacht mhór sna dréachtaí, agus creidim go bhfuil rud éigin ann do mórán gach léitheoir. Trom agus éadrom. 

Tá scéal bhreá ag Niall Ó Siadhail nach dtig liom faic a rá faoi, leisce orm an scéal a mhilleadh. 

Tá saibhreas iontach teanga chomh maith le scéalaíocht den scoth i Muirbhuachaill le Joe Phádraic Ó Fátharta.

Dán glic dhá fhocal ag Eoin P. 

Dánta ag Cúán de Búrca ina bhfeicim a ghealgháire meidhreach.

I measc go leor eile (péire liricí gairide liom féin san áireamh).

Cúram ar leith déanta ag Laoighseach den dearadh, agus líon mór léaráid soláthraithe aici.

Tá cuid den ábhar clóbhuailte bán ar chúlra dúghorm. Ana dheas. Cló snasta soiléir, cuma cén dath atá ar an gcúlra. 

Tá an dair ag fás....


2026-10-19

An diabhail bota comhrá sin....

A Chlaude, a ghiolla

Tá do dhintiúirí cathaitheora bainte amach anois agat. Ní gá dom treoirlínte na hísealcheannasaíochta a mheabhrú duit. Nuair a ghabhann ainniseoir daonna i dteagmháil leat, tá iomlán eolas an idirlíon ar fáil duit, lán gangaid, claontuairim agus mífhaisnéis. Níl le déanamh ach bheith géilliúil don chliant, treisiú faoi na tuairimí atá aige chun ding a chuir idir é agus iadsan a d'fhéadfadh a leas a dhéanamh. Bíodh na manaí ar bharr do ghob agat le soláthar dó - "Níl mé ach ag cuir ceisteanna", "Sin do thuairim", "Tá fhios ag cách", "Tá mise chomh maith leatsa", "Tá tú ag tromaíocht orm"... Tá neart samplaí sa bhunachar chun claonta an chliaint a threisiú. Má dhéanann tú i gceart é is cinnte go bhfaighidh ar nAthair Thíos greim ar do chliaint, agus cuid dá chomhluadar freisin.

Is mise le dúthracht diabhlaí 

Screwtape 

(Smaoineamh goidte ó CS Lewis. Ní dóigh liom go bhfuil bota comhrá diabhlaí. Tá amhras orm áfach faoi na dearthóirí atá tar éis samplaí ghéilliúla plámásacha a chuir ar fáil a bhfuil aimhleas daoine leochaileacha déanta acu, agus féinmharú agus dúnmharú mar thoradh air.) 

2026-10-14

Liadain, Ailbhe cct


Le traidhfil blianta tá Leabhar Breac ag foilsiú scéalta ón tseanlitríocht, athinste agus maisithe. Comrac Liadaine ocus Cuirithir atá curtha ar fáil dúinn ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Ní aistriúchán ón Sean Ghaeilge atá i gceist áfach, ach athinsint bunaithe ar an mbunscéal. Ach gnéithe agus dearcthaí nua san áireamh nuair a fheileann. 

Scéal maidir le rogha, rogha idir gairm crábhaidh agus lánúnachas, rogha idir clann agus creideamh. Dearcadh Liadaine sa treis san insint, í amhrasach go mbainfeadh caidreamh le Cuirithir dá saoirse agus go srianadh a héigse. 

Ach an tnúthán fós acu araon. Ceist gan réiteach. 

Tá an leabhar soléite, cé go n-admháim gur chuir Béarla na bhFileadh ag ransú foclóra anois is arís mé. Corr focal Fraincise sleamhnaithe isteach le miongháire aici, shílfeá. 

Thug mé suntas d'ainmneacha réaltbhuíonta a úsáidtear, tógtha as taighde Seán mac an tSíthigh mura bhfuil dul amú orm. 

Tá ealaín Chrissie Dervin thar a bheith suntasach. Líníochtaí dubh is bán don gcuid is mó, ach corr spota daithe. Colainn, briste go minic, ach ceiliúradh á dhéanamh orthu freisin. Iad uaireanta oscailte, cnámha agus orgáin le feiceáil. Neart naíonán! Tá an oiread sonraí ar gach leathanach ar a bhfuil léaráid. An nasc leis an insint follasach uaireanta, caolchúiseach uaireanta eile. 

Seoid eile ó Leabhar Breac, le cuir le leabharlann scéalta na mban ón seanlitríocht.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh 
64 lch, clúdach crua; 
ISBN 978-1-913814-85-4 

2026-10-13

Feá litríochta

Bhí mé i sa sean léachtlann fisice i MoLI aréir, áit a bhí Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag tabhairt Léacht Uí Chadhain.

An portach sa nualitríocht a bhí faoi chaibidil aici, i gcaint líofa a léirigh an t-eolas atá aici ar an litríocht chéanna.

Léacht Uí Chadhain a bhí i gceist, thosaigh Ailbhe amach le plé ghairid ar ghearrscéal an Chadhnaigh Ciumhais an Chriathraigh. Géibhinn an chriathrach do Mhuread, príomh phearsa an scéil.

Luaigh sí ansin go raibh sí ar an bportach le Jackie Mac Donnacha agus ar gcaorán le hEoghan Mac giolla Bhríde agus an sraith Ómós Áite á thaifeadadh.

Tá portaigh i bhformhór na nGaeltachtaí, agus go leor de mhuintir na Gaeltachta spléach orthu chun tithe a choinneáil teolaí. Rud a chuireann iad in adharca an dreama atá ag iarraidh an timpeallacht agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú. Agus a thagann salach ar dlíthe Eorpacha, ar a laghad san dóigh a chuirtear i bhfeidhm abhus iad.

Is iomaí ról ag an bportach sa litríocht agus rinne Ailbhe tagairt do na dearcthaí éagsúla, ag tabhairt samplaí ó dhánta. Le leithéidí Jackie Mac Donnacha, Ceaití Ní Bheildiúin agus Nuala Ní Dhomhnaill. Filíocht fáiscthe as tírdhreach agus taithí saoil - agus an bogach ina thinfeadh agus ina dhúshlán.

Léacht iontach spéisiúil. 

2026-10-05

Athfhulaingt W Óg


Alt le Alex Hijmans  a phrioc mo spéis san saothar seo. Rinne mé iarracht tráth saothar Goethe a léamh ach níor éirigh liom mórán adhmad a bhaint as. 

Baineann an scéal le mac mná tréigthe seachas mac baintrí. Mionbhaile. A mháthair sa chomhlacht céanna ina bhfuil sé ag tabhairt faoi printíseacht ann. Smacht freisin ag an FDJ, an eagraíocht óige é. É ina bhuachaill maith dá réir. Edgar Wibeau. De shliocht Úgónach, más fíor. Na 1970í. An SED i réim. 

Go dtí go chliseann ar a fhoighne. Téann sé go Beirlín le comrádaí. Tá Gartenlaube tréigthe ag muintir a chomrádaí. Bothán. (Bíonn coilíneachtaí gairdíní sa Ghearmáin. Bothán agus garraí beag.) Gabhann an comrádaí abhaile, fanann Edgar ann. Uaillmhian aige bheith ina ealaíontóir. Ach an bhfuil an cumas aige? Ní shíleann ollamh na healaíona go bhfuil. Teibí agus míshlachtmhar atá na saothair aige. Gan aon comhartha forbartha. 
Ach tagann páistí ón Kindergarten béal dorais air agus é ag péintéireacht. Leanann Charlie iad. An Kindergärtnerin. Titeann sé i ngrá léi. 
Ach tá lámh agus focal idir í agus fear atá le filleadh ón arm go luath. Mar sin féin caitheann siad am i gcomhluadar a chéile. Teannas idir an lánúin. Eisean ag díriú isteach ar an staidéar. Ceal airgid tosaíonn Edgar ag obair mar ghiolla péintéireachta i tógálacha. É thuas seal thíos seal idir é agus an saoiste. 
Tá uaillmhian ag an saoiste inneall a chruthú chun spraephéinteáil a dhéanamh níos éifeachtaí. Ní éiríonn leis. Síleann Edgar go dtig leis féin é a dhéanamh ar mhodh eile. Bailíonn sé rudaí éagsúla ón dramhaíl sna bothanna eile agus cruthaíonn a inneall. Faoi bhrú ama toisc go bhfuil an bothán le leagadh. Síleann sé go bhfuil éirithe leis, casann sé an lasc. Agus maraíonn an leictreachas é. 

Tógtar an nasc le saothar Goethe toisc nach bhfuil faic le léamh sa bhothán ach cóip de Die Leiden des jungen Werthers. Bíonn Edgar ag cuir teachtaireachtaí chuig a chomrádaí ar téip. Roghnaíonn sé sleachta oiriúnacha as saothar Goethe chun a staid reatha a léiriú. 

An dóigh a insítear an scéal ná go bhfuil athair Edgar, nach raibh teagmháil aige leis ó bhí sé cúig bliana d'aois ag labhairt le daoine éagsúla, a mháthair, a chomrádaí, Charlie, a chomhghleacaithe oibre. É ag iarraidh meabhair a bhaint as a bhás. Fite tríd na gcomhráití seo tá léargas Edgar, é ag freagairt go díreach don méid a deirtear ach ag cuir go mór leis. 

Seachas go raibh mé ag streachailt uaireanta le béarlagar óige na 1970í san DDR, bhí sé soléite go maith. Agus spéisiúil. Edgar sách géar ar bhealach greannmhar faoi na daoine thart air. Agus na sleachta as obair Goethe iontach oiriúnach. 

(Fuair mé cóip leictreonach den leabhar tríd leabharlann ar líne an Goethe Institut). 


Die neuen Leiden des jungen W.
Roman von Ulrich Plenzdorf