09 August 2018

Éagnairc

Tá úrscéalta agus gearrscéalta le Pádraig Ó Siadhail léite agam thar na blianta, ach ní raibh Éagnairc casta mo threo. Tá sé áirithe i measc Úrscéalta na Gaeilge áfach, an iarracht ar canóin úrscéalta Gaeilge na fichiú aoise a leagan síos. Chuir mé fios ar mar sin air ón leabharlann.

Fear de bhunadh Doire an reacaire. Náisiúnaí a fuair oideachas agus a bhog ó dheas, post cluthair státseirbhíse aige. Nuachar as Deisceart Bhaile Cliath.

Cuireann bás agus tórramh a athair é ag machnamh. Ag smaoineamh ar Domhnach na Fola - thug a athair ar an agóid é, ach bhí siad imithe abhaile sular thosaigh an lámhach. Chuaigh comrádaithe bunscoile leis bealaí eile. Cuid acu sna Sealadaigh agus sa ghéibheann. Cuid acu le saibhreas.

Cíorann sé imeachtaí an lae, scrúdú coinsiasa de chineál. Ar thug sé cúl le cine? Cothaíonn an chorraíl teannas lena nuachar a bhfuil col aici le lucht an tuaiscirt. (Ana léargas ansin,  dar liom, ar dhearcadh go leor san daorstát ar muintir an Tuaiscirt.)

Níl aon réiteach néata ar na ceisteanna a mhúsclaítear san úrscéal, mar nach bhfuil réiteach néata san fíor saol.

Níl ceist an Tuaiscirt réitithe ná baol air, fiú anois i bhfad i ndiaidh don úrscéal seo bheith foilsithe. Tá go leor de fós tráthúil measaim. Go háirithe faoin mbearna mór idir meon lucht an daorstáit, ag amharc aneas go doicheallach gan tuiscint.

Is dóigh liom go bhfuil a ionad tuillte sa chanóin.

P

07 August 2018

Máire Nic Artáin

Bronnadh cóip athláimhe den úrscéal seo orm roinnt blianta ó shin. Bhí sé ag luí gan léamh ar mo leabhragáin ó shin. Cuma saonta leamh ar an gclúdach, agus comharthaí gur téacs scoile nó ollscoile a bhí ann- na céad leathanaigh smeartha le nótaí (rud a bhfuil col agam leis). Mhol Caitlín é áfach, agus faoi dheireadh thug mé faoi. Tá áthas orm go ndearna.

Úrscéal íogair staire. Bean óg ag teacht in inmhe i gContae an Dúin ag tús an chéid seo chaite. Pobal measctha, Albanaigh agus Gael gob ar ghob, ag comhoibriú go hiondúil ach bearnaí neamhscríofa ann. Grá ag bláthú trasna an bhearna. Díbeartha go Béal Feirste. Athbhláthú grá. Cúl le cine an praghas. Dlúthú teannais idir na pobail. Ding sa chaidreamh. Brú ón timpeallacht nua agus an teannas ag iompú ina fhoréigin. Tragóid.

Seo créacht oscailte na hÉireann, agus ainneoin tost na ngunnaí is faide ná riamh muid ó réiteach a chinnteodh sonas don ngnáthdhuine.

Ana insint.

Ar fáil ó Chló Iar Chonnacht

03 August 2018

An Bhrídeach Sí

Cé go bhfuil Caitríona Ní Chléirchín feicthe agam i mbun cainte agus go deimhin filíochta cúpla uair ní raibh aon cuid dá saothar léite agam. Le déanaí mar sin chuir mé fios le déanaí ar Crithloinnir agus An Bhrídeach Sí ón leabharlann.

Grá gortaithe an téama is láidre sna dánta, ní grá éagmaise go baileach ach grá a thit as a chéile go pianmhar iar comhlíonadh. Macallaí de seirglí - Is ferr do neoch a chor ass mani charthar mar charas.

Cé go bhfuil go leor pian sna dánta tá friotal íogair álainn iontu. Sa Bhrídeach Sí tá go leor tagairtí do seanchas, tagairtí don Rúraíocht agus araile. Tá tagairtí eile go raibh mé féin dall orthu ceal eolais; ach bhí adhmaid le baint as na dánta ainneoin sin.

Bhí roinnt dánta lasmuigh den téama seirce ann - tinneas tuismitheora agus ceiliúradh bainise.

Bhain mé pléisiúr as na dánta, agus léifinn arís iad. Ba bhreá liom iad a chlos reicthe! Feictear dom go bhfuil cuid acu a bheadh feiliúnach d'fhísdán freisin.