Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-05-30

Cuaird Aspalda de dhíth

Aontaím leis an méid atá na hEaspaig ag rá - gur gá dúinn uilig ar mharana a dhéanamh ar na huafáis a thuairisc an Coimisiún. Ní cuimhin liom cé go beacht a dúirt go raibh gá le saineolas ó lasmuigh den Eaglais chun cabhrú linn an cheist a chíoradh.

Cúis díomá agus fearg dom mar sin na ráitis ó na hOrd ag maíomh as a neamhspleáchas sa cheist seo. Is fíor go bhfuil siad neamhspleách ón gcliarlathas deoiseach in Éirinn. Ach is cuma.

Tá an scannal seo, agus scannal Fearna, agus scannal Áth Cliath atá fós le briseadh orainn, bainteach leis an Eaglais (agus an Stát) tré chéile. Ní mór dúinn uilig, Pobal, Cléir agus Rialtas dul i ngleic leis.

Ní haon nuacht é go n-aimseoidh saobhthóirí deiseanna a ainghníomhartha a imirt ar naíthe agus somacháin. Tá fianaise ann go raibh slabhra de mhí-úsáid i gceist sna cásanna seo; gur iompaigh íobartaigh i nglúin amháin ina gciontóirí i n-aghaidh an glúin dár gcionn. Arís, is eol dúinn go bhfuil sin ann.

Ach an rud faoin gcás seo nach mór a iniúchadh go domhain agus a leasú ná an bealach go raibh an mhí úsáid seo buanaithe sa gcóras.

Caithfear modhanna riartha agus údarás a iniúchadh agus a leasú. Agus ní slán aon iniúchadh ar aon eagraíocht muna bhfuil an iniúchadh sin neamhspleách. Tá an Stáit i ndiaidh an Choimisiún a reáchtáil, agus tá roinnt den scéal anois i lámha na nGardaí.

Ach caithfidh an Eaglais gníomhú freisin. Tá modh ann - Cuaird Aspalda - sé sin le rá, ionadaí ar leith de chuid an Pápa leis an cumhacht iniúchadh foirmeálta a dhéanamh ar dheoise nó proibhinse d'ord rialta.

Tá sé de chumhacht ag an Pápa iad a leasú, nó a scor más gá.

Feictear dom freisin go mbeadh sé do cumhacht ag ionadaí mar seo tarraingt ar shaineolas lasmuigh den gcléir - agus den eaglais - dá mbeadh gá leis.

2009-05-29

Fuineadh Fir

(Íomhá ón Tóstal 1954, a fuair mé ó Wikimedia)

Nílim ag ceannach nuachtáin faoi láthair (pingineacha gann de bharr an cáin bhreise...) Fágann sin breis ama agam léamh agus mé ar m'aistear laethúil tríd an gcathair.

Tá dornán leabhair a fuaireas le huacht agus nár léas fós, ina measc "De Réir Uimhreacha" le Pádraig Ua Maoileoin

Scéal dírbheathaisnéiseach faoi oiliúint Ghardaí sna 1930í, an tslí inár fáisceadh iad ag córas faoi anáil nósanna an RIC agus Arm Shasana. An slí a chuaigh siad in inmhe de bharr (nó bhféidir in ainneoin) an druil agus an foghlaim de ghlanmheabhair dlíthe agus rialacha. Agus gan amhras de bharr an cuimilt agus achrann idir fir óga ar mheoin agus taithí éagsúla.

Leabhair spéisiúil. Scríofa go tarraingteach agus soléite go maith.



De Réir Uimhreacha
Pádraig Ua Maoileoin
Muintir an Dúna 1969

2009-05-28

Aingeal, Deamhain agus fínscéalta an Brúnaigh

Paimfléid ag Mark Shea ag plé le úrscéal Dan Brown, a bhfuil scannán bunaithe air sna pictiúrlanna faoi láthair.

Maíonn an Brúnach go bhfuil taighde cúramach déanta aige ar a chuid ábhair. Ach níl, mar a léiríonn an leathanach seo ag CERN.

Ba chuma, ach go bhfuil aineolas forleathan ann faoin gcreidimh agus an Eaglais, agus go gcothaíonn leabhair Brown na fínscéalta dubha seo faoin naimhdeas idir Creideamh agus Eolaíocht, nuair atá a mhalairt fíor - is as an Eaglais a d'fhás an eolaíocht.

Tá an paimfléid cuimsitheach agus scríofa i stíl éadrom Mhark.

Is fiú é a léamh.

Saothar in aisce

Dúirt an Máistir:
Saothar in aisce foghlaim gan machnamh
Is baolach machnamh gan foghlaim





Táim ag léamh "Empires of the Word" faoi láthair, agus tháinig mé ar an nath suntasach seo ann.

Sin í an cheist

Píosa thar a bheith stuama ag Alan Titley san Times inniu:

Ó sea, bhí a fhios ag daoine. Ná ligimis orainn nach raibh. Cuirimis an bhéalchráifeacht agus an t-iontas uainn. Fearg tar éis na foghla ar chách a chéile anois, ach ciúnas nuair a d’oir.
An t-ómós thar chuimse a tugadh don eaglais Chaitliceach in áit aon tuiscint do dhaoine mar phobal, mar shaoránaigh, mar chomhthalán, is amhlaidh go bhfuil an t-ómós sin géillte ag daoine fadó don státchóras agus d’aicme an airgid.
Sa chás is gur tharla sé gur tháinig leanaí óga chun na tíre seo, abraimis go mídhleathach, agus cuir i gcás gur imigh siad ó radharc gan troigh gan tuairisc, do thuairim an mbeimis ag cur ár mbundún amach ar a son, abair, laidhc?

2009-05-27

Eaglais, údarás, freagracht

De bharr na huafáis a nocht Tuarascáil Ryan tá a lán cainte ar freagracht na "hEaglaise"

Ach tá an scéal níos casta na sin. Ó thaobh dlí de, níl a leithéid de neach dleathach ann agus "an Eaglais". Baineann an scannal seo le ocht ord rialta déag ar leith.

Tá struchtúr thar a bheith díláraithe ag cliarlathas na hEaglaise. Is flaith gach Easpag ina dheoise féin, gan de uachtarán aige ach an Phápa, agus a ghreim siúd sách srianta. Tá beagnach an neamhspleáchas céanna ag sagart paróiste ina pharóiste. Ní comhlacht é an Eaglais leis an bPápa mar príomhfheidhmeannach le cumhachtaí hireáil agus fireáil. Ní bainisteoirí logánta iad na hEaspaig, agus níl i gradam an Promhaidh, nó Príomháidh na hÉireann Uile, ach céim oinigh, primus inter pares. Bíonn an Curia an mhall ag scoir sagart nó easpag.

Agus is eagraíochtaí neamhspleácha iad na hOird freisin; bíonn sé mar nós cúirtéise acu cead an Easpaig logánta a iarraidh roimh dul ag obair ina dheoise, ach sin a bhfuil de smacht ná de údarás aige.
Mar sin, níl sé baileach chomh simplí le iarraidh ar "an Eaglais" níos mó a íoc.

Is cinnte go mba cheart don Stát caitheamh le gach ord rialta agus gach deoise mar chuideachta carthanachta, agus cuntas iomlán agus trédhearcach a éileamh, agus cíos a ghearradh orthu siúd a rinne faillí cóiriúil ina ndualgas.

Is ceart freisin do na hOrd agus na Deoisí stad de bheith ag éisteacht lena ndlíodóirí seachas lena gcroíthe sna cásanna seo. Cinnte, tá seans ann go bhfaigheadh daoine nach bhfuil sé tuillte acu cúiteamh. Ach is dóigh liom go bhfuil an baol sin níos lú anois ná an baol breis anró a chuir orthu siúd a d'fhulaing. Agus an baol breis acmhainní a chaitheamh i ngialla doshásaithe na ndlíodóirí.

Borradh blagadóireachta

Tá an oiread sin blaganna nua Gaeilge ann go bhfuil sé deacair na míreanna nua ar fad a léamh i gceart.

Nach iontach é!

Fotha ar Google Reader agam anseo

Más eol duit ceann nach bhfuil agam ar an liosta, abair liom le do thoil!

2009-05-25

Colainneacha agus colanna

Is dócha go bhfeadfaí tráthúlacht a thabhairt air an fíric go bhfuil Díbirt Dé le Pádraig Standún díreach léite agam. Tráthúil, de bharr an tonn bréantais atá á scuabadh thart orainn de bharr ainghníomhartha daoine a bhain feidhm as a ngradam mar cléirigh chun éigniú corp agus anama a imirt orthu siúd a bhí faoina gcúram.

Tá gné de sin á phlé i saothar an Standúnaigh - baineann snáth amháin den scéal le sagart a d'éignigh gasúr, a bhfuil a théarma príosún curtha isteach aige, agus atá seolta ag a Easpag chun maireachtáil le sagart eile, fear a bhí sa choláiste leis. Tá snáithe eile san úrscéal seo a phléann le lochtanna daonna eile.

Ach ainneoin an adhaltranas, an andúil san ól, an tréigean cairdeas agus an brath atá sa scéal seo, tá roinnt dóchas ann freisin; an dóchas go dtig le duine aithrí agus leorghníomh a dhéanamh; ní ghlantar an smál, agus fanann créacht - ach is féidir leanacht ar aghaidh.

Tugann an blurba rógaire sagairt ar Phádraig Standún - tagairt is dócha dá chol móide féin, agus dá amhras maidir le teagasc na hEaglaise. Ach, cé nach mbeinn ar aon fhocal leis faoi mórán, braithim go bhfuil sé ar a laghad ag iarraidh freastal go dílis ar a phobal.

Murab ionann agus na fuaid úd a bhfuil brat folaithe meirligh déanta acu d'éide an chléirigh.

Fuair an t-úrscéal seo duais Oireachtais as a bheith ina "Fhicsean Éadrom". Bhí duais tuillte aige, ach is éagóir "Ficsean Éadrom" a thabhairt air. Tá scil agus teannas tríd síos, agus deireadh thar a bheith stuama - níl gach rud réitithe, níl siad chun maireachtáil "go sona as sin amach", ach tá clabhsúr éigin ann.



Díbirt Dé
Pádraig Standún
ISBN 978190556016
Cló Iar Chonnachta 2007

2009-05-22

Cogadh Shéamais


(Íomhá ó Wikimedia - grianghraf ó Bull Run)

Fuair mé an leabhar Cogadh Dearg don Nollaig, agus tá sé léite le tamall agam. Níl faic scríofa agam go dtí seo, mar go raibh drogall airithe orm scríobh nuair nach bhfuilim chun a bheith iomlán moltach. Tá ríomhaithne fada agam ar Shéamais, agus theastaigh uaim cothrom na féinne a thabhairt dó.

Mar sin, an cáineadh ar dtúis chun é fháil as an slí! Bhí deacracht agam tosnú ar an leabhar. Phioc mé suas agus chuir mé síos cúpla uair é gan blas cheart a fháil air. Is dóigh liom anois gurbh an chúis a bhí leis sin ná go bhfuil na céad caibidil suite ag tráth san cogadh cathardha nuair a bhí rudaí éiginnte ó thaobh na saighdiúirí de; agus is a léargas siúd a tugtar. Tá siadsan ag dul thart i bhfáinne fí, agus an scéal dá réir. De bharr gurbh tearc m'eolas ar an gcogadh úd, bhraith mé nach raibh an scéal ag dul áit ar bith, agus bhí sé deacair luí isteach air - ní raibh mé cinnte an raibh mé ag athléamh sliocht a bhí léite agam, nó arbh eachtra nua a bhí i gceist.

Níl fhios agam an bhfuil leigheas ar an deacracht seo. Ach seans go mba mhaith an rud é píosa beag a tabhairt an comhthéacs stairiúil a chuir mar réamhrá le 'chaon caibidil.

An locht eile a bhí agam ar an scéal ná gur bhraith me go raibh an caint rud beag calctha, foirmleach. Gan amhras, is deacair dúinne nach bhfuil tumtha i saol na Gaeltachta caint nádúrtha a bhreacadh ar phár. Is seacht deacra é dóibh siúd atá i bhfad ón nGaeltacht!

Ach caithfidh mé a rá gur bhain mé taitneamh as eachtraí laochra an scéal nuair a sháraigh mé na deacrachtaí túis seo, go hairithe nuair a bhog an scéal ar aghaidh ón gcogadh go dtí an saol ina dhiaidh. Tá sé iomlán inchreidte mar scéal, agus léargas grinn ann ar pholaitíocht na nGael Mheiriceánach, agus a dtionchar thall agus abhus, trí shúile fear aonair.

Mar Gesellenstück is éacht atá ann. Táim cinnte gur fhoghlaim Séamas a lán as é a chuir i gcrích agus i gcló, agus go mbeidh feabhas dá réir ar an gcéad úrscéal eile uaidh!


Cogadh Dearg
Séamas Ó Neachtain
Coiscéim 2008

2009-05-21

Ach achon ach am toirsech monuar!

Och, ochón och, táim tuirseach, monuar

An bunleagan ag Dennis anseo:

An ceann seo go deas freisin

Isam toirsech indiú eter chend is choiss (Íomhá le caoinchead Dennis)

Táim tuirseach idir ceann is cos.

Táim, fosta. A chodladh liom anois.

Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid (Matha 6:34)

Tonn thubaisteach truamhéalaí

Tá an tuairisc foilsithe.

Deir Ardeaspag Bhaile Átha Cliath gur pian sa bholg a thugann an léamh dó, agus aontaím leis.

Rinneadh feall nach féidir leithscéal a dhéanamh dó ar na mílte; drochíde corpartha, anama agus collaíochta.

Theip ar an Eaglais. Theip ar an Stát. Theip ar an bpobal.

Níl de dhóchas ann ach go bhfoghlaimeofar ceachtanna, agus nach dtarlódh a mhacasamhail arís, faoi chúinsí éagsúla. Go gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil de dhualgas orthu aire a thabhairt do leanaí leochaileacha. Go mbeidh níos mó daoine ann go bhfuil an misneach iontu labhairt amach - ach freisin go n-éistfear leo.

Tá dóchas agam go ndéanfaidh an tine seo leas don Eaglais agus don Stáit, go scriosfar iarsmaí an urraim míchuí, agus an claonadh tost a bhrú orthu siúd a fhógraíonn an rud nach mian linn a chlos.

2009-05-20

Allagar an Idirlín

Píosa stuama ar First Things maidir leis an deacracht le plé ar an idirlíon.

An deacracht go bhfuil an iliomad glagairí ann. Ach freisin go mbíonn muid ró dheas lena chéile ar uairibh, agus nach mbíonn argóint soiléir fiúntach ann dá bharr.



Nó leigheas eile molta ag Bock an Ropaire (chonaic mé tagairt dó ag Mark Shea, tá an blagasféar ana bheag uaireanta...)

Ros na neamh rúin?

Píosa barrúil ag Pól Ó Muirí san IT inniu maidir le "shocker" Ros na Rún.

Is fíor annamh a fhéachaim air (Duine mise a léann an Bhíobla agus a abraíonn an Phaidrín!) toisc go bhfaighim chuile sórt sobalchlár leadránach - agus toisc nach bhfuil fonn dá laghad agam bheith ag rianadh eachtraí sa sraith, ná aon sraith eile.

Táim ag léamh Díbirt Dé faoi láthair, dála an scéil - rud a bheadh shocking go maith dá ndéanfaí scannán as...

Tá daoine tallannacha i gcliar Ros na Rún agus sa chúlra. Mór an trua nach mbaintear feidhm níos fearr astu...

Níl aon easpa ábhar ann sa Ghaeilge ach oiread.

Iriseoir, mise?

I dtrácht ar phlé thall in iGaeilge, scríobh Séamas

Is iriseoir den chéad scoth thú, a Aonghus. Ní bhfaighidh tú post go deo mar iriseoir, mar sin…


Táim ag glacadh leis gur do mo mholadh atá sé, agus táim buíoch de sin. Ach ní iriseoir mé i mo thuairim. Is beag taighde bunaidh a dhéanaim. Tráchtaim ar rudaí a léigh mé ar líne, sna nuachtáin, nó i leabhair. (Is iontach an L-spás...)

N'fheadar a dtabharfainn tráchtaire orm féin fiú. Na[o]scaire, seans... ag línseoireacht liom, agus corr nóta fánach á bhreacadh anseo agam.

2009-05-19

Enid Blyton na Gaeilge?

Bhí alt spéisiúil ag Ríona Nic Congáil ar Cathal Ó Sandair i gComhar na míosa seo.

Fear a scríobh mórchuid leabhar do dhaoine óga, sraith faoin bleachtaire Réics Carló ina measc. Tá ceann nó dhó acu léite agam, ach tá sé deacair teacht orthu (Ní constaic domhsa an tseanchló - agus ní dóigh liom go mba cheart go mbeadh sé ina chonstaic, ach sin scéal eile). Rinne an Gúm athchló ar "Réics Carló ar Oileán Mhanann" i 1984, ach seachas sin ní dóigh liom go bhfuil teacht ar aon saothar dá chuid, seachas corruair i siopa dara láimhe.

Feictear dom nach raibh aon oidhre cheart air. Cinnte, tá leabhardhó ag Ríona í féin - agus ag daoine cosúil le Iarla Mac Aodha Bhuí - ach níl aoinne ag scríobh as Gaeilge chun dúshlán Eoin Colfer Anthony Horowitz, gan trácht ar Darren Shan, a thabhairt.

Slogann mo mhac is sine na leabhair seo, ach tá sé deacair é a spreagadh chun rud ar bith i nGaeilge a léamh - cé gur cabhair áirithe úrscéalta grafacha Cholmáin Uí Raghallaigh agus seoda an tSnáthaid Mhór.

Fáinne fí atá anseo; ní léann sé i nGaeilge cionn is go bhfuil sé "deacair" (toisc gan taithí a bheith aige air). Cinnte, tá leagan Gaeilge de Harry Potter (leabhar amháin) agus Artemis Fowl (leabhar amháin) agus is scoth-aistriúcháin iad. Ach tuige go léifeadh gasúr iad agus an bunleagan seanléite acu faoin am a thagann siad orthu?

Níl leigheas an scéil agam - is deacair maireachtáil mar scríobhnóir do ghasúir as Béarla, ní áirim as Gaeilge.

Ach is dóigh liom go mba céim mhaith é saothar Uí Shandáir a chuir ar fáil arís. Agus na haistriúcháin a rinneadh thart ar an am chéanna.

2009-05-17

Trí dorcha Hérenn: úam Chnogba, úam Slángae, dercc Ferna.


Béal na hUaimhe
An "Buabhall"

Agus do bhlais mé dorchadas Dearc Fhearna inné.

Uaimh scáfar atá luaite i dTréanna na hÉirinn, as ar thóg mé an teideal don mhír seo, agus in Annalacha na gCeithre Maistrí

M928.9

Gofraith, ua h-Iomhair, co n-Gallaibh Atha Cliath, do thoghail & do orgain Derce Fearna, airm in ro marbhadh míle do dhaoinibh an bhliadhain-si, amhail as-berar isin rann,

1. Naoi c-céd bliadhain gan doghra,
a h-ocht fichet non-dearbha,
o do-luidh Criost dár c-cobhair
co toghail Derce Ferna.




("Tráithníní" ag crochadh ón díon, agus cnapanna san áit a dtiteann an t-uisce ón díon ar an dtalamh)

Bhí treoraí spéisiúil, bríomhar, greannmhar againn - fear as dúiche Eabhrac a raibh cló ceann de laochra Gofraidh air! Bhí rud beag imní orm agus é ag beartú a thóirse mar a bheadh tua catha ann! Is furaist a thuiscint ón áit diamhair seo gur chreid ár sinsir go raibh cónaí ann ar arrachtaigh ann - Luchtighearna, ollchat mhór, mar shampla. Agus aimsíodh fianaise don ár a d'imir Gall Godfraidh ar muintir na háite a théith ann ar mhaith ele dídean. Cnámha mná agus paistí óga. Ní raibh marc foiréigin orthu - creidtear gur plúchadh iad de bharr tine a las na Uiginigh chun iad a thiomáint amach as an bpluais.

Tá na cruthanna a d'fhág an t-uisce agus an aolchloch sa chloch suntasach. Iad glé bán san áit a mbíonn sruth fairsing uisce, agus liath nó donn áit nach mbíonn an t-uisce chomh flúirseach.

Is fiú turas é.

2009-05-15

Fómhar Lá Nua

Mhúnlaigh Lá Nua roinnt den fhoireann a bhí aige, agus tá cuid acu ag treabhadh leo.

Ní haon ionadh é Conchubhar agus Eoghan a bheith ag saothrú leo in iothlainn na Gaeilge. Agus, dár ndóigh bhain Philip leabhar as a shaothar i Lá.

Anois tá Colm Ó Broin ag iriseoireacht leis i nGaeilge ag InsideIreland.

Go n-éirí leo ar fad!

Dar ndóigh, tá cuid de Lá Nua fós ann - Faoi Chaibidil

Toradh saothair

(Seoladh Herschel agus Planck. Íomha le ESA)


Ceann de na gnéithe a bhaineann le bheith ag obair le bogearraí neadaithe ná nach minic go mbíonn deis agat do shaothar a fheiscint i gcruth ábhartha. Agus, chomh maith leis sin, nuair atá tú ag obair san earnáil spáis mar atáim anois, bíonn tréimhse fada ama i gceist le togra.

Cúis sásamh ab ea é mar sin a fheiscint inné go bhfuil an dá árthach ar a bhfuilim ag obair le seacht mbliana anuas seolta faoi dheireadh.

Seoladh Herschel agus Planck inné ó Khourou sa Guáin na Fraince.

Agus chuir ár saothar i gCAPTEC le caighdeáin na córais stiúrtha ar bhoird. Cúis sásamh, mar sin.

Go n-éirí leis na misean, a bhfuil sé d'aidhm acu cuir lenár eolas ar thús na cruinne.

Agus dúirt an Tiarna "Go raibh solas ann" agus bhí

2009-05-14

A Thiarna, tabhair dúinn síocháin

Bhí eachtra álainn neamh tuartha ag tionól an Phápa le ceannairí na reiligiúin i mbaile Íosa, Nazarat.

Ag deireadh na haitheasc tháinig Rabbi i láthair, mhol an méid a bhí ráite, ach dúirt gur gá urnaí le chéile freisin. Thosaigh sé ag canadh "Tabhair dúinn síocháin" i dteangacha na háite, i mBéarla, agus i Laidin. Sheas a raibh i láthair agus glac greim láimhe ar a chéile.

Ansin - comhartha cumhachtach in Iosrael - chan sé i nGearmáinis; teanga dúchais an Phápa, cinnte - ach teanga atá nasctha go buan d'Iosraelaigh leis an Uileloscadh.

Tá físeáin anseo (ag KathTube)

Aguisín 2009-05-18 Alon Goshen-Gottstein ainm an Rabbi chliste. Scéal breise anseo.
Aguisín 2009-05-21 Agallamh le hAlon Goshen-Gottstein anseo. (Scríobh mé féin nóta beag buíochais chuige)

An Pápa agus an Ioslam

Tuairim ag Mercator.net.

Tá súil agam go bhfuil an cheart ag an údár, agus go bhfuil dul chun cinn ann san agallamh idirchreidmheach thar a bheith tábhachtach sin. Má tá an síochán le forbairt, caithfear an lár a neartú! Agus úsáid an réasún.

2009-05-13

Fáidh sa Favela

Tá colún Alex Hijmans i bhFoinse, "Na Ceithre hAirde" i gcónaí spéisiúil.

Ní bheinn go minic ar aon tuairim le Alex, ach bíonn lón intinne sa mhéid a scríobhann sé go minic.

Bhí sé ag trácht an tseachtain seo air fir óga ag cuir lámh ina mbás féin, agus ag tabhairt daoine eile leo. Uafáis i mbailte beaga ciúine cosúil le Columbine, Winnenden Apeldoorn.

Luaigh sé an leabhar "Caithfidh muid Kevin a phlé".

Ritheann sé liom nach bhfuil sna huafáis seo ach an gné is measa de phlá féin mhuiníne agus éadóchais, agus líon ard (go hairithe) fir óga ag cur lámh ina mbás féin. Bheinnse go láidir den tuairim gur toradh atá ann ar an ró dhíriú ar an aonaráin, agus comhlíonadh mianta an aonaráin, beag beann ar a chomhluadar.Ach níl chomhlíontar gach mian go gach duine - rud a fhágann daoine áirithe imeallaithe agus ag creidimh nach bhfuil iontu ach teip.

Ní hé sin go baileach léamh Alex, ach tá roinnt den tuairim chéanna aginn faoi. Cúis imní atá ann d'aon phobal.

2009-05-11

Eolaíocht agus amhras

Bhíomar ag plé dramhaíl núicléach thall sa gharraí.

Táimse míshuaimhneach faoin gceist áirithe sin; ach n'fheadar an bhfuil mé ceart.

Pléann innealtóirí agus eolaithe priacail eachtraí i dtéarmaí dóchúlachta agus iarmhairtí.

Cé go bhfuil dóchúlacht fadhbanna de bharr sileadh nimhe ó ionad stórála dramhaíl núicléach íseal - nó sin a maitear, pé scéal é, cuireann na hiarmhairtí a d'fheadfadh bheith air sceon ormsa, i measc a lán daoine eile.

Mar an gcéanna leis an t-imní a chothaíonn tubaiste eitleáin ionann, ainneoin an dóchúlacht go mbeadh muid féin buailte de bharr tubaiste mar sin a bheith i bhfad níos ísle ná an baol gach uair a théann muid sa charr, nó amach ag siúl cois bhóthair.

Tagann samhlaíocht isteach sa scéal. Bíonn an rud mór, scáfar tarraingteach don samhlaíocht; agus déantar neamhaird de chaint stuama, meáite, tomhaiste, teibí lucht léinn. Tarlaíonn na mórthubaistí, agus cailltear muinín an phobail i bhfriotail theibí an "uafáis nach dtarlóidh ach uair gach míle bliain".

Ainneoin gurbh innealtóir mé, nílimse saor ar an t-imní is an amhras sin ach oiread...

Tabharfaidh mé dóibh leacht agus ainm i mo theach féin

Aitheasc an Phápa i Yad Vashem

Ní féidir, ainneoin gach dícheall, ainm duine a bhaint de.
Ait íogair do cheannaire Caitliceach, go háirithe ceannaire de bunadh na Gearmáine. An scéal ar nuacht RTÉ - go bhfuiltear á cháineadh de bharr nár ghabh sé leithscéal thar ceann a thíre. Ach ní ionadaí na Gearmáine é an Phápa.

Ainneoin obair dreamanna cosúil le "Réitigh an Bhealach" tá ceist Pius XII ina chonstaic maidir leis an Uileloscadh agus an Eaglais. Ní raibh an Eaglais, ná baill na hEaglaise, gan locht - is smál ar stair na hEaglaise an frith Ghiúdachas. Ach rinne an tEaglais oifigiúil níos mó ná mar a tugtar creidiúint di as. Leithéidí Hugh O Flaherty, mar shampla amháin.

Seo mar a rinne an Jerusalem Post tuairisciú ar an scéal.

Ní théann tobar a thrócaire i ndísc
(Olagóin 3:21
- sin an rud a scríobh an Pápa ar an leabhar cuimhneacháin i Yad Vashem)






2009-05-17 Aguisín: Tuairim eile ó Ha'aretz

2009-05-10

Scéal aisteach maidir le saoirse cainte

Ag Mercator anseo: Ciclipéid faoin gCríostaíocht á tharraingt siar, de bharr é bheith ró Chríostaí...

Alt eile faoi anseo

Léargas eile ón Guardian anseo.

Tar éis na halt seo a léamh, níl mé cinnte faoi scéal go díreach, ach táim amhrasach. Go ginearálta. Is dócha go bhfuil eithne an scéil áit éigin idir an dá mhaíomh. Ach ar a laghad is cosúil gur chaith an foilsitheoir go hamscaí leis an scéal.

Beidh le feiscint. Níl nod ar bith ar suíomh Wiley go bhfuil rud ar bith as alt leis an leabhar.

2009-05-08

Oilithreacht síochána an Phápa san Meánoirthear

Tá sé ann ó inniu.

Go raibh rath air, go seachnóidh sé ceisteanna gaisteacha, ach go mbeidh ar a chumas an fhírinne a chraobhscaoileadh go neamheaglach, agus cur le síocháin.

Na meáin agus na galair

Bhí píosa ana mhaith ag Alex Hijmans i bhFoinse (níl sé ar líne, faraor).

Bhí sé ag tarraingt ard ar an slí go bhfuil cad é clúdach ar fliú na muc, ainneoin nach bhfuil ach líon ana bheag daoine a bhfuil an galar tógtha acu, agus líon níos lú fós atá i mbaol báis dá bharr.

Agus nach mbíonn clúdach dá laghad ar galair eile a mharaíonn na mílte. Daoine bochta is mó a chailltear de bharr na galair seo.

Sílim cuid den fhírinne a bheith aige. Ach an rud faoi fliú na muc (nó H1N1 mar ata baiste go hoifigiúil air) na an bealach inár féidir leis scaipeadh go domhanda. Agus an stair a bhaineann le fliú dá leithéid - an fliú Spáinneach, abair.

Ach is fíor freisin gur gnó, thar aon rud eile, atá i gceist le nuachtáin agus na meáin eile. Agus go mbeidh tionchar aige sin i gcónaí ar cad is nuacht ann.



2009-05-09 Aguisín
Tuairim eile - go raibh an tuairisceoireacht go maith, i gcoitinne.

2009-05-04

Is maith an scáthán súil carad

Tá "léirmheas ag comhchéimithe" lárnach in aon saothar innealtóireachta nó eolaíochta.

Tá sé thar a bheith luachmhar in innealtóireacht bhogearraí. Tugtar "Cigireacht Fagan" ar an gcur chuige chórasach scrúdú a dhéanamh air cáipéisí, samhail nó an cód féin a bhaineann le saothar bogearra. Nuair a bhí Michael Fagan ag obair le IBM sna 1970í rinne sé cuir síos cuimsitheach ar an modh cheart leis an tairbhe is fearr a bhaint as cigireacht mar seo. (Tá a pháipéir ar fáil anseo).

Modh thar a bheith luachmhar atá ann. Is eol d'aoinne a scríobhann go minic go bhfuil botúin ann nach bhfeiceann siad féin. Tá "spotaí caocha" againn ar fad, agus is mór an chabhair é súil chomhghleacaí a theacht i gcabhair orainn. (Tá sé d'ádh ormsa maidir le scríobh theicniúil ghairmiúil go bhfuil riarthóir againn a níonn iniúchadh ghéar ar aon cháipéis a chuireann muid ar aghaidh. Ceistíonn sí rud ar bith nach dtuigeann sí, agus is minic barr feabhais ar cháipéis dá bharr).

Go deimhin, tá modhanna oibre ann ina bhfuil cigireacht mar seo lárnach - "Ríomhchlárú Beirte" a tugtar ar an gcur chuige nuair a bhíonn duine amháin ag clóscríobh, agus duine eile ag faire air. Foghlaimíonn an bheirt as seo, agus seachnaítear botúin.

Tá deacrachtaí ann freisin. Ní mian l'aoinne admháil go níonn siad botúin! Agus tá sé rí thábhachtach nach bhfeicfí cigireacht (agus lochtú) saothar mar fogha phearsanta faoin údar. Nó, níos measa fós, go mbainfí feidhm as an eolas a bhaintear as cigireacht chun measúnú a dhéanamh ar dul chun cinn nó tuarastal oibrí. Bheadh a leithéidí baolach d'ionracas agus fiúntas an chórais.

Tá sé ag dul rite orm anois tagairt a fháil, ach tá prionsabal ann a léiríonn go n-athraíonn iompar daoine de réir mar a thomhaistear é, agus bíonn tionchar ag an feidhm a bhaintear as an eolas an an athrú sin. Ní mór súil a choimeád ar an ngné sin freisin.

Tá ceachtanna anseo don bhlagadóireacht freisin, gan amhras....