2024-11-12
Bleaist Eolaíochta
thábhachtach do todhchaí an Stáit, agus go bhfuil tionchar ag an dá rud
ar a chéile. Is taispeántas do bhunscoileanna atá i gceist leis an
Bleaist Eolaíochta ESB, atá á reáchtáil ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.
Le roinnt blianta anois tá lá ar leith á eagrú acu go na scoileanna
Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Bhí breis agus céad ochtó seastáin ann
nuair a bhí mé ann mar mholtóir i Márta 2024. Ceisteanna roghnaithe agus
cíortha ag na ranganna iad féin, le cabhair óna n-oidí. Gach rud ón gcré
fúinn go dtí an spás ós ar gcionn. Ní breith atá i gceist leis an
moltóireacht - ní comórtas atá i gceist. Feidhm an mholtóra ná na daltaí
a spreagadh, a bhfiosracht a chothú agus iad a neartú i gcuir i gcrích
an modh eolaíochta. Spreagtar iad nuair a thugann duine fásta, nach
múinteoir ná tuiste iad, aird ar a gcuid oibre, ag cuir ceisteanna agus
á phlé leo. De bharr mo chúlra féin, is tograí a bhain leis an spás a
rinne mé moltóireacht orthu, ach bhí réimse leathan ann.
Ardú croí a bhí ann bheith ag plé le daoine óga fiosracha. Anuraidh, bhí
ionadaíocht ann ón gceathrú cuid de na Gaelscoileanna agus scoileanna
Gaeltachta. Agus lón machnaimh! Bhí ceisteanna éagsúla á phlé acu, agus
dearcadh úr acu orthu.
Tá moltóirí á lorg arís. Is é 15ú Samhain an spriocdháta. Beidh Lá
speisialta do Ghaelscoileanna agus do scoileanna Gaeltachta ar an 6ú
Márta 2025, san RDS i mBaile Átha Cliath. Is féidir spéis a léiriú trí dul i dteagmháil le niamh.mcnamara@rds.ie.
2024-01-15
Taibhreamh agus Tromluí Kepler
2021-11-24
Gaois dearmadta na sinsir

Das war ein Vorspiel nur, dort wo man BücherVerbrennt, verbrennt man auch am Ende Menschen.Heinrich HeineAlmansorNí raibh ansin ach réamhrá, san áit a dóitear leabhairDóitear daoine faoi dheireadh.
2019-01-22
Spéartha Iúrasacha
Bhí mé san Ard Mhúsaem i mBeairic Uí Choileáin de Domhnaigh le m'iníon. Chuaigh muid ann chun an taispeántas Spéartha Iúrasacha (Béarla, faraor) a fheiceáil. Seachtaispeántas de chuid "Zú na Mairbh" (Músaem Stair an Dúlra) atá ann. Bhí tagairtí ar líne feicthe agam dó.
Tá an taispeántas níos lú ná mar a raibh súil agam leis, ach tá an dá sheomra leagtha amach go héifeachtach agus an dúrud eolais ar fáil.
Is macasamhail de iontaisí Archaeopteryx atá ag croílár an taispeántais, ach tá comhthéacs éifeachtach tugtha dóibh. Iontaisí agus mionsamhail de feithidí agus éisc. Éin éagsúla idir dordéin bídeach agus Albatras Fáin ollmhór. Ialtóga idir sean is nua. Athchruthú gleoite dathúil de Archaeopteryx féin agus míniú shoiléir ar an rogha faoi dathanna éagsúla na gcleití.
Míniú freisin ar conas a cruthaíodh na hiontaisí, cé agus conas a fuaireadh iad, agus an chaoi a cuireadh le cruinnis eolais na heolaithe diadh ar ndiaidh.
An leanúnachas idir ainmnithe an tréimhse Iúrasach agus cinn an lae inniu, feithidí agus éin ach go háirithe.
Painéil eolais i mBéarla agus Gaeilge. An Ghaeilge soiléir soléite, ach roinnt saintearmaí nach mbeadh agam (ná sa Sacs-Bhéarla ach oiread).
Táim sásta gur thug muid cuairt air. Thug muid cuairt ar seomraí eile agus muid ann, ach sin scéal do bhlagmhír eile.
2017-11-20
Coinneal in aghaidh deamhain an aineolais
Léigh mé leabhair le Carl Sagan le déanaí, The demon haunted world - science as a candle in the dark.
Duine é Sagan a raibh sé de bhua aige smaointe eolaíochta a roinnt leis an ghnáth phobail. Scríobh sé an leabhar seo sna 1990í toisc go m'bhfacthas dó go raibh bréag eolaíocht agus teoiricí comhcheilge ag fáil seilbh ar mheoin an phobail, agus go raibh litearthacht eolaíochta ag trá, agus aineolas, imní agus piseogacht ag scaipeadh.
Sin imní atá orm féin. Ar ndóigh is ábharaí ab ea Sagan agus is creidmheach mé féin. Mar sin féin (rud a aithníonn Sagan sa leabhar) is buanchuid den smaointeoireacht Chaitliceach gur féidir an réasún a úsáid chun tuiscint a fháil ar an Chruinne, gur cruthaitheacht Dia a fheidhmíonn de réir réasún atá ann.
Níl, mar sin, aon choimhlint buan idir mo chreideamh agus eolaíocht (cé gur líonmhar na hachrainn idir pearsain san dá réimse - polaitíocht agus míthuiscintí a mbunús go hiondúil).
Pléann go leor den leabhair le scéalta daoine a chreideann go ndearna eachtardhomhandaigh iad a fhuadach. Léiríonn Sagan an dóigh go mbíonn tionchar ag cultúr coiteann ar na sonraí a tuairiscítear thar am. Na gnéithe atá comhthreomhar le scéalta faoi deamhain agus sióga ag fuadach daoine. An baol atá ann (i gcásanna mí úsáid agus 'cuimhní folaithe' freisin) go mbeadh tionchar ag síceolaí ar an méid a shíleann an duine gur cuimhin leis. Go bhfuil sé suntasach go mbíonn an fáthmheas ar an gcúis le hanró anama ag teacht beagnach i gcónaí le réimse spéise an teiripeora, pé acu ionsaí mígheanasach nó eachtardhomhandach atá i gceist. Agus go bhfuil sé cruthaithe i gcásanna ar leith gur chuir an teiripeoir síol na smaointe i ngan fhios dó féin.
Uirlis thábhachtach intinne is ea amhras an eolaí.
Cúis imní easpa oiliúna ann agus scaipeadh piseoga. Tá an saol ag braith ar theicneolaíocht agus tuiscintí eolaíochta. Tá sé baolach mura bhfuil tuiscint forleathan ann ar a mbunús chun go mbeadh ar ár gcumas i ndaonlathas breith stuama a dheánamh chun ár leasa.
Meabhraítear sliocht i Screwtape Letters Lewis dom ina ndeir Screwtape gurb é sprioc reatha na ndeamhan ná ábharachas lámh ar lámh le creideamh misteach i bhfórsaí a scaipeadh - asarlaithe ábharaíocha a ghineadh.
Tá a leithéid ann.
2017-10-06
An tEaspag agus an Vaicsín
Tharraing agallamh le déanaí le hEaspag raic mar gheall ar a thuairimí ar an vaicsín a thugann imdhíonadh i gcoinne ailse béal na broinne. Ceist bheo atá ann, mar go bhfuil freasúra in aghaidh an vaicsín seo, agus vaicsín eile, ag cothú imní agus ag laghdú úsáid na vaicsín.
Neamh litearthacht eolaíochta is cúis le cuid mhór den imní, maraon le heaspa muiníne i saineolaithe agus amhras faoi ollchomhlachtaí atá ag fáisceadh brabús ollmhór as riachtanais sláinte an phobail.
Ó chuir Edward Jenner spéis i sciamh cailíní deas crúite na mbó, agus an cúis leis, tá vacsaíní tar éis go leor galair uafara a scuabadh chun súil. Ach is gá go mbeadh siad in úsáid go forleathan sa phobal chun bheith éifeachtach.
Ag an am céanna, de bharr teacht ar fáthmheas níos fearr, agus cuinsí timpeallachta tá galar nua fearacht uathachas a aithint, nó i gcás Gardasil (an vacsaín in aghaidh HPV) siondróim tuirse a bhuaileann mná óga sna déaga. Níl cúis aitheanta ag na galair seo. De bharr go n-aithnítear iad thart ar an aois céanna le dáileadh na vaicsín, táid ann a mhaíonn nasc idir an dá rud.
Tá na maíomha seo bréagnaithe ag eolaithe, ach tá frídín an amhrais láidir.
Scaiptear scéalta truamhéalacha agus treisíonn an amhrais.
De bharr go mbíonn eolaithe cúramach, meáite ina gcuid cainte, agus de bharr nach dtuigeann an pobal forleathan a n-uirlisí, dóchúlacht mar shampla, ní cloistear a dteachtaireachtaí.
Sampla maith den neamh litearthacht eolaíochta seo ná meancóg an easpaig a mhaígh nach bhfuil Gardasil ach '70% sábháilte'. Bíonn amhras i gcónaí orm faoi% agus rud teibí fearacht sábháilteacht. Sa chás seo, sé an ráiteas cruinn ná go dtugann an vaicsín imdhíonadh iomlán i gcoinne seacht as deich gcinn de na cúiseanna le hailse béal na broinne.
Ar ndóigh, an chúis a spréach daoine faoi chaint an Easpaig ná gur luaigh sé collaíocht agus peaca.
Trí teagmháil collaí a scaiptear HPV. Dáiltear é ar mhná óga sna déaga le bheith cinnte nach bhfuil siad gníomhach go collaí fós.
Cúis imní do roinnt é go mbeifí ag fógairt go bhfuiltear ag súil le mná a bheith gníomhach go collaí go luath tar éis an aois a mholtar é dháileadh. Go mbeifí ag treisiú dá réir ar an mbrú orthu géilleadh dá miangas féin agus miangas na bhfear thart orthu.
Is geall le dogma ag roinnt go bhfuil collaíocht breá folláin agus, má chleachtar 'go sábháilte' é, saor ó iarmhairtí.
Níl sé sin iomlán cruinn, rud a léiríonn an ardú i líon na cásanna de ghalar a scaiptear de bharr teagmháil collaí. Is fíor go maolaíonn coiscín, úsáidte i gceart, baol galar a tholg. Ach déantar meancóga. Agus teipeann ar coiscíní freisin.
Tá gné eile atá níos deacra a thomhas go heolaíoch, mar go bhfuil iompar daonna i gceist - an rud ar a dtugtar 'risk displacement'. Má shíleann daoine go bhfuil cosaint ar phriacail amháin acu rachaidh siad sa fiontar ar bhealaí eile.
Tharraing an Pápa Beinidict raic nuair a dúirt sé nach leor scaipeadh coiscíní le dul i ngleic le SEIF san Afraic. Ach tá an taighde ag an saineolaí Edward C Green ag teacht leis an méid a dúirt sé.
Is modh dlisteanach an priacail a bhaineann le hiompar a maítear a bheith mímhorálta a lua mar a rinne an tEaspag, ach ní cheart braith air.
Tá fís dearfach ag an Eaglais don collaíocht idir fear agus bean, le meas agus grá eatarthu, grá atá oscailte do leanaí a tabhairt ar an saol. Cinnte tá íobairtí i gceist, gá an leithlis a smachtú. Ach is fíor sin faoi mórán gach rud fiúntach.
Teachtaireacht atá ann nach bhfuil glacadh leis go forleathan san saol faoi láthair.
Measaim áfach go raibh an Pápa Pól fáidhiúil nuair a dúirt sé gurb é an toradh ar úsáid frithghiniúint (agus cuimhnigh gur laistigh den pósadh amháin a bhí á phlé aige) ná easpa measa agus leithlis.
Measaim go léiríonn an saol go raibh an ceart aige, agus go bhfuil leithéidí Tinder agus modhanna eile caidreamh fánach a scaipeadh ag cuir le mí shonas agus deacracht caidreamh buan a chruthú.
Tá teachtaireacht dearfach morálta le scaipeadh, ach is ceart é bheith in éineacht le cruinneas eolaíochta. Rachaidh sé níos doimhne, ar ndóigh, mar ní thugann eolaíocht réiteach ar cheisteanna eitice.
Tá gá áfach le hoideachas idir eolaíochta agus morálta. Rud atá deacair agus muid ár dtumadh féin i ngeilleagar na hairde, ag cruinniú croíthe ar Twitter agus ordóga ar straoisleabhair.
Agus sin mo racht fadálach dhuairc go n-uige seo. N'fheadar ar éirigh liom fiú an méid a bhí uaim a rá a chuir go soiléir.
2017-02-20
Imbolc 2017: Deannach na Réalta
2016-10-18
Canathaobh nach dtagann Saintí isteach an doras?
Ceist mós meabhrach, a chuir a iníon ar Daithí de Mórdha. Is cuimhin liom duine éigin a rá go raibh ról ag an bhfear céanna i saol an pháiste - ag múineadh an cheacht riachtanach, nach iomlán na fírinne a insíonn a dtuismitheoirí i gcónaí.
Teach ilchultúrtha s'againne, tá cúpla scéal. Líonann San Nioclás na bróga le féiríní ar a lá fhéile, 6ú Nollaig. Bíonn bronntanais cois teallaigh, i stocaí ar leith, Lá Nollag. Is ar féile na foilsithe fágann Caspar, Balthasar is Melchior féiríní cois beithilín don líon tí.
Tá na scéalta faoi San Nioclás fréamhaithe i naomhsheanchas San Nioclás Myra a luaitear le tarrtháil iníonacha ceannaí ó striapachas tré spré a chuir ar fáil in am an ghátair. Tá scéalta eile faoi mar cosantóir leanaí agus faoina fhéile. Ar ndóigh, tá tréithe eile i Santí na linne seo, a fuineadh as corcán na gcultúr i Meiriceá, Seán Séamus Seaca na Rúise, abair.
Mairimid i ré a deir ós ard nach bhfuil d'fhirinne ann ach fírinne inphrofa na heolaíochta nádúrtha, atá ar fáil do na céadfaí. Ós íseal áfach géilltear don teoiric chomhcheilge, don bpisreog is don ráfla.
Dúshlán ar leith atá ansin don creidmheach, a bhfuil an parabal is an fabhalscéal tábhachtach i seachadadh an fhírinne dó. A ghéilleann do fhreagra Íosa ar cheist Phíolóid fé cad is fírinne ann:
“Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha."
Eoin 14:6
Bhain Íosa úsáid éifeachtach as parabail, ag maíomh go mba ghá don té a bhfuil cluasa air éisteacht. Ar ndóigh, sé foirceadal na hEaglaise Caitlicí gur faoi tinfeadh Dé a scríobhadh na Scrioptúir. Ní hionann sin is gur lámhleabhar eolaíochta atá le léamh go litriúil atá ann. Mar a dúirt Bellarmine le Galileo, múineann scrioptúir dúinn conas dul chun na flaithis seachas conas mar a bhíonn na flaithis ag dul.
Leabharlann ina bhfuil filíocht, stair, gaois, aoir agus teagasc atá sa Bhíobla. Is ann atá fotha an naomhsheanchais; is taca don traidisiún atá ann. Ach is gá é a scagadh agus a thuiscint.
Maíonn Terry Pratchett gur Pan Narrans - ápa inste scéil - an duine dáiríre. Creidim go bhfuil a mhéir leagtha aige ar rud thar a bheith tábhachtach. Is tríd scéalta a insint a fhaigheann muid tuiscint agus smacht ar an saol. Ach is gá gan eithne na fírinne a chuir trína chéile le blaosc fileata an scéil.
Focal ana úsáideach dá réir 'canathaobh', agus tá freagra ionraic dlite do cheist páiste nó duine fásta. Tharlódh go minic gur 'N'fheadar' an freagra cuí!
Tosach feasa foghlaim, ach fotha gaoise umhlaíocht.
2014-03-04
Teip níos fearr
All of old. Nothing else ever. Ever tried. Ever failed. No matter. Try again. Fail again. Fail better.
Níl a leithéid de rud ann agus turgnamh ar theip air. Níl ann ach turgnaimh a raibh toradh gan choinne orthu.
Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís; (Sea 24:16)Éirí arís, sin an eochair! Éiríonn go maith leis an taispeántais seo, agus go ghíceanna na litríochta ní hamháin go bhfuil lámhscríbhinn Beckett ann, móide a leasaithe ach tá Fedora Bhrain Ó Nualláin ann, i gcomóradh ar a leabhar An Treas Phéas, a raibh gach cuma air gur teip a bhí ann, sa dóigh is gur lig Myles air go raibh sé caillte - ach atá anois ina bhunchloch i gcanóin a shaothar!
Má bhíonn deis agaibh, buail isteach! (Tá caifé deas ann freisin!)
2014-02-02
Cabhair imtharraingthe
![]() |
| Le Leafnode ó Wikimedia Commons |
Samhail amháin atá feicthe agam ná liathróid a chaitear le traein. Má tá luas 50 km/h faoin dtraein agus 30 km/h faoi liathróid, feicfear do thiománaí na traenach go bhfuil luas 80 km/h ag an liathróid ag teacht, agus 150 km/h a bheidh an luas a fheicfidh duine atá ag seasamh socair agus an liathróid ag imeacht.
Tá castacht breise sa cheist agus beidh orm machnamh níos mó a dhéanamh air. Ach is iontach an cleas atá ann, ag sábháil breosla do na hárthaigh agus ag oscailt deiseanna nach mbeadh ann dá cheal.
Agus é ar fad ceaptha ag matamaiticeoirí i bhfad roimh a úsáid!
2012-08-12
Pan Narrans
2012-06-28
An matamaiticeoir, an bitheolaí & draoi na bhfocal
Admhaím áfach gur spreagadh suim as an nua ionam sna leabhair seo anois. Rud eile ar fad atá i gceist - is amhlaidh gur chuir an triúr aithne ar a chéile de bharr suim Jack Cohen2 ach go háirithe i ficsean eolaíochta agus é a bheith ag freastal ar comhdhálacha. Bhí leabhair chun oideachas a chuir ar an bpobal faoin eolaíocht scríofa ag Ian agus Jack araon ar leithligh roimhe, agus fuair siad comhairle ó Terry maidir le conas scéal ceart a dhéanamh as leabhair eile a bhí beartaithe acu.
As sin d'fhás togra chun an Teacsdomhain a úsáid chun mistéir na heolaíochtaí ar an Domhain seo - an mealldomhain - a mhíniú. An consaeit ná go raibh lámh de thaisme ag draoithe an Teascdomhain i gcruthú cruinne s'againne, agus go mbíonn siad ag coinneáil súil uirthi. Mar sin, scríobhann Terry urscéilín faoi na heachtraí ar an domhan mar a fheictear do na draoithe iad agus cuireann an dís eile caibidil faoin bunús eolaíochta don rud atá ag tarlú leis. Cineál fonótaí fada.3
Maidir leis an gcaint féin, thug Ian Stewart cnámha an scéil dúinn faoi conas a tháinig ann do na leabhair, agus chuir an bheirt eile isteach air aon uair go mba mhian le cuir leis an méid a dúirt sé. Bhí an rud ar fad idir éirimiúil agus greannmhar, agus an-spéisiúil. Tá sé deacair a cheart a thabhairt don chaint anseo.
Ag an deireadh bhí plé ar an dá dhearcadh is féidir le duine a bheith aige ar an gcruinne - an dearcadh paróisteach gur an duine lár agus brí na cruinne, agus an dúlra ann dá úsáid; nó an dearcadh nach bhfuil ionann ach screamh ar spota smúit i réaltra leadránach ar imill na cruinne. Ní leor ceachtar dearcadh. Is fearr an dá dhearcadh a chuir le chéile agus ligeann dóibh a chéile a mhúnlú.
Bhí nath deas ag Jack Cohen a dúirt a sheanathair leis an pointe cinniúnach ina shaol: nath atá seafóideach ó thaobh na bitheolaíochta, ach lán gaois mar sin féin: "An mian leat bheith i do foiche nó i do chráinbheach?" i. an mian leat dearcadh fairsing, leathan, cuiditheach nó cúng santach a bheith agat?
Tá na leabhar anois ar mo liosta agam. Mar a tharlaíonn, chroch mé an tríú ceann liom ón leabharlann de Máirt seo chaite mar chuid den stoc leabhair atá mé chun breith liom ar mo shaoire. (Táim ag dul siar ar feadh coicís.)
1Bhí sé ar an Late Late ar na mallaibh, ach ní raibh mé san tír - d'fhéach mé ar ar an ríomhaire ar ball, shíl mé go ndearna Tubridy praiseach den agallamh. Ar youtube anseo agus anseo.
2Caithfidh mé a rá gur mheabhraigh Jack Cohen draoi de chuid an Teascdomhain dom - fear mór groí agus é gléasta i veist ildaite!
3Mar a dúirt duine acu, thug Terry Pratchett ina chuid leabhair nós na bhfonótaí, a bhí tite i léig, ar ais arís.4
4Sea, tá mise ag déanamh aithris ar an nós!
2012-04-20
Imbolc 2012: Ag ríomhadh réalta
![]() | |
| Diarmaid de Búrca Íomhá le caoinchead Imbolc & an Ghrianghrafadóra |
Sna sean laethanta breátha, d'athdhéan fisiceoirí turgnaimh a chéile, le bheith cinnte. Na laethanta seo cloíonn siad le FORTRAN chun a gcuid ríomhchláir a roinnt le chéile, fabhtanna agus uile.Chuir sé ionadh orm go bhfuil POREC scríofa i FORTRAN! Shíl mé uirlisí i bhfad níos fearr a bheith ar fáil do shaothar mar é anois. Ach bhí an caint thar a bheith spéisiúil agus is deas a chlos go bhfuil bun-taighde mar seo ar bun fós in Éireann.
2010-12-03
Blúirín: arsanaic agus beatha nua
![]() |
| Radharc ar Mono Lake, áit ar aimsíodh an frídín. Ón gnáth fhoinse. Le Mila Zinkova |
Beatha atá ann, Jim, ach ní mar a bhfuil taithí againn air...
Is maith liom an smaoineamh go mbeadh cabhair anseo do nithe atá de dhíth orainn ach bac orainn de bharr easpa fosfar.
2010-11-30
Erst kommt das Fressen, dann kommt die Moral
Ní ionann saint agus ábharachas, pé scéal é.
(Thóg mé teideal an mhír seo ó Bhrecht - ar dtús an chothú, ansin an moráltacht. Ní aontaím baileach leis sin ach oiread, cé gur dóigh liom go bhfuil sé fíor go bhfuil gad a chaithfear a scor chun a bheith in ann machnamh ar an cheart - agus ní moráltacht go machnamh)
Nod libh go bhfuil podchraoltaí de chláir Conn - Ar Strae sa tSaotharlann ar fáil anseo. Is fiú éisteacht leo!
2010-10-02
Blúirín: Podchraoltaí ar Strae sa tSaotharlann ar fáil anois!
Bíonn alt ag Conn i nGaelscéal ag dul leis an gclár chomh maith.
2010-09-22
Maois, an muir agus na hEolaithe
![]() |
| Trasnú an Mhuir Rua le Mashtots, 1266. Ón gnáth foinse. |
Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile, agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu. Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu agus isteach leo i lár na farraige ina ndiaidh, le capaill agus carbaid agus marcshlua Fhorainn go léir. Le ham faire na maidine, d’fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach. Chuir sé rothaí na gcarbad i ngreim i dtreo gur dheacair dóibh dul chun cinn. Liúigh na hÉigiptigh: “Teithimís ó láthair na nIosraelach mar go bhfuil an Tiarna ag troid ar a son in aghaidh na nÉigipteach.”Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn na farraige i dtreo go bhfillfidh na huiscí ar ais anuas ar na hÉigiptigh ar a gcarbaid agus ar a marcshlua.”Shín Maois a lámh amach os cionn na farraige dá bhrí sin agus le breacadh an lae d’fhill an fharraige ar a cúrsa gnáth. Chuaigh na hÉigiptigh ceann ar aghaidh isteach inti ina raon teite agus chloígh an Tiarna na hÉigiptigh i mbroinn na bóchna. Ag filleadh di threascair an tuile carbaid agus marcshlua agus sluaite uile Fhorainn a lean na hIosraelaigh isteach san fharraige; níor tháinig fear inste scéil slán. Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.
(Eax 14:21-29)
Tá scéal i go leor de na meáin inniu go bhfuil eolaithe tar éis an eachtra seo a "mhíniú". Scéal measartha rialta atá ann go bhfuil seo nó siúd ón mBíobla "mínithe" - an eachtra seo ach go háirithe, agus níl mé cinnte cén tátal atá á bhaint as. Ná, go deimhin, cén difear a níonn sé, bealach amháin nó bealach eile. Fiú más fórsaí an nádúir a bhí i gceist - nach tráthúil gur in am an ghátar d'Iosrael a shéid an ghaoth?
2010-09-15
Ar strae sa tSaotharlann: suíomh ann anois
B'fhearr liom rud éigin níos cuimsithí, ach is dócha go bhfuil Conn agus Risteard go hiomlán gafa leis an gclár.
Tá suíomh RTÉ rud beag procrustach, sílim. Agus ní dócha gurbh iad cláir RnaG an cloch is mó ar phaidrín lucht IT RTÉ.
Agus níl ar fáil ach na diabhail *.smil sin, seachas podchraoladh ceart ar féidir íoslódáil agus cur i do phóca - réimse ina raibh Conn ar na ceannródaithe. Is trua sin.
De bharr athruithe foirne in RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh ciorrú suntasach ar líon na bpodchraoltaí a bheidh ar fáil. Tá súil againn gur athrú sealadach atá anseo, ach go dtí go bhfógrófar a mhalairt, is é Adhmaidin an t-aon chlár a mbeidh podchraoladh ar fáil dhó. Ár leithscéal leis an lucht éisteachta mar gheall air seo.
De réir mar a thuigim, luíonn an tua níos troime ar RnaG ná ar chodanna eile de RTÉ.
2010-09-13
Socair sa tSaotharlann
Conn Ó Muíneacháin atá ina bhun, agus bhí alt ag dul leis ar Gaelscéal na seachtaine seo (ach níl leagan den alt gur féidir liom nasc a chuir leis ann). Níl an suíomh idirlín an chláir réidh fós ach oiread, ar an drochuair.
Ag tógáil ar an méid a rinne sé i Eureka atá sé lena leathbhádóir nua Risteárd Ó Choisdealbha. De réir alt eile i nGaelscéal (agus pictiúr den dís gona gcótaí bána saotharlainne á mhaisiú) beidh Risteárd ag feidhmiú mar an duine gan taithí agus lán d'iontas - sórt Watson le hais gíc Holmseach Chonn. Bhí cuid de sin le clos agus iad ag dul don turgnamh maidir le teannas dromchla uisce. (Sin ceann a dhéanadh píosa deas físe do youtube - súil agam go mbeidh a leithéid i gceist nuair a bhíonn an suíomh beo).
Bhí míreanna spéisiúil eile acu: faoin nasc hidrigine, atá riachtanach dúinn - murach iad is gal a bheadh san uisce ag 150 céim faoin reophointe! (Rud a d'fhoghlaimíos ón gclár!); faoi fíoruisce atá á chuir i mbuidéil in-bhithmhillte, agus scéalta uisciúla nach iad.
Clár spéisiúil, agus súil agam go mbeidh podchraoladh ar fáil, agus suíomh chuimsitheach mar a bhí ag an Fiontar eile sin de chuid Conn - An Líonra Sóisialta.
Ana smaoineamh is ea na cláir tras-ardáin seo.



