Píosaí liom in áiteanna eile:

2012-04-20

Imbolc 2012: Ag ríomhadh réalta

Diarmaid de Búrca
Íomhá le caoinchead Imbolc & an Ghrianghrafadóra
Réalteolaí óg is ea Diarmaid de Búrca. Tá sé ag dul d'iarchéim san réaltfhisic faoi láthair in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus é ag baint feidhm as samhail ríomhaireachta chun tuiscint níos fearr a fháil ar conas a ghineann cineál áirithe réalta - pulsáir - solas agus radaíochtaí eile. Is iomaí teoiric atá ann, ach tá tomhais agus réaltléamha ann freisin. Mar sin, is féidir samhail a dhéanamh san ríomhaire bunaithe ar theoiric áitithe. Ginfidh an samhail patrúin fuinneamh. Is féidir an patrúin sin a chuir i gcomparáid leis an méid a tomhaiseadh  agus ansin barúil a thabhairt faoi chruinneas na teoirice. Ach, gan amhras, tá an iliomad athróg agus paraiméadar le cur san áireamh mar sin is gá an ríomhchlár a chuir in oiriúint agus a chur ag ríomhadh, arís agus arís eile agus ansin breithiúnas a thabhairt ar na torthaí agus cé chomh cruinn nó dóchúil is atá siad. Thug Diarmaid léargas breá, feiliúnach do mo leithéidí de thútach san earnáil ar na pulsáir iad féin, agus ar a chuid oibre leis an ríomh-córas POREC. Bhíos ag caint leis ina dhiaidh agus d'fhiafraigh mé de an i FORTRAN atá POREC scríofa. Bhí mise ag magadh, nath Dijkstra i mo chuimhne:
Sna sean laethanta breátha, d'athdhéan fisiceoirí turgnaimh a chéile, le bheith cinnte. Na laethanta seo cloíonn siad le FORTRAN chun a gcuid ríomhchláir a roinnt le chéile, fabhtanna agus uile.
Chuir sé ionadh orm go bhfuil POREC scríofa i FORTRAN! Shíl mé uirlisí i bhfad níos fearr a bheith ar fáil do shaothar mar é anois. Ach bhí an caint thar a bheith spéisiúil agus is deas a chlos go bhfuil bun-taighde mar seo ar bun fós in Éireann.