Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-07-20

Siombalachas agus Harry Clarke

Bhí mé ar Aifreann in Uachtar Ard inné. D'aithin mé ar an bpointe gurb le Harry Clarke an fhuinneog laistiar den altóir - an gorm, an glas, na haghaidheanna, an iliomad sonra.

Bhí bileog os comhair na haltóra ag cuir síos ar an siombalachas sa phictiúr. 

Tá cuid de na siombail agam, ach cuid mhór nach raibh. 

Ábhar iontach marana. D'fhéadfá tamall fhada a chaitheamh os a chomhair, ag piocadh amach sonraí. Muire, Eoin agus Máire Mhaigdiléana. An Tríonóid. Blaosc, ag seasamh d'Ádhamh agus an bás de dheasca a pheaca. Cór na nAingeal. Grian agus gealach, ag seasamh don chruinne uilig. 

Na dathanna, a chiall féin ag gach dath acu. 

Agus ealaíon den scoth. 

2026-07-19

Cois Réine atá an balla


Ar iasacht a fuair mé an leabhar seo. Stair ailtéarnach. Éiríonn leis an Putsch i gcoinne Gorbatschow. Cuireann an Aontas Sóivéadach gothaí troda orthu féin. Tosaíonn ag caint ar fiacha gan íoc an Chogadh Mór tírghrách. Géilleann cumhachtaí an Iarthair an Ghearmáin Thiar dóibh, cónaidhm le bheith ann idir an DDR agus BRD. Demokratische Republik Deutschland. Gealltar do muintir an Iarthair go mbeidh gach rud mar a bhí, ach ar ndóigh is bréag sin.

Iriseoir reacaire an scéil, atá ar a sheachaint i Zürich de dheasca cúpla botún a d'fhág na húdaráis sa tóir air. 

Úsáidtear na hainmneacha a bhaineann leis na pearsain stairiúla, agus minic go leor macallaí díreacha as an stair.

Fágann ról an iriseora agus na daoine eile atá ar deoraíocht i Zürich, teifigh ó thoir agus thiar, gur féidir leis an scéal iomlán a insint.

Léamh iontach spéisiúil. 

Agus ábhar machnaimh. 

Nua ar Aonghus.eu



Óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé.


Fuair mé Eoghan Béal do mo bhreithlá. Athinsint ag Darach Ó Scolaí ar dornán scéalta ó na meánaoiseanna. Cé gur Eoghan Béal an teideal, níl ina scéal siúd ach réamhrá. Dáiríre is an streachailt fuilteach don comharbas ábhar an scéil. Bráthairchath.
Ciarán Chluain Mhic Nóis tarraingthe isteach sa scéal, ag iarraidh doirteadh fola a chosc. Faltanas agus feall. Mallachtaí éifeachta. Agus carachtar - Neimheadh - ag imirt ról Bhriciu, ag cothú achrainn agus ainghníomh. Eisean is cúis go minic le briseadh focal agus doirteadh fola.

Tá saibhreas i dteanga an insint, ach tá sé soléite. Mar a bhíodh sna sean LSS tá filíocht anseo is ansiúd síos tríd. 

Agus tá ealaín Alé Mercado iontach, agus neart de ann. Dorcha nuair is gá. Léiriú ar eachtraí an scéil a chuireann leis an insint. 

Earra uasal atá sa leabhar, mar is dual do Leabhar Breac. 

Darach Ó Scolaí, Alé Mercado 
ISBN 978-1-913814-84-7

2026-07-15

Papillion

Táim ag dul trí tréimhse easuan faoi láthair. Ceann de na bealaí an oíche a chur isteach ná amharc ar scannán. Tá amazon prime teaghlaigh againn toisc go bhfuil cuntas prime ag mo nuachar. Agus is le Samsung ár dteilifís chomh maith le mo ghuthán - is féidir teilgeadh go dtí an scáileán mór dá réir.

Sean scannáin is mó atá mé ag (ath) amharc orthu.

Ach cé go raibh iomrá cloiste agam ar Papillion - dráma clúiteach carcair - ní raibh sé riamh feicthe agam.

D'fhéach mé air go luath ar maidin inniu. 

Furasta a thuiscint clú a bheith air. Cineálacha uile daonna - séimh agus garbh, geanúil agus brúidiúil, cam agus díreach.

Cairdeas a sheasann fulaingt. 

Mian do smachtaithe éalú, ainneoin gach contúirt agus ainneoin an iarmhairt ar teip. 

Rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm ná ciúnas an scannáin. Ní raibh fuaimrian glórach corraitheach ann. 

Agus i dtréimhse ina raibh Papillion i measc bundúchasaigh, níor labhraíodh focal. Ach déanadh cumarsáid. 

Ana scannán. Ealaíon an scáileáin airgid!