Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-06-26

RATP

Bhí mé ag obair i bPáras, nó gar dó le bheith cruinn, ar feadh coicís tar éis na Cásca. Rachainn as mo chéill dá mbeadh orm maireachtáil in óstán ar feadh coicís. Mar sin bhí árasán aon seomra faighte ar chíos agam, sách gar do lár na cathrach. Soir ó dheas ón gcathair a bhí an ionad oibre agus mé ag braith ar iompar poiblí dá réir. Ar ndóigh ag baile caithim breis is ceithre uair a chloig in aghaidh an lae ag comaitéireacht. Bhí mo chuid taighde déanta agam agus fhios agam go mbeadh aistear níos gaiste romham thall. Agus go raibh ticéad seachtaine ar fáil an Navigo découverture,  atá bhailí ar na córais iompar ar fad in Île de France. (Páras agus a cheantar máguaird). Bhí grianghraf riachtanach, rud a chosain 5€ orm. Ní raibh na gléasanna grianghraf ag obair in aerfort Charles de Gaulle ach dhíol siad an ticéad liom agus dúirt liom grianghraf a fháil ag ceann scríbe. 5€ a bhí orthu, 27€ an seachtain ar an ticéad agus d'fheadfaí é athluchtú go héasca ag innill ilteangacha in ngach stáisiúin. An Fhrainc a bhí ann, mar sin bhí stailceanna ar bun. Seachas an chéad lá, nuair a bhí srianta ar thrácht ón aerfort, is beag a chuir siad as dom toisc gur tiománaithe de chuid iompar Pháras RATP seachas an SNCF a bhí ag tiomáint na traein a raibh mé ag braith orthu. Bhí na hardáin níos láine de bheagán ar laethanta stailce. Ach níor cuireadh níos mó ná cúpla nóiméad, ar a mhéid le m'aistear laethúil bus - rer b - bus. Ag an deireadh seachtaine agus tráthnóna thapaigh mé an deis taisteal ar an metro agus ar tram freisin. Simplí, éifeachtach, glan. Fógraí le léamh agus le clos a bhí soiléir agus go minic ilteangach- chuala Fraincis, Béarla, Gearmáinis, Iodáilis is Spáinnis.

Bhíos tógtha leis!

2018-06-25

Philip Cummings

Is mar eagarthóir ealaíne Lá a chuir mé aithne (fíorúil) ar Philip Cummings i dtosach. Buaicphointe ab ea a aiste seachtainiúil sa nuachtán. Greannmhar léannta. Spéisiúil. Tá cnuasach na haistí úd, Dar Liom, ar mo leabhragáin. Cheannaigh mé an cnuasach filíochta Ad delectationem stultorum freisin.
Fiú dá mbeadh an acmhainn (agus cead mo nuachair) agam bheadh sé dodhéanta gach saothar ar mian liom léamh bheith ar na seilfeanna s'agam atá ag cuir thar maoil le fada. Ón leabharlann a fuair mé An fear sa ghealach agus a chéad chnuasach Néalta mar sin.
Nuachainteoir is ea Philip, Gaeilgeoir uirbeach. Babylon Gaeilgeoir. Tuigeann sé go bhfuil tionchar an bhéarla air, ach in áit iarracht scagadh agus íonghlanadh a dhéanamh ar a fhoclóir tagann sé i dtír ar idirphlé na teangacha. Chuile seans go gcuirfeadh a leithéid mearbhall ar fear Gaeltachta. Ach tá ár leitheidí fairsing agus is dúinne na dánta spraíúla easurramacha seo, mar ba dhúinne na colúin i Lá.

Cíortar grá agus gruaim iontu agus mar is dual do nuachainteoir níl siad saor ó cheist na teangan nach dtig linn éalú uaithi ainneoin ár ndícheall.

Cíorann An Fear sa Ghealach an chaidreamh chasta idir fir agus mná. Tá spraoi ann, agus lón machnamh. Cineál úrscéilín i bhfilíocht.

Tá meascán ábhar san dá cnuasach eile, a chéad chnuasach Néalta agus an cnuasach níos téagartha ADS.

Greann dóite. Focalbhá. Fireannachas nua, de chineál ach gan géilliúlacht.

Is maith liom iad.

2018-06-23

Inis Mhic Neasáin

Oileán Mac Neasáin


Oileán clochach,
Rua, glas
Liath ar na hArda/

Séipéal beag
In aice trá,
Túr mór
Ar garda.

Fadó, fadó
Bhí manach ann
Mac Neasáin
A ainm.

Níl anois
ach clocha ann,
Raithneach agus 
Feamainn. 

Brian Ó Baoill
An Bealach Rúnda


Bhí na Cnocadóirí ann freisin, oíche aréir! Chuaigh scór againn amach ar bhád ó Bheann Éadair - turas ar leith curtha ar fáil ag an mbád farantóireachta rialta. Scaipeamar thart ag siúl thar an oileán; ag tabhairt aghaidh ar an mbeann agus an eaglais. Séasúir neadaithe na héin atá ann agus bhí gearrcaigh gleoite liatha na faoileáin le feiceáil go flúirseach (agus na faoileáin glórach cosantach dá réir - anois is arís chúlaigh mé ó chonair a bhí leanta agam d'fhonn gan barraíocht strus a chuir orthu. Ainneoin muid a bheith i radharc na cathrach bhí sé iontach suaimhneach.


Shiúl mé chuig barr an oileáin agus ansin thart faoin cósta thoir ar ais thar an eaglais. Idir an dá linn bhí Christy agus Eileen a friochadh ispíní blasta cois trá dúinn ar fad.
Bhí faoileáin gach áit; agus broigheall ar na haillte, roinnt roilleach ina measc agus scata mór éin mara nach bhfuil ainm agam orthu - dubh in uachtar, bán in íochtar - foracha, seans.
Ní fhaca mé puifín ar an oileán, ach nuair a d'fhill an bád thart ar a naoi thóg sé timpeall an oileáin muid agus chonaiceamar roinnt. Agus lear mór gainéad.

Peata lae a bhí ann, agus turas thar a bheith taitneamhach. Is iontach a leithéid a bheith ar thairseach na cathrach againn i mBaile Átha Cliath sa chaoi gur féidir turas mar seo a dhéanamh tar éis na hoibre.

2018-06-27 Aguisín Dinnseanchais:

Luaigh Maitiú an ainm "Inis Faithlenn" liom, ainm atá luaite ar sean léarscáil atá aige. Chuir sin ag tóraíocht mé agus tháinig mé ar seo in Onomasticon Goedelicum mar thoradh ar nod ar wikipedia:
i. faithlenn
trí meic Nesáin of, Md. 76; ¶  v. I. MacNesáin; ¶  Ireland's Eye, Bo. lvii.; ¶  Tigernach, circ. an. 701(?).
Ní Neasán atá i gceist mar sin, ach triúir mac leis: Tuilleadh taighde le déanamh! Mairtíreacht Dhún na nGall is brí leis an nod MD. Fuair mé tagairt anseo do  - féach pictiúir thíos.

2021-01-12 Aguisín eile. Tá dhá iontráil i leagan feabhsaithe Uí Chorráin den OG, agus go leor cros-tagairti ann. 

18299
inis faithlenn trí meic Nessáin of, MartD 76; AASS lvii; Tigernach, circ. an. 701
(?); *Tri meic Nessan noemda gl. ó Inis Faithlenn .i. MuNissa, Nesslug & Duichaill
(l. Diucaill) Dercc, MartG 54 (15 March); in MartT, MoNissu, Sessloga &
Diucaill*; v. Inis Mac Nessáin, Ireland’s Eye

18398
inis mac nessáin Ireland’s Eye, nr Howth, FrIrAnn, SG (ed. O’Grady) 408, AUndx,
AFM-ndx, LL 185, Colgan AASS; to S of Rechru, in Fingal or Bregia, MartO;
AU-ndx and LL have Inis Mac Nessan; Insula ‘Filiorum Nessani’. di. Dublin, Crede
Mihi, an. 1179

2021-01-14 Tá Maitiú Ó Coimín ag léamh PW Joyce faoi láthair, agus tháinig sé ar na tagairti seo thíos - a mhíníonn cad as Ireland's Ey na Lochlannach! 

2018-06-15

Jeaicín File


Ní raibh mórán iomrá cloiste agam ar an mbráthair S. E. Ó Cearbhaill. Ach tharla go raibh leabhar leis, An tÁr sa Mhainistir i measc cnuasach a bhronn Réaltán orm.
Ansin bhí mé ag seoladh de chuid Foilseacháin Spioradálta áit ar labhair Ray Mac Mánais go ceanúil faoi. Ina dhiaidh sin chuala mé gur spreag sé, agus é in oide, spéis Michael Davitt i nGaeilge agus i bhfilíocht.
Thaithin a raibh san Ár sa Mhainistir liom, agus chuir mé fios ón leabharlann ar an díolaim a chuir Liam Prút (file agus bráthair eile) i dtoll a chéile, Jeaicín File.
An míbhuntáiste a bhaineann le díolaim filíochta a fháil ón leabharlann ná go bhfuil tréimhse ama teoranta sular gá é thabhairt ar ais. Ní faoi bhrú ama ná léamh ó chlúdach go clúdach an dóigh is fearr le taitneamh a bhaint as filíocht. B'fhearr liom a leithéid a bheith ar leabhragán agam le tarraingt as nuair a bhuaileann an taom mé, ach is fada mo leabhragáin ar cuir thar maoil!
Cnuasach toirtiúil atá ann. Tá na dánta i rannóga de réir téama, léargas iontu ar ghreann, gean agus creideamh an fhile. Agus ar a chuid taisteal. Dánta fada agus dánta gairide. Tabhairt faoi deara iontu.
Bhraith mé nach bhfuil siad ar fad ar ardchaighdeán agus b'fhéidir go mbeadh breis spíonadh déanta ag an bhfile féin orthu.
Ach tá go leor ann a bhfuil taitneamh agus spreagadh machnaimh ann.
Dánta cathrach. Dán a thugann Baile Átha Cliath agus an file ag teacht in inmhe chun beatha trí bhíthin boladh! Cuir síos ar Nua Eabhrac. An chathair Síoraí, An Róimh, áit ar chaith sé seal fada ag teagasc.
Creideamh domhain umhal caoin. Mórtas teanga agus pian an deoraí. Streachailt an nuachainteora chun an teanga a shealbhú i gceart. Dua an fhile an tinfeadh a thabhairt slán i bhfocail ar phár.
Tá aguisín leis an leabhar á thugann sampla dá chuid teagasc - admhaím gur shleamhnaigh mé thar sin, mar ar shleamhnaigh mé thar cúpla dán eile.

Mar sin féin, ba mhaith liom an cnuasach seo a bheith agam le tarraingt as anois is arís.

Jeaicín File
S.E. Ó Cearbhaill
Liam Prút a chuir in eagar
Coiscéim 2005

2018-06-09

Mo thigín beag aerach sa ghleann seo thíos

Bhí mé féin sna macaoimh ar feadh seal gairid. Ansin agus mé ins na déaga chuaigh mé le fiontraithe - an dream is sine de na gasóga. Idir eatarthu bhí baint agam le clubanna óige a thug amach ar na sléibhte measartha minic mé. Nuair a bhí mé sa Ghearmáin i dtosach, bhí mé páirteach ar feadh cúpla bliain le grúpa gasóg thall - taithí ar leith mar gur tharraing siad as traidisiúin Wandervogel na Gearmáine chomh maith le smaointe Baden Powell (atá, bímís ionraic, sách míleatach). Bhíodh go leor slua-amhránaíocht ar bun acu, abair. Agus pubaill ar leith, a phíosa éadach féin ag cách as ar tógadh pubaill éagsúla, ceann beag fearacht tipí, nó ceann ana mhór fearacht yurt na steipeanna.  Tá cion agus meas agam ar an siúl, ar an ndúlra. Bhí mo mhic páirteach sna gasóga freisin, ó thús ('beavers') go deireadh. Ach ar chúiseanna iomadúla níl m'iníon páirteach leo.
Níor mhaith liom an taithí seo a cheilt uirthi, codladh amuigh sna cnoic. Oíche Satharn na deireadh seachtaine fada (bhí sí cruógach roimhe sin, agus cibé bhí uaim Aifreann a éisteacht) thug mo nuachar muid chomh fada le Coill Chróine agus shiúl muid suas cosán na hAille go dtí an ghleann ós cionn eas Cúirt an Phaoraigh ar abhann na Deargaile. Glensoulan atá ar an ngleann as an léarscáil - níl ainm Gaeilge agam ná ag Logainm air! Agus muid ag teacht síos i dtreo an droichid chonaic mé scata pubaill agus tine mhór. Ní raibh fonn comhluadair orm agus cibé ní raibh mé cinnte nach déagóirí ag ól cannaí a bheadh romhainn - mar sin shiúil muid trasna an chnoic ag lorg áit suaimhneach roinnt céadta méadar isteach sa Ghleann, rud a d'aimsigh muid.
Níor ghlac sé i bhfad orainn an puball a chuir suas. Bhí áit measartha cothrom cois abhainn aimsithe againn. (D'fhoghlaim mé nach raibh sé baileach chomh cothrom sin san oíche ach níl raibh neart air sin). Ní raibh le clos ach crónán an srutháin, ceiliúradh na n-éin sa chlapsholas, agus rannán rabhaidh na bhfianna. Rinneamar cupán tae agus chuaigh a luí. Chodail muid go measartha. Ar maidin rinne mé ispíní a fhriochta ar an sorn Trangia - sorn a dhónn  biotáille mheitileach agus atá éadrom éifeachtach. Chonaic muid dhá phréacháin - fiacha dubha seans - ag ruaigeadh seabhac as a gceantar. Chuaigh muid ar siúl píosa - ag dreapadh Málainn ó dheas uainn, agus ag siúl i dtreo foinse an Life thar sleasa Tóin Dubh. Shocraigh muid áfach go raibh an sprioc ró fhada ar lá meirbh marbhánta agus d'fhill ar ár gcampa.
Bhí roinnt cluichí tugtha linn againn agus ghlac muid go bog  é; ag déanamh ár dinnéar ar phasta nach raibh le cuir leis ach uisce fiuchta. Bhí pota couscous agam freisin de chuid John West le spíosraí tríd agus tuinnín leis. Blasta! Chodail muid níos fearr de bharr aclaíocht an lae. Maidin Luain tar éis bricfeasta thóg muid anuas an phuball agus shiúl go deas réidh, ag glacadh sos go minic faoinár ualaigh, ar Slí Chill Mhantáin amach go dtí an bóthar míleata ós cionn Loch Té.
Sos beag taitneamhach a bhí ann. Agus níor bhain sé an oiread as mo chnámha is a shíl mé! Tá campáil fiáin mar a rinne muid ceadaithe ach cloí le roinnt prionsabal simplí. Chomh gar do BhÁC faraor bíonn roinnt bruscar le feiceáil - agus muid ag siúl fuair muid buidéal gloine ar shleasa Málainn a thug muid linn - baol tine is ea sin. Ach tá go leor den dúlra fós sách slán - chonaic muid go leor fianna. Bhí leamhain agus ciaróga fairsing freisin - agus míoltóga sa chamhaoir faraor. Bhíos buíoch gur choinnigh mogall an phubaill slán muid óna n-ionradh sin. Chonaic muid fáinleog a sciorradh ós cionn an sruthán, ag tumadh san eitilt. Raithneach agus fraoch is mó a bhí ag fás, agus chonaic muid roinnt ceannbháin bhána ar an bportach; caonach agus crotal thall is abhus. Bhí dornán beag crainn sa ghleann - cuileann, caorthainn agus sceach gheal. Tá, dar ndóigh plandálacha giúise Coillte thart ar an ngleann - agus tá béithe agus crainn leathan duilleacha eile sa ghleann ag an eas.
Tá súil agam bheith in ann mo phléisiúir sna cnoic a roinnt níos minice le'm iníon amach anseo! Tá súil agam í a thabhairt liom go barra Chnoic Bhréanainn mar shampla ag deireadh na míosa seo chugainn agus muid in Iarthar Dhuibhneach arís. Tá suaimhneas na gcnoc agus áilleacht an dúlra go maith don gcolainn agus don anam.

2018-06-06

An Saothraí

Tá cáil bainte amach agus tuillte ag Cartoon Saloon as an ard ealaín a chruthaíonn siad ina gcuid scannáin beochana. Tá péire curtha amach acu as Gaeilge freisin go dtí seo, iad lonnaithe in Éirinn agus ag tarraingt as cruinne scéalaíochta na hÉireann.

Is as cruinne eile a tharraingíonn an scannán is déanaí, atá bunaithe ar úrscéal faoi chailín óg faoin Taliban i gCabúl. Níl aon chuir amach agam ar an úrscéal, ach tá Ceannaí Leabhair Chabúl le hÅsne Seierstad léite agam. Mheas mé go raibh blas agus boladh na fírinne faoi dán an ghnáthdhuine faoi chúng daoirse na himpireachtaí air. Agus, mar a insíonn a hathair don laoch Parwana, is fada iad céasta ag saighdiúirí na himpireachtaí ag réabadh tríd a dtír, ó Alastair Mór anall. (Radharc éifeachtach!).

Gabhann an Taliban a hathair de bharr formaid agus tá an teaghlach i ndrochchuí.

Níl réiteach ar an scéal ach éadaí buachaill a tharraingt chuici féin agus iarracht airgead agus bia a thuilleadh, agus iarracht a dheánamh a hathair a tharrtháil.

Mar snáithe tríd an scéal chun a misneach a chothú tá scéal fada a aithrisíonn sí, dá deartháir óg i dtosach ansin dá cara.

Corróidh an scéal seo tú. Tá an ealaíon álainn, tá na snáithí éagsúla fite le chéile. Stíl éagsúil do chruinne na scéalaíochta. Léiriú ar ghrá i dteaghlach, ar chairdeas, ach freisin ar an formad a spreag roinnt isteach sa Taliban, an dúil san tromaíocht sa bhogadán fir.

Mhothaigh sé ana nádúrtha a bheith ag éisteacht le guthanna Gaeilge ag insint an scéil. Ar ndóigh tá na snáithí uilíoch.