2020-05-04
Trí tréithe na hÉigse
2018-06-25
Philip Cummings
Is mar eagarthóir ealaíne Lá a chuir mé aithne (fíorúil) ar Philip Cummings i dtosach. Buaicphointe ab ea a aiste seachtainiúil sa nuachtán. Greannmhar léannta. Spéisiúil. Tá cnuasach na haistí úd, Dar Liom, ar mo leabhragáin. Cheannaigh mé an cnuasach filíochta Ad delectationem stultorum freisin.
Fiú dá mbeadh an acmhainn (agus cead mo nuachair) agam bheadh sé dodhéanta gach saothar ar mian liom léamh bheith ar na seilfeanna s'agam atá ag cuir thar maoil le fada. Ón leabharlann a fuair mé An fear sa ghealach agus a chéad chnuasach Néalta mar sin.
Nuachainteoir is ea Philip, Gaeilgeoir uirbeach. Babylon Gaeilgeoir. Tuigeann sé go bhfuil tionchar an bhéarla air, ach in áit iarracht scagadh agus íonghlanadh a dhéanamh ar a fhoclóir tagann sé i dtír ar idirphlé na teangacha. Chuile seans go gcuirfeadh a leithéid mearbhall ar fear Gaeltachta. Ach tá ár leitheidí fairsing agus is dúinne na dánta spraíúla easurramacha seo, mar ba dhúinne na colúin i Lá.
Cíortar grá agus gruaim iontu agus mar is dual do nuachainteoir níl siad saor ó cheist na teangan nach dtig linn éalú uaithi ainneoin ár ndícheall.
Cíorann An Fear sa Ghealach an chaidreamh chasta idir fir agus mná. Tá spraoi ann, agus lón machnamh. Cineál úrscéilín i bhfilíocht.
Tá meascán ábhar san dá cnuasach eile, a chéad chnuasach Néalta agus an cnuasach níos téagartha ADS.
Greann dóite. Focalbhá. Fireannachas nua, de chineál ach gan géilliúlacht.
Is maith liom iad.
2013-08-07
Tá aoibhneas ar an óinmhid seo!
Tagairt ann freisin do shaothar Dennis: go deimhin tá corr rud thar a bheith spéisiúil ina chuid fonótaí!Ná mná sin - striapacha - iadsan a roghnaigh eisean,mise an t-aon bhean a roghnaigh sé
Dán dóibh siúd a thuigeanndá dtiocfadh liom gan filíocht a scríobhgo ndéanfainn amhlaidh
Trí bhac ar obair Dé
easpa crógachta
easpa umhlaíochta
easpag
Ach gaois freisin:
Trí S a thugann dearcadh nua:Agus draíocht:
sliabh;
sneachta;
sliocht.
Trí fhocal lán draíochta
mo
chéad
rothar
Ní bheidh an leabhar seo ró fhada uaim go gceann tamaill eile - tá adhmad fós le baint as é a athléamh agus a dhíleá.
ad delectationem stultorum
Bog / Paperback
Philip Cummings
Coiscéim 2012
€10
2009-04-15
An saoi scéal de réir Philip
Cnuasach altanna a bhí i Lá atá i gceist - altanna arbh buaic na seachtaine iad, dar liom.
Tá Philip ina mháistir ar cleas na dtrí cártaí liteartha - sliocht a mbíonn deireadh soiléir leis - ach ansin cuireann sé corr an, ag baint brí iomlán nua as.
Seo ceann de na leabhair úd ar cheart iad a bheith áisiúil chun smailc taitneamhach a bhaint astu ó am go chéile. Aimseoidh mé cúinne mhaith i'm L-spás dhó!
Bhain mé sult ach go hairithe as an comhfhreagras ag deireadh an leabhair idir é agus an Snodach.
Gonta, glic, greannmhar, glé
Ceannaígí é!
Dar Liom
Philip Cummings
Coiscéim 2008
