Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-12-30

Blianstad

Chuir aicíd ghránna éigin na crúba go domhain ionam roinnt seachtainí ó shin. Slaghdán bhuan de shaghas éigin a d'fhág mé faonlag gan fonn, gan flosc, gan brí - gan goile fiú. Ba mhór an feall bheith gan goile ó tharla gur chaith mé seachtain den tréimhse i Darmstadt na Gearmáine. Bhíos ag súil roimh ré le súp a bhaint as dea leann agus togha na bia ann, ach ní bhfuair mé blas dá laghad ar rud ar bith agus mé ann. Ní chabhraigh sé go raibh seomra do lucht caite tobac agam ar mo chéad oíche ann. Bhí sé mall go leor nuair a tháinig mé chomh fada leis an óstán de bharr moill a bheith curtha ag ceo ar m'eitilt. D'oscail mé doras an tseomra agus tháinig rabhartha de bholadh breain tobac fuair im threo. Thar nais liom ag fiosrú an scéil leis an fáilteoir. Dúirt sé liom nach raibh a mhalairt de sheomra ann de bharr an óstán a bheith lán. Ní raibh an dara luí agam mar sin ach dul thar nais. Ansin chonac go raibh luaithreadán lán fós sa seomra, agus an cuma air nach raibh an leaba cóirithe. Thar nais liom arís, agus mé corraithe go maith. Bhí áiféala ar an bhfear bocht ach ní d'fheadfadh sé ach an leaba a chóiriú. Níor chabhraigh oíche chorraithe agus an fhuinneog ar oscailt le'm stáid. Ar amharaí an tsaoil fuair mé malairt seomra ar maidin dar gcionn.

Ach pé scéal é, ní háil liom tuarais gnó agus seomraí óstáin, fiú agus mé i mbarr mo shláinte.

Is leor sin den olágón anocht. Táim beagnach ar mo sheanléim arís, agus carn mór d'abhár leitheoireachta i ngaeilge faighte agam um Nollaig. Rud a spreagfaidh mír nó dhó níos taitneamhaí agus fiúntaí anseo, le cúnamh Dé agus na núdair - Séamas s'againne ina measc! Cá bhfios nach mbeidh sé ina Chogadh Dhearg eadrainn de bharr mo léamh ar a úrscéal?

2008-12-22

Fós ann!

Tá sé seal mhaith anois ó scríobh mé aon bhlas anseo.

Brú oibre agus slaghdán nach bhfuil ag scaoileadh liom i measc na cúiseanna.

Tá súil agam fuinneamh a bhailiú idir dhá Nollaig.

Sin sin.

2008-12-05

Cinsireacht ar Chríostaíocht

Coimisiún Craolacháin na hÉireann tar éis cosc a chuir, arís ar fhógra de chuid Veritas, foilsitheoir agus siopa leabhair Chaitliceach.

Tá seo amhlaidh de bharr an mír seo sa dlí: (Tá na hAchtanna a luann CCÉ anseo, anseo agus anseo)
Ní chraolfar aon fhógrán a mbeidh aon chuspóir creidimh nó polaitíochta ag gabháil leis nó a mbeidh aon bhaint aige le díospóid tionscail.
Anuraidh, bé an focal "crib" a tharraing an t-achrann. San Earrach, cuireadh cosc ar fhógra do bhronntanais "spioradálta" don gCéad Comaoineach. Agus anois, b'iad na focail "fíor bhrí na Nollaig" an chúis.

Ní áiféiseach, mar a deir Enda MacDonagh san Times inniu atá an cheist seo - ach scannalach.

Bhí an Seanadóir Rónán Mullen gníomach ar an gceist seo. Chuala mé ar adhmhaidin ar maidin é - píosa breá cainte. I measc rudaí eile, luaigh sé go bhfuil fógra ann faoi láthair agus Sharon Ní Bheoláin ag caint faoi "fíor bhrí na Nollaig" - chun daoine a spreagadh chun fuilaistriú a dhéanamh.

Bille ós comhair an Oireachtais faoi láthair. Níl an gné seo leasaithe (fós) ach ba cheart go mbeadh. Tá an cheart céanna ag Críostaithe ar saoirse cainte agus fógraíochta agus atá ag aon dream eile!

2008-12-04

Ní lia innealtóir...



Thug Annraoi de Paor sár léacht (mar is dual dó!) don Roth anocht.

Spreagadh Doimhin na hInchinne (SDI) i ngalar Pharkinson: léargas trí chriothnú agus an neamhlíneach coibhéiseach
Fuair an Dochtúir Benamid i Grenoble amach go bhfeadfaí airíonna galar Pharkinson a mhaolú, ach sruth lag leictreach le minicíocht áirithe a chuir isteach i gcuid airithe den inchinn.

Is de thaisme go bunúsach a d'fhionn sé an modh seo - b'é an gnás roimh sin na sruth díreach a úsáid chun na cealla atá freagrach as an galar a mharú.

Thug Annraoi léargas ar conas a d'fheadfaí an ceist a mhíniú le teoiricí an rialúcháin - obair atá idir lámha anois aige, ach atá bunaithe ar taighde a rinne sé sna 1970í

Ba cheart go mbeadh fáil ar an léacht ar shuíomh Innealtóirí Éireann amach anseo; nuair atá cuirfidh mé nasc leis anseo.

Is iontach an rud é gur féidir feidhm a bhaint as teoiricí chun forbairt a dhéanamh ar cúrsaí leighis.

Éireannach nó - ní hea ach AGUS - Briotanach

Alt spéisiúil ag David Adams san Irish Times inniu, ag tógáil ar an méid a dúirt an tUachtarán ar na mallaibh i Halla Oráiste i gCo Cabháin.

Aontaím go láidir leo go bhfuil gá le tuiscint níos leithne ar fhéiniúlacht. Tá seo níos práinní na riamh leis an ilchineálachas ag leathnú amach ar fud an domhain.

Beidh riamh tábhacht leis an náisiún i bhféiniúlacht an duine, ach beidh daoine ann freisin a bhfuil lé acu le níos mó ná náisiún amháin, agus cultúr amháin.

Ní gá gurbh rud an/as a bheadh sa bhféiniúlacht.

2008-12-03

Má tá sé cearnógach, bíodh!

Ar na mallaibh, bhí orm roinnt ríomhairí a chuir i mboscaí.

Bhí na boscaí beagnach cearnógach. Ach ní raibh siad go hiomlán cearnógach. Rud a d'fhág go bhfeadfaí a ríomhaire a chuir isteach mícheart, agus nach bhfeicfinn é sin go dtí go ndearna mé iarracht an bosca a dhúnadh.

Cé a dhearann bosca mar seo?

Um Nollaig a rugadh Críost

comhlacht san Ostair ag cuir postaer thar a bheith simplí ar na fallaí

ZU WEIHNACHTEN WURDE JESUS CHRISTUS GEBOREN
EIN FEST DER FREUDE FÜR DIE MENSCHEN

Um Nollaig rugadh Íosa Críost
Feis atháis don gcine daonna

Deacracht na hIndia - deis na ?

Anailís ar chás Mumbai

Tríd fogha a reáchtáil nach dtig le Rialtas na hIndia neamhaird a
dhéanamh air, spreag ionsaitheoirí Mhumbai géarchéim eiseach do Rialtas na Pacastáine .... I dtéarmaí straitéiseacha, buile chruinn ab ea ionsaí
Mumbai a bualadh chun iarmhairtí neamhchinnte ach dearfach do na hIoslamaítigh a bhaint amach.


Cúis imní gur féidir le drong bheag tionchar chomh mór a imirt ar scata rialtas. Ach tá cuma na fírinne ar an anailís thuas. Tréimhse corrach sa stair atá ann.

2008-11-28

Guagacht, gruagaireacht, agus gaimbín

Tá an chaint san aer seo ar fad faoi gur cheart do Mhary Harney éirí as de bharr gur íoc FÁS as feistiú gruaige di thar a bheith áiféiseach.

Ach an rud is measa faoi - an t-aird ar fad atá á dhíriú ar nithe fánacha, seachas na fíor deacrachtaí riaracháin a bhí (agus, b'fhéidir atá) ag cuir as do FÁS.

Ba cheart ligean don Choiste um Chuntais Phoiblí iniúchadh a dhéanamh an na ceisteanna seo. Is fánach an méid é an $400 a fuair an gruagaire. Tá suimeanna i bhfad níos mó a bhfuil ceisteanna le freagairt fúthu.

Tá pé beagán meas a bhí agam ar Fhine Gael á chríogadh níos mó ag an galamaisíocht seo. Is cosúil nach féidir leo deis dá laghad a ligeann tharstu chun iarracht a dhéanamh droch chuma a chuir ar phearsan éigin ón Rialtas - seachas díriú ar na cúiseanna agus na foinsí le deacracht.

Tá SÉ ag teacht!

(Críost Rí ó Bhíobla Stavelot. Íomhá ó Wikimedia)


Féile Chríost, Rí na nUile, a bhí ann Dé Domhnaigh seo chaite. Deireadh na Bliana Eaglasta.
Is é an chéad Domhnach den Aidbhint atá ann dé Domhnaigh beag seo mar sin.

Bhíodh tráth ann gurbh tréimhse troscadh, tréanais agus urnaithe ab ea an Aidbhint. Tréimhse chun machnamh a dhéanamh ar ionchollú Chríost, A theacht inár measc. Lár phointe na Staire.

An amhlaidh fós? Amhras á léiriú anseo!

Guím ullmhúcháin mhaith don Nollaig oraibh!

2008-11-26

Conair chasta Chomhair - comhrac, caidreamh, cáineadh...

Eagrán na Samhna faighte agam inniu.

De réir scéil scéil a chuala mé, ní raibh an bord sásta le roinnt den ábhar ann. Ní thuigim go baileach cén fáth. Cinnte, tá na heagarfhocail a foilsíodh i Lá ann, agus freisin píosa tur grinn faoin Titanic - glacaim leis gur tagairt éigin d'imeachtaí idir an Eagarthóir agus an bhord atá ann. Nílim ró thógtha leis an dóigh seo le argóint a chuir chun cinn.

Bhí ionadh orm nach raibh nóta ón mBord leis ag leagan amach taobh s'aca den scéal.

Fágann an rud ar fad drochbhlas i'm bhéal. Níl an t-iris ach díreach tagtha thar nais, agus tá an bpraiseach ar fud an mhias arís.

N'fheadar an mbeidh ar chumas Pól Ó Muirí seasmhacht éigin a thabhairt isteach san scéal ar feadh tréimhse, agus bonn cheart a chuir faoin dtogra.

2008-11-21

Uisce faoi thalamh ... ar Mhars!

(tuairim ealaíontóra faoin oighearshruth atá aimsithe. Íomhá NASA/JPL)


Scéal go bhfuil oighearshruth aimsithe ar Mhars, ag marsleithead níos ísle ná mar a bhí roimhe.

Is dócha go gcuirfidh an t-uisce seo sruth le pleananna NASA daoine a chuir go Mars.

Seo gúm nach bhfuilim ina fhabhar ar chor ar bith. Is dóigh liom gur cur amú acmhainní atá ann daoine a chuir sa spás. Deirtear go bhfuil an duine níos solúbtha ag plé le dúshláin nach raibh súil leo ná mar a bheadh inneall.

Ach tá amhras orm an fiú an tairbhe an trioblóid - daoine a sheoladh tríd an spás ar feadh dhá bhliain, in árthach a bheadh níos mó agus níos íogaire ná mar a bheadh a mhacasamhail do taiscéalaí uathoibríoch. Bheadh meath leanúnach ar a gcoirp le linn an turas.

Ní dóigh liom go bhfuil cúis teicniúil leis an togra seo. Ach spreagann a leithéidí an pobal - bolscaireacht atá ann.

Sa gcomhthéacs seo, agus i bhfianaise tubaistí Challenger agus Columbia , tá sé spéisiúil go bhfuil NASA ag filleadh ar na dea chleachtais a bhí í réim le linn na misean Apollo don árthach nua Orion. Tugadh thar nais roinnt den foireann ón ré sin chun comhairle a thabhairt. Beidh scaradh cúramach idir innealra agus na soithigh don foireann mar chuid den scéim Ares/Orion.

Laghdaíonn sé seo an baol go gcaillfear beatha.

Ach ainneoin sin, bhfearr liomsa na hacmhainní a fheiscint á chaitheamh ar misean uathoibríocha

2008-11-20

Racht faoi Inimirce

Tá Bernd ag plé ceist an iompar caoi d'inimirceach thall ag Irland Inside - bítear dhá cuir ina leith nach bhfuil sé sách séimh agus béasach fúinn!

Tá gné amháin a chuireann soir mé - aon chaint ar eachtrannaigh a bheith ag baint poist d'Éireannaigh.

In ainm Dílis Dé: chaith muide breis agus trí chéad bliain ag seoladh daoine amach ar an mbád bán - chun "poist a bhaint de dhaoine"

Nuair a d'fhág mise an ollscoil d'fhág mé ar tír. Mar a rinne 75 as 80 i mo rang innealtóireachta. Chaith mé deich mbliana i mo Ghastarbeiter sa Ghearmáin. Agus mé ann, bhí an áit breac le lucht tógála as Éirinn - iad uilig féin fhostaithe mar dhea. Bí ag caint ar phostanna a sciobadh ó dhaoine eile.

Cuireann an fimíneacht i tuairimí mar seo soir mé. Tá sé chomh holc céanna leis an dream a bhíonn ag iarraidh daoine gan teideal soiléir cónaithe anseo a chuir amach - ach atá deimhin de go bhfuil sé de cheart ar inimircigh mídhleathacha as Éirinn cuir fúthu go buan i SAM.

Sin é mo racht go n-uige seo.

2008-11-14

Is sleamhain iad ráillí an Iarnróid

(A3L92 ar an ráille trialacha. Íomhá ó Wikimedia)


Um an tráth seo den bhliain bíonn fógraí crochta ar an DART ag gabháil leithscéal as an moill a chuireann greamaitheacht bhocht ar traenacha.

Fadhb ar leith atá an san Fómhair de bharr duilliúr a bheith ag titim agus fliuchras.

Sé an chaoi go bhfuil teorainn leis an méid fórsa is féidir aistriú ón roth go dtí an ráille.

Má déantar iarracht níos mó na an teorainn sin a aistriú, sciorrann an roth (má táthar ag luasghéarú) nó sleamhnaíonn sé (má táthar ag coscánú)

Má thiteann an greamaitheacht, íslítear an teorainn seo.

Ní mór mar sin an fórsa a chuir in oiriúint don teorainn. Chuige sin, ní mór a aithint go bhfuil an teorainn sroichte. Má tá an roth ag sciorradh nó ag sleamhnú, níl rothlú an roth i gcoibhneas le luas an fheithicil níos mó. Má tá eolas neamhspleách ar fáil faoi luas an fheithicil, tá sé éasca é seo a aithint.

Ach i gcás traenacha ollidirthurais, cosúil leis an DART, is minic go mbíonn gach ais tiomáinte, agus iad go léir ag sciorradh nó sleamhnú dá réir!

Caithfear mar sin feidhm a bhaint as eolas eile - mar shampla samhail a ríomhann cén luasghéarú nó moilliú is ceart a bheith ann de bharr an fórsa atá á chuir i bhfeidhm.
De réir an ghnáth dlí

F = ma (Is ionann an fhórsa agus an mais méadaithe leis an luasghéarú)

a ríomhtar an samhail. Ach, gan amhras, níl sé baileach chomh simplí sin.
Caithfear táimhe na maiseanna rothlaithe - innill, ais, agus mar sin de, a chuir san áireamh. Is minic freisin nach mbíonn eolas ar fáil faoin meáchain a chuireann na paisinéirí leis an traein. D'fheadfadh difríocht d'aon trian (nó níos mó i gcás feithicil ar nós an Luas) a bheith i gceist idir traein folamh agus traein lán. Cé go bhfuil modhanna ann an meáchain a thomhas - an tionchar ar an gcóras aerchrocadh a thomhas - abair, tá deacrachtaí ag baint leo. Agus dá mhéid braiteoir ar a mbraitheann an samhail, is ea is casta agus leochaileaí atá sé.

Is gnáth mar sin samhail measartha simplí a dhearadh, agus na paraiméadar a shocrú de bharr tomhais le linn turgnaimh ar léith.

Nuair atá an t-eolas ann faoi conas mar atá an feithicil ag bogadh, is féidir an t-eolas sin a chuir i gcomparáid le luas rothlaithe an rotha. Má fhágann an luas rothlaithe imchlúdach áirithe, is féidir a ríomh gur iarmhairt ar easpa greamaitheacht atá i gceist. Caithfear ansin an fórsa a laghdú d'fhonn an luas rothlaithe a thabhairt isteach san imchlúdach cheart arís.

Rud a chiallaíonn, gan amhras, go mbeidh an luasghéarú nó moilliú níos lú - agus go dtógfaidh sé níos faide dá réir ar luas cheart a shroicheadh, nó stopadh san áit cheart. (Tá an rud céanna fíor don ABS i gcarr)

Gnó cigilteach go maith atá sna turgnaimh chun na paraiméadair caoi a aimsiú! Chaith mé seal ag obair ar an traein fó thalaimh A3L92 i mBeirlín, agus i measc rudaí eile bhí orm tiúnadh a dhéanamh ar an rialaitheoir greamaitheachta. Chun na turgnaimh a dhéanamh, smearadh an ráille promhadh, agus rinneadh luasghéarú agus coscánú air. Uair nó dhó, theip ar an gcoscán leictreach de bharr an sleamhnú - ach de ghnáth d'éirigh leis an córas aeroibrithe an traein a stop. Lá (a chuireann fuarallais orm fós) amháin , áfach, bhí an ráille chomh smeartha sin gur theip ar an dá córas, agus sleamhnaigh an traein leis. Cúpla orlach roimh an maolán a tháinig sé chun stop....

Tá iarmhairtí leis an sleamhnú, ach go háirithe. Ídítear na rotha (arbh as miotail iad). Caithfear iad a dhéanamh cruinn arís ansin, agus éiríonn siad níos lú dá bharr. De bhrí go mbíonn innill sruth ailtéarnach i gceist le roinnt traenacha (ní hea i gcás an DART, go bhfios dom) caithfear féachaint chuige go bhfuil na rotha atá nasctha le córas tiomána amháin ar chomhmhéid (ceist d'oíche eile cén fáth). Tá costas i gceist mar sin.

Córas dúshlánach ab ea an A3L92 ar roinnt cúiseanna - bhí cuid den líonra faoi thalamh, ach bhí cuid eile de i dtrinse faoi chrainn. Bhí deacrachtaí móra ann le greamaitheacht san earrach nuair a rinne cumasc de phailin na gcrann, sioc agus taise smearadh ar na ráillí!

Caithfear comhbhabhtáil a dhéanamh ag dearadh córas mar seo freisin. Uaireanta cabhraíonn méid áirithe sleamhnú nó sciorradh chun an ráille a ghlanadh agus an greamaitheacht a fheabhsú do na bógaí a leanann an ais atá i gceist. Rud a feabhasaíonn an luasghéarú agus moilliú.

Meascán d'innealtóireacht agus na healaín dubha atá san dearadh agus tiúnadh i gcóras mar sin!

2008-11-10

An Féinics ina thost


Phoenix (tuairim ealaíontóra)
Phoenix (tuairim ealaíontóra)
Íomhánna le NASA

Tá deireadh le obair an árthaigh Phoenix ar Mhars.

Dea theist ar dea innealtóireacht gur mhair an misean breis agus dhá mhí níos faide ná mar a bhí leagtha amach dó.

Mar sin is ceart feidhmiú i misean dá shórt!

Deireadh Lae

Bhíos i bhfad ó ríomhaire le tamall anuas, idir an deireadh seachtaine fada agus comhdháil thar sáile maidir le cúrsaí oibre, agus brú oibre. Mar sin, níl mo dhá chianóg rua caite agam i leith deireadh Lá Nua fós.
Tá an scéal ríomhtha go glé, glinn, mar is dual dó ag Aindrias Ó Cathasaigh ina eagarfhocal a scríobadh do Chomhar ach a foilsíodh i Lá Nua. (Gnó lae eile an cíor thuathail maidir le Comhar - tá eagrán na Samhna le foilsiú, is cosúil, ainneoin ábhar atá "gránna" a bheith ann. Tá síntiús agam, mar sin tiocfaidh mé ar mo chinneadh féin faoi san).

Bhíos ag ceannach Lá nuair nach raibh ach 52 Lá sa bhliain. Cé gur chuir an nuachtán díomá agus cantal orm ar uairibh, creidim gur fiú tacú le hiarracht ionraic, agus rinne mé amhlaidh. Go fiú is gur íoc mé praghas an tsiopa seachas síntiús a bhaint amach, ar mhaithe le bheith in ann é éileamh i siopa ar bith.

Bhí Lá riamh beo ar an mbeagán, agus tréaslaím ach go hairithe leo siúd a bhí sásta a gcuid airgid agus fuinnimh féin a chaitheamh le togra idéalaíoch.

Thug Lá ardán do roinnt colúnaithe iontacha. Bhí cuid acu seanbhunaithe in earnáil eile - Eoin Ó Murchú nó Máirín Ní Ghadhra, abair. Ach bhí guthanna nua ina measc. Seachas Lá, ní bheidh faic le "gnáth" Aontachtaí cosúil le hIan Malcolm léite agam, abair. Agus cé nach aon Alistair Cooke í Helen Nic Fhinn, is maith liom a colún a léamh. Tharraing Lá aird ar phodchraoltaí Choinn.
Agus sin gan trácht fiú ar an forlíonadh ealaíona faoi stiúir Philip Cummings, le alt iontach uaidh fhéin gach seachtain. Sméar mullaigh an tseachtain nuachtáin, dar liom.

Níl ansin ach spléachadh ar roinnt des na rudaí a thaitin liom faoi Lá!

Dúirt Íte Ní Chionnaith gurbh "Guth sainiúil aduaidh" a bhí ag Lá, agus b'fhíor di.
Braithfidh muid uainn Lá sna laethanta amach romhainn.

Agus braithfidh muid an easpa chuir chuige stuama i léith seirbhísí nuachta cearta do Ghaeilgeoirí go gceann i bhfad.

Dáta cinniúnach sa Ghearmáin - an 9ú Samhain

Píosa maith san Irish Times inniu maidir leis:

I 1918, cuireadh iallach ar Liam II éirí as an Impireacht agus tháinig ann do Phoblacht (Weimarach) na Gearmáine.
I 1923, rinne Hitler agus an NSDAP iarracht Putsch a eagrú - "Putsch an Halla Leanna". Theip air.
I 1937, bhí sé i gcumhacht, agus d'eagraigh na Naitsithe pogrom fíochmhar i gcoinne Giúdaigh. Pogrom a tugtar an ainm "Oíche an Ghloine" air (Kristallnacht) - briseadh an oiread fuinneoga gloine agus ab ionann le táirgiúlacht gloine bliana sa Bheilg.
Ar deireadh, i 1989, thit balla Beirlín ar an lá sin.


Maireann scáil 1937, áfach.



Alt faoi 1918 anseo, agus alt tuairimíochta faoin rud ar fad anseo (Ón Tagesspiegel)

2008-11-11 Aguisín breise: alt in El Pais faoi conas ar tuariscíodh an scéal faoi Kristallnacht sa Spáinn, áit a raibh an cogadh cathardha fós ar siúl. Agus an tairisciú dá réir, ag brath ar cén taobh den deighilt a bhí na nuachtáin. Bhí an frith Ghiúdachas forleathan san Eoraip ar fad - ní tharlódh an Shoah mar a tharla murach sin. Agus ní raibh an scéal pioc níos fearr abhus - ainneoin gur thug Dev aitheantas speisialta don creideamh Ghiúdach i mBunreacht 1937, bhí amhras agus naimhdeas san Roinn Dlí agus Cirt agus san Roinn Gnóthaí Eachtrach, a d'fhág nár imir an Stát an ról a d'fheadfadh sé i dtarrtháil sciar den chine Ghiúdach.

2008-11-07

Crúog oibre, fáth mo thosta!

Agus ríomhaire as feidhm sa bhaile, rud atá leigheasta anois.

2008-10-23

Cine cúl le cruinne

Tá an t-eagrán nua de leabhar Åsne Seiserstad faoi na Seirbigh léite agam: "Lena ndromanna leis an Domhan"

Seo í an bhean a scríobh "Ceannaí Leabhair Chabúl".

Stíl eile atá sa leabhar seo - in ionad bheith ina "cuileog ar an mballa" (mar a bhí san leabhar faoi Chabúl) tá réimse leathan daoine ó gach taobh i gceist sa leabhar seo, agus í fhéin lárnach ann - cuir síos ar an gcaidreamh a bhunaigh sí leis na daoine chomh maith lena dtuairimí siúd atá ann. Agus is scéal roinnt blianta atá ann freisin - roimh agus i ndiaidh thitim Milosevic.

Iarracht fónta dul i ngleic le cine atá imeallaithe go mór san Eoraip - de bharr go leagtar an milleán ar fad nach mór do chogaí na mBalcáin orthu, agus stair fuilteach titim as a chéile an Iúgslaiv.

Is fiú é léamh.

2008-10-20

Vaincre....et mourir

L'Attaque le Eoghan Ó Tuairisc léite anois agam - fuair mé ón leabharlann é.

Oscalaíonn an scéal le lanúin ag maireachtáil a n-aisling síochanta, ag saothrú an mhóin i sleibhté Liatroma. Tá Máirtín Dubh Caomhánach tar éis Saidhbhín, iníon teach an dhá úrlár, a mhealladh, ainneoin nach bhfuil ann ach sclábhaí feirme. Tá siad síoch grách ag maireachtáil ar giota beag talún i dteach féin déanta, doirte i ngrá le chéile agus ag cuir a n-aisling simplí i gcrích. Ach tá nathair cruach san Parrthás seo - píce Mháirtín atá sna fraitheacha.

Is leor abairt fánach chun an brionglóid a réabadh: "Tá do chairde i gCill Ala".

Na Francaigh faoi Humbert atá i gceist. Ainneoin drogall a bheith air, braitheann Mairtín faoi dhualgas dul leis an gcuid eile dá bhuíon Éireannaigh Aontaithe chun tacú leis na Francaigh. Níl de rogha ag Saidbhín, ainneoin a croí a bheith á réabadh, ach a fear a sheoladh chun cogaidh choimh dea fheistithe agus atá ar a cumas. Mar a rinne céilí na laochra roimpi, agus ó shin.

Úrscéal cogaidh atá ann, le léargas glé ar na sruthanna éagsúla a bhí ann i 1798 - an dlíodóir idéalach Angla Éireannach atá mar cheannaire ar an mbuíon, a bhfuil deighilt creidimh agus tuisceana idir é agus na fir, na caractéir ar léith i measc na bhfear. An sruth seicteachas a bhí ann, an dream úd ar mhian leo cos ar bholg caitliceach a chuir in áit cos ar bholg Protastúnach, an fuath agus an sceon a spréag bruidiúlacht.

Tá sé íorónta go maith gurbh é Humbert, a d'fhoghlaim a cheird ag cuir éirí amach La Vendée faoi chos, éirí amach péasún caitliceach in aghaidh na Réabhlóide Francaigh, atá anois i gceannas ar a mhacasamhail d'éirí amach.

Tagann deireadh leis an úrscéal ag "Rásaí Chaisléan an Bharraigh", bua mhór agus buaic feachtas Humbert - ach fód an bháis d'fhearaibh Liatroma.

An úrscéal atá anseo, a mheabhraigh "Im Westen nichts Neues" le Remarque dom. Sár úrscéal le léargas soiléir ar uafás an chogaidh.



L'Attaque
Eoghan Ó Tuairisc
Cló Mercier

2008-10-17

CQ

Thug Tomás Ó Brosnacháin caint ar Radio Amaitéireach don Roth aréir.

Caint spéisiúl ag rianadh stair an radio agus na cumainn a bhí ann in Éirinn - an IRTS atá ann anois.

An gné ba shuntasaí domhsa ná an bealach a thagann na hoibreoirí deonacha - atá eagraithe anois san Líonra Éigeandála Raidió Amaitéaraigh - i gcabhair ar na hudaráis. Mar a tharla i gcás Arm na hÉireann san Congo ins na 1960í nuair a tharla tubaiste Niemba - scéal atá ríomtha ag an Museum Radio i mBeann Éadair. Murach Heathkit Apache Jim Stone, bheadh moill ar an scéal go hÉireann, agus cumas laghdaithe ag an ceannáras anseo gníomhú go tráthiúl.

Bhí sé spéisiúl freisin a chlos an scil a bhaineann oibreoirí radio amach ag tuiscint an cód Morse -agus gur féidir an teachtaireacht Morse a thuiscint fiú má bhíonn fíor droch coimheas comhartha go fuaim ann. Is cosúil go n-aithníonn an oibrí oilte radio an athrú ar an fuaim de bharr an comhartha Morse, fiú nuair atá sé nach mór báite.

Cheap mise go raibh an radio amatéireach sáraithe ag an idirlíon - ach d'fhoghlaim mé a mhalairt. I gcás tubaiste, is tuisce atá na hams lena dtrealamh simplí in ann feidhmiú - níl de dhíth ach an tarchuradóir, agus is minic gur féidir é fheidhmiú le cadhnra simplí.




CQ an glaoch ag na hamaitéirigh, ag féachaint an bhfuil aoinne á gclos. Bhí scéal deas aige faoi conas mar a fuair sinsear radio na hÉireann ag comhartha glaoigh 2RN - bhíodh an tamhrán "Come Home to Erin" a sheinm go rialta acu, agus is as sin a tháinig an 2RN.

Lá Philip a chleite

Thart, más fíor. Tá sé fógartha ag Philip Cummings nach mbeidh sé ag dáileadh a ghaois orainn i Lá Nua níos mó:
Dála an scéil, tá sibh i ndiaidh an colún deireanach uaim a léamh.
Foilseofar Dar Liom, rogha de na colúin ón leathanach seo, ag Coiscéim roimh an Nollaig. Go raibh maith agaibh as éisteacht.

Is droch scéala é seo. B'é colún Philip ceann de bhuaicphointí na seachtaine i Lá domhsa. Bhí súil grinn, greannmhar á chaitheamh aige ar chursaí an tsaoil. Seo láidreacht a bhí riamh in iriseoireacht - nó colúnaíocht - na Gaeilge, agus ba chleachtóir den scoth é Philip. Tá súil agam go bhfaighidh sé crannóg eile chun leanacht leis.

Níl le déanamh anois ach Dar Liom a chuir ar liosta Dhaidí na Nollaig, dar m'fhéasóg!

2008-10-15

An Plean Mór

Ní nós dom scríobh anseo faoi ceist na teangain - táim ar aon fhocal le Philip Cummings ina alt i Lá an Lae - gur i nGaeilge, agus ní faoin Ghaeilge is mian liom scríobh.

Ach d'fhreastal mé ar (chuid den) gcruinniú aréir in Óstan Buswells maidir le Plean an Rialtais. Deanta na fírinne, ní raibh mé ag súil le rud ar bith nua a chlos, agus níor chuala.

Bhí plean maith ag an dream a bhí ina mbun - iad ag lorg tuairimí an phobail - ach is eagal liom gur beag duine ann a raibh an bplécháipéis léite acu roimh ré, agus b'iad na moltaí céanna a déanadh agus atá déanta go minic cheana.

Le fírinne, ní rabhas ann ach chun tacaíocht a thaispéaint don cur chuige - go mbeadh Plean ann! Nuair a léigh mé nár líon ach 374 duine an cheistneoir amach sa céad chéim tháining imní orm go teipfeadh ar an rud ceal spéise.

Ach bhí thart ar céad duine ann aréir - slua maith ó tharla an oiread eile a bheith ar siúl.

Beidh le feiscint.

Bata 's bóthair

Ag teacht sna sála ar an bpíosa a scríobh mé an na mallaibh, alt ag bean ón bPolainn san Times inniu: Táid ann atá ag bagairt ar Pholannaigh bailiú leo abhaile, gur dúinne amháin an chíste laghdaithe atá le roinnt.

Meas tú an raibh ar na daoine seo aghaidh a thabhairt ar an mbád bán iad féin riamh?

2008-10-12

An bogearra a scáirt "Faolchú!"

Bíonn cuinsí ann ina dtarlaíonn fabht i gcóras riailaithe ag bogearraí. Uaireanta, is féidir leis an mbogearra teacht timpeall ar an bhfabht. Ach is minicí gur gá teachtaireacht a chuir chuig an oibritheoir - chuig pé duine atá ag maoirsiú an chórais.

Ní mór do theachtaireacht mar seo a bheith
  1. Cruinn maidir leis an gcúis
  2. Tráthiúl
  3. Riachtanach
  4. Iomlán - an t-eolas atá de dhíth chun an fabht a thuiscint a bheith leis nó infhaighte dá bharr.

Caithfear cuir san áireamh gur minic go leanfaidh fabht as fabht eile - ní mór a bheith cúramach gur an bun fhabht a thuairiscítear don oibritheoir, agus nach gcuirtear ar mhíthreoir é de dheasca an iliomad teachtaireacht maidir le hiarmháirtí tánaisteacha.

Thar aon rud eile, ní ceart teachtaireacht a sheoladh nuair is gnáth iarmhairt ar ghnáth obráid atá i gceist - bíonn a léithéid ann. i. Rud ar fabht é i gcuinsí áirithe, bítear ag súil leis faoi chuinsí eile.

Níl aon rud níos measa ná sruth de theachtaireachtaí rabhaidh gan aon bhaol a bheith ann gur fíor eachtra atá i gceist. Tá an baol ann go ndéanfar neamhaird ar fíor fhabht dá bharr.

Scéal cogaidh: Agus an ICE III á phromhadh, bhíodh an t-iliomad solais rabhaidh ag lasadh i gcrannóg an tiománaí. Chuir siad seo isteach chomh mór sin ar thiománaí áirithe gur chuir sé lipéid tharstu ar fad chun nach ndallfaí é. Ach ansin níor thug sé faoi ndeara go raibh doras gan a bheith dúnta - agus sciob an ghaoth an doras leis nuair a schroich an traen 300 km/h!

Is ceart mar sin go mbeadh fáil ag an oibritheoir teachtaireachtaí áirithe a scagadh agus a bhrú faoi chois nuair is gá - agus ba cheart don dearadh a bheith soiléir maidir le cúis, fathchiall agus leigheas aon fhabht - agus an t-eolas sin a bheith ar fáil go soiléir don oibritheoir.

2008-10-09

Níl me ciníoch, ach...

Alt san Irish Times ag David Adams: an ghéarchéim eacnamaíochta ag nochtadh frith eachtrannachas.

Bainimise leis an glúin a d'fhás aníos agus muid cinnte gurbh é an bád bán a bhí i ndán dúinn. As an ochtó duine i mo rang céime innealtóireachta, chuaigh níos mó ná seachtó ar imirce. (Níl ach thart ar ochtar san rang úd anois, ach sin scéal do lá eile).

Bhí mise ina measc. Chaith mé leath scór bliain sa Ghearmáin.

Is cuimhin liom dornán eachtraí ina mhothaigh mé frith eachtrannachas go pearsanta. Uair amháin bhíos ag taisteal ar an S-Bahn nuair a tháinig fear ólta isteach agus thosaigh ag maslú eachtrannaigh agus ag clamhsán. Chuir sé ceist ormsa faoi - ag glacadh leis nárbh eachtrannach mé - agus ní dúirt mé ach gurbh eachtrannach mé. Bhraitheas sách míshuaimhneach. Ba faoiseamh mhór dom go ndeachaigh fear Gearmánach i ngleic leis, ag cuir stuaim i gcoinne a bhaoth thuairimí. Ghlac me buíochas le mo dhuine agus mé ag imeacht liom.

Uair eile bhí mé ar thuras gnó san Oir tuaisceart, agus thosaigh duine d'fhoireann an chustaiméara ag clamhsán faoi "na heachtrannaigh". Nuair a dúirt mé gurbh eachtrannach mise, dúirt sé go bunúsach go raibh mise ceart go leor, toisc mé a bheith geal agus Iartharach.

Táim an dá rud, gan amhras, agus Gearmáinís líofa agam, rud a d'fhág nach raibh mo choimhthíos ann feiceálach. Táim buíoch as sin.

Ach mothaím an frith eachtrannachas baoth abhus, ar shlite eile. Is Gearmánach í mo bhean, agus daoine breaca mo leanaí dá réir. Agus faraor, is beag forbairt atá tagtha ar thuiscint an daoscarshlua ó bhíodh mhuintir Uí Urmholtaigh á gcuir faoi bhréag thriail ag cóip na sráide mar Naitsithe.

Tá taithí ag Gaeilgeoirí na hArdchathrach ar an ionnanú simplíoch seo - nach eol don saol Fodhlach - nó an cuid sin dé nach labhraíonn ach Béarla pé scéal é - gur Sealadaigh uilig muid.

Is mithid dúinne a thuigeann an scéal seo cur ina choinne.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

2008-10-08

7. 10. 1938: ‚Christus ist unser Führer!’

Scéal ó Kath.net faoi léirsiú frith Naitsioch i 1938 san Vín, agus cuimhneachán air anois.

N'fheadar an mbeadh an misneach sin agamsa. Is mór an trua nach raibh sé ag níos mó an uair sin féin. Splainc solais i ré fíor dhorcha ab ea na léirsíthe síochanta úd in aghaidh an bharbarthacht.

Rabbi ag teagasc an Sionad

An chaint a thug Shear Yashuv Cohen, príomh-rabbi Haifa don Sionad faoin mBíobla sa Róimh:


Stair fhada phianmhar is ea stair an chaidrimh idir ár bpobail, ár
gcreideamh agus ceannaireacht agus lucht leanúna na hEaglaise Caitlicí - stair
fola agus deora. Braithim go láidir go bhfuil ciallas doimhin le mo bheith ag
seasamh anseo inniu. Tá tuar dóchais ann, agus teachtaireacht ghrá,
cómhaireachtála agus síochána d'ár glún agus do na glúinte atá le teacht.

Léargas chuimsitheach ar lárnacht Briathar Dé in urnaí agus adhrádh na nGiudach - ár mbraithre sinsir sa chreideamh. Nithe ann arbh fiú dúinn machnamh agus aithris a dhéanmah orthu.

2008-10-03

Tabhartas is ea an Creideamh!

Briathra soiléire ón bPápa:

Tabhartas ó Dhia agus obair dá chuid is ea an creideamh - mar sin eisiann sé aon iompúchán a bhrúann, a mheallann nó a níonn iarracht bob a bhuaileadh ar dhuine d'fhonn go nglacfadh siad leis.

2008-10-02

Lá Feile na nAingeal Coimhdeachta atá ann inniu!

(Geistkämpfer le : Ernst Barlach íomhá ó Wikimedia Aingeal níos fearúla d'Fhearn!)

(Schutzengel le Matthäus Kern: íomhá ó Wikimedia)

Beannachtaí na Feile chugaibh agus chuig bhur Aingil!




Ath-chomhar-iú

Tá Comhar thar nais (ach tá a suíomh idirlín éagtha!).

Thosaigh mé ag léamh Comhar san meánscoil, agus d'éirigh mé as sna 1990í - ní raibh faic ann dom níos mó, shíl mé.

Táim ag léamh Feasta agus an Timire le fada.

Ach nuair a cuireadh deireadh tobann le Comhar, spreag an chuir is cúiteamh mé chun sintúis a ghlacadh le Comhar thart ar an Nollaig anuraidh.

Agus an tseachtain seo bhí an chéad toradh ar an sintúis sin.

Aindrias Ó Cathasaigh atá ina eagarthóir ar an gComhar nua - fear a bhfuil tuairimí láidre aige.

Bhí eagarfhocal mhaith aige. I measc na n-alt bhí ceann fónta ag Tomás Mac Siomóin ar gnóthaí Eorpacha. Bhí píosa cliste spraoi ann - léirmheas mar dhea ar scríobhnóireacht gáirsiúl na Gaeilge (nach iontach an t-ainm cleite Miangas Mag Airle!).

Cumasc deas idir tuairimíocht, litríocht, stair agus léirmheasanna.

Tús maith. Ceannaigí agus Léigí!

Homo Homini Lupus

Ár i gCor Chomrua le Ré Ó Laighléis díreach críochnaithe agam.

Scéal cogaidh, scéal grá, scéal uafáis le gnéithe ósnadúrtha.

Thaithin an scéal liom - seachas na gnéithe ósnadúrtha; claochló na bpríomhphearsain ar thaobh an oilc agus na maitheasa. Mheas mé nár éirigh ró mhaith leis na gnéithe sin den scéal.

Ní mian liom an iomarca a sceitheadh faoin úrscéal; ach measaim go seasfadh an scéal ar an leibhéal nadúrtha, gan na breiseáin seo.

Fós, is fiú an leabhar a léamh.


Ár i gCor Chomrua
Ré Ó Laighléis
ISBN 978-0-9554079-2-5; Praghas €14.00
Móinín

2008-10-01

Ar na mná atá an locht, fós.

Dhá alt san Times inné a chuir idir mhúisc agus déistin orm.

Píosa "nuachta" - go gcreideann sciar suntasach de mhic léinn ó thuaidh go bhfuil cuid den locht a bhean a éignítear má bhíonn eadach "foilsitheach" uirthi, nó má bhí sí ólta.
Agus alt ag Kate Holmquist maidir le "Damhsaí Aithreacha agus Iníonacha" i SAM - damhsaí Salomé geanmnaí a chríochníonn le móid fanacht glan ar fir go dtí go roghnaíonn Daidí an fear ceart dhuit. Agus an móid seo á ghlacadh ó cailiní thar a bheith óg.

Anois, is Críostaí caomhach mise, agus creidim go bhfuil gairm chun geanmnaíochta ag cách. Ach tá saoirse agus freagracht phearsanta ag cách freisin.

Tá an chraic seo thar a bheith maslach d'idir mná agus fir.

An é gur neacha leanbaí iad fir nach bhfuil smacht acu orthu féin ach iad píosa de throigh dea chumtha nó iarracht de bhrollach ar leis a fheiscint? An striapach gach bean nach mór a choiméad ar iall ghairid?

Níl baint ag éigniú le collaíocht. Smacht agus foréigean atá i gceist, agus is cuir leis an mhasla é an locht a chuir ar an íobairteach.

Cinnte, is ceart do dhaoine a bheith stuama, agus gan a bheith ar meisce sa chaoi agus nach bhfuil smacht acu ar a dtarlaíonn dóibh. Ach níl léithscéal dá laghad ansin ag éigneoirí. Ná ar fear a bhrúann é fhéin ar dhuine eile, ainneoin drogall an duine sin. Ní grá atá ansin, ach mí-úsáid.

Agus maidir leis an chraic úd leis an mód gheanmnaíochta - aontaíom le Kate go bhfuil blas den chiorrú coil i gceist le ansmacht dá léithéid, agus an taispeántas a ghabhann leis.

De réir mo thuiscint (agus teagasc na hEaglaise) tá na fir úd ag sarú an ceathrú aithne: ag sarú saoirse a n-iníonacha.

Ach tá an fiminteacht seo go doimhin sa sochaí. Is cuimhin liom freastal ar Aifreann inár léigh an sagart dán in áit aitheasc a thabhairt - dán faoin Iníon Drabhlasach. Ag léiriú go bhfailtítear ar ais roimh an mac drabhlasach san sochaí, ach nach mbíonn an fáilte céanna don iníon atá tar éis "titim". Ní sin a d'ordaigh Críost.

Bhuel, níor bhain mé

Comhghairdeas le Conchubhar as duais blagadóireachta an Oireachtais a bhaint.

Táim ag súil le tuarisc an mholtóra a fháil - aischothú éigin ar an saothar anseo! Bheadh suim agam freisin fháil amach cé mhéid iontráil a bhí ann.

N'fheadar an bhfuil Rosie sásta? (Ise is cúis leis an duais úd, de réir mar a thuigim!)

2008-09-26

Soldaten sind Mörder

Chuir Alan Titley a ladar i díospóireacht an Irish Times maidir le "Saighdiúrí Éireannacha" ina alt Crobhingne inné1.

Mheabhraigh a alt dom an nath atá mar theideal ar an mhír seo - gur dúnmharfóirí saighdiúrí. Nath a scríobh Kurt Tucholsky san alt seo tar éis an chéad cogadh Domhanda.

Dúirt Horace go raibh sé milis bás a fháil ar son tír do dhúchas: Dulce et Decorum est pro patria mori.

Ach ní dúirt sé gur inmhianta an rud é marú ar son do thír - ná go deimhin ar son tír eile.

Tá gá, i gcásanna áirithe, le lámh láidir chun an lag a chosaint. Ach is dúnmharú ceadaithe, dúnorgain, atá i gceist i gcónaí.



1 Ba bhreá liom nasc a chuir leis an alt - ach níltear ag cuir gaois Alan ar líne, agus níl ag éirí liomsa fáil amach cén fáth.

Giotaí - Blagiriseoirí agus inimiricigh.

Ag leanacht ar aghaidh ó cholún Dhónaill (pléite agam anseo)

Alt Chonn inné ar Lá

agus

Alt ag Karlin Lillington inniu: Blagadoirí ag fáil creidiúnú oifigiúl ag comhdháil de chuid Oracle.

Agus in ndiaidh m'alt inné, tuairisc san Times inniu ag Ruadhán Mac Cormaic.

2008-09-25

Cad tá ar bun ag GNIB?

Tá na scéalta faoi drochmheas agus drochíde ar eachtrannaigh ag ár dteorainn ag carnadh.


Dhá scéal ar na mallaibh - an sagart ón Nigéir a chaitheadh sa charcair agus a deanadh uirisliú air. Agus turasóir ón Ind a bhuaigh duais de chuid Fáilte Oirland - agus nár chreid na hoifigigh ar an dteorainn gurbh amhlaidh a bhí. Tagann seo sna sála ar scéal Alex Hijmans agus a phairtnéir ón Bhraisil a raibh deacrachtaí acu i nGaillimh.
Agus ag dul níos faide siar, scéal Keola Donaghy.


Tá trí rud a chuireann imní orm faoi na scéalta uilig seo

Is deacair gan smal a chiníochas a cheangail leo uilig - daoine nach duine geala iad a bhí i gceist in ngach cás.

Murach cairde sa chúirt acu, ní chloisfí faoi na scéalta seo beag ná mór. Mar sin, is cinnte go bhfuil níos mó eachtraí den tsórt seo ag tarlú.

Ach an ceist is tromchúisí faoi seo uilig ná nach léir dom go bhfuil aon chigireacht cheart ar na daoine atá freagrach as na heachtraí seo. Toisc go bhfuilid ag feidhmiú ar na teorainn, agus i mórchuid cásanna nach scaoiltear na daoine isteach in Éirinn in aon chor, is cosúil nach bhfuil aon cigireacht ag an gcóras dlí ar na himeachtaí seo.


Cinnte, baineadh an stampa "cead isteach diúltaithe" de phas an sagairt. Ach rinneadh "without prejudice" é. Sé sin le rá, níor tugadh cúis ar bith gur cuireadh an stampa ann. Ná níor tugadh cúis ar bith go baineadh an stampa as.

Ní mar sin ar cheart feidhmiú i bpoblacht faoi riail an Dlí.


Ní leor mar chúis "tuairim an oifigigh" chun bheith istigh a dhiúltú. Ba cheart fiainaise i scríbhinn a thabairt don duine i gceist ar cén bunús atá leis an dtuairim sin. Ba cheart freisin cead athchomharc "ar an spota" nó níos moille a bheith ann. Agus ba cheart an t-eolas seo ar fad a chuir ar fáil do chigireacht neamhspléach - Fear (nó Bean) Ionad na nImirceach. A fhoilseodh tuarascáil bhliantiúl ar conas mar atá an córas ag feidhmiú.
Bhí viosa bhailí, agus na conníolacha a bhain leis, coimhlíonta i gcás na ndaoine seo ar fad. Ach, is cosúil, gurbh leor ar an lá, tuairim duine aonair chun na cáipéisí seo a chuir ar neamhní.

Sin sárú dlí agus cirt. Is mithid stop a chuir leis.

2008-09-18

Blagadóireacht mar mheán

alt ag Dónall Mac Ghiolla Chóill i Lá an Lae ar bhlagadóireacht.
Ní raibh Conchubhar ró shásta leis!

Is dóigh liom féin go bhfuil a alt stuama go leor, ach go bhfuil an bun bhotún chéanna á dhéanamh ag Dónall agus Conchubhar araon.

Sé sin, nach ann don bhlagadóir "tipiciúl". Meán thar a bheith leathan atá sa bhlagadóireacht, mar a thuar Clay Shirky i 2003.

Is beag comparáid idir, abair, an bhlag seo, agus blag na Ceithearna Coille, nó blag na Scríobhnóirí Óga 's Úra (ag fanacht laistigh de bhlag chruinne na Gaeilge)

Beidh (agus tá) blaganna ann atá ar nós nuachtán, ag clúdach réimse leathan abhair, agus léitheoireacht sách mór acu. Beidh blaganna eile ann a fhreastalaíonn ar chomhrá idir líon beag daoine.

Níor dhultáigh páipéir dúch riamh - agus is lú fós a dhiúltaíonn an tIdirlíon focail!

2008-09-15

Tocco nóta

Mar eolas, ó ardaíodh ar daltaí é:
http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/show.pl?tpc=21&post=72792#POST72792

Maidir le gutaí fada agus téacsanna is cosúil nach mór an tacú carachtar a athrú

Teachtaireachtaí -> Socruithe -> Tacú carachtar

Athraigh go Unicode seachas GSM é, ansin bíonn na gutaí fada ar fáil.

Toghchán - nó comórtas áilleachta?

Ní inniu nó inné a thosaigh nithe fánacha ag fáil ról mhór i dtoghchán Meiriceá. Is dócha gurbh é ré na teilifíse a chuir dlús leis áfach.

Tá na bréaga agus leath fhírinní á scaipeadh go tiubh i bhfógraí fogha.

Ach is deacair scéal níos suaraí a shamhlú ná an scéal seo - nach dtig le John McCain ríomhphost a sheoladh.

Nach cuma? Fiú dá mbeadh sé fíor, agus murab é a chreachta cogaidh is cúis leis - ní sheolann Uachtaráin r-phostanna ar a son féin pé scéal é.

Tá sé chomh amaideach céanna leis an maíomh gurbh Moslamach faoi cheilt é Obama.

Deirtear gur ndearna Séamas Brennan (go ndéana Dia trócaire air) nósanna SAM a thabhairt isteach i dtoghcháin abhus, agus fuair muid blaiseadh láidir de san olltoghchán deiridh - Enda in aghaidh Bertie.

Ach tá súil agam nach leanfaidh muid an chonair sleamhain suarach céanna abhus.

Na polasaithe an rud, a phleota!

2008-09-12

Wie Gott in Frankreich...

Nath atá sa Ghearmáinis, nuair atá duine díomhaoin, go bhfuil sé "amhail Dia sa bhFrainc".

Tá seo bunaithe ar an frith-eaglaiseacht radacach a tháinig chun cinn sa bhFrainc tar éis na réabhlóide. Dá bharr, bhí an cuma ar an scéal go raibh Dia dífhostaithe ann. (Bhí Sé ar ragobair ann, ach sin scéal eile...)

Tá an Pápa sa bhFrainc faoi láthair, áit a bhfuil an tUachtarán Sarkhozy ag moladh athmhachnamh ar an gceist seo.

Is cuid den bheith daonna creideamh - agus ní ceart aon tuairim a chuir faoi chosc i ndaonlathas.

Ní mór feidhmiú faoin dlí, ach saoirse cainte, cainte agus creideamh a bheith ann!

Tá cearta ag leanaí. Ní ceart é leanbh a bheith agat!

Dhá alt i mercator.net:

  1. An dlí á chuir ar dochtuirí nach bhfuil sásta toirchiú in vitro a chuir ar fáil do mná nach bhfuil pósta.


Feictear dom go bhfuil bréag chearta - an "cheart" leanbh a bheith agat, is cuma cad a deir an nádúr, ag teacht salach ar fhíor chearta leanaí - an ceart fhios a bheith acu cé hiad a dtuistí, agus nasc a bheith acu leis na daoine sin.

Tá na chéad pháistí a saolaíodh de bharr IVF fásta anois - agus ábálta labhairt ar an dtionchar a bhí aige orthu. Caithfear éisteacht!

Is ceart cinnte gach cabhair a thabhairt do dhaoine atá buailte ag aimride. Ach ní ceart atá ann leanbh a bheith agat. Ní sealúchas do leanbh. Tabhartas atá ann, agus eascraíonn dualgais throma as leanbh a thabhairt ar an saol.


2008-09-11

Tumspraoi

Bhíos ag léamh alt in iris innealtóireachta faoi lionsa tadhaill don réaltacht fhíorúil.

Feicim buntáistí don oiliúint anseo ó thaobh sonraí a chuir thar radharc, nó daoine a thumadh i gcúinsí a bheadh baolach san fíor saol.

Ach táim buartha faoin baol a d'fheadfadh bheith leis an ró thumadh i saol fíorúil fantaisíochta.

Scríobh Primo Levi gearrscéalta faoin Torec (an uile taifeadán). Gléas réaltacht fíorúil a bhí ann - agus shú sé daoine isteach, iad ag déanamh neamhaird ar an ghnáth saol, toisc an saol fíorúil a bheith níos tarraingtí.

Fiú le gnáth cluichí ríomhaireachta, súann siad am.

Beidh le feiscint.


Iompú teangain


Tá feachtas fógraíochta ag Budweiser leis na lipéid a bhí acu thar na blianta.

Cé gur earra Mheiriceánach ó thús é, thug mé suntas dó gur i nGearmáinis don chuid is mó ata na lipéid luatha.

Cuireann sin casadh eile i scéal na dreama úd, English First.

Is dóigh liom go raibh na SA níos ilteangach na mar a ghéilleann siad, agus nach rud nua é mionlach suntasach le teanga eile acu.

Ní ólfainn an deoch , dála an scéil - níl ann dar liomsa ach beoir amháin a bhfuil an ainm Budweiser tuillte aige!

2008-09-09

Fides et Ratio - tá gá leo araon

Aiste spéisiúl i Mercator.net
Tá rogha le deánamh ag mic léinn i dtaobh bunfhealsúnacht - rogha idir Mohammed, Descartes, Nietzsche nó an Phápa!


Mar a dúirt Eoin Pól II i Fides et Ratio
Tá creideamh agus réasún cosúil le dhá eite, lena ardaíonn
an anam daonna é féín chun macnamh ar an Fhírinne.

2008-09-06

Castacht staire na hÉireann

De bharr sraith altanna le saighdiúir Éireannach le hArm na Breataine san Afganastáin, tá díospóireacht theasaí ann i leathanach na litreach.

Thug mé suntas don litir seo inné, a léiríonn castacht staire na hÉireann, mar a bhaineann sé le teaghlach amháin.

Rópa casta is ea Stair na hÉireann.
Tig leis sinn a cheangal le chéile, a chrochadh,
nó treoir a thabhairt dúinn.
Rud íogair, ilghnéitheach is ea féiniúlacht; agus is sochaí folláin an ceann a ligeann cead a chinn do gach duine, fad is atá siad dílis don Dlí.

2008-09-05

An Gin agus a mhillte

De bharr chaint Nancy Pelosi, ag maíomh go raibh amhras ann faoi leanúnachas teagasc na hEaglaise Caitlicí maidir le ginmhilleadh, tá achoimre foilsithe ag na hEaspaig i SAM.

Léirítear ann, cé go raibh díospóireacht ag tarraingt ar na heolaíochtaí ann maidir le cathain a thagann ann don anam, go raibh an tuiscint ann ón tús gur gníomh tromchúiseach agus táir aon ginmhilleadh.

Agus go bhfuil an eolaíocht anois ag teacht leis an teagasc sin - go gintear neach nua nuair a thagann ubh agus síol le chéile.

Is maith ann an léiriú seo.



Aguisín 2008-09-09 Freagra an Easpaig Chaput ar bhladar Joe Biden ar an ábhár chéanna:
Ceist eolaíochta tús na beatha - tá inbhid nua ón ón dtuismeadh ar aghaidh. Ceist fealsúnachta/creidimh is ea caithin is féidir "pearsan" a thabhairt ar an neach sin. Ach níl ceist ar bith ann go bhfuil leanúnachas ag baint leis an inbhid sin ón tuismeadh go dtí an bás. Agus tá an túsphointe i bhfad níos léire dúinn ná an pointe deiridh!

Dár gruaig mo smigín smig smig

Frank Mac Nally, san Irish Times inniu, ag moladh sampla Peadar Mhór na Rúise a leanacht, agus cáin a ghearradh ar fhéasóga.

Dar Crom! Ní fhaca mo smig lann le scór bliain, agus táim dóchasach nach bhfeicfidh go ceann i bhfad eile. (Chaill Roinne Drew a fholt bhreá de bharr an chóir leighis d'ailse)



(Féasóga uaisle na mBoyar, ar mhian le Peadar Mór fáil réidh leo. Íomhá ó Wikimedia)

An bhfuil an t-eolas uainn?

Dhá aiste, ceann ag Mercator.net, ceann eile faoi Dhlí Mhooer (nach ionann agus Dlí Mhoore!).

Cuireann an t-idirlíon sonraí ar fáil, i ngiotaí beaga so-bhlaiste.

Tá an cuma air gur eolas gan dua atá á chuir ar fáil. Ach ní hamhlaidh atá. Ní eolas atá ann go dtí go ndéantar scagadh ar na sonraí, agus tuiscint a bhaint astu. Agus uaireanta seachnaímid é sin; de bhrí go mbeadh orainn gníomhú dé réir na tuisceana.

De réir Dlí Mhooer, is fearr linn gan eolas a bheith againn dá mbeadh dua ag baint leis an gníomhú a bheadh de dhíth de bharr an t-eolas a bheith againn.

2008-09-01

Siúlach, scéalach ó Santiago


An Bóthar go Santiago le Micheál de Barra díreach críochnaithe agam. Dialann a shiúlóid ó deisceart na Fraince go dtí Santiago de Compostela agus ar aghaidh go dtí Finisterre (Deireadh an Domhain, de réir eolas na meánaoiseanna) atá ann.

Is léir go raibh an-taighde déanta aige roimh ré, agus an-ullmhúchán. Tá saothar an taighde sin fite fuaite le sruth comhfhiosach dá chuid smaointe fhéin, an thuas seal thíos seal is dúil do dhuine ar eachtra míosa mar sin.

Sár chuntas atá ann, agus tá méadú tagtha ar m'fhonn tabhairt faoin oilithreacht áirithe sin uair éigin - ach is dócha go mbeidh mé amuigh ar phinsin, mar atá Micheál, sula mbíonn uain agam chuige!

Is leabhar snasta atá ann, le haguisíní luachmhara le mioneolas don bealach, agus maidir leis an stair.

(Naomh Séamas i riocht an marfóir Múrach atá thuas. De réir béaloideas na Spáinne, ghlac an Naomh - nó a Spiorad - páirt gníomhach san athghabháil ar an Spáinn. Íomhá ó Wikimedia)

An Pápa ina ollamh buan

Dhá scéal - ó Zenit agus Kath.net maidir leis an Ratzinger Schülerkreis (Fáinne Dhaltaí Ratzinger).

Dream atá á thabhairt le chéile aige go bliaintiúl le ceathrú céid.

I mbliana, tá cuireadh tugtha aige do bheirt tráchtaire scrioptúir ón dtraidisún Protastúnach: Martin Hengel agus Peter Stuhlmacher.

Cíoradh saol Íosa, agus is cosúil go mbeidh tionchar ag na torthaí ar saothar an Phápa san dara imleabhar dá leabhar ar Íosa.

Is méanar dúinn "Príomh Oide" chomh dílis don teagasc a bheith againn. Deirtear gur éisteoir maith é an Pápa, atá sásta foghlaim ó dhaoine eile - rud a bhí le feiscint san chéad imleabhar, a rinne tagairtí moltacha do shaothair scolairí lasmuigh den eaglais Rómhánach, Giúdach ina measc, agus a tharraing as an saothar sin.



Aguisín: Scéal eile ó Kath.net, agus an cruinniú thart. D'fhreastail glúin nua de dhiagairí, iad siúd atá ag scríobh tráchtas dochtúra as shaothar Ratzinger, freisin.

2008-08-31

Misneach de dhíth ag plé leis an Ioslam

Alt ó Kath.net, scríofa ag saineolaí ar an Ioslam.

É ag léiriú go bhfuiltear anois ag seachaint aon cheo san ealaíon a d'fheadfadh fearg dá laghad a chuir ar Mhoslamaigh. Ní hamhlaidh do mhaslaí don Críostaíocht - is féidir na rudaí is naofa linne a tharraingt - go liteartha - tríd an mbualtrach.

Ach tá difear ann; ghéill Críost don magadh, bhí Sé umhal agus uiríseal - níor ghéill Mahamad!

Fós féin, tá sé tábhachtach nach ndéanfaí cinsireacht ar phlé macánta leis an Ioslam san Iarthar, nó beidh muid ar fad thíos.



Aguisín: Alt eile ar an ábhar chéanna, scríofa ag Moslamach san Irish Times inniu:
"Cuireann féin chinseareacht gach duine a chreideann ar aon chéim le páiste, gan an cumas a bheith iontu plé le habhár íogair go béasach. Mar chreidmheach, táim maslaithe."

2008-08-29

Cré Phobal Dé

(Pól VI - Íomhá ó Wikimedia)

Agus mé ag léamh faoi Humanae Vitae, chonaic mé tagairtí do shaothar eile de chuid an Phápa Pól VI - Cré Phobal Dé (éist leis anseo).

Ba mar chuid de bhlian an Chreidimh, agus faoi thionchar ón bhfealsaimh Jaques Maritain a scríobh sé é, is cosúil.


Acoimhre ar an gcreidimh Chaitliceach atá ann, agus is fiú ann é.

2008-08-26

Tá an stair ar thaobh lucht bailithe stampaí!

Sin a scríobh Erich Kästner tráth, san réamhrá dá úrscéal Der kleine Grenzverkehr:

Scríobh sé sna 1930í é, agus bhí an teorann idir an Ghearmáin agus an Ostair lárnach don scéal. Faoin am a foilsíodh an leabhar, bhí an teorann sin imithe "go deo". Ach bhí sé ann arís "go deo" faoin am gur foilsíodh an t-eagrán ar scríobh sé an réamhrá dó.


Tá an Rúis tar éis neamhspleáchas Ossetia Theas agus an Abcáis a aithint, agus tá loing de chuid NATO agus na Rúise ag seoladh gar do chósta na Seoirsia.

Maíonn an Rúis gurbh ionann an chás agus cás an Chosaiv.

N'fheadar.

Ach is cinnte go bhfuil "náisiúnachas an chois ar bhoilg agus náisiúnachas an éirí amach" a luaigh an Conghaileach (más fíor, scéal scéil ata agam ar seo, agus tá sé ag cinnt orm foinse a aimsiú) ar gach taobh san scéal seo. Agus ní deá scéal atá ann, má tá an Rúis le bheith in adharca le SAM agus an tAE eatarthu.

2008-08-25

"Status Quo" an Laidin ar "an bpraiseach ina bhfuilimid"

Níor shíl mé go mbeadh mé riamh ag athchúrsáil nath de chuid Ronald Reagan, ach nuair a léigh mé ag deireadh an ailt spéisiúil seo an nath thuas, rinne mé miongháire - agus phioc mar teideal ar an mblagmhír seo é.

Táimid ag brú ár dtruailliú soir - tríd earraí saora a cheannach ón tSín agus tíortha nach é. Tá mórán an rud céanna ag tarlú d'ár talmhaíocht.

Dlíthe daingne abhus, srianta agus maorlathas ar ár dream féin. Ach ag allmhairiú earraí táirgthe faoi choinníollacha nach nglacfaí leo scun scan abhus.

Ní chun ár leasa é nach mbeadh ar ár gcumas bia nó earraí a chuir ar fáil abhus. Agus cinnte ní chun ár leasa é go mbeadh an domhan i mbéal forbartha á nimhiú. Ní aithníonn nimh agus truailliú teorainn!

2008-08-22

Drochthús le plé riachtanach

Eagarfhocal an Times inniu - rinne Brian Hayes botún nuair a d'úsáid sé an focal íogair "leithscaradh" agus é ag maíomh go bhfuil gá oiliúint ar leith san teanga teagaisc a thabhairt d'inimircigh san iarbhunscoil más gá é.

De bharr gur úsáid sé friotail a thugann deis ciníochas a chuir ina leith, tá deireadh leis an bplé sular thosaigh sé.

Is trua sin. Ba mhaith an rud é oiliúint a chuir ar fáil i dteanga teagaisc gach scoil - Béarla sa Ghalltacht agus Gaeilge sa Ghaeltacht - d'aon dalta a bhfuil sé de dhíth orthu.

Ach an Roinn Éadóchais agus pleanáil....

Namhad a rinne é seo

Alt le Easpag Robert Vasa:

Is ann don Diabhail agus na hainspioraid. Agus is mithid do gach aoinne againn cuimhneamh ar sin.
Tá toradh a saothair le feiscint in aimhréidh ár sochaí - áit gur "ceart" atá ann gin a mhilleadh agus an t-easlán a bhrostú ar shlí na fírinne. Cultúr an Bháis.

A Aingil ghil Dé, cuir mé faoi do smacht
Mar d'ordaigh Mac grámhar Dé ina reacht
Seas le mo thaobh gach uile lá,
soilsigh, is cosain,
is seol mé slán

2008-08-21

Deireadh le hEarrach Prág - 40 bliain ó shin inniu

Scéal san Tagesspiegel.

Anois is léir gurb tús turnaimh Comhaontú Vársá agus mórcheannas an Aontais Sóibhéideach a bhí ann.

Ach tá macallaí míchompordacha ann in imeachtaí na Seoirsia agus an buailim sciath idir an Rúis agus an bPolainn - cé gur cásanna eile ar fad iad.

Níl an domhan níos simplí!

2008-08-20

Ceist chasta na bpéas rúnda

(íomhá de chuid an Linkspartie)

Ba dlíodóir san DDR é Gregor Gysi, dlíodóir ar son easaontaigh mór le rá. Ó 1989 i leith tá sé ag streachailt leis an gcúiseamh go raibh sé ina spiaire orthu ar son an Stasi.

Agallamh leis agus le mic an dís is cáiliúla anseo san Tagespiegel. Is léir nach bhfuil a muinín siúd, go ndearna sé rudaí fónta ar a son, scaipthe.

Is deacair aon ró iontaoibh a chuir i gcáipéisí lucht na mbréag san Stasi, cé go bhfuil oifig Rialtais ann chun meabhair a bhaint astu...

Ach tá bóthar fada le dul sula mbeidh síocháin ann don dream a bhí buailte - má bhíonn riamh.

Scriosann easpa muinín caidrimh.

Cathair na bhFionnúrach



Cé go raibh an síon sách fliuch agus muid thiar i gCorca Dhuibhne, rinne mé roinnt beag siúil.

Tá Cathair na bhFionnúrach, cathair meánaoiseach thart ar uair an chloig siúl ar bhóthar glas ón mBaile Breac , agus bhíos ann faoi dhó.

Tá an bóthar glas garbh go maith (agus fliuch!) ach insiúlta fiú le leanbh i mala droma!

Tá an Cathair féin spéisiúil, agus ana radharc uaidh ar Feothanach agus Cuas an Bhodaigh.

D'fhill mé ar an mbóthar mór, rud a thug deis dom geábh amháin bualadh isteach go teach tábhairne an Bhóthair!

2008-08-18

1260 AD

(Íomhá ó Wikipedia - Tionól na nDochtúir san Sorbonne)
Léite anois agam.

Scéal dhá gníomh atá anseo, a phléann le prionsa de Chineál Eoghan. San chéad gníomh, is manach é ag staidéir san Sorbonne. Cuirtear go mainistir iargúlta é le lámhscríbhinn le Eriugena, lámhscríbhinn atá in easnamh san Sorbonne toisc gur ordaigh Pápa é a dhó. Agus é ann, forbraíonn grá idir é an cailín aimsire uaigneach na mainistreach. Feidhmíonn an chuid seo den scéal go maith; tá soineantacht an laoich inchreidte, agus an tragóid soiléir ag teacht.

Bogann an scéal ar aghaidh ansin go hÉirinn, agus Eoghan ar saoir i ndiaidh dó a dhochtúireacht a bhaint amach, ach faoi smál áirithe de bharr an eachtra thuasluaite; cloiseann muid go bhfuil a dheartháir ar lár, marbh i gcath leis na Gaill. (Tá an cath úd luaite in annála na gceithre Máistir, agus bhronn an eachtra teideal an leabhair.)


Tagann sé i gcomharbacht air, agus pléann an cuid eile den scéal an eachtraí agus é ina Rí Tuaithe ar feadh beagán faoi bhliain. Ní raibh an chuid seo de scéal inchreidte, dar liom, bhog rudaí ar aghaidh go ró-réidh; cé go raibh eachtraí spéisiúla, dea inste ann freisin.

Níl mé cinnte an mholfainn é mar leabhar!

Ar fáil ar líne anseo: 1260 AD - úrscéal staire le Alec Bán Mac Conaill agus i bhfoirm crua ó Coiscéim.

Athmhuscailt na Rúise.

(Íomhá: postaer don scannán Long Cogaidh Potemkin ó Wikimedia)

Anailís ar chás Seoirsia ag Mercator.net:

Aontaím leo; tá an Rúis ag fógairt nach bhfuil sí sásta glacadh le bheith timpeallaithe ag iar choilíneachtaí dá cuid atá sásta tacú lena namhaid.

Botún a bheadh ann namhad buan a dhéanamh den Rúis; tá an tAE ina abhac pholaitiúl, agus beidh. Tá SAM gafa lena amhantar san Mheán Oirthear, agus beidh.

Tréimhse corrach atá roimh lár na hEorpa; agus roimh an Eoraip ar fad dá bharr.

2008-08-15

Íocfaidh muid as do bhás, ach ní as do bheatha!

Alt a chuireann sceon orm i Mercator.net.

Tá sé dleathach in Oregon lámh a chuir i'd bhás féin le cabhair ó lia. Ar mhaithe le "saoirse an duine".

Agus tá an Rialtas ann sásta íoc as. Ach níl siad sásta íoc as cóireáil a chuirfidh an bás ar atráth (seachas an galar a leigheas go hiomlán).

Thuigfeá as sin go bhfuilid den tuairim gur dualgas ort lámh a chuir i'd bhás fhéin ar mhaithe le costais a laghdú don tsochaí.

Saoirse?

2008-08-14

Ainm an Tiarna


( Íomha ó Wikimedia - ainm an Tiarna in aibitír na bhFéiníceach, na hAramaise agus Eabhraise an Lae inniu)

Scéal anseo ó Kath.net gur mian leis an Vatacáin go gcloífí le nós seanbhunaithe Iosrael, agus gan ainm an Tiarna - an Tetragramm naofa JHWH - a úsáid san liotúirge.

Spéisiúil. Agus inmholta dar liom - cabhraíonn urraim le creideamh agus "Eagla an Tiarna", mar a bhíodh sa chaiticeasma fadó.


Ná luaigh ainm Dé le mí-úsáid a bhaint as.

Deot: 5:11

Dúirt Dia le Maois "Is mé an Té atá ann"

Eax: 3:14

Lá Fhéile Mhaximilian Kolbe

Anaithnid , sa Réimse Poiblí, Féach nasc

atá ann inniu 14ú Lúnasa, an lá roimh Lá le Muire san fhómhair. Fuair Maximilian Kolbe bás ar son fear eile in Auschwitz - ach tá i bhfad níos mó i gceist lena shaol ná sin. Ba misinéir é ar feadh a shaol, agus bhunadh sé mainistreacha - i Nagasaki fiú - agus nuachtáin agus nithe eile. Tá (nó bhí, is dócha go bhfuil sé as cló) beathaisnéis i nGaeilge faoi: Ridire Mhuire gan Smál. Beathaisnéis an Athar Maximilian Kolbe, O.F.M., Conv. le Colmán Ó hUALLACHÁIN. Is dóigh liom go bhfuil cóip agam áit éigin; tá sé léite agam cinnte, agus leabhar Desmond Forristal - Maximilian of Auschwitz - freisin.

2008-08-12

Taibhsí na hóige san sráidbhaile domhanda

Píosa breá arís ag Kate Holmquist san Times.

Cuireann an t-idirlíon am agus spás ar neamhní, ar slí. Cothaíonn sé, nó is féidir leis, teangmháil idir dhaoine nach bhfaca a chéile riamh - tá dornán daoine nach bhfuil ach ríomhaithne agam orthu.

Ach ceist eile atá á chíoradh ag Kate. Cad is ceart a dhéanamh nuair a thagann duine a raibh caidreamh agat leo i bhfad siar, in am agus áit eile i dteangmháil leat.

Ceist mhaith.

2008-08-11

Ag iompú moslamaigh - le cabhair ón Córán!

Scéal spéisiúil ó Kath.net:

Sagart Coptach, Zakaria Botros, a bhfuil eolas domhain aige ar an traidisiún Ioslamach - an Córan, an hadith (ráite an Fáidh) agus an Ulema (ráite na scoláirí).

Tá clár teilifíse Araibise aige ina ndéanann sé ceisteanna a chíoradh, mar shampla ról na mBan son Ioslam. Is cosúil go bhfuil roinnt mhaith daoine iompaithe ina gCríostaithe de bharr a shaineolas agus a theagasc.

Is "Namhad uimhir 1" an Ioslam é, de réir an nuachtáin al-Insan al-Jadid

2008-08-07

Abhlacha aorach


Tharraing an t-alt seo san Tagesspiegel m'aird ar an Front Deutscher Äpfel.(Fronta na nÚll Gearmánacha).

Smaoineamh iontach is ea é. Aoradh a dhéanamh ar leithéidí an NPD tríd a gcuid béarlagair agus siombail a chasadh, agus úlla a úsáid.

Cosain glaine na dtorthaí Gearmánacha!
Amach le torthaí eachtrannacha!
Déan subh as na torthaí leagtha!


Físeán anseo:

Fáidh ar lár

Aleksandr Isayevich Solzhenitsyn (1918-2008)

Do léigh mé "Lá i saol Ivan Denisovitch" agus "Bharda Ailse" agus mé sna déaga.

Bhí an Iarthar breá sásta le Solzhenitsyn chomh fada agus a dhírigh sé a cháineadh ar an Cumannachas. Ach níor chloígh sé leis sin.

Críostaí láidir ab ea é, a dúirt

"Tá an Olc a scaipeadh mar a dhéanadh cuaifeach tríd cúig Mór Roinn an Domhain. Tá an fichiú aois ina iomláine báite i mbogach aindiachais agus féin scrios."

Altanna anseo agus anseo.

Leaba i measc naoimh na Rúise go raibh aige!

2008-08-06

Focail, Croí, Cloigeann

Alt spéisiúil ag Mercator.net maidir le conas cuir in a luí ar dhaoine cén cúrsa atá eiticiúil; tábhacht an réimse teangain a úsáidtear, agus bealaí seachas réasún amháin chun fios a bheith ag duine.

Tá tábhacht le réimse focail caoi in aon phlé, agus ní féidir plé a bheith ann d'uireasa comhthuiscint ar brí na bhfocail.

Le fada, tá sofhriotal ag cuir argóint poiblí as a riocht; ní mór bheith ar an airdeall faoi.

Suimiúil freisin gur féidir le daoine a bhfuil gortú inchinne de shórt áirithe ag cuir as dóibh cinntí mí-eiticiúla, ach réasúnta a ghlacadh.

Neach thar a bheith casta an cumasc úd as corp, toil, mian agus intleacht - an neach daonna.

2008-07-31

An iomarca againn sa chine daonna?

Dhá thuairim i gcodarsnacht san Irish Times inniu: David Adams ag éileamh bá don Aifric uainn agus John Gibbons ag éileamh srianta dochta ar phobal an Domhain.

Is cinnte nach bhfuil acmhainní ar fáil chun go n-ídeodh gach neach daonna ar méid céanna agus an ghnáth Iartharach.

Ach feictear dom go bhfuilimid ar cuir an t-uafás amú san Domhan Thiar. Agus go bhfuil na hacmhainní ann chun saol fiúntach a bheith ag gach neach daonna, ach maoirseacht stuama a bheith orthu. Agus, mar a deir David Adams, go mbeadh maolú ar fhás an daonra sna tíortha i mbéal forbartha ach saol níos fearr a bheith acu ann.

Scéal eile a bhaineann le hábhar ag MercatorNet: saoi de chuid ghluaiseacht an smachtú daonra ag clamhsán faoi neamh éifeacht an piolla frithghiniúna.

Bhí gné ciníoch agus an cuid is measa den dea-ghinic ag baint leis an dearcach sotalach sin nach mór don Domhan i mbéal forbartha srian a chuir ar fás a dhaonra - ar mhaithe linne san Iarthar nach mian linn srianta a leagan ar an gcur amú agus craos.

Mar a fheiceann muide faoi láthair [cé go bhfuil deireadh ag teacht leis], tá gá le fás san daonra chun dul chun cinn eacnamaíochta a bheith ann.

Córas chasta, agus saol casta atá san Domhan s'againne. Ach is fúinne san Iarthar atá sé plé le hiarmhairtí ár mí iompar. Ní futhu siúd nach bhfuil ach an gannchuid acu - ach a choinníonn caife, tobac, ola, cocáin, rís,... linne.

2008-07-30

Gallóglaigh

Píosa fiúntach i mBeocheist inné ag ART Ó MAOLFABHAIL

Mar sin féin, na Gaelóglaigh thar lear, is Gallóglaigh iad, amhais eachtrannacha, gach áit a gcuirtear iad.



Sin é.

Amharcann fear an chasúir ar gach fhadhb mar tháirne

Ceird is ea innealtóireacht bogearraí.

Tá réimse leathan uirlisí agus modhanna ar fáil don cheardaí oilte - ach é bheith ar an eolas fúthu.

Ach má tá réimse eolais an cheardaí ró chúng, ní hamháin nach mbeidh an leigheas is fearr ar an fadhb aige, ach seans go gcinnfidh air leigheas ar bith a aimsiú!


Bhíodh smaointeoirí sna meánaoiseanna faoi gheis ag pisreog nárbh fhéidir smaoineamh gan canúint. Is mar toradh ar sin a d'athraigh ciall an fhocail "dumb" [sa Sacs Bhéarla] ó "gan urlabhra" go "dúr". Le teacht na ríomhairí, tá claochlú tagtha ar chiall "Canúint" agus "Smaoineamh", agus tá fírinne áirithe san sean phisreog anois: Sa mhéid agus go gcuireann teanga ríomhaireachta srianta ar an méid is féidir a chuir in iúl, cuireann siad srian ar an méid gur féidir le ríomhchláraitheoir a mharana a dhéanamh air, ach amháin má tá sé corraithe ag taithí searbh nó saortha ag samhlaíocht bhríomhar.


Prof. W. Kahan, Lecture Notes on the Status of IEEE Standard 754 for Binary Floating-Point Arithmetic


Tá an dá rud de dhíth - taithí, agus samhlaíocht. Is féidir, mar a rinne na ceannródaithe ariamh, tógáil ar thaithí dhaoine eile - más eol duit an taithí sin a bheith ann.

An conclúid as sin ná gur gá don "saor síorbhuailteach" a mhaíonn an tseanfhocail a bheith níos fearr ná an "tsaoir sárbhuailteach" a bheith ina "shaor síorfoghlaimeach" chomh maith.

Tosach feasa fiafraitheacht


Ná bíodh ró ómós agat don saineolaí a deir "A chara, is mar sin atáim á dhéanamh le scór bliain". Is féidir rud a dhéanamh mícheart ar feadh scór bliain!
Kurt Tucholsky


I mo chás fhéin táim tar éis plé éigin a bheith agam le dosaen nó mar sin teangacha ríomhaireachta - ó cód innill go teangacha scriopta.
Taithí luachmhar dhom é seo, a chuireann ar mo chumas an uirlis cuí a roghnú - nó uaireanta malairt leighis a mholadh. Ní rogha teicniúil an rogha ceart i gcónaí. Ní mór an fhadhb a scrúdú ina iomláine, agus féachaint chuige gurbh é an fréamh atáthar ag dul i ngleic leis seachas na comharthaí sóirt.

Mar shampla, luaigh mé cheana na geataí uathoibreacha atáthar a cuir isteach sna stáisiúin DART - i stáisiún na bPiarsach faoi láthair. Feictear domhsa gur cur amú airgid agus ama atá anseo. Glacaim leis gurbh é an fhadhb ná féachaint chuige go n-íocann gach paisinéir an táille cuí, agus breith orthu siúd atá ag caimiléireacht. Ag an am céanna, ní ceart aon ró bhac a chuir ar sruth na ndaoine tríd an stáisiún.

I mBeirlín, mar a chónaigh mé, agus mar a bhfuil ticéid amháin ar fáil do gach córas taistil sa chathair, tá leigheas eile acu ar an scéal.
Níl bac ar bith sna stáisiúin. Tá innill simplí chun ticéid a chuir i feidhm i gcás ticéid aon turais. Déantar cigireacht rialta - ach is ins na traenacha nó busanna a déantar sin - mar sin ní chuirtear moill ar aoinne.

Ní mór don innealtóir a bheith ina mhachnamhóir chomh maith! Agus féachaint chuige go bhfuil lón cuí machnamh aige, a théann níos leithne ná gnó an lae amháin.

2008-07-29

Barraíocht staire ina bhac ar an Aontas Eorpach?

Alt tuairimíochta spéisiúil in El Pais

Tá drogall a stáit na hEorpa flaitheas a ghéilleadh don Aontas. Is dá bharr sin a raibh sé ar chumas na hÉireann (agus na Fraince agus an Ollainn romhainn) bac a chuir le conradh.

Ach tá dóchas ann - tagann muid le chéile i gcomhar na gcomharsan chun dul i ngleic le mór fhadhbanna.

Agus síocháin agus rathúnas leath chéad bliain againn dá bharr.

Busbhlagadóireacht

Tá sraith iontach blagmhíreanna ag Cáit Ní Mhaoláin ar AnLionra.net

Súil grinn, greannmhar, geanúil ar saol an paisinéara bhus i mBÁC

Bainigí sult as!

2008-07-28

Cérinnecháin inmholta Túdaraigh

Bhí leabhar de dhíth orainn agus muid ar saoire, agus phioc muid suas "Dissolution" le C. J. Sansom. Ó shin tá an dara leabhar, Dark Fire léite agam freisin.

Dlíodóir - Matthew Shardlake - atá ina bhleachtaire san scéalta seo atá lonnaithe le linn réimeas Anraí VIII. San céad dá leabhair is ar son Thomas Cromwell atá sé ag gníomhú.

Duine spéisiúil é Shardlake. Tá cruit air, rud a bhfuil tionchar an-mhór ar a chaidreamh le daoine eile. Baineann sé le faicsin an athnuachan creidimh - ach is faoi thionchar Erasmus atá sé - idéalaí ar mian leis comhlathas Críostaí a fheiscint i réim.

Tagann claochló tuairimíochta air de bharr eachtraí na scéalta; lofacht an chórais faoi Anrai VIII, a rinne rudaí níos measa arís ná mar a bhí roimhe (bhí an eaglais sách lofa ag deireadh na meánaoiseanna de bharr ró bhaint leis an chumhacht saolta, na manaigh ach go hairithe ag teacht i dtír ar aineolas agus dóchas an phobail, agus a gcuid ab ina dtiarnaí feodacha) - ach d'fhág díscaoileadh na mainistreacha an daoscar slua spléach ar lucht gaimbín agus craois. Ní tháinig an tuar faoin dtairngreacht do Shardlake agus a chomh idéalaithe. Ach fanann a dhóchas go dtig leis mar dlíodóir maitheas éigin a dhéanamh ach an fhírinne a lorg agus a thabhairt chun solais.

Tá carachtar spéisiúla eile sna scéalta - ina measc Múrach ó Granada ar iompaigh a mhuintir ar an gCríostaíocht agus a bhí ina Mhanach. Lia a rinne staidéir i Lobháin ab ea é, ach nuair a discaoileadh a mhainistir, ní raibh áit ann san sochaí ach mar phoitigéir. Pápaire, mó nós fhéin - ach d'fhán cairdeas idir é agus Shardlake.

Ní mian liom na scéalta a loit, mar sin ní deirfidh mé níos mó!

Feictear domh go bhfuil na scéalta fite go healaíonta i stair an ré chorraithe sin. Beidh mé ag léamh liom. Agus fonn orm anois saothar Erasmus do léamh - fear a bhí ina réiteoir bealaigh don Athrú Creidimh, ach a d'fhan dílis d'Eaglais na Róimhe. Tá leabhar agam sa mbaile - d'amharc lucht na Comharseilbhe san Oirghearmáin ar dhaoine mar é mar cuid dá sinsir polaitíochta, mar sin chur siad a shaothar i gcló agus bhí cóip i measc na leabhair a bhí ag mo bhean.

2008-07-25

Obama i mBeirlín - sár dhráma!

De réir an aisteora Ulrich Matthes san Tagespiegel.

Bhíothas sásta lena chuairt thall, agus dóchas ann i measc an phobail agus an aos polaitíochta araon go mbeadh caidrimh níos tairbhí ann ach Uachtarán Obama a bheith san Teach Geal.

Ach, gan amhras, ceist do phobal SAM atá ansin. Ascal Pennsylvania seachas Sráid an 17ú Meitheamh an sráid cinniúnach sa cheist seo.

Tuairisc phearsanta ó Lá na nÓg i Sydney

Ag Mercator.net anseo:

Ana dhóchasach.

Táim ar aon aois le Humanae Vitae

Agus an dá scór sáraithe agam.

Bhí altanna san Times inniu - gurbh rud maith é an scoilt san Eaglais de bharr imlitir úd Phól VI, gur saoradh Caitlicigh ó ró thionchar údarás an Phápa.

N'fheadar.

Seo alt de chineál eile ó Kath.net: teagasc dearfach, iomlán í teagasc na hEaglaise ar an gcollaíocht - cé go bhfuil codarsnacht láidir idir é agus an saol anois agus muid i ré iar-réabhlóid na collaíochta.

Is dóigh liom go raibh Humanae Vitae fáidhiúil - ní chun leas mná i gcoitinne a chuaigh frithghiniúint saorga.

Is fusa anois ag fir éalú ó iarmhairtí a gníomhartha, agus tá ualach níos troime ná riamh ar mhná "féachaint chuige nach mbeidh aon iarmhairt".

Sonraí, Tuiscint, Fios

Bhí alt suimiúil ag Alan Titley faoin idirlíon san Times inné.1

Táim beagnach ar aon fhocal leis - seachas nach n-aontaím gur eolas ná faisnéis atá ar fáil ar líne.

Níl ar líne ach sonraí! Tá tuiscint de dhíth chun eolas a bhaint astu.

Tuairimíocht don gcuid is mó atá sna sonraí, agus tá gá le tuiscint chun eolas fiú a bhaint astu. Is deacair uaireanta údarás agus cruinneas na sonraí a mheas, agus tá tuiscint de dhíth. Is mó "fíric" a chuirtear ós ár gcomhair ar líne nach bhfuil ann ach brilléis ginte in aigne óstéite chancráin.

Nuair atá na sonraí scagtha chun teacht ar an eolas, ní mór an t-eolas a scagadh chun teacht ar thuiscint.

Cludaíonn alt Kharlin Lillington inniu gné eile den scéal - neamhbhuaine eolas i bhfoirm leictreonach de bharr athraithe i bhfeidhmchláir, formáidí ina gcoinnítear eolas, agus ríomhairí.
Maireann eolas i bhfoirm digiteach cúig bliana nó go deo - pé acu is giorra.
Jeff Rothenberg
Táthar - le leithéidí Unicode agus XML - ag dul i ngleic leis seo, agus ag cuir meiteashonraí le taifid leictreonacha chun an baol a mhaolú. Ach níl buaine ar focal breactha ar phár sáraithe, agus ní sárófar. Páipéar féin, ní mhairfidh chomh fada le lámhscríbhinní ar phár!



1 Ar chúis diamhair nach dtuigim agus atá ardaithe agam leo, ceileann an Times gaois Alan orthu siúd atá ar líne ar feadh cúpla lá. Má aimsím nasc, cuirfear anseo é!

2008-07-23

Tadhall-óireacht

Bhuel, tá bréagán nua an Ghael fhaiseanta ceannaithe anois agam - Tocco Shamsung.

Ní minic go n-athraímse m'fhón póca, agus go dtí seo ba dílseoir de chuid Nokia mé, agus níor bhac mé le tuarthéacs T9 - bhí se ró chasta agus mé ag téacsáil go hiolbhéarlach.

Ach táim ana thógtha leis an Tocco.

Pé dream a rinne an t-aistriúchán, rinne siad sár jab. Tá sé intuigthe gan stró, fiú nua atá focail ann nach bhfaca mé ró mhinic cheana - leithéidí "séis".
séis [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh]
siansa ceoil; monabhar; caint. (ón bhFoclóir Beag)

Is maith liom an scáileán tadhaill, cé go bhfuilim ag streachailt fós leis an scrollú.

Tá sé breá éasca teanga teachtaireacht a athrú, agus tig liom T9 a úsáid go tairbheach dá bharr.
Níl le déanamh anois ach na huimhreacha ar fad a chuir air....

2008-07-22

Lorgaire Léacsach



(Boole & Moriarty - íomhánna ó Wikimedia)

I measc na leabhair a fuair mé dom bhreithlá, bhí An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire le Biddy Jenkinson.

Bhí roinnt des na scéalta léithe agam cheana, agus bhíos ag súil go mór leis an leabhair seo. Agus thaitin sé liom - an bealach ealaíonta ar fhí sí saothair an fhoclóirí leis na scéalta cérinnecháin.

Tá cuid de na scéalta níos fearr ná a chéile, dar ndóigh. Ach is fiú iad ar fad a léamh.

Cúpla mion chlamhsán - bhí tagairtí sna scéalta go luath sa leabhair do eachtraí a bhí sna scéalta ag an deiridh. D'fhónadh cúram níos fearr don ord reatha. Bhí tagairt ann do scéal nach raibh sa chnuasach in aon chor "Dinneen agus Caol an Iarainn" - tá súil agam go gciallaíonn san go bhfuil imleabha(i)r eile ar na bioráin ag Biddy.

Bhí colláisí griangrafanna Ríbí cliste, ach ní hiad mo chupán taesa iad!

Tríd is tríd, dealeabhair, agus nára fada go raibh comhluadar aige.

Maidir le deargnamhaid Searbhlach de Hoilm, an Muircheartach, ritheann scéal liom a d'inis Des MacHale agus é ag tabhairt léacht don Roth - bhí sé cinnte go raibh Moriarty bunaithe ar George Boole, a bhí ina ollamh le Matamaitic roimhe i UCC.