Ní minic go n-athraímse m'fhón póca, agus go dtí seo ba dílseoir de chuid Nokia mé, agus níor bhac mé le tuarthéacs T9 - bhí se ró chasta agus mé ag téacsáil go hiolbhéarlach.
Ach táim ana thógtha leis an Tocco.
Pé dream a rinne an t-aistriúchán, rinne siad sár jab. Tá sé intuigthe gan stró, fiú nua atá focail ann nach bhfaca mé ró mhinic cheana - leithéidí "séis".
- séis [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh]
- siansa ceoil; monabhar; caint. (ón bhFoclóir Beag)
Is maith liom an scáileán tadhaill, cé go bhfuilim ag streachailt fós leis an scrollú.- Tá sé breá éasca teanga teachtaireacht a athrú, agus tig liom T9 a úsáid go tairbheach dá bharr.