Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-07-31

Cearta an Bhráthair Mhór

Is cosúil go bhfuil sé ina raic maidir le cearta Amazon ar do Khindle.

Tráthúil go leor, is de bharr go raibh leaganacha den úrscéal 1984 á scaipeadh acu gan na cearta a bheith acu. Nuair a fuair siad amach, scrios siad na cóipeanna ar gléasanna a gcuid custaiméirí, agus d'aisíoc siad an 99c.

(Chonaic mé an scéal ar dtús anseo - níos mó anseo)

Caithfidh mé a rá go bhfuil amhras orm faoin saghas seo bainistíocht ceart digiteach. Feictear dom gur leithscéal atá ann mion sonraí do sainspéiseanna a bhailiú - agus rudaí a chreid tú a bheith ceannaithe agat a cheilt ort más áil le Bráthair Mór éigin é sin. (Dar ndóigh tá i bhfad barraíocht eolas ag Google fúmsa cheana).

Táimid, a bhfuil muid nasctha leis an iliomad gléas, ag fágáil méarloirg digiteacha gach áit... agus cé leis an leas?

2009-07-29

Bráithre nó Cairde?

Baintear feidhm as an bhfocal "Bráithre" in Ord an Aifrinn, go háirithe san Fhaoistin Choiteann.

Tá sé tugtha faoi ndeara agam go bhfuil sé de nós ag sagairt airithe "cairde" a chuir in áit "bráithre". Gan amhras, tuigim cén fáth - cuimsíonn "cairde" an dá cineál, agus táid ann a thuigfeadh go raibh leath den chine fágtha lasmuigh ag bráithre. Tar éis an tsaoil, bhí leibidí ann nár thuig an difear idir duine (homo) agus fear (vir) agus a chreid dá réir nach raibh anam ag bean.

Ach feictear dom nach bhfeileann an focal cairde. Bréagnaítear teagasc thábhachtach de chuid na Críostaíochta ansin - gur clann altrama Dé muid, gaol fola eadrainn buanaithe ag fuil Chríost ar an gcros. Tá sin níos doimhne ná cairdeas. Tig le duine titim amach lena bhráthair - ach is bráithre fós iad! Agus is fearr, deir an seanfhocal, beagán den ghaol ná mórán den charthanas.

Tá col glactha agam mar sin leis an bréag chairdeas seo! Ach cén leigheas atá air?

Tá focail tábhachtach - agus is maith an rud an idirdhealú sa Ghaeilge idir duine agus fear - atá in easnamh i gnás an Bhéarla.

Pléann an Ghearmáinis leis an bhfadhb seo ar shlí eile - luaitear idir Bráithre agus Siúracha.
Agus sin ainneoin focal bhreá a bheith acu ar col beirte - (nó siblín) - Geschwister.

2009-07-26

Briseann an dorchadas...

Tá an chéad gála de na húrscéalta maidir le Seán Ruiséal léite agam anois.

Léigh mé an dara cheann ar dtús! Tá saghas áthas orm anois gur dhein, mar thaitin an ceann seo i bhfad níos fearr liom.

Tosaíonn sé amach mar mistéir an t-seomra faoi ghlas, ach diaidh ar ndiaidh nochtar an conas - níl an seomra chomh slán is a creideadh - agus an cén fáth; agus ansin an cé.
Léirítear gnéithe eile faoin íospartach mar a thagann na bleachtairí ar an fhianaise, agus is saghas CSI atá ann - modhscéal, mar a bhaist Seán air.

Fitear le chéile obair na baill foirne éagsúla go maith, gach aoinne acu ag cuir leis an eolas de bharr a shainscil féin, agus léirítear an tábhacht leis an t-ádh a bheith ar na péas chomh maith.

Sár scéal, teannas tríd síos, agus feidhm bainte as saol phearsanta na bpríomh phearsain chun an teannas agus an strus sin a chuir in iúl.

Tá sé mar aidhm ag Sheáin go n-oirfeadh "...na leabhair d'aerthaisteal ó BhÁC go dtí An Róimh.". Ghiorródh an leabhar seo aistir mar sin go paiteanta.



Seán Ruiséal agus Iníon An Oileáin
Modhscéal póilíneachta le
Seán O’Connor
Coiscéim 2007

2009-07-24

Bearna san diallait

Bhuail mé le fear inniu ag stad an bhus a bhí amhrasach faoi comharthaí bóthar nua i gCill Mhantáin áit a bhfuil anois "Bearnas Sailearnáin" san áit a mbíodh "Bearnas na Diallaite"

Tá na comharthaí feicthe agam fhéin, agus mé amhrasach faoi freisin. Ach go bhfuil muinín agamsa i scoláirí an Bhrainse Logainmneacha, ar daoine thar a bheith stuama iad a fheidhmíonn de réir fianaise.

Spreag sin mé an cheist a chíoradh ar logainm.ie - agus féach go bhfuil nóta mínithe ann ag léiriú fios fátha an scéil!

Ach n'fheadar ar cheart leaganacha buanaithe mar seo a athrú, ainneoin iad a bheith bunaithe ar bhotúin? Agus conas is fearr an t-eolas seo a scaipeadh ar an bpobal tré chéile? Ní gach aoinne a fhíosróidh an scéal ar logainm!

2009-07-23

Saoirse na Máthar an cosaint is fearr in aghaidh ginmhilleadh

Le líon na seachtaine seo chaite, bhí an íobartach i gcás C ag caint le Pat Kenny.
Deir sí nár thuig sí cad is ginmhilleadh ann, agus nach mbeadh sí tar éis toiliú dá dtuigfeadh. Chuir sí ainm ar a leanbh, agus chaoin sí í.

Feictear dom gur theip muid mar sochaí ar bheirt saonta sa chás seo; ar an dá leanbh.

Ceist í seo nach leor an dlí le dul i ngleic leis, cé gur léir go bhfuil gá le dlí láidir docht in aghaidh banéigin. Coir atá ar chomhchéim le dúnmharú dar liom, agus ar cheart caitheamh leis mar coir den troime sin.

Tá sé spéisiúil sa comhthéacs seo go bhfuil Rocco Buttiglione anois ag rá go bhfuil sé níos tábhachtaí féachaint chuige go bhfuil máithreacha saor go fíor ina cinntí seachas an dlí a chuir i feidhm orthu.

Is dóigh liom go bhfuil an ceart aige, ach is dóigh liom freisin go bhfuil ról ag an dlí i gcosaint máthair agus leanaí - ag leagan amach cad iad na gníomhartha atá inghlactha againn mar phobal.

Ceist íogair, ceist chasta. Tá gné spéisiúil ann sa Ghearmáin. Tá ginmhilleadh mí dhleathach - ach i gcásanna áirithe saor ó phionós.

Tá cás roimh an cúirt Eorpach um Chearta Daonna faoi láthair a chuirfidh corr eile sa scéal abhus.

Tá na cosúlachtaí idir cas C agus Cás Jane Roe sna Stáit spéisiúil. Tá Norma MacCorvey (fíor ainm Jane Roe) anois in aghaidh ginmhilleadh.

2009-07-20

Léim ollmhór don gcine daonna?

Daichead bliain ó shin inniu. An scéal ar fad, ag NASA. Agus is leo an pictiúir, freisin!
Agus muid ar thairseach ré nua, más fíor, agus NASA ag díriú ar Mhars.

Súil eile aniar


Bhí mé thar a bheith tógtha leis an Ortha seo in Aniar.

Deir Tadhg féin go bhfuil a thiontú "highly speculative". Táimse chun roinnt "speculation" dem chuid féin a dhéanamh.

Ritheann sé liom go bhfuil galair súil luaite san ortha. Dá réir, n'fheadar an tagairt don finscéal naofa faoi Naomh Longinus, an ceannaire céid a deirtear a shá a sleá i dtaobh Íosa, agus a leigheasadh a ghalar súil, atá i gceist le
"Ar shlat bhinn na ngabha,
Ar shliseog na gcrann."
Ba chabhair dom téis é bheith cinnte faoin feidhm a bhí leis an ortha, gan amhras.

Is le Fra Angelico an t-íomhá thuas - a léiríonn Longinus ag cuir a sleá i dtaobh Íosa, chun a chinntiú go bhfuil sé marbh. (c.f. Eoin 19:33-35). Fuair mé é ar Wikipedia, siad an dream seo, Zenodot GmbH (nó dream gaolta leo) a chuir na híomhánna sin ar fáil faoin ceadúnas GNU do cháipéisíocht saor.

2009-07-19

Is fearr dúinn mám filíochta a bhlaiseadh


Tá mo mhian comhlíonta anois agus Aniar bronnta orm do mo bhreithlá.

Tá, mar is dúil dó, seoid ceardaíochta curtha ar fáil ag Tadhg agus a chuideachta. Tá gach chuid den saothar - na grianghraif, na nótaí, an cló, - gach trácht ar áilleacht na guthanna agus ceoil ar an CD - thar barr ar fad.

Is breá liom cnuasaigh mar seo a tharraingíonn isteach mé agus a mhúsclaíonn fonn ionam níos mó a bhlaiseadh. Tá mar shampla, treisiú ar mo mhian níos mó le Johnny Cóil Mhaidhc a léamh, agus fonn múscailte ionam mo lámh a chuir ar saothar le "Filí Bhaile na mBroghach"

Mar a luaigh Tadhg, tá cnuasach Muimhneach "Aneas" ar na bacáin, faoi stiúir Bhrenda Ní Shúilleabháin. Tá sé sin ar mo mhianliosta cheana féin!

Tá an snas le tograí Futa Fata, agus an leabhair agus an ceoil a théann le roinnt acu ina siansa foirfe, snasta. Treise leis.

Agus nár chaca púca MacCarthy ar aon chuid den saothar!



Aniar / Voices and Verse from the Edge of the World
Tadhg Mac Dhonnagáin
ISBN 9788955898314
Futa Fata 2007

Íomhá ó Wikimedia - tá ceann níos milse sa leabhar!

Tagairt don gcéad rann sa leabhar, rann le Joe Steve, atá i dteideal an mhír seo - agus san tagairt do chac an púca.

Múnlú meoin agus dlúthú treibheanna

Dhá aiste a léigh mé ag na mallaibh - Charles J. Chaput, Ardeaspag Denver, ag plé tionchar agus ról na meáin, agus an chaoi a bhfuil an ceathrú eastáit ag teipeadh ar an ndualgas a bhí acu scagadh ionraic a dhéanamh, agus an t-eolas a chuir ar fáil mar lón intinne don saoránach saor chun cinntí cearta a dhéanamh. Dar ndóigh is fada ré an chéad eastáit - na huaisle - thart. Cé gur dócha go bhfuil an ról sin glactha chucu féin ag prionsaí an mhaoinlathais. Is beag atá ag éisteacht leis an dara eastáit - an chléir. Tá an tríú eastáit, an pobal, in ainm is a bheith i réim sna tíortha daonlathacha. Ach i bhfírinne, siad prionsaí an cheathrú eastáit a mhúnlaíonn an dioscúrsa poiblí as a dtagann buaiteoirí agus caillteoirí toghcháin. (Rud atá rí léir san Iodáil, áit a bhfuil maoinlathach preasa i gceannas, an chéad agus an ceathrú eastáit i gcleamhnas cúng!).

Pléann alt John Allen le gné a luann Chaput - an "Roghnú Mór" - an caoi ina bhfuil daoine i Meiriceá, agus san Eaglais thall, a dtarraingt féin siar i treibheanna ar chomh mheoin, agus iad dall agus bodhar d'aon uaim ar smaointe eile.

Feictear dom go bhfuil a leithéid i dtreis abhus freisin, ach gan é bheith chomh soiléir de bharr nach bhfuil an córas dé pháirtí ann abhus, agus gan an dá eite den Eaglais a bheith chomh soiléir.

Maidir le ceist an chreidimh de, is baolach an ní é seo. Chuir Lewis an smaoineamh i mbéal Screwtape
gurbh é an slí an dochar a bhaint as Críostaíocht ná féachaint chuige nach raibh sa Chríostaíocht ach uirlis eile chun smaoineamh saolta a bhí ag duine a chuir chun cinn.

Agus maidir le slánú an daonlathais, is rí léir go bhfuil baol ann. Tá an focal breá "mündig" ann sa Ghearmáinis. Cáilíocht atá riachtanach don saor. É nó Í a bheith ar an eolas faoi na cinntí atá le déanamh, agus roghnú dá réir. Ach má tá muid dall ag an cáilúileachas agus an drongsmaoineamh....

2009-07-17

Tairne gach fadhb

Tairne gach fadhb don bhfear nach bhfuil aige ach casúr, mar a deir seanfhocal Gearmánach.

Tá "An Bord Snip Nua" (leasainm ghránna, agus comhartha eile ar an drochmheas atá ag an aos chainteach ar an nGaeilge) tar éis a dtuarascáil a thabhairt don Rialtas, agus iadsan tar éis é a fhoilsiú. Tá sé suntasach go bhfuil na hairí Rialtais tré chéile ag rá gur "menu" atá i gceist - liosta roghanna. Suntasach freisin go bhfuil an méid airgead a mhaíonn an Carthach agus a chomh eacnamaithe a shábháilfear níos airde ná an méid a bhí luaite mar sprioc.

Is léir go bhfuil an Rialtas ag iarraidh scagadh poiblí ar an méid atá san tuarascáil. Agus go bhfuil ré lucht stocaireachta linn. Tá ceacht na gcartaí leighis foghlamtha is léir.

Tá drochscéalta flúirseach san tuarascáil seo don Ghaeilge agus don Ghaeltacht - deireadh leis an Aireacht ina measc, agus cúram na Gaeilge a bheith fágtha faoin Roinn Éadóchais agus dreamanna nach iad. Deireadh le COGG - dream a scoilt ón Roinn úd chun a bheith in ann rud éigin a bhaint amach, agus a bhfuil roinnt bainte amach acu ainneoin dris chosáin iomadúla ón "Máthair" roinn.

Eacnamaí atá i McCarthy, agus is "Toradh ar infheistíocht" a shlat tomhais.

Ach:
Une chose n’a pas une valeur parce qu’elle coûte, comme on le suppose, mais elle coûte parce qu’elle a une valeur.

Sin rud nach dtuigeann eacnamaithe - luachanna nach féidir a thomhas sa bhunlíne. Is minic eolas bheacht acu ar chostas gach rud - ach iad dall ar a luach.

Is gné den chultúr an Ghaeilge; agus is deacair luach an chultúir a mheas i gceart. Beidh sé deacair mar sin ag an Conradh, agus dreamanna eile, a ghlam a ardú os cionn na glamanna eile a ardófar - cuid acu a bhainfidh le cách, agus a mbeidh cluas an phobail acu dá réir.

Ach mura dtógfaidh muid raic, ní fhágfar againn ach raic - cnámha báid na teangain.

Cá bhfaighidh muid Iníon Fharoinn?