2023-05-19
Seoladh "Amuigh faoin spéir" agus "Púcaí Schmúcaí"
2022-12-08
Anseo atá muid
2022-12-07
An Slipéar Gloine
2022-12-06
Míp agus Blípín
2022-04-23
Cluasa capaill ar an Rí
2020-12-01
MÍP
2020-01-08
Lindbergh – Scéal luchóige a d’eitil
Tá cnámha an scéil simplí, luch atá tugtha don léamh agus staidéar an laoch. De bharr teacht an ghaiste luiche teitheann na lucha eile as an chathair, (Hamburg) agus fágtar ina haonair í. Ba mhaith léi iad a leanacht, déanta amach aici go bhfuil siad imithe go Meiriceá.
Ach ní féidir léi dul ar bord loinge mar go bhfuil cait ag faire gach poll is conair. Agus í ag ealú feiceann sí ialtóga agus tagann sé ina ceann eitilt.
Gabhann an luch ansin ar luas tríd iarrachtaí inneall eitilte a chruthú, bunaithe ar stair iarrachtaí an chine daonna. Tá mionsonraithe agus samhlaíocht na léaráidí sa chuid thar cionn ar fad, macallaí steampunk ann.
Faoi dheireadh, agus ainneoin ulchabháin a bheith sa tóir uirthi, éiríonn le turgnaimh na luiche agus trasnaíonn sí an Atlantach. Fáiltíonn idir daoine agus lucha roimpi agus tugann a heachtraí spreagadh do bhuachaill óg – Charles Lindbergh!
Spreagann an scéal agus go háirithe na léaráidí smaointe – ba dheacair domsa gan smaoineamh ar teifigh daonna, agus go háirithe na Giúdaigh sa Ghearmáin sna 1930í; ach freisin ar mhisneach dosháraithe agus díogras fionnaitheach.
Tá Gaeilge chuanna curtha ag Myra Zepf agus Andreas Vogel ar an scéal, agus bainfidh léitheoirí óga neamhspleácha agus leanaí a léitear dóibh, agus go deimhin a dtuismitheoirí an-sásamh as an seod seo.
Torben Kuhlmann
Aistriúchán: Andreas Vogel agus Máire Zepf
ISBN: 9781910945261
Futa Fata
Aois: 8+
Foilsíodh an léirmheas seo i dtosach ar Gobblefunked i Meán Fómhair 2017
2019-08-24
Dialann Dúradáin
Ní haon rún é go mbím ag léamh leabhair le’m iníon, mar sin sheol Futa Fata cóip léirmheastóireachta chugainn de Dialann Dúradáin (Diary of a Wimpy Kid).
Bím idir dhá chomhairle maidir le haistriúcháin ón mBéarla go Gaeilge. Tuigim an buntáiste margaíochta a bhaineann le údar aitheanta. Níl aon cheist ach gur tháinig Futa Fata i dtír ar cháil an sraithe seo agus iad ag eagrú comórtas chun an leagan is fearr Gaeilge a chuir ar an leabhar. (D’éirigh thar barr leo feictear dom).
Ach go minic is fusa do léitheoirí óga an leagan Béarla a léamh. Is minic go mbíonn sé léite acu sula mbíonn an leagan Gaeilge ar fáil! Mar a tharlaíonn, cé go raibh cuir amach ag m’iníon ar an leabhar ní raibh sé léite aici. Go deimhin bhí sí cineál amhrasach faoi! Ach mheall an spraoi agus na léaráidí í, agus níl aon cheist ach gur éirigh leis an aistritheoir, Máirín Ní Mhárta, an ghreann agus na himeartais focail a thabhairt slán ina leagan saibhir soléite.
Léaráidí Jeff Kinney cnámh droma an leabhair, iad ag iompar reacaireacht an Dúradáin, buachaill i tús na déaga ag streachailt leis an saol, ag iarraidh go mbeidh aitheantas agus cairdeas aige, ach é gafa leis an dream atá níos imeallaí fós ná é féin.
Léirítear go breá an chaoi nach aon naomh é Greg – go deimhin bíonn sé sách gránna lena chara, agus íocann sé as sin. Tá roinnt snátha grinn tríd an insint –”Galar na cáise”, “Zu Wi Mama!” agus araile a chuireann go mór leis an ngreann, agus an chaidreamh greannmhar atá ag Greg leis na daoine timpeall air. Tá an scéal ana ‘bhruachbhaile Meiriceánach ach ar ndóigh tá taithí ag daoine óga air sin ón iliomad sraitheanna teilifíse agus éiríonn leis an aistriúchán cuma nádúrtha a chuir air an scéal. Bhaineamar araon an taitneamh as an léamh.
An imní is mó a bheadh orm ná nach ndéanfaí níos mó den sraith a aistriú, agus go rachaidh m’iníon i dtreo na leaganacha Béarla dá bharr. Níor aistríodh ach an gcéad imleabhar de Harry Potter agus d’Artemis Fowl. Tá muinín agam áfach as cumas gnó agus tiomantas Futa Fata; táim dóchasach dá réir go mbeidh breis le léamh as Gaeilge faoin Dúradáin.
Údar: Jeff Kinney
Aistritheoir: Máirín Ní Mhárta
ISBN: 9781906907990
Foilsitheoir: Futa Futa
Aois: 9-12 bl
Foilsíodh an mír seo i dtosach ar Gobblefunked, 9 Iúil 2016
2019-04-27
Bí ag spraoi liom
Cuireann albam pictiúr í ar chonair smaointe chun buaileadh le Mamaí agus í óg – agus aimsíonn Mamaí an spás atá de dhíth chun díriú ar a hiníon.
Tá frídín amhrais ionam áfach – beidh sé deacair ag tuismitheoirí an scéal seo a léamh gan mothú beagán ciontach, mar is cinnte gur beag duine againn a éiríonn leo droim láimhe a thabhairt do chúraimí an lae agus díriú go hiomlán ar ár bpáistí.
Léiríonn an leabhar gur fiú é dhéanamh, agus seans go dtabharfaidh sé misneach do pháistí agus do thuismitheoirí – is cinnte go bhfuil lón samhlaíochta ann!
Údar: Sadhbh Devlin
Léaráidí: Tarsila Krüse
ISBN: 9781910945315
Foilsitheoir: Futa Fata
Aois: 3-7 bliain
An Billiúnaí Beag
Folaithe san scéal faoi athair agus mac atá éirithe fíor saibhir go tobann tá scéal dáiríre faoi srianta an airgid, tábhacht an chairdeas agus an grá – rudaí nach féidir a cheannach. Rudaí a bhfuil meas agus am riachtanach chucu.
Tá greann Walliams ainrialach ainsrianta agus bainfidh leanaí sult as an bhfiántas easurramach.
Tá ruthaig fada d’fhocail áiféiseacha agus ainmneacha níos áiféisí fós.
Tá scigaithris ar mhúinteoirí chruálacha agus bulaithe bréana.
Ar pháipéar leithris atá saibhreas muintir Práta bunaithe, agus de bharr fabht leis a chailleann siad a gcuid maoine. Fágann an ghné sin scóip don uafás greann leithris, gné eile a chuirfidh leanaí áirithe ag gáire.
Mar sin féin, is cineáltas agus meas a thugann fuascailt an scéil agus a shlánaíonn athair agus mac.
Tá cloiste agam go bhfuil lucht leanúna Walliams a bhfuil Gaeilge acu ag tnúth leis an leabhair; ní bheidh díomá orthu!
Cuireann bunléaráidí Tony Ross go mór leis an spraoi.
Clochmhíle eile sáraithe ag Futa Fata.
Údar: David Walliams
Aistritheoir: Máirín Ní Mhárta
Léaráidí: Tony Ross
ISBN: 9781910945254
Foilsitheoir: Futa Fata
Aois: 8+ bliain
Foilsíodh é seo i dtosach ar Gobblefunked.com ar 6 Márta 2017
2018-11-12
Tadhg an iomaí tréith!
Déagóir í m'iníon anois agus pé scéal é bhí sí gafa le cúrsaí ceoil ar an Satharn.
Is i m'aonair mar sin a thug mé aghaidh ar an Lexikon i nDún Laoghaire áit a raibh taibhe ag Tadhg Mac Dhonnagáin mar chuid de IMRAM na nÓg. Táim dílis d'IMRAM leis na blianta agus is maith liom an fhorbairt nua seo i bpáirt le Glór na nGael.
Áit ana dheas an Lexikon agus tá leabharlann na leanaí, áit a raibh léiriú Thadhg ar an gceathrú urlár. Radharcanna iontach cúlra ar Bhaile Átha Cliath agus trasna an bá go Beann Éadair.
Chuir Tadhg a phictiúr leabhar Uinseann Donn i láthair. Leabhar a spreagadh ag brionglóid tar éis do faire ar bhabhta de Vincent Browne ag iarraidh go cantalach freagraí a fháil. Bhí an aithris a rinne sé ina réamhrá iontach greannmhar d'óg (a bhí ann go flúirseach) agus aosta.
Rinne sé aithris ar an mbéar freisin ina chuid reacaireachta, ag siúl sall is anall, ag léiriú claochlú an chancráin. Agus spreag na leanaí chun cabhrú leis an muicín a chur in iúil.
Rinne amhlaidh leis an leabhar a d'aistrigh sé. Thug uraiceacht aistriúcháin freisin, mar go raibh eolas ag cuid de na leanaí ar 'A squash and a squeeze'. 'Mo theachín gan chuma gan chaoi' i leagan trascruthaithe Thaidhg, greann agus gean agus gaois ann.
Chan sé rogha amhráin freisin ó Peigín Leitir Mór agus Bliain na nAmhrán, ar bunchlocha iad i go leor teaghlaigh a bhfuil leanaí á dtógáil. Rud a bhí follasach sa chuidiú a fuair sé ón urlár!
Ócáid iontach taitneamhach i suíomh iontach. Díoladh cuid mhaith leabhair freisin - ní raibh Tadhg Óg díomhaoin!
Tá na leabhair ar fáil ó futafata.ie/
2018-05-28
Amhráin & Dánta Raiftearaí
Táim buíoch de Futa Fata a sheol cóip léirmheasa den oll-saothar seo chugam. De réir an chuir síos is éard atá ann:I 1933 a foilsíodh Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh ar a gcruinniughadh agus ar na bhfoillsiughadh den chéad uair le Dubhglas de h-Íde, LLD, DLitt, MRIA (An Craoibhín Aoibhinn). Leagan méadaithe a bhí ann den chnuasach dátheangach de véarsaíocht Raiftearaí a bhí tagtha ón gCraoibhín Aoibhinn sa bhliain 1903. Foilseacháin thábhachtacha a bhí sa dá leagan, leabhair a spreag spéis sa bhfile ba thábhachtaí a shaothraigh an Ghaeilge sna blianta roimh an nGorta Mór. San eagrán athchóirithe seo, an chéad leagan atá curtha ar fáil sa chló Rómhánach, féachann Nollaig Ó Muraíle le saothar taighde an Chraoibhín Aoibhinn a chur i láthair pobal nua léitheoirí. Agus an t-eolas cúlra rí-thaitneamhach ar Raiftearaí a bhailigh De Híde á roinnt ag an eagarthóir, roinneann sé chomh maith an t-eolas fairsing atá aige féin ar fhile mór Mhaigh Eo, ar an véarsaíocht a chum sé, ar an teanga a shaothraigh sé, ar na logainmneacha atá luaite sna dánta agus ar chuid mhór gnéithe eile de shaothar Raiftearaí agus De Híde araon.
Saothar mór téagartha atá ann, agus níl sé ar fad léite, ná baol air, agam. Leabhair tagartha atá ann, agus compánach fíor úsáideach do bheathaisnéis Thadhg Mhic Dhonnagáin Mise Raiftearaí an Fíodóir Focail.
Tá díonbhrollach chuimsitheach curtha leis an leabhar ag Nollaig Ó Muraíle sa bhreis ar réamhráite agus nótaí chuimsitheacha an Chraoibhín - na nótaí beachtaithe agus fairsingithe nuair is gá. Tá Aguisín ann le leaganacha Béarla an Chraoibhín de na dánta ann. Tá clár céad línte ann, agus innéacs chuimsitheach. Foinse luachmhar eolais le bheith agam ar mo leabhragáin: mo nós le filíocht na leabhar a tharraingt chum ó am go chéile nuair a bhuaileann an taom mé. Beidh an ceann seo gar chuige sin!
De bharr an ré inar mhair Raiftearaí, agus a chúinsí féin, tá stair sóisialta na tíre sna dánta agus san eolas fúthu. Tá níos mó i gceist mar sin ná liricí neamhurchóideacha agus amhráin sábháilte grá! Tá roinn cuir síos ann freisin ar achrann Raiftearaí le daoine éagsúla, go háirithe teaghlach eile filí ar thit sé amach leo, rud a ghin go leor filíocht!
Tá ana chuir síos ann ar an meas agus go deimhin an eagla roimh filí a bhí ann lena ré, agus an tuiscint nach maith an rud é i gcónaí go molfadh file duine.
Seod luachmhar eile i leabharlann na nGael!
Amhráin & Dánta Raiftearaí
Údar:Dúghlas De hÍde
Eagarthóir: Nollaig Ó Muráile
Futa Fata a d'fhoilsigh
Dubh & Bán, Clúdach Crua
Líon na lth: 424 lth
ISBN: 978-1-910945-33-9
2017-02-18
Buaigh 5 X €100 de Leabhair do Leabharlann do Scoile le Futa Fata
‘AN BILLIÚNAÍ BEAG’ LE DAVID WALLIAMS AR FÁIL GO LUATH!
I lár an scéil sin, tá trácht ar mhúinteoir a bhfuil ainm aisteach air. Déanann an t-údar liosta ainmneacha a mbeadh an scoil ar fad ag magadh faoi, dá mbeadh ceann ar bith acu ar mhúinteoir. Seo cúpla sampla ón liosta:
- Bea O’ Problem
- Neil Down
- Doris Closed
- Neil May Gomaith
- Jay Suí-Bí
- Tom Aodh Tuirseach
Bhí 49 ainm ar fad le cumadh agus tá muid sásta go maith lenár liosta. Ach seo an cheist: an bhfuil SIBHSE in ann cuid nua a chumadh, cuid níos fearr ná na cinn a chum muid féin?
Bí ag smaoineamh agus cuir chugainn do chuid ainmneacha amaideacha via Facebook, Twitter, rphost, post an tseilide, post an cholúir – pé bealach is maith leat. Roghnóidh muid na cinn is ansa linn agus beidh duaiseanna ar fáil. Sea mhuis, 5 x luach €100 de leabhair, ó chatalóg 2017 Futa Fata, beartanna a bheidh le bronnadh ag na mbuaiteoirí ar leabharlann scoile dá rogha féin.
Tá cead ag duine ar bith, idir trí bliana agus 133 bliana d’aois bheith páirteach. Fiú más duine fásta agus más é Bláth Cliath nó Cian Fáth is ainm duit, beidh fáilte roimh do chuid moltaí a fhad is a bhronnann tú na leabhair ar leabharlann scoile má bhuann tu an duais mhór. Tá go dtí meánlae ar an 03 Márta 2017 agaibh.
Ian Tacharfad! Ar aghaidh libh. Tusa tú féin, Dane Deifir!!!
Seolfar An Billiúnaí Beag i siopa Easons, Sráid Uí Chonaill, 07 Márta 2017 11am.
2017-01-24
Aistriúchán, claíomh dhá bhéal
Tuigeann tuismitheoirí go bhfuil sé deacair leanaí a spreagadh chun léamh as Gaeilge. Fiú - mar a bhí i gcás mo mhic - nuair is léitheoirí móra iad i dteangacha eile. Fáinne fí atá ann. Ceal ábhar, is annamh leabhar Gaeilge acu. Fágann siad easpa taithí orthu. Rud a fhágann iad ag ceapadh go bhfuil Gaeilge deacair. Rud a fhágann doicheall orthu Gaeilge a léamh. Rud a chuireann leis an easpa taithí....
Dóigh amháin dul le dul i ngleic le heaspa ábhar ná aistriúchán.
Mar a rinne An Gúm ag tús a ré. Tá míchlú ar an scéim sin toisc go raibh roinnt de na scríbhneoirí móra a bhí fostaithe faoin scéim - na Griannaigh ⁊ Ó Cadhain, mar shampla - thar a bheith cáinteach faoi. Níl aon cheist áfach gur chuir siad ábhar ar fáil i nGaeilge den scoth, agus go raibh cuid de na leabhair féin thar barr. (D'aimsigh mé féin cóip de An Mairnéalach Dubh le Conrad aistrithe ag Seosamh Mac Grianna, ardleabhar). Mheas na scríbhneoirí áfach go raibh fuinneamh á tharraingt óna mbun saothar, agus go raibh siad múchta i maorlathas.
Tá margadh na leabhair Ghaeilge ana bheag dar ndóigh, rud a chiallaíonn go bhfuil pátrúnacht de dhíth. Agus ciallaíonn pátrúnacht stáit maorlathas.
Tá foilsitheoirí na linne seo ag baint feidhm as cúpla modh chun dul i ngleic leis an easpa ábhar, cuid acu ag aistriú as teangacha seachas Béarla.
Ach tá rabharta le déanaí d'aistriúcháin ar leabhra mór ráchairt Béarla - Cúigear Cróga ⁊ Dónal Dána ag Cló Iar Chonnacht, Danny Seaimpín an Domhain ag Leabhar Breac, Dialann Dúradáin ag Futa Fata. Tá na haistriúchán ar ardchaighdeán, Gaeilge shaibhir ghlé. Is léir na buntáistí margaíochta a bhaineann leis an gcur chuige seo. Go háirithe i gcás leanaí a mbíonn tionchar ag a bpiarghrúpa scoile orthu.
Tá dornán úrscéal téagartha aistrithe freisin - An Hobad, Harry Potter agus an Órchloch, Artemis Fowl, An Leon, An bandraoi agus an Prios éadaigh. Le déanaí Cluiche na Corónach.
Mar a tharlaíonn, bhí na leabhair seo léite as Béarla ag mo chlann i bhfad roimhe. Rinne m'iníon beagán de Harry Potter a léamh.
An deacracht anseo ná nach bhfuil ar fáil ach an gcéad leabhar de sraith. Músclaítear tochas agus níl d'fhaoiseamh ar fáil ach an sraith a léamh as Béarla....
(Mothaím féin an tochas i gcás Cluiche na Corónach).
Tá súil agam go n-oibreoidh an cur chuige chun cur le pobal léitheoireachta na Gaeilge, ach go bhféachfar chuige freisin chuige go mbeidh acmhainní ann do scríbhneoirí bunsaothair agus go ndéanfar margaíocht orthu.
Is maith ann an Club Leabhar agus Aon Scéal ar Raidió na Life. Fáiltím roimh an clár léirmheasa ar TG4 anocht.
Agus sin mo racht go nuige seo.
2015-11-08
Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal
Ní raibh an oiread sin eolais agam ar Raiftearaí - go deimhin níl mórán dá chuid filíochta léite agam. Chuir mé spéis i Seanchas na Sceiche atá ar fáil i leabhar Vincent Morley Ó Chéitinn go Raiftearaí:
Tá roinnt dá chuid amhráin cloiste agam, go minic i gan fhios agam gurbh eisean a scríobh.
Is éard atá sa duaisleabhar ná an taighde bunaidh a rinne Tadhg don gclár, agus scagadh spíonadh agus doimhniú déanta air. Mar a dúirt sé féin chuir sé roimhe scéal Raiftearaí a reic ó bhreith go bás. Tá sé seo déanta ar bhealach an éifeachtach, é ag leagadh romhainn na foinsí agus an fhianaise a d'aimsigh sé sa bhfilíocht, sa bhéaloideas nó i saothair dhaoine a threabh an iomaire seo roimhe. De bhrí gur fianaise thánaisteach ar fad geal leis, tá tábhacht leis an scagadh agus meá a rinne Tadhg ar an eolas, agus roinneann sé linn a bhreith ar an bhfianaise agus an fáth go bhfuil glacadh aige le scéalta thar a chéile.
Rianaíonn sé tús a shaol, an galar a d'fhág radharc na súil lag nó imithe, an caidreamh leis an dteach mór a chuir bunús faoina shaol, a thitim amach leo a d'fhág ina fhánaí é sa Ghaillimh i bhfad ó Mhaigh Eo. Tugann sé ana léargas ar a pholaitíocht sheicteach agus a chuir ar son na cosmhuintire caitlicí ina shaothar. Tá scagadh ann ar an iomarbhá fileata leis na \Callannáin.
D'fhoghlaim mé go leor as an leabhar; an t-aon locht a bheadh agam air ná nach bhfuil fáil ann ar na dánta iomláine atá á phlé seachas sleachta astu. Tá réiteach áirithe ar sin, ar ndóigh, mar gur chnuasaigh Ciarán Ó Coigligh na dánta ar fad a leagtar ar Raiftearaí. Ní heol dom an bhfuil teacht ar na dánta eile a luann Tadhg in aon áit ar leith áfach. (Seans go mba cheart dom súil a chaitheamh arís ar an liostaí foinsí a luann sé...)
Leabhar téagartha atá anseo, agus caighdeán maith cló agus dearadh ann freisin. Leabhar atá feiliúnach do mo leithéidí de léitheoir siamsaíochta chomh maith leis an dream a bheidh i ngleic níos dáiríre leis agus staidéar á dhéanamh acu ar Raiftearaí agus a ré.
Tá píosa cainte bhreá déanta ag Tadhg le MTS ar Ardtráthnóna atá le clos anseo.
Táim buíoch de Futa Fata as cóip léirmheastóireachta den leabhar a chuir ar fáil dom.
Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal
Tadhg Mac Dhonnagáin
Futa Fata
ISBN: 978-1-906907-90-7
2014-09-11
Saíocht Aneas chugainn
Mar a luaigh Tadhg, tá cnuasach Muimhneach "Aneas" ar na bacáin, faoi stiúir Bhrenda Ní Shúilleabháin. Tá sé sin ar mo mhianliosta cheana féin!
Tá earra slachtmhar curtha le chéile arís ag Futa Fata; téacsanna - ó Chorca Dhuibhne is Musgraí - cnuasaithe ag Brenda Ní Shúilleabháin agus nótaí curtha aici leo, mar a bhí in Aniar.
Bíonn claonadh ar mo leithéide smaoineamh ar Chorca Dhuibhne mar áit ar mórán dúlra is beagán daoine; tá leigheas ar an míthuiscint sin i gcuid de ghrianghraif Lanka Haouche Perren, a bhfuil daoine, troscán agus foirgnimh iontu chomh maith le tírdhreacha áille. Tar éis an tsaoil is le daoine caint, agus caint is saíocht na ndaoine atá á chnuasach.
Tá an chumasc céanna is a bhí in Aniar de rannta, leathrainn, tréanna agus píosaí níos faide idir cumadóireacht filí na leabhair is filí pobail. Saibhreas iontach, in árthach gleoite - leabhar boird caife ach ábhar machnaimh is spreagtha ann.
Ar uairibh mhothaigh mé go raibh nótaí Bhrenda rud beag ró theagascach, barraíocht ann faoi staid reatha na tíre agus na hEaglaise; ré nach mbaineann leis na sleachta, agus go bhfuil an baol ann nach mbeidh an chiall céanna leo laistigh de thraidhfil blianta. Go hiondúil le saothar dhá theangach ní bacaim leis an mBéarla - ach ní hionann an t-eolas ins an dá leagan de na nótaí, agus bhain mé tairbhe as an dá theanga a léamh.
An bail céanna leis na híomhánna; thaitin cuid acu liom go mór, cuid eile áfach (agus daoine iontu) mhothaigh mé go raibh siad ró shaorga, ró stáitsithe. Seomra ranga den sean dóigh, abair, leabhar ar gach cruinnlín ach gan ann ach beirt dalta, buachaill is cailín is cúla gcloigeann linn.
Bím ag éisteacht go minic ar mo sheinnteoir póca leis an CD a tháinig le Aniar - tá fíor díomá orm nach bhfuil a leithéid curtha ar fáil le Aneas. Súil agam go ndéanfar amach anseo é.
Mar sin féin, is fíor an méid a dúirt foinse amháin le Brenda:
B'fhearr liom agatsa é ná i gCill Chuáin éIs iomaí seod atá san úir, i gCill Chuáin is cealla nach é - is maith ann leabhar slachtmhar mar seo a chaomhnaíonn cuid de.
Aneas
Údar: Brenda Ní Shúilleabháin
Grianghrafadóir: Lanka Haoche Perren
Lándaite, Clúdach Crua
Líon na lth: 112 lth
ISBN: 978-1-906907-78-5
Praghas: €25
2014-01-05
Laureate na nÓg: Molaimse Tadhg Mac Dhonnagáin!
Táthar ag lorg ainmniúcháin do Laureate na nÓg don tréimhse 2014-16. Tá breis eolais (as Béarla) le fáil anseo:
Tá foirm ainmniúcháin seolta agam féin, agus Tadhg Mac Dhonnagáin molta agam.
Is liosta le háireamh cáilíochtaí Thadhg don bpost, mar a scríobh mé san foirm:
- Tá leabhair do pháistí tagtha go flúirseach óna pheann a tarraingt as tobar na scéalaíochta, fearacht na scéalta faoi Fionn nó na leabhar is déanaí faoi Uinseann Donn.
- Tá na himleabhair rannta agus araile le CD a d'fhoilsigh sé - Gugalaí Gug nó Peigín Leitir Mór.
- Tá scoth na hoibre déanta aige chun litríocht do pháistí a thabhairt isteach san tír, cuid aistrithe aige féin cuid aistrithe ag daoine eile agus foilsithe aige - mar shampla Eileanór an Eilifint Éagsúil.
- Léiríonn a shaothar le hAifric go dtig leis obair le déagóirí chomh maith
- Tá ceardlanna eagraithe aige agus daoine eile spreagtha chun pinn aige.
- Tá cuid de na leabhair sin seolta thar lear arís - chomh fada leis an tSín nó an Chóiré.
- Fear iontach ar stáitse é le páistí!
Cá háit eile a bheadh teacht ar údar, taibheoir, ceoltóir, foilsitheoir agus fear gnímh mar é don bpost?
2013-04-17
Foghlaí fiúntach Futa Fata!
Scéal faoi foghlaí mara óg (baineann!) atá ann a bhfuil uirthi freastal ar scoil. Deir a tuismitheoirí léi gur d'fhonn breis foghlaithe mara a earcú atá sí ann - ach síleann sí féin go bhfuil na páistí san scoil i bhfad ró "deas" chuige sin. Tarlaíonn eachtraí greannmhara spreagúla di ann. Scéilín greannmhar glic.
Tá an leabhar féin ana dheas léaráidí Joëlle Dreidemy ag teacht go paiteanta le téacs Patricia Forde. De bhrí gur bunsaothar atá ann tá Gaeilge sna léaráidí chomh maith.
B'fhiú é cheannach má ta leanaí san aois ghrúpa sin i gceist; agus beidh súil in airde agam don gcuid eile den sraith.
Lísín-Scoil na bPáistí Deasa
Údar Patricia Forde
Maisitheoir Joëlle Dreidemy
Lándaite Clúdach Bog, 15mm x 21mm
Líon na Lth 48pp
RRP €7.95
ISBN-13 978-1-906907-58-7
2012-11-29
Futa fata féasta!
| An Phluais David Gatward, maisithe ag Seb Camagajevac leagan Gaeilge le Patricia Mac Eoin ISBN:978-1-906907-60-0 Lth:60, Clúdach Bog, |
An Dosaen Dainséarach Tony Bradman, maisithe ag Karen Donnelly leagan Gaeilge le Bríd Ní Mhaoileoin ISBN:978-1-906907-59-4 Lth:64, Clúdach Bog, |
Cuileog-An Scéal faoi Chiarán Ó Mianáin Andy Stanton Maisitheoir Ross Collins Leagan Gaeilge Máirín Ní Mhárta ISBN:978-1-906907-61-7 Lth:64, Clúdach Bog |
| Amú Elizabeth Kay Maisitheoir Dylan Gibson Leagan Gaeilge Máirín Ní Mhárta ISBN:978-1-906907-62-4 Lth:72, Clúdach Bog |
Dochreidthe Hilary Mc Kay Maisitheoir Mike Phillips Leagan Gaeilge Patricia Mac Eoin ISBN: 978-1-906907-63-1 Lth:72, Clúdach Bog |
2011-11-29
Futa fata féasta
Bheadh sé dodhéanta léirmheas chuimsitheach a thabhairt fiú ar an sciar den saothar atá i mo sheilbh, gan trácht ar an saothar iomlán. Ba mhaith liom rud nó dhó a lua, áfach. I dtosach báire, an ceol agus na rannta; dlúthchuid dár fuaimriain is ea iad - Gugalaí Gug, Ceol na Mara, Bliain na nAmhrán agus Peigín Leitir Móir.Tá sé thar a bheith tábhachtach dúinne atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge sa Ghalltacht go gcloiseadh ár gcúram guthanna eile Gaeilge seachas ár gcinn. Agus sna dlúthdhioscaí seo tá guthanna óga agus aosta ón nGaeltacht thiar, le rannta agus amhráin sean agus nua, ceolmhar so fhoghlama blasta. Taisce!
Ós ag caint ar ghuthanna muid, táim ana cheanúil freisin ar dhá scéal móide DD a chuir siad amach - Eileanór an Eilifint Éagsúil agus Frog sa Spéir. Scéalta le muinín a chothú atá i gceist leis an dá scéal seo, ach iad stuama ciallmhar freisin - i bhfad ón síolteagasc gur féidir le aoinne aon rud a dhéanamh beag beann ar chabhair ó dhaoine eile! Tá na fuaimrianta snasta, le meascán guthanna, ag cloí leis na luachanna a bheifí ag súil leo ó Futa Fata.
An fiontar is déanaí ná sraith úrscéalta go dhéagóirí óga agus páistí níos sine, aistrithe ón bhFraincis. Péire atá agam - "Oíche Mhaith a Bhanphrionsa" agus "An Lámh in Uachtar". Casadh chliste ar na finscéalta faoin prionsa a tharrthálainn an banphrionsa is ea an chéad ceann acu, le roinnt castaí glice ann agus léaráidí den scoth. (Ach deir m'iníon go bhfuil barraíocht gleo ann!).
Scéal iontach - ach d'aois ghrúpa rud beag níos sine - "An Lámh in Uachtar". Pléann sé ar bhealach thar a bheith stuama agus réalaíoch le tromaíocht ar scoil, agus an imní agus pian a eascraíonn as. (Molta agam don príomhoide bunscoile - go deimhin is mithid dom mo chóip a fháil ar ais uaidh. Thaitin sé leis freisin)
Tá suíomh breá snasta nua ag Futa Fata anois - bainigí sult as!







.jpg)
