Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-04-23

Cluasa capaill ar an Rí

Ghéill mé don gcathú an leagan saor a cuireadh ar fáil do lá na leabhair a cheannach. Tá sé beag freisin mar sin ní éilíonn sé mórán spáis i mo leabhragáin ró phlódaithe. Tuigim gur ionann beagnach seo agus an leagan iomlán seachas go bhfuil réamhrá ar lár.

Scéal ársa idirnáisiúnta scéal rí na gcluasa capaill (nó asail) ach tá corr nua curtha sa scéal ag Bridget Breathnach - is amhlaidh a rugadh Labhraí amhlaidh, agus a mhuintir ag iarraidh an máchail a cheilt feadh a shaol. É scartha amach agus uaigneach dá réir. Ceoil a chláirseora a réiteach (macallaí de Sól agus Dáibhí!). 

Tá an insint chaoin tuisceanach; agus is féasta don tsúil iad léaráidí Shona Shirley Macdonald. Tá úire curtha acu le seanscéal, ach scéal atá tráthúil - nach bhfuil sé folláin don duine ná a comhluadar rún a choinneáil le lámh láidir. Agus gur minic gur lú fadhbanna as é a nochtadh.

Seo an dara leabhar i sraith Futa Fata ina bhfuil athinsint ar seanscéalta, casadh nua bainte astu, iad níos daonna agus níos sothuigthe dá réir, gan baint ó chroí an scéil. Agus tá na léaráidí draíochtúil álainn.
 
 
Bridget Breathnach & Shona Shirley Macdonald
Futa Fata