Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-04-28

Ollamh Crémhuir


Lé déanaí bhí an déagóir ar amharc ar Tales from Earthsea (ゲド戦記) de chuid Ghibli, atá bunaithe go (fíor) scaoilte ar úrscéalta agus gearrscéalta Ursula le Guin. Ós rud é go raibh an déagóir spreagtha na húrscéalta á léamh, agus nach raibh sa teach againn ach eagrán leis an gcéad ceithre leabhar, cheannaigh mé an cnuasach iomlán don Kindle - le léaráidí le Charles Vess. Bhí fonn orm féin iad a léamh as a chéile - fonn a treisíodh nuair a thuig mé go raibh iarfhocail de chuid le Guin le gach céann, ag míniú conas a scríobh sí iad agus an forbairt a rinne sí sna blianta idir an gcéad úrscéal agus an críoch. Tá léacht léi freisin ann maidir the "athfhísiú Earthsea".

Scríobhneoir iontach machnamhach í le Guin, agus bíonn sí ag athmhacnamh agus ag leasú na cruinní a chruthaíonn sí (agus tá neart acu ann!). Thosaigh Earthsea amach go measartha traidisúnta le laoch fireann aonair - cé go raibh síol áirithe réabhlóide ann, sa mhéid is go raibh formhór na daoine ann crón nó dorcha, agus gurbh iad na barbaraigh thar muir a bhí geal. Ach saol fireann a bhí ann, draoithe aontumhacha, mná imeallaithe - "Weak as women's magic, wicked as women's magic". Cé gur bean í laoch agus lárphointe an dara scéil, is in idirspléachas le Ged, draoi an chéid scéil, a bhaineann sí amach a saoirse - agus a shaoirse seisean - agus iad faoi bhagairt ag sean chumhacht an dorchadais agus cumhachtaí daonna araon. Beirt fhear - Ged agus an rí-dhamhna Arren, agus iad i ngleic le draoi bradach atá sa triú úrscéal. Ach ansin géaraíonn an chasadh; Tenar, laoch an dara úrscéil agus cailín  a d'uchtaigh sí tar éis don créatúir batráil agus dó a fhulaingt croí an scéil. Filleann Ged, ach a chumhacht agus a ghealladh fáiscthe as de bharr a iarrachtaí san dara scéil - agus é fillte ar saol an fhir óig ina sheanaois; miangas múscáilte agus an aontumha ar mhaithe le draíocht caillte aige lena chumhacht. Ní urscéal atá sa chúigiú leabhar ach gearrscéalta a ghabhann siar i stair Crémhuir - Ursula le Guin ag iarraidh a domhan a thuiscint agus conas a tharla rudaí bheith mar atá. 

Tugann an urscéal deiridh rudaí le chéile, agus mná agus fir ag obair le chéile chun baol don cruinne a réiteach agus dochar ársa a leigheas.

Tá an scéalaíocht teann spéisiúil ó thús deireadh na scéalta, ach chuir mé an oiread céanna spéise san dóigh a nocht Ursula le Guin a cuid smaointe sna haistí. An dóigh ar fhuascail sí í féin ó srianta a leag a léitheoireacht agus taithí uirthi agus a tháinig ar inisint níos sásúla di (agus dom) ar an saol.

Is cuma cé mhéid fantasaíochta atá i gceist, is scathán ar an saol daonna é litríocht maith - scathán a chuireann rudaí áirithe as a riocht chun rudaí eile a dhéanamh níos soiléire. Bíonn ceisteanna ceart agus mícheart, saoirse agus dualgas, inscne agus cinéal á chíoradh sna saothair uilig ag Le Guin agus, ach an saothar ina iomláíne maille an fhorbairt ann a chuir san áireamh, agus a féinmhachnamh agus plé, ta ceachtanna tairbheacha le foghlaim astu. Rud nach dócha gur thuig mé nuair a léigh mé A Wizard of Earthsea beagnach dhá scór bliain ó shin. Ach mé a theacht slán, léifidh mé arís a scéalta, agus is dócha go bhfoghlaimeoidh mé breis astu.