Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-04-18

Gustav Iarainn

 

Hans Fallada, 1943. e.o.plauen
I ndiaidh dom Scéal ar Bith ón bhFronta Thiar a chríochnú, bhí mé ag póirseáil sna ríomhleabhair ar Amazon d'fhonn teacht ar tuilleadh le Remarque. Agus sin á dhéanamh agam cuireadh cnuasach de shaothair Fallada faoi mo bhráid, ar fáil ar bheagán airgid de bhrí go bhfuil an cóipcheart in éag. 

Tá roinnt leabhair le Fallada agam ar mo leabhargáin - Kleiner Mann, was nun?; Altes Herz geht auf die Reise; Jeder stirbt für sich allein; Bauern, Bonzen und Bomben; Drei Jahre kein Mensch. Tá sé píosa maith ó léigh mé iad. Tá léargas den scoth le fáil orthu ar an dtréimhse idir na cogaí - nó, i gcás Jeder Stirbt für sich allein, an saol faoin deachtóireacht. 

Hans Fallada ainm pinn Rudolf Ditzen, tógtha ó dhá scéal iontais - Hans im Glück  faoi óinmhid saonta a mhalartaíonn cnap óir ar rud éigin, an rud sin ar rud eile, go dtí sa deireadh nach bhfuil faic aige. Agus ainm an chapaill cainteach i scéal Bé na nGé

Is cineál clár oibre do shaothair mhóra Fallada atá san ainm! Saol deacair a bhí aige féin, é in achrann lena athair. D'fhág iarracht féinmharú dúbailte é féin gortaithe go dona agus a chomrádaí san eachtra marbh - bhí sé isteach is amach as teacht na ngealt agus an príosúin de bharr andúil san ól agus sa mhoirfín.

Tá an bua aige ina úrscéalta an saol mór a léiriú trí saol líon beag duine a insint. Is Der Eiserne Gustav  an chéad saothar ón gcnuasach atá léite agam. 

Tá scéal suimiúil ag an leabhar féin. Ba ann do Gustav Hartmann, Gustav Iarainn, tiománaí tacsaí capaill (Droschkenkutscher) a rinne turas bolscaireachta i 1928 ó Bheirlín go Páras agus ar ais. 

Bundesarchiv Bild 102-06534, Berlin, Rückkehr des "Eisernen Gustavs" aus Paris

Bhí fonn ar Emil Jannings, aisteoir mór le rá a raibh gnaoi Goebbels aige, an páirt a ghlacadh ar an scáileán mór. Bhí gnaoi Goebbels um an tráth sin ar Fallada - thaitin a cháineadh ar ré Weimar go mór leis na Naitsithe, d'fhéil sé dá cháineadh ar "Ré an chórais". Ní raibh Fallada chomh lúcháireach céanna faoin ngnaoi seo ...
„In die Sonne Goebbelscher Gunst zu kommen – das schien mir ein Ikarus-Schicksal.“

Teacht faoi ghrian ghnaoi Ghoebbels - meas cinniúint Icarus a bhí agam ar sin. 

Ar aon nós, níorbh é nós oibre Fallada achoimre a scríobh; bhí sé de dhíth air an scéal iomlán a oibriú amach, ach ba scríbhneoir gasta é. Scríobh sé úrscéal mór 800 leathanach ag rianadh cinniúint Gustav Hackendahl - Gustav Iarainn, a bhean agus a ceathrar clainne. Tosaíonn an scéal ar lá dúnmharaithe Franz Ferdinand ag Gavrilo Princip.  Tá a thubaiste féin tí Hackendahl - teaghlach atá a riaradh leis na nósanna a d'fhoghlaim sé san airm agus é ina sháirsint ag Gustav. Tá spiorad a mhac is sin is a nuachar briste aige lena dhéine. Tá in iníon leis teite i dtreo an bhanaltracht agus an chreideamh d'fhonn éalú uaidh agus an achrann ag baile. Ach sé an tubaiste ná go bhfuil an mac is ansa leis, scoláire seacht bliana déag tar éis goid uaidh agus dul ar an ndrabhlás. Níl a mhac sásta géilleadh don smachtú - níl sé féin sásta bheith réasúnta; téann rudaí in olcas. I ngan fhios dó, tá iníon eile leis ag goid uaidh anseo is ansiúd ar mórán na cúiseanna céanna lena deartháir, santaíonn siad araon saoirse. Tá a n-athair go maith as, dar leo, tríocha capall sa stábla aige agus sraith cóistí á reáchtáil aige; é féin ag friotháil ar custaiméirí mór le rá. Ach tá na gluaisteáin ag dul in iomaíocht leis...

Ainneoin a mhaoin réasúnta, tá sé sprionlaithe righin daingean - Iarainn!

Leanann an t-úrscéal an chlann tríd tubaistí an chogaidh, réabhlóid na Samhna i 1918, agus fiántas agus bochtaineacht Weimar - suas go dtí 1928 nuair a thugann Gustav faoin dturas le tacaíocht nuachtáin.

Faoi sin tá Gustav scartha beagnach go hiomlán óna chlann; a mhac is sine tite sa chogadh; ach roimhe sin dúshlán a athair tugtha aige agus a leannán lenar ghin sé páiste gréine roimh an chogaidh pósta aige ainneoin í bheith gan mhaoin, agus mar bharr ar an ndonas, dar leis an athair, cruit uirthi! (Is í Tutti mar a thugann sé uirthi duine de na carachtar is geanúla sa scéal, í láidir caoin). Tá an mac ab ansa leis tar éis éirí go hard tríd gnóthaí cama agus titim níos ísle fós de dheasca na gnóthaí céanna; striapach déanta de iníon amháin a thit faoi thionchar duine des na carachtair is oilce dá bhfuil léite riamh agam faoi; an iníon eile sásta mar Mátrún ospidéil, ach í scartha ó athair agus máthair, náire uirthi fúthu. Laoch eile an scéil, dar liom, an mac is óige, trí bliana déag ag tús an scéil. a tháinig in inmhe in ocras an chogaidh. Ainneoin iarracht a dheartháir é a chorbadh le mealltacht na drúise, éiríonn leis méid áirithe ionracais a chaomhnú. Ar feadh seal, tá ag éirí maith go leor leis - ardteist measartha bainte amach, printíseacht agus post sa bhanc bainte amach, a leannán óna óige pósta go dlisteanach aige, ... ach ansin tagann an spealadh mór agus an dí-fhostaíocht. 

Gustav féin ar an ngannchuid, é ar éigin in inmhe é féin agus a bhean a bheathú leis an Droschke amháin atá fágtha aige. 

Léargas ar chanbhás mór tríd sonraí bheaga ar an ré an d'ullmhaigh an ithir do theacht chun cinn na Naitsithe. Ní raibh Goebbels sásta leis an scéal; bhrúigh sé críoch eile ar Fallada, ag cuir an mac is óige isteach san SA; agus ag éileamh cúirtéis Hitler ó Gustav féin ag deireadh. "Nazi-schwanz" rubaillín Naitsíoch a bhaist Fallada air ina dhialann. Fiú leis an athrú, níor deineadh an scannán - bhí boc móra eile sa Pháirtí ina choinne. Foilsíodh an t-úrscéal "leasaithe" i 1938.

Sna seascaidí foilsíodh leagan eile san DDR - ach ní hamháin gur baineadh an rubaillín Naitsíoch de, ach rinneadh gortghlanadh ar thagairtí eile nár fheil don deachtóireacht nua - caitheamh anuas ar Liebknecht agus réabhlóidithe eile, mar ó dhea agus gur athraithe Naitsíocha a bhí iontu sin. Gan iad áfach cuirtear an scéal as a riocht.

Cé go bhfuil an bun lámhscríbhinn ar lár, maítear an leagan a léigh mé a bheith iomlán de réir mianta Fallada. Is scéal iontach atá ann, agus léargas iontach ar na daoine ann, agus iad fite fuaite le stair a bpobal. Uafás an ocrais agus an dí-fhostaíocht, agus conas mar a dhéantar forbairt ar olc nó maith an duine tríd mian, taithí agus eachtraí saoil. Agus tionchar daoine eile....