Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label litríocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label litríocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-07-19

Cois Réine atá an balla


Ar iasacht a fuair mé an leabhar seo. Stair ailtéarnach. Éiríonn leis an Putsch i gcoinne Gorbatschow. Cuireann an Aontas Sóivéadach gothaí troda orthu féin. Tosaíonn ag caint ar fiacha gan íoc an Chogadh Mór tírghrách. Géilleann cumhachtaí an Iarthair an Ghearmáin Thiar dóibh, cónaidhm le bheith ann idir an DDR agus BRD. Demokratische Republik Deutschland. Gealltar do muintir an Iarthair go mbeidh gach rud mar a bhí, ach ar ndóigh is bréag sin.

Iriseoir reacaire an scéil, atá ar a sheachaint i Zürich de dheasca cúpla botún a d'fhág na húdaráis sa tóir air. 

Úsáidtear na hainmneacha a bhaineann leis na pearsain stairiúla, agus minic go leor macallaí díreacha as an stair.

Fágann ról an iriseora agus na daoine eile atá ar deoraíocht i Zürich, teifigh ó thoir agus thiar, gur féidir leis an scéal iomlán a insint.

Léamh iontach spéisiúil. 

Agus ábhar machnaimh. 

Óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé.


Fuair mé Eoghan Béal do mo bhreithlá. Athinsint ag Darach Ó Scolaí ar dornán scéalta ó na meánaoiseanna. Cé gur Eoghan Béal an teideal, níl ina scéal siúd ach réamhrá. Dáiríre is an streachailt fuilteach don comharbas ábhar an scéil. Bráthairchath.
Ciarán Chluain Mhic Nóis tarraingthe isteach sa scéal, ag iarraidh doirteadh fola a chosc. Faltanas agus feall. Mallachtaí éifeachta. Agus carachtar - Neimheadh - ag imirt ról Bhriciu, ag cothú achrainn agus ainghníomh. Eisean is cúis go minic le briseadh focal agus doirteadh fola.

Tá saibhreas i dteanga an insint, ach tá sé soléite. Mar a bhíodh sna sean LSS tá filíocht anseo is ansiúd síos tríd. 

Agus tá ealaín Alé Mercado iontach, agus neart de ann. Dorcha nuair is gá. Léiriú ar eachtraí an scéil a chuireann leis an insint. 

Earra uasal atá sa leabhar, mar is dual do Leabhar Breac. 

Darach Ó Scolaí, Alé Mercado 
ISBN 978-1-913814-84-7

2026-06-07

Comhar i gCathú


Léigh mé Lig sin i gCathú blianta fada ó shin, agus go deimhin Sionnach ar mo dhúan. Léigh mé arís anuraidh é roimh freastal ar an Lá i gCathú.

Taitníonn Lig sin i gCathú liom, agus tá sé furasta a thuiscint conas gur bhain sé amach barr liosta na leabhair a raibh ráchairt orthu caoga bliain ó shin. (Níl fhios agam an bhféadfadh leabhar Gaeilge sin a dhéanamh anois - tá formhór na leabhair a díoltar á ndíol ag seoltaí leabhar agus as an áireamh sna liostaí mórdhíola).

De bhrí go bhfuil an leabhar caoga bliain d'aois, is don leabhar atá eagrán reatha Comhar tiomnaithe, aistí spéisiúla faoi ghnéithe éagsúla den leabhar agus freagairt phearsanta don leabhar. San áireamh dhá thuairim ana éagsúil ag Sorcha de Brún agus Síle Ní Choincheannain

Clár

Gearóid Denvir 
Eagarfhocal 

Gearóid Ó Tuathaigh 
Comhthéacs Staire 

Mícheál Ó hUanacháin 
Mise & an Mac Drabhlásach 

Ruairí Ó hEithir 
'Englishing' an Leabhair 

Liam Ó Dochartaigh 
'Bestseller' i nGaeilge 

Mártan Ó Ciardha 
Aoibhinn Beatha an Scoláire 

Seán Ó Neachtain 
 Gaillimh m'Óige 

Tonaí Ó Roduibh 
Lá i gCathú 

Sorcha de Brún 
Mná Lig Sinn i gCathú

Síle Ní Choincheannain 
Ceist na hInscne
. 
Laoighseach Ní Choistealbha 
Ligeadh mé i gCathú 


Cúán de Búrca 
Mealladh na Méire Fada 

Tomás Ó Floinn 
Léirmheas ón gCartlann

Anois, ní mór dom an leabhar a athléamh. 

2026-06-06

Seal i Neipeal

Fuair mé an Dialann taistil seo de chuid an Searcaigh ó BorrowBox chun é léamh go leictreonach agus aistir a ghiorrú. 

Cathal groí ag siúl agus ag taisteal in áiteanna éagsúla i Neipeal, beirt fhear óg á thionlacan mar treoraithe agus giollaí iompair. 

Tráth a raibh an raic faoi Fairytale of Kathmandu shíl mé gur saonta a bhí an Searcach, nár thuig sé an bearna maoine agus cumhachta dá réir idir é féin agus na fir óga a raibh caidreamh collaí aige leo. Nár shíl sé é féin a bheith saibhir ó tharla nach raibh sé saibhir sa bhaile. 

Níl mé chomh cinnte anois. Tá cuir síos ar neart eachtraí collaíochta agus spéis léirithe aige i mbuachaillí agus fir óga. Ar éigin go luaitear bean ar bith. Bhain an scaoilteacht collaíochta agus an fánacht siar asam, ach is dócha gur léiriú é sin ar mo shaontacht féin thar rud ar bith eile. Nílim ar mo chompord le caint ar chollaíocht agus illeannánachas.

Tá an cuir síos ar an tírdhreach iontach. 

Ag tús an leabhair luaitear na Maoistigh ach ní déantar mórán cíoradh ar an gceist. 

Tríd is tríd is leabhar taistil luachmhar é. 

Seal i Neipeal 
Cathal Ó Searcaigh
Cló Iar-Chonnacht

2026-05-09

An Lúb Liteartha


Mealladh amach go Má Nuad mé chun éisteacht le Anna Heusaff (úrscéalaí) agus Dubhán Ó Longáin (file) faoi agallamh ag Caitlín Nic Íomhair (file). Cuid d'fhéile teanga agus eagna Mhá Nuad.

Pléadh teanga agus aigne go deimhin. Chuir Dubhán scríbhneoireacht i gcomparáid leis an traenáil a dhéanann peileadóir, agus léamh leis na babhtaí sa giom - an dá rud riachtanach. Bhí an bheirt acu ar aon fhocal gur gá an cheird a chleachtadh go rialta, fearacht ceird ar bith eile.

Níl saibhreas le baint as scríobh i nGaeilge, ach mhínigh Anna gur fíor bheagáin údar gairmiúla Béarla a bhfuil in ann slí bheatha a bhaint as scríobh - go bhfuil buntáistí b'fhéidir ag an scríbhneoir Gaeilge toisc go bhfuil scéimeanna áirithe ann chun díriú ar shaothar.

Labhraíodh ar thaighde, ar dhualgais i leith an léitheora, agus neart eile. Luaigh Dubhán nath Gréagóir Ó Dúill, go bhfuil dualgas ar an bhfile fulaingt go poiblí, chun go mbeadh fhios ag léitheoirí nach leo féin atá siad. Agus d'inis eachtra corraitheach faoi léamh filíochta i nGleann Cholm Cille, nuair a reic sé dán faoi beirt dheirfiúr a cailleann a máthair le hailse, agus an dualgas a mhothaigh an duine is sine. Cás díreach bean ó Meiriceá sa lucht éisteachta.... 

Comhrá iontach fairsing agus spéisiúil, beidh lón machnaimh ann dom. B'fhiú an aistear! 

2026-04-28

Seachrán Jeaic Sheáin Johnny


Go fánach a thóg mé rleabhar an t-úrscéilín seo ar iasacht ó BorrowBox, lón léitheoireachta chun eitilt leadránach a ghiorrú.

Scéilín ar deacair a rá cé mhéad de atá ceaptha a bheith fíor agus cé mhéid is ea brionglóidí macnasacha seanduine dóite a tréigeadh ag an altóir, agus atá i ngrá má tá le gariníon an té a thréig é. Agus b'fhéidir a ghariníon féin? Go leor nach deirtear amach go lom, spás dá réir d'fhiosracht agus samhlaíocht an léitheora. Prós fileata a bhaineann feidhm éifeachtach as ruthaig na scéalaíochta gan a bheith smolchaite dá bharr.

Thaithin an scéal go mór liom. Neart snáithe scaoilte le samhlaíocht a spreagadh ach scéal iomlán mar sin féin. 

Seachrán Jeaic Sheáin Johnny
Micheál Ó Conghaile 
Cló Iar-Chonnacht 

2026-04-26

Politisch Verfolgte genießen Asylrecht.


Dlitear tearmann do dhaoine atá faoi ghéarleanúint pholaitiúil. 
Alt 16a(1) de Bhunreacht na Gearmáine, a scríobhadh le taithí an Tríú Reich nuair a bhí ar go leor teitheadh, agus neart eile nár éirigh leo teitheadh, nó ar tháinig an géarleanúint sa tóir orthu. (Ar an ndrochuair, tá neart "ach" curtha leis ó shin.)

Úrscéal le Remarque Liebe deinen Nächsten (Bíodh grá agat do'd comharsa) atá díreach críochnaithe agam ar aip an Goethe Institut a mheabhraigh arís dom é.

Scéal lonnaithe san tréimhse reamhchogaidh san Eoraip, agus Giúdaigh agus daoine eile a bhí faoi ghéarleanúint pholaitiúil á bhrú amach an Reich. Ach iad gan páipéirí. Á mbrú thar teorainn idir an tSeic, an Ostair, an Eilvéis ach tearmann áirithe sa Fhrainc. Scéal grá mar snáithe tríd, agus laochra an scéil Ludwig Kern, arbh Giúdach a athair, agus Ruth Holländer ag trasnú na hEorpa, seal le chéile, seal scartha. Tréimhsí i ngéibhinn. Tréimhsí tinn. An pobal siúlach Emigranten (Deoraithe) ag múineadh cleasa dá chéile agus ag tacú le chéile - ach scataí fealltóirí ina measc. Agus idir fealltóirí agus lucht cúnamh i measc an phobal. Eagraíochtaí neamhstáit ag cuidiú. Aitheantas sealadach le fáil uaireanta, faoi chúinsí Kafkach - ádh inniu, tubaiste amárach. Péas atá díograiseach, patuar nó cabhrach. 

Bhí taithí ag Remarque féin ar an saol seo, mar is léir ón gcáipéis thuas - cáipéis aitheantas ó rialtas Phanama.

Der Pass ist der edelste Teil von einem Menschen. Er kommt auch nicht
auf so eine einfache Weise zustande
wie ein Mensch.
Ein Mensch kann überall zustande kommen,
auf die leichtsinnigste Art und ohne gescheiten Grund, aber ein Pass niemals.
Dafür wird er auch anerkannt, wenn er gut ist,
während ein Mensch noch so gut sein kann
und doch nicht anerkannt wird.
Bertolt Brecht
Flüchtlingsgespräche 1940/41

An chuid is uaisle den duine an Pas. Ní thagann ann dó ar bhealach chomh simplí agus a thagann an duine. 
Is féidir don duine teacht ann áit ar bith, ar an mbealach is fánaí agus gan cúis mhaith. Ní hamhlaidh riamh do phas. 
Ach aithnítear pas, má tá sé maith. Is cuma cé chomh maith is a bhíonn duine, uaireanta ní aithnítear é. 

Tá gluaiseacht na bpobal teifeach faoi lán seoil arís. Agus is beag atá athraithe seachas beagán soiléire bheith curtha leis an dlí. 

2026-04-15

Christa Wolf - Medea

I ndiaidh dom Kassandra léi a léamh, chuaigh mé ar an saothar seo de chuid Christa Wolf. Athinsint ar scéal Medea, ach ní scéal na mnaoi a thréig a tír, a mharaigh a clann agus bean nua a leannán. Ach scéal níos casta, scéal a bhfuil cuma na daonnachta agus na fírinne air. Scéal laige na bhfear agus neart na mban. Polaitíocht mharfach ríoga. Treas, formad agus uaillmhian. 

Inste ag carachtar éagsúla ón bunmiotas. Scéal nach bhfuil gá aige leis an deus ex machina toisc gur leor an nádúr daonna chun imeachtaí an scéil a thuiscint. 

Scéal corraitheach cumhachtach.

(ó leabharlann ar líne Institiúid Goethe a fuair mé é). 

2026-04-12

Scríbhinní - Mícheál Breathnach


Nod ó Naoise Dolan a chur ar mo shúile go bhfuil tréan rleabhair Ghaeilge ar fáil tríd BorrowBox, córas na leabharlanna. Is féidir iad a fháil ar iasacht agus léamh san aip acu. 

Bhí tagairtí do Mhícheál Breathnach cloiste agam, agus bhí fhios agam go raibh Cumann de chuid CLG ainmnithe ina dhiaidh - cloiseann fiú agnóisí spóirt fearacht mise tagairtí dóibh ar an raidió! 

Ach is beag eolas a bhí agam air. Bhí Seilg sna hAilp léite agam, creidim, toisc spéis a bheith agam i litríocht taistil na Gaeilge. (Tá an leabhar ag fanacht le bheith léite). 

Cnuasach iomlán dá scríbhinní atá sa leabhar seo. Drámaíocht, filíocht, colún nuachtáin agus ficsean. Léiriú ar mheon Chonraitheoir agus fear Gaeltachta roimh 1913. Tuairisc ann, i measc rudaí eile, ar Chogadh na mBórach, agus ár a imríodh ar amhais Shasana i Somaliland. (Áit eile atá fós ina chíorthuathail fós, iarmhairtí an rás don Afraic.). 

Léargas grinn agus saibhreas Gaeilge, idir foclóir agus nathaíocht. Plé ar nithe atá fós ábhartha. Fís nach bhfuil curtha i gcrích. 
Plé freisin ar litríocht, ceist cainnt na daoine agus an tAthair Peadar mar shlat tomhais! 

Táim sásta gur casadh mo threo é! 



Mícheál Breathnach Scríbhinní
Tomás Mac Domhnaill agus Seán Mac Énrí a chuir in eagar
Lochlainn Ó Tuairisg a chóirigh 
An Chéad Chló M. H. Mac Guill agus a Mhac, 1913 
Cló Iar-Chonnachta 2009
ISBN 978-1-905560-38-7

2026-04-09

Kassandra


Bhí iomrá cloiste agam ar Christa Wolf, scríbhneoir de chuid an DDR. Agus ar a húrscéal cáiliúil Kassandra. Ní raibh faic léi léite agam áfach. Banphrionsa cháiliúil na Traoi, ar thug Apollo bua na fáistine di ach leag uirthi an mhallacht nach gcreidfí í.

Tá aip ar líne ag Leabharlann Institiúid Goethe. Fuair mé rleabhar mar sin, chun an eitilt chun na Spáinne a ghiorrú. 

Scríofa i bhfoirm monalóg, Kassandra ag machnamh agus í gafa i Mycenae tar éis an chogaidh. Fios aici go bhfuil Klymenestra chun í a dhúnmharú. 

Súil siar ar a saol agus rútaí an chogaidh. Grá agus gráin. Teaghlach ag meath. Uaillmhian, mioscais agus comhcheilg cúirteoirí. Dlúthpháirtíocht na mban imeallaithe. Barbarthacht lucht cogaíochta. Tubaiste tuartha, agus tuar faoin dtairngreacht. 

Geal le scéinséir. Samhlú ar na seanmiotais ar bhealach réalaíoch. Beidh mé anois ag lorg breis le Christa Wolf. 

2026-04-06

Uraiceacht nua na hÉigse


Go n-uige seo is tríd athinsintí a d'fhéach Leabhar Breac le slabhra litríochta na Gaeilge a athghaibhniú. 

San saothar seo áfach, tá sleachta gairide próis ó stair na litríochta sin roghnaithe ag Diarmuid Johnson. Ó na meánaoiseanna go dtí tús an chéid seo caite. Iad curtha i gcomhthéacs stair a linne, san Eoraip agus in Éirinn. Athinsint ar shleachta a mbainfeadh dua lena léamh do Ghaeilgeoirí na linne seo, le Diarmuid féin nó le húdair eile fearacht Feargal Ó Bearra, beannacht Dé lena anam. 

Sa bhreis ar sin nótaí ar ghnéithe teangan a bhaineann leis na sleachta. 

Tá eolas fairsing agus domhain ag Diarmuid Johnson. File chomh maith le húrscéalaí agus scoláire. Tá a lorg sin ar an dtráchtaireacht. Abairtí gairide gonta a chleachtann sé go minic. Éifeachtach. 

Beatha teanga a labhairt. Is fíor an focal. Is fíor dá réir go bhfuil teorainn leis an méid de bhrí na teanga is féidir cur i scríbhinn. 

Diarmuid Johnson 
Deoch an Tobair lch 176, An canúnachas. 



Dá bhrí sin, más bláth agus biseach atá i ndán don chumarsáid agus don chomhthuiscint, ní leor ann féin gan ach seancheart na teanga a chleachtadh go dall deabhóideach. Ar an taobh eile den scéal, bláth agus biseach ní féidir gan eolas ar an seancheart úd agus gan fios a thábhachta dá réir.

Diarmuid Johnson
Deoch an Tobair 

Treoir anseo dúinn. Géarú goile. Tá go leor de na téacsanna ar fáil dúinn a bhuí leis na dána digiteacha - tríd celt.ucc.ie abair, nó corpas.ria.ie. 


Diarmuid Johnson 
Leabhar Breac 

Gabriel Rosenstock - púróg ar charn

Tá daoine eile i bhfad níos cáilithe ná mise chun éagnairc Gabriel Rosenstock, a chuaigh ar shlí na fírinne inniu, a scríobh.

Ní mór dom a admháil nach raibh mé ró thógtha lena shaothar i dtús ama. Diaidh ar ndiaidh a tháinig mé isteach air. Tríd IMRAM go príomha. Toisc go bhfuil sé de nós agam blúire a scríobh anseo faoi na himeachtaí a fhreastalaíonn mé orthu, chuaigh Gabriel i dteagmháil liom maidir le blag dá shaothar. Bhí sé go mór i bhfabhar le foilsiú saor in aisce filíochta, agus in aimsiú bealaí nua. Ach ní raibh fonn ar leith air dul ag iomrascáil leis an teicneolaíocht. 

Mar sin, ó 2012 i leith tá mé mar blogmeister (a théarma siúd aige). San tréimhse sin tá breis is ceithre míle mír foilsithe. Neart haiku - go háirithe haiku pictiúrtha - ach neart foirmeacha eile freisin. Meascán eicléictiúil. Agus comhoibriú le filí agus ealaíontóirí ó ar fud na cruinne.

Soir, san Áis a bhí tinfeadh Ghabriel. A mhiúil ag ól as an Ganges. 

Bhí tuairimí láidre ag Gabriel, agus peann sách géar aige nuair a shíl sé gá a bheith leis. Is iomaí Limerick lán de ghreann dóite ar an mblag. 

Cáilíochtaí na seanfhilí aige, ó cáinte go hollamh.

Suaimhneas síoraí dá anam, sólás dá chlann. Agus sólás freisin dá chairde éigse fud fad na cruinne. 

An ceithearnach caolriabhach


Bhí fhios agam an leabhar seo le Darach Ó Scolaí a bheith ar fáil le fada. Tá meathchuimhne agam ar scéal sna meáin Ghaeilge go raibh gá an greamán thuas a chur leis - pictiúrleabhar atá ann, agus síleann Béarlóirí a leithéid as Gaeilge a bheith feiliúnach do leanaí shoineanta. Ach ní soineanta an chleasaí é an Ceithearnach caolriabhach. Agus fiú mura dtuigfeadh na leanaí friotal fileata na hinsinte, ní bheadh aon dul amú faoi léaráidí chraicneacha Dharaigh féin. 

Cibé, pé cúis a bhí leis, ní raibh sé léite agam. Spreag alt ar RTÉ mé áfach fios a chur air ón leabharlann. 

Tá an cleasaí osnádúrtha le fáil i mórán cultúr agus é go minic ag déanamh díspeagadh ar na huaisle (dar leo féin). Cleasaí is ea an ceithearnach. É ar chamchuairt ó uasal go huasal. Friotal fileata lán ruthag is athrú - ábhar reacaireachta - a chuireann síos ar na cleasa fuilteacha a imríonn sé. 

Greann dubh agus roinnt gáirsiúlachta, atá é féin greannmhar. 

Tá áthas orm gur léigh mé faoi dheireadh é! 

⭐ ⭐ ⭐ ⭐ ⭐ 

2026-02-13

An Cláirseoir


Úrscéal neamhghnách stairiúil ó pheann Diarmuid Johnson. Scéal na Normannach a rinne ionradh ar Éirinn ar ball - ach iad fós ar imeall Ríocht Shasana, in adharca le muintir Cymru.

Na Gearaltaigh, go háirithe Muiris a thug a ainm do Chlár chlainne Mhuiris ar ball. A athair, Gearailt de Windsor. É pósta ar banphrionsa as Cymru ar ordú Anraí Rí.

Cláirseoir Breatnach an cláirseoir, scéal a thaoisigh agus na Taoisigh eile fite fuaite le scéal na Tiarnaí Mairge a earcódh Diarmuid na nGall ar ball. Agus a raibh airc talún orthu, iad míshocair san Marg toisc lucht Cymru a bheith ag neartú, agus Anraí Rí a bheith luaineach. Pléimeannaigh sa mheascán leis i roinnt na creiche ar imeall thiar na Breataine.

Siar is aniar idir Éirinn agus an Bhreatain chomh maith. 

Snáithí an scéil fite ina bhréidín dhlúth ag Diarmuid, scéal thar na glúinte, troid agus trádáil, feall agus féile, searc agus mioscais.

Scéal a thugann stair chun beochta, réamhrá d'ionradh na Normannach ar Éirinn.

Léitheoireacht atá idir taitneamhach agus ina lón eolais. 

Ní bearna atá i Muir Meann, ach nasc - go háirithe san tréimhse sin agus go ceann i bhfad ina dhiaidh.

Diarmuid Johnson 
Leabhar Breac 

2026-02-12

Sadhbh - ceasacht Iníon Ghuile


Seo an tríú pictiúirleabhar do dhaoine fásta atá fáiscthe ag Darach Ó Scolaí ón tseanlitríocht, bealach eile fós ag leabhar breac athghaibhniú a dhéanamh ar slabhra reatha an traidisiúin liteartha. 

Bhí scéalta Bhláthnaid agus Dheirdre agam sular léigh mé leagan Dharaigh.

Ach ní raibh eolas dá laghad agam ar Shadhbh. Ná ar Fhéilimí mhic Criomhthainn, Rí Mumhan. A thromdhámh siúd a bheith ag teacht aniar aduaidh ar athair Shadhbh, Guile, ag lorg lóistín agus foscadh cúis an scéil.

Cuirtear Sadhbh amach le moill a chur ar an tslua le go mbeadh réiteach cuí déanta. 

Caint ghlic aici, gáirsiúil scaití, agus í maith i ndán ag óglach Fhéilimí. Agus í níos oilte ar chasfhocal, cruachaint agus dúfhocail ná a chuid ollúna. 

Í ag iarraidh iad a chur ó dhoras, mar dhea, de dheasca ainnise, fuacht agus easpa sa dún. 

Ach faoi dheireadh ag gealladh fleá agus féasta - ach i dúfhocal a chuireann dallamullóg ar chách seachas Feilimí.

In éineacht le caint ghlic greannmhar gaoismhear Shadhbh, tá ealaíon Alé Mercado. Radharcanna sneachta a chuirfeadh fuacht ort. Cruth ar na pearsana. Áilleacht agus áiféis.

Saothar eile den scoth. Tá na Gaeil tugtha don dTríonóid, don tré. Seo triaracht leabhair áille, a thugann dúinn triúr ban misniúla.

Comaoin eile curtha ag Darach agus Leabhar Breac ar léitheoirí na Gaeilge!

Darach Ó Scolaí 
Ealaíon Alé Mercado 
Leabhar Breac 
ISBN 978-1-913814-57-1 

2025-11-05

Cúchulainn, PI

Is ingnad lem a Lugaid ar Cu Chulaind snechta for taig Derb Forgaill.
                                       Aided Derb Forgaill 

Cain agus Abel (Genesis 4:8).  Oxford, Bodleian Library, MS Douce 211, fol. 8r, ca. 1300–1325, France. (Fearann phoiblí www.digital.bodleian.ox.ac.uk)

Tá sraith léacht ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ar a dtugtar Samhain and science ina ndéanann taighdeoirí dá gcuid míniú don bpobal ginearálta ar a bhfuil á staidéar acu. 

Baineann réimse spéise an scoláire Dr Viktoriia Krivoshchekova le meon agus aigne sna meánaoiseanna. Ina léacht aréir faoin téama dúnmharú sna meánaoiseanna rinne sí athshamhlú ar choireanna ón litríocht agus téacsanna dlí amhail is mar cérinneachán a scríobhadh iad seachas go lom líneach mar atá.

Coincheap freacnairceach is ea an cérinneachán nach dtéann níos faide síor ná Edgar Allen Poe agus Dúnmharaithe Rue Morgue. Agus a bhfuil forbairt air ó shin.

Ach thug sé deis di an litríocht agus na téacsanna dlí a chíoradh, idir Féineachas agus dlí choiteann Sasanach a bhí i réim i Tiarnas na hÉireann. Tá roinnt fianaise sna hannála freisin ar dhúnmharú. 

Sampla ina measc, Rí Chonnachta á mharú de bhuille tua ag siúinéir. An éad nó feall ba chúis leis? Tá an dá fhéidearthacht luaite in Annála Loch Cé don mbliain 1228. 

Aed mac Cathail Crobdeirg h. Conchobair Ri Connacht re re cethri mbliadna, amail asbert an fili .i. Donnchad Bacach mac Tanaide h. Mailconari :
    
        Do bai Rath Cruachan na cath,
        istad ingine Echach,
        iiii. bliadna, bert can celg,
       ag Aed mac Cathail Crobdeirg

do marbad d'oenbuilli do thuaig sairsi i cuirt Sefraid Mares & se oca folcad oc mnai in tsair, acus an fer do buail he do crochad ac Sefraid arabarach. Tre faslach immorro mac Uga de Laci & Uilliam .i. Meic in Giustis doronad in fell-sin ar in flaith firen forglidi-sin. Et adubrad conab tre ed do buail in saer e. Uair ni raibi ind Erinn cre duine bad aille ina bad beodha inas.

Léacht iontach taitneamhach. Agus máistircheacht in úsáid sleamhnáin. Beagán focail agus íomhánna cliste roghnaithe ó saothair comhaimseartha chun an pointe a léiriú. Teidil ar mhíreanna a mheabhródh cérinneachán ach eolas cruinn ón litríocht. 

Tá blaiseadh eile ar fáil dá saothar san alt seo. 


2025-08-24

An Bheatha Phléisiúrtha

Bhí alt ag Pól Ó Muirí san Timire faoi leabhair fealsúnachta i nGaeilge. Ní fealsamh ná baol air mé féin, ach phrioc sé m'fhiosracht.

Chuir mé fios ar an leabhar An Bheatha Phléisiúrtha leis an tAthair Fiachra OFM. Iasacht idir leabharlainne. 

Admhaím nach ró mhaith a thuig mé an dóigh a roinn sé an saol idir beatha phlandúil, beatha ainmhí agus beatha an spioraid. Agus faoi dheireadh chaith mé an leabhar i dtraipisí toisc go raibh mé bréan den athrá go raibh intleacht na mban níos ísle ná intleacht na bhfear toisc iad a bheith níos collaí! 

Ach chnuasaigh mé dornán tagairt as an saothar, féach thíos. Dá mbeinn níos oilte, b'fhéidir go mbeadh níos mó céille bainte agam as an leagan amach fealsúnachta, ach is tuata sa mhéid sin mé. Mar sin féin táim sásta gur spreag alt Phóil mé leis an iarracht a dhéanamh! 



Óir is le linn na hóige a bhíonn an t-ealaíontóir i mbarr a mhaitheasa ; agus is le linn na meánbhlianta a bhíonn an t-óráidí nó an staraí i bpríomh a mhaitheasa ; agus ní hiontaoibh an t-eagnaí go dtí gur aosta é.

Mar an gcéanna, mórmháistir na filíochta is ea fíon agus ólachán, mar a deir Horace, agus ba chóir go mbeadh a fhios aige : nár chum an fuaruisce filíocht riamh fós.

Sa Scriptiúir léimid arís agus arís eile, agus in Epistle Shéamais ach go háirithe, go bhfuil smachtú na colla go léir ag brath ar rialú na teangan.

Síorfhairechán cánacha na saoirse

Is fearr file na féithe na file na Gaeilge

Eoghan Rua, athluaite ag an tAthair Fiachra OFM 

Tá baol ann i gcónaí sa chaitheamh aimsire go raghaimis thar fóir, go ndéanfaí gol den gháire agus searbhas den mhilseacht agus truailliú den tsláinte.

An tAthair Fiachra OFM
An Bheatha Phléisiúrtha
Sáirséal agus Dill 
1955

2025-04-22

An gcuimhníonn sibhse, a chailíní, an lá ar fhága mé an Trá Bháin?

An dara ócáid i gCúirt ar fhreastal mé air ná
léamh drámatúil as úrscéal le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Tá an t-úrscéal bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston.

Faoi stiúir Eoghan Uí Riada chuir Bridie Ní Churraoin briathra Mhichíl Uí Chonghaile inár láthair, ag insint radhairc as saol an chumadóra. Chan Caitlín Pheaits sleachtanna as na hamhráin chun léiriú a dhéanamh ar an insint. Bhí an dís ban feistithe go cuí. Caitlín i ndubh ó bhonn go baithis agus feidhm éifeachtach á bhaint aici as caille uige. Bridie gléasta mar seanbhean ag amharc siar, agus brat uimpi a bhí ina chaille freisin. 

Bhí dearadh stáitse simplí ach éifeachtach ann. 

Nuair a chrom Caitlín ar chaoineadh agus í ar a ceithre boinn agus an caille uimpi, bhraitheamar uilig ualach an dobróin. 

Táim ag súil go mór leis an úrscéal, ach beidh sé deacair an taibhiú a shárú. 

Deirtear go bhfuil dhá insint ar scéal, agus dhá leagan déag ar amhrán. Tá cúpla leagan acu le léamh anseo agus le clos anseo. 



An Bhlaosc sa mBois

Le linn Covid bhí mé sa lucht féachana nuair a chuir Mícheál Ó Conghaile leagan den scéal seo i láthair, mar chuid de Fhéile Fíorúil Cúirt. Togra dhinnseanchais i gcomhar le scríbhneoirí Maori. 

D'fhás an scéal agus rinneadh nóibhille de. Seanfhear a fhaigheann iarsma an deirfiúr nach bhfaca sé riamh, a cailleadh roinnt bliain sular rugadh é. I dTuaim, in áras an mhíchlú. Blaosc. Tugtha ar lámh dó - é le tuiscint gurbh é sin an chinneadh a ghlacadh faoi dheireadh maidir leis na taisí.
 
Seanfhear fágtha leis féin a fhaigheann an bosca diamhair. Gan fhios aige cad is ceart a dhéanamh. Téann sé ar camchuairt an cheantair, ag seanchas agus ag roinnt chuimhní leis an mBlaosc. Liodán logainmneacha. Ach stair, seanchas agus cuimhní ag baint le gach logainm acu, agus an seanfhear á dtabhairt chun cuimhne, agus ag samhlú an páirt go mba cheart a bheith ag a deirfiúr iontu.   

Stair an chine, stair an teaghlaigh, agus fealsúnacht. Le tuiscint gur gar a chuaigh sé féin don gcinniúint céanna nuair a bhásaigh a mháthair de luí seoil. Murach daoine a sheas leis agus a thug dúshlán an tsagairt mhór. Agus dá réir don smacht poiblí arbh ionchollú air cumhacht na sagart. Mar a dúirt Séamus Ó Lorcáin, is cionn is go bhfuilimid ar an nglúine a bhfuil cuma mór ar na Móir. Éirímis. (Níl na sagairt mór feasta, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil smacht agus "Móir" ann).
 
Scéal fiúntach, lón machnaimh. Eipic - mar a mheabhraigh Kavanagh ina dhán dúinn, níl mioneachtraí ná mion-áiteanna mion dáiríre. 

Mícheál Ó Conghaile
ISBN: 9781784442736
Cló Iar-Chonnacht.

2025-04-20

Rosc Catha Aimhirgín

Bhí an dara léacht Earraigh de chuid Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ar Déardaoin 20ú Márta. Thug an tOllamh Michael Clarke caint iontach spéisiúil faoin na tuiscintí agus míthuiscintí a baineadh as Rosc Aimhirgín síos tríd na blianta.

Tuiscintí an fichiú céad bunaithe cuid mhór ar saothar  "Le cycle mythologique irlandais et la mythologie celtique" le Henri D'Arbois de Jubainville. Fear ar ghéill scoláirí na Gaeilge dó toisc go raibh sé tar éis litríocht na Gaeilge a chur ar stáitse domhanda. Ach a bhí tugtha do pandéachas, mar a bhí roinnt dóibh siúd a bhí gafa leis an athnuachan Ceilteach. Fearacht AE. Léirigh Clarke ina chaint go raibh tionchar ag na smaointeoirí agus scoláirí ar a chéile. 

Agus go ndearna siad neamhaird den traidisiún Gaelach, na gluaiseanna, ina measc athleagan iomlán ag Mícheál Ó Cléirigh eile, i. An bráthair bocht a bhí i measc ceithre máistir na hannála. Is cosúil go bhfuil LSS garbh ina lámh siúd, agus an téacs céanna i cóip glan i lámh Cúchonnacht Mag Uidhir.

An tátal a bhain Michael Clarke as seo ná gurbh dúshlán atá sa rosc, dúshlán a thabhairt do filí an Tuath Dé an dán a fhreagairt le dán léirmhínithe. Agus nach pandéachas ná mistéir osréalach atá i gceist in aon chor.