Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-01-23

Deirdre


Ó thús tá Darach Ó Scolaí agus Leabhar Breac ag soláthar leaganacha de scéalaíocht ár sinsir, cumadóireacht na meánaoiseanna dúinn i nGaeilge an lae inniu. Ag athghaibhniú slabhra na litríochta a réab an stair léanmhar. Ag cothú léitheoirí agus scríbhneoirí araon. Obair riachtanach, ó tharla go bhfuil aistriúchán Béarla (corruair Gearmáinis) i gceist le formhór na heagráin scolártha.

Longas mac n-Uislenn in-sin ocus longas Fergusa ocus aided mac n-Uislenn ocus Derdrenn.

Níor chloígh Darach le Longes mac n-Uislenn mar atá sé sa lámhscríbhinn, is amhlaidh go bhfuil píosaí tógtha aige as áiteanna eile d'fhonn scéal níos iomláine a thabhairt dúinn, mar shampla an dóigh a fuair Conchubhar ríocht Uladh ó Fheargas. Rud atá tábhachtach chun an scéal a thuiscint.

Tá an fhilíocht atá fite tríd an bhunleagan agus na nathanna cáiliúla anseo againn i gcló na linne seo. 

 ‘Is cáin,’ ol-se-sseom, ‘in t-samaisc téte sechunn!’ ‘Dlegtair,’ ol-si-si, ‘samaisci móra bale na-bít tairb.’

"Is breá," ar seisean, "an gamhainín atá ag dul tharam" "Dlitear gamhan a bheith mór", ar sise, "san áit nach mbíonn tarbh". 

Scéal fíochmhar fuilteach, lán feall is formad, ceanndánacht agus uabhair. Deirdre ina dara Cassandra ag tuar an oidhe atá rompu, agus Naoise ceanndána ag déanamh neamhaird ar a rabhadh. Cinniúint fuilteach a thuar Cafadh draoi agus i mbroinn a máthair. Agus a mhacallaí tríd scéalta na Rúraíochta uilig. 

Tá an insint bríomhar soléite saibhir. Tá an leabhar gleoite mar a bhíonn ag Leabhar Breac i gcónaí, agus léaráidí áille Anastasia Melnykova ina mhaisiú air. Loingeas Anastasia ón Úcráin go Corcaigh mar thoradh ar ainghníomhartha tríath eile atá lán chomh fealltach le Conchubhar ar an lá is fealltaí dá raibh sé. Meabhrú nach bhfuil droim láimhe tugtha againn do bharbarthacht an chogaidh fós. 

Seoid eile curtha leis an iliomad seoid atá againn cheana.