Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-01-30

Arbeiterschliessfach? Nó Wohnklo mit Kochnische?

Bhí na hárasáin a heagraíodh dúinn á riaradh ag dream a raibh an ainm Arwobau - Arbeitnehmerwohnungsbaugesellschaft. Cumann tógála árasáin do lucht tógtha oibre (i. Fostaithe). Bhí ceathrar nó cúigear againn lonnaithe sa bhloc árasáin i Kulbeweg, Hakenfelde (Gort na gcrúcaí, a shíl mé go dtí seo. Ach deir Google liom anois gur sloinne atá i gceist le Hake, Haake ó cheart).

Rinne mé gúgláil ar an seoladh. Tá ainm an chuideachta athraithe, ach is cosúil nach bhfuil an stíl ná an troscán. Mar atá sa phictiúr thuas, agus na dathanna céanna nach mór a bhí árasán s'agamsa. Ar an Hochparterre, i. An t-urlár is ísle ach é cúpla troigh os cionn leibhéal na talún lasmuigh. Rud nár thaithin liom na go raibh sé ar aghaidh an bhealach isteach coisithe agus fuinneoga móra groí ann. Mar a bheinn in uisceadán. Bhí na cuirtíní lása i gcónaí iata agam dá réir. Bhí cuirtíní troma donna ann freisin chun an solas a choinneáil amach, agus freisin dallóga miotail ar an dtaobh amuigh. Bhí sé áisiúil iad sin a scaoileadh anuas sa gheimhreadh ar mhaithe le teas a chaomhnú agus san samhradh ar mhaithe le solas a choinneáil amach. Bhí balcóin bídeach ann freisin. Deasc, cófra, cúpla leabhragán, bord caife, bord ite, agus leaba a d'fhéadfaí suíochán a dhéanamh as. Cuasán sa chúinne ina raibh cistin - doirteal, sorn, cuisneoir, cúpla cófra. Forhalla le faithlis. Leithreas agus cith - gan umar faoin gcith, díreach cuirtín agus poll sa talamh chun uisce a scaoileadh amach.

Formica a chlúdaigh gach rud, donn dorcha nó bán. Dath bánbhuí ar na ballaí.

Teacht ar innill níocháin agus triomaitheoir. Ní cuimhin liom anois an le bonn a oibríodh iad nó le licín. Licín measaim, le ceannach ón Hausmeister. (arbh máistreás a bhí i gceist. Seachas má bhí obair trom le déanamh. Seans gur dhá lánúin phósta a bhí i gceist. Ní cuimhin liom go beacht). 

Bhí cineál bosca nó seid san íoslach a fuair mé freisin a bhí áisiúil don rothar a cheannaigh mé. Sa bhaile, bhínn ag rothaíocht chuile áit. Ní dhearna mé an oiread céanna thall. Scanraigh an trácht mé cé go raibh na raon rothair níos forbartha. 

Abhae leis an gcúigear againn go dtí Ikea. Leathuair ar an mbus. Chun fearais tí a cheannach. Plátaí, mugaí, cúpla pota agus araile. Sceanra. Bhí réamhíocaíocht faighte againn.

Teileafón faighte tar éis seachtain nó dhó. Áisiúil chun glaoch ar an mbaile! 

Ollmhargadh Kaisers gar don láthair. Ach gur dhún siad ag meánlae ar an Sathairn agus níor oscail arís go dtí an Luain. Mí-ádh ar an té nár éirigh in am de dheasca póite. Ocras i ndán dó. Nó an bialann Iodálach trasna an bhóthair, má bhí airgead aige. D'éirigh mé ceanúil ar anraith gairleoige s'acu. Agus an risotto. Má d'fhág an póit goile agam.

Eaglais Chaitliceach cúpla céad slat uaim. Aifreann réasúnta luath. Ar ámharaí an tsaoil bhí Aifreann tráthnóna Domhnaigh ar fáil i áit a bhí b'fhéidir trí ceathrú uaire ar iompar phoiblí. Ní mochóir pótaire.

Dálach, éirí thart ar a seacht. Cupán caife, b'fhéidir greim bia. Nuachtán a cheannach. Tar éis tamaill síneadh mo rogha chugham gan fiacha orm é iarraidh. Tagesspiegel. Scáthán an lae. Gan gaol dá laghad aige le Daily Mirror Shasana. Leathanbhilleogach, go ceann tamaill go dtí gur tháinig crapadh ar nuachtáin i gcoitinne.

Bus. 145,  más buan mo chuimhne. Deich nóiméad go dtí Altstadt Spandau. Dhá Stad go dtí Haselhorst. Umweltkarte agam, i. Ticéad ar son na timpeallachta. Síntiúis bliana. Stampa le hathrú gach mí. Costas íseal. Cad taistil fud na cathrach agus roinnt den gceantar timpeall leis. Gan geataí ná bacainn ar na traenacha. An cárta a thaispeáint ar éileamh. Anois is arís, trúpa cigirí. Bheidís in áit sa stáisiún chun gach doras a chlúdach. Súil ghéar acu don Schwarzfahrer - an té a bhí ag taisteal gan íoc. 

Siúlóid gairid chun na hoifige. Cupán caife eile. Thart ar a naoi, maraon le neart eile, síos go dtí an Kantine san íoslach. Belegte Brötchen - bonnóg aráin le cáis nó a leithéid air. Ar ais chun na hoifige nó an tsaotharlann.

11:30. Halb zwölf, i. Leath den Dara uair déag caite. Mahlzeit! Am proinne, é ina bheannacht agus a spreagadh in éineacht. Ag bord leis na comhghleacaithe. Comhrá mar anlann don bproinn a bhí saor agus réasúnta blasta.

N'fheadar anois cathain ar thosaigh Feierabend, am scoir. Bhí Flexizeit agam. Cárta ar chlog leictreonach maidin is tráthnóna. Am saor dlite má bhí níos mó ná an 37.5 uair sa tseachtain déanta. Sa mhullach ar tríocha lá saoire....

Go háirithe ar ball, nuair a bhí mé ag obair amuigh leis an gcliant agus uaireanta fada i gceist, agus taisteal ann agus ar ais áirithe mar am oibre, bhí tréan am ar ais le cuir leis an saoire. 

Cé go raibh spreacadh sa chuid eile agus gur aimsigh siad árasáin níos deise diaidh ar ndiaidh, d'fhan mise i Kulbeweg gur phós mé i 1994.

Ach sin scéal eile...

Arbeiterschliessfach - cófra le glas air (cealtán) chun oibrí a stóráil ann (mar dhea) 

Wohnklo mit Kochnische - leithreas cónaithe le cuasán cócaireachta. 

Leasainmneacha ar a leithéid d'árasáin aon seomra.