Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-12-21

Muire Scaoilteoir Snaidhmeanna

Chonaic mé íomhá Mhuire scaoilteoir na snaidhmeanna le déanaí in Eaglais Anna ar an tSeanchill. Tá deabhóid ar leith ag an bPápa Proinsias don íomhá ón am a chaith sé seal sa Ghearmáin. Spreagadh mé chun an urnaí a ghabhann leis an bpictiúr a lorg, agus fuair mé seo -

Maria vom Knoten, ich komme zu dir
und trage viel Freuden und Lasten mit mir.
Maria vom Knoten, wer hörte nicht drauf -
der Knoten sind viel, sie gehen nicht auf.

Maria vom Knoten, wie tröstlich das klingt:
Es gibt eine Hand, die Knoten entschlingt.
Maria vom Knoten, den Knäuel hier schau`!
Ich bring ihn nicht auf – hilf du, heil´ge Frau.

Maria vom Knoten, der Knäuel bin ich -
Ins letzte verwirret: Erbarme dich!
Maria vom Knoten, du bist schon im Licht,
du weißt es ja selbst, was mir noch gebricht.

A Mhuire na snaidhme, tagaim chugat 
Agus ualach luachaire agus anró ar iompar agam 
A Mhuire na snaidhme, cé nach n-éistfeadh leis?
Is iomaí snaidhm ann, agus níl siad ag scaoileadh 

Muire na Snaidhme, nach sólásach an fhuaim, 
Is ann do lámh a scaoileann snaidhmeanna 
A Mhuire na snaidhme, amharc an tranglam seo! 
Ní thig liom é scaoileadh, cabhraigh tusa, a mhnaoi bheannaithe 

A Mhuire na Snaidhme, an tranglam, sin mise 
In aimhréidh go hiomlán: déan trócaire orm! 
A Mhuire na Snaidhme, tá tú san solas cheana, 
Is eol duit go maith cad tá de dhíth orm 








2022-12-15

Fabhalscéalta La Fontaine, Ó Doibhlin


Seo rogha Bhreandáin Uí Dhoibhlin de insint La Fontaine de na fabhalscéalta ársa. Bhí leagan éigin acu ar fad, nach mór, léite nó cloiste agam roimhe. Cuid de throscán aigne an Eorpach liteartha iad, measaim. Ach tá leaganacha La Fontaine fileata cuanna agus tá siad curtha i nglan Ghaeilge fileata ag Ó Doibhlin. Ó thaobh na foclóra de, soléite cliste cuanna.

Tá mé sásta gur chuir mé fios orthu faoi dheireadh ón leabharlann. Is saibhride m'aigne an méid de saothar Uí Dhoibhlin atá léite agam, idir bunsaothair ficsean, critic (nach bhfuil mórán in aon chor de léite agam) agus aistriúchán. (Caiticeasma na hEaglaise Caitlicí san áireamh, cé nach bhfuil sin léite ó chlúdach go clúdach fós agam!). Ní cúis iontais é gur thug Rialtas na Fraince gradam dó as feabhas a oibre, ag cuir saíocht na Fraince in aithne d'Éireannaigh. 

Mar a dúirt Terry Pratchett tráth, Pan Narrans, ápa inste scéalta is ea an duine. Trí scéalta a insint agus a chlos a dhéanaimid foghlaim. Agus tá fírinní buaine sna scéalta ársa seo. Ach iad a bheith inste go maith, tá siad thar a bheith éifeachtach dúinn.

Tá focail Uí Dhoibhlin snoite snasta. Faraor, níl cló a dhiongbhála curtha orthu san eagrán seo. Tá an cló beag agus doiléir. Fágann an leagan amach go bhfuil cuid den téacs - an téacs Fraincise go háirithe - ró ghar d'imeall an leathanaigh, agus doléite gan dochar a dhéanamh don ceangal.

Ba mhaith liom eagrán ar pháipéar maith, le cló soléite agus leagan amach cúramach. Tá léaráidí maithe san eagrán seo, ach fágann caighdeán an chló doiléir iad. Tá roinnt botúin cló agus clóchur le leasú. 

Táim sásta go bhfuair mé an leabhar, ach d'fhéadfadh sé bheith i bhfad níos fearr! 

2022-12-12

Laofacht uathoibrithe - Dúrthóireacht bhaochta


Tá na Gaeil cleachtaithe ar an ráiteas "Ní féidir leis an ríomhaire síneadh fada a láimhseáil". Ní ar an ríomhaire atá an locht, áfach, ach ar na daoine a dhear an chóras agus a raibh tuiscint éadomhain acu ar ainmneacha agus riachtanais. Galar atá forleathan i measc ríomhchláraitheoirí, monuar - féach éithigh a chreideann ríomhchláraitheoirí faoi ainmneacha. Ar ndóigh, naoi n-uaire as deich, níor smaoinigh an foireann a dhear an chóras ar an gceist ar chor ar bith. Bhain siad feidhm as leabharlann éigin, mar a phléigh mé i gcás Dunnes.

Is annamh, le fada, gur foireann bheag a dhearann córas ar bith ríomhaireachta, dá simplí é. 

Agus bíonn na córais i bhfad níos fad mharthanaí ná a shíl a ndearthóirí go mbeadh - b'shin toisc fadhb an dá mhíle, agus tá a mhacasamhail, fadhb 2k38, ag druidim linn go pras.

Fágann sin go bhfuil feidhm á bhaint ar córais ríomhaireachta chun rudaí a dhéanamh nár shamhlaigh na dearthóirí, a bheag nó a mhór. Le caoga éigin bliain táthar ag iarraidh conriocht na mbogearraí a cheansú. Ach ainneoin go bhfuil fhios againn an rud atá follasach, i. Níl daoine saor ó locht, dá bhrí sin níl a cuid oibre, tá creideamh diamhair ag daoine sna freagraí a thugann ríomhaire dóibh.

Laofacht uathoibríochta a tugtar ar an gclaonadh seo san duine, agus is féidir leis bheith marfach - tá roinnt timpiste eitleáin a tharla dá dheasca. 

Glacaim leis gur laofacht dá leithéid is cúis leis an bhfógra Dúrthóireacht bhaochta a thug Cathal Seoighe faoi ndeara ar an mbealach chuig droichead íseal. Ríomhaire a phraistrigh, caithfidh sé go bhfuil sé ceart. 

Tá cúrsaí ag dul in olcas anois agus samhail mhóra teangan in úsáid ar féidir leo píosaí móra téacs a ghiniúint a mbíonn cuma na fírinne agus an fiúntais orthu. Is minic áfach go bhfuil siad míchruinn baolach. Ní hamháin go bhfuil claontacht, agus minic go leor olc agus fuath sna sonraí a úsáidtear chun oiliúna na córais seo, séantar go minic an ról atá ag daoine i roghnú na sonraí, na spriocanna foghlama agus na hualaí a mbíonn tionchar acu ar an dtoradh.

Ní chabhraíonn sé ach oiread nuair a déantar áibhéil agus bualam sciath faoin dtoradh, amhail is dá mbeadh tuiscint ag an clár seachas bheith ina phearóid stocastach.

Fágann laofacht uathoibrithe muid leochaileach agus i mbaol. Ag faillí nó go deimhin ag mioscais daoine.

Cheana féin tá an t-idirlíon truaillithe ag praistriúchán. Má thagann tonn faisnéis bréagach uathghinte sa mhullach ar sin, cuirfear úsáid an idirlín mar fhoinse eolais ó mhaith ar fad - agus cuirfear daoine amú agus i mbaol de dheasca laofacht uathoibrithe. 

Agus sin mo racht go n-uige seo. 

2022-12-08

Anseo atá muid


Caithfidh mé a rá go bhfuil mearbhall áirithe orm faoi cé air go bhfuil an leabhar seo dírithe. Nuair a thug mé spléachadh tapaigh air sa siopa, shíl mé ón méid eolais agus sonraí sna léaráidí go raibh sé dírithe ar pháistí níos sine sa bhunscoil. Ach nuair a léigh mé é bhí an téacs dírithe - mar atá ráite sa chuir síos - ar naíonáin. 

Tá na léaráidí agus na mothúcháin a léirítear san téacs gleoite agus uasal. B'fhéidir dáiríre gur ar thuismitheoirí, mar taca agus spreagadh, atá sé dírithe. Níl fhios agam cén tuairim a bheidh ag na nianna agus neachtanna a fhaigheann é faoi. 

Leabhar álainn atá ann, áfach, agus cuir síos ar an gcruinne, a ionad san spás, agus saibhreas dúlra agus daonnachta sna léaráidí. 

Oliver Jeffers, aistrithe ag Máire Zepf 
Futa Fata 

2022-12-07

An Slipéar Gloine

Nuair a thiomnaigh C. S. Lewis An Leon, an bandraoi agus an prios éadaigh do Lucy dúirt sé go raibh dearmad déanta aige go dtagann páistí in inmhe níos gaiste ná leabhair, ach go raibh dóchas aige go dtiocfadh sí arís in aois go mbeadh taitneamh le baint aici as scéalta iontais. Táimse san aois sin le fada, ach tá súil agam an seod seo a bhronnadh ar nia nó neacht. Is eagal liom áfach go bhfuil siad san idir ré...

Athinsint bhríomhar véarsaíochta atá anseo ar ceann de na scéalta is áille sa chorpas - Eorpach ar a laghad - Luaithríona, a caitear go dona léi sa mbaile ag leasmháthair agus a clann sise, ach a mheallann an prionsa. Is iomaí leagan feicthe agam tríd na blianta, agus is cuid den séasúr Nollag dúinne Drei Haselnüsse für Aschenbrodel (Trí cnó coll do Luaithríona) - leagan déanta ag Seicigh agus oir Ghearmánaigh sna 1970í, ag tarraingt ar insintí Grimm agus Božena Němcová. Tá leagan deas eile feicthe agam le déanaí, ina síleann Luaithríona gur giolla an té a dtugann sí gean dó - don duine, ní an oifig ná a mhaoin! 

Tá athinsint Fhearghais Mhic Lochlainn go hálainn bríomhar, na véarsaí rímthe ag gluaiseacht tríd an scéal le luas. Éiríonn le Paddy Donnelly an gluaiseacht céanna a léiriú ina léaráidí - Luaithríona á sracadh sall agus anall ag na deirfiúracha leithliseacha, nó í ag cúbadh ó bhagairt a leasmháthair. Nó í ag teitheadh ón gcóisir ag buille an mheán oíche. Treisíonn focail agus léaráidí a chéile, ar bhealach iontach. 

Bhain mé taitneamh as, agus tá súil agam go mbainfidh mo neachtanna agus nianna freisin! 

Tá an sraith athinsintí seo ó Futa Fata ag dul ó neart go neart! 

Fearghas Mac Lochlainn /Paddy Donnelly 
Futa Fata 
ISBN: 9781910945711

2022-12-06

Míp agus Blípín


Cheannaigh mé an dara leabhar seo de chuid Máire Zepf faoin leithscéal gur bronntanas Nollag é do nia nó neacht. Ach tá an nia is óige a hocht anois agus níl fhios agam an bhfuil an deis caillte!

Mura bhfuil dul amú iomlán orm, is Opportunity a spreag Máire le scríobh faoi Míp. Agus is an ingearán Ingenuity a spreag Blípín. (Déanfaidh mé mo ghnáth clamhsán anseo - ní thráchtann an leabhar ach ar eolaithe ach is innealtóirí a rinne an obair chun árthaigh a seoladh go Mars.)

Mar a bhí i gceist le Míp, insíonn pictiúir Paddy Donnelly scéal níos iomláine ná na focail, go háirithe mar gheall ar na heachtráin! (Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid de neacha ar Mars, ach dá mbeadh, agus mura mbeadh fonn orthu go bhfeicfí iad....) 

Tá an scéal go deas bríomhar, agus seolann an léitheoir óg i dtreo na fíricí a bhaineann le taiscéalaíocht ar Mhars. Agus tá ceacht tábhachtach ann faoi idirspleáchas, cairdeas agus féin mhuinín.

Scéal deas gleoite ar féidir go leor a bhaint as.

Ana shaothar arís ó Futa Fata, Máire agus Paddy. 

Máire Zepf & Paddy Donnelly
Futa Fata 
ISBN: 9781910945995

2022-12-05

Coilíneacht le Seán Ó Muireagáin - Útóipe nó deachtóireacht?

Bhí Bádh b'fhéidir faoi chaibidil ag Club Leabhar club an chonartha ar na mallaibh. Dúirt Stiofán go raibh suim níos mó aige sa saol sa choilíneacht, conas a d'oibrigh a leithéid, seachas an scéal faoi conas arbh ann dó.

Spreag a cheist soiléiriú ar smaointe de mo chuid féin agus dúirt mé gurb deachtóireacht a bhí ann. Aicme féin roghnaithe rialaithe iad na múinteoirí, agus táthar sa scéal ag tabhairt cúlra staire agus fios fátha a ról d'earcach nua.

Níl fhios agam, ar ndóigh, an é sin a bhí ar intinn ag Seán. Tugann a léitheoir a dhearcadh féin isteach sa scéal, agus ní dóigh liomsa, mar shampla, gur rud olc is ea teaghlach agus lánúnachas. A mhalairt, sílim teaghlach grámhar a bheith ina fhotha riachtanach do sochaí ar bith. Ní shéanaim gur minic teaghlaigh a bheith faoi réir ag foréigean agus mí-úsáid. Ach is corbacht ar rud maith sin seachas eisint an teaghlaigh. 

Níl sé mínithe conas a déantar atáirgeadh sa choilíneacht, ná conas a choinnítear an pobal laistigh de srianta dochta an daonra a bhfuil acmhainn ann dóibh. Bheadh pórú cúramach nó innealtóireacht géiniteach de dhíth i pobal chomh beag chun folláine a chinntiú. Níl coibhneas fireann agus baineann luaite - gan lánúnachas ní bheadh cothroime de dhíth! (Tá ceisteanna mar seo cíortha go maith in úrscéalta Ursula le Guin. Mar shampla i The Matter of Seggri. Agus tá ceist teaghlach agus lánúnachas luaite i The Dispossessed - sochaí ainrialach, ach go dtagann lánúnachas agus cion do leanaí chun cinn go nádúrtha. Agus deacrachtaí nuair atá géarchéim acmhainní ann idir searc agus dualgas.) 

Cé go bhfuil sé ráite gur thug an rachmasóir a bhunaigh an coilíneacht stoc mór earraí leis, agus roinnt saineolaithe, níl fhios agam an raibh na saineolaithe céanna i measc marthanóirí an éirí amach. 

Is cinnte go mbeadh saineolas agus - is dócha - acmhainn cógasaíochta de dhíth. 

Tá sé ráite sa scéal go gcoinníonn na múinteoirí súil ghéar ar na páistí chun teacht chun cinn aon treith leithleasach nó dochrach a chosc, agus chun ábhar múinteora a aithint. Níl sé ráite conas a déantar an smachtú. Bheadh ról áirithe ag oiliúint ann, ar ndóigh. Ach shamhlóinn freisin go mbeadh aiste bia agus cógais i gceist freisin. 

Tharraing Stiofán ceist spéisiúil eile anuas. Deirtear leis an ábhar múinteora gur "duine de dhath" í féin, agus go mbeadh sí thíos le ciníochas sa ré roimh an éirí amach. Agus go mba ghá teacht chun cinn a leithéid arís a chosc.

Ach an bhféadfadh ciníochas teacht chun cinn i bpobal bheag, a mbeadh an iliomad gaoil eatarthu? Tógán de chuid an impiriúlachais ciníochas, uirlis riachtanach toisc go rabhthas ag caitheamh go dona le pobail áirithe ar bhonn a céim níos ísle forbartha. Ní bheadh ciall leis i bpobal measartha cothrom, nach raibh "iadsan" agus "muide" i gceist.

Is cinnte go mbeadh difríochtaí agus teannais ann, pearsantachtaí ag cuimilt i gcoinne a chéile. Grúpaí agus clíceanna, fiú, cé go bhfuil sé intuigthe go mbeadh na múinteoirí ar an airdeall agus ag teacht roimh aon forbairt dá leithéid. Bheadh an baol ann do faicsin laistigh de na múinteoirí, ar ndóigh, go háirithe dá mbeadh dúshlán nó géarchéim le sárú.

Tá sé deacair, dar liom, cuir síos ar Útóipe. Is cuimhin liom píosa le C.S. Lewis ag míniú an chúis nach mbeadh ar a chumas leathbhreac ainglí The Screwtape letters - from a senior to a junior devil - a scríobh. Níl le déanamh chun cuir síos ar an olc ach áibhéil a dhéanamh ar na tréithe atá ionainn féin, agus na hiarmhairtí a shamhlú. Tá sé níos deacra go mór íonú a dhéanamh ar ár suáilcí agus sochaí neamhaí a shamhlú.

Ní bheidh leathbhreac Fahrenheit 451, Brave New World 1984 chomh furasta aimsiú. Cé go bhfuil smaoineamh iontach ag Bradbury féin ina ghearrscéal The Toynbee Convector. Samhlaíonn sé eolaí ag brionnú turas go dtí an todhchaí, ag cruthú scannáin agus taifid amhail is dá mbeadh na dúshláin timpeallachta sáraithe. Nuair a "fhilleann" sé chun a am féin, spreagann sé na daoine chun an Parrthas a chonaic sé a bhaint amach, toisc gur léir é bheith indéanta!

Tá dóchas na Útóipe de dhíth, chomh maith le rabhadh na diostóipe. Ach is deacra i bhfad iad a shamhlú. Agus bíonn crumh san úll is milse a shamhlaíonn daonnaí. 

2022-12-03

Máithreachas ceiliúrtha go fileata...


Mheall cuireadh ó Ailbhe isteach go lár na cathrach mé, go dtí an siopa leabhar i Sráid Fhearchair. Bhí an leabhar is déanaí léi, Tonn Teaspaigh, foilsithe ag Éabhlóid, le seoladh.

Is í Máirín Nic Eoin a rinne an chaint. Shocraigh sí, os Eoghan a chuir i láthair í, labhairt ar an leabhar mar earra i dtosach, ag tabhairt ómós tuillte do obair Eoghan agus a mheitheal. An cúram a dhéan siad de pháipéar, cló, clúdach (Caomhán Ó Scolaí luaite go sonrach). Eagarthóireacht a d'fhág an téacs gan cham. Ealaíon Kim Sharkey ar an gclúdach agus scaipthe tríd an leabhar. Ribín an, a chuireann cuma liotúirgeach ar an leabhar. (Tá blagmhír ansin, maram). Caighdeán ard snasta leagtha síos ag Éabhlóid, a shantóidh filí dar le Máirín. [Bhí na tréithe céanna le sonrú i Tairseach le Dairena Ní Chinnéide, anuraidh].

Ansin chrom sí ar chaint go líofa moltach ar Ailbhe, agus an ghlúin dar daoibh í, ag tagairt do na Scríbhneoirí óga agus úra a ghairm Ríona Nic Congáil ar an tsaoil, agus ag rianadh na forbairtí tríd na cnuasaigh foilsithe agus an t-aitheantas a fuair sí fán tslí - mar shampla í bheith luaite ar ghearrliosta RTÉ A poem for Ireland. Labhair sí ansin ar an gcnuasach reatha agus an taithí mar mháthair as ar fáisceadh é. Taithí atá thar a bheith ioga agus go mbíonn teannas ag baint leis, go háirithe dóibh siúd faoi thionchar an feimineachas atá amhrasach faoi bheith cúngaithe ag an sainmhíniú. Agus an leochaileacht a bhaineann le taithí le leanaí a roinnt fiú i gcló filíochta. 

Labhair Máirín go líofa spreagúil agus níl san cuir síos seo ó mo chuimhne ach macalla fann. Tá súil agam go gcuirfear a cuid cainte i gcló. Luaigh sí roinnt dánta go sonrach ag piocadh amach gnéithe le plé. Mhol sí freisin réamhrá an leabhair leis an scoláire Seiceach Daniela Thienová. 

Ansin léigh Ailbhe cuid de na dánta ón gcnuasach chun ár spéis ann a threisiú níos mó fós. 


Lean an allagar ar aghaidh sa siopa agus ar ball i gClub an Chonartha. Is leor a rá go raibh sé tar éis meán oíche nuair a shroich mé an baile, agus gur mise is túisce a d'fhág. 

Táim ag súil go mór leis an gcnuasach a léamh... 





2022-12-01

Mastodon.ie, Iarfhocal



Nuair a thuig mé inniu go raibh an díospóireacht fós ag dul ar aghaidh faoi mé bheith curtha ar fionraí ó mastodon.ie, scríobh mé r-phost go dtí reachtaire mastodon.ie. Ghabh mé leithscéal leis as an achrann a tharraing mé ar féin agus a fhoireann de bharr mo shaontacht.

Is daoine deonacha iad, agus bhí siad ag streachailt le fás rábach de dheasca mí-shocracht Twitter. 

Níl, agus ní raibh, an locht agam orthu siúd as an eachtra. 

Chuir an reachtaire mo fhionraíocht ar ceal. Tá mé fíor bhuíoch de. 

Mar sin féin, tá cinneadh déanta agam mo chuntas ar mastodon.ie a chuir ar ceal. 

Ag fanacht le meafar an cóisir tí, a d'úsáid Hugh Rundle, cé gur daoine gnaíúla iad, ní dóigh liom go bhfuil mé oiriúnach dá gcomhluadar.

B'fhéidir go mbainfidh mé triail as ásc eile amach anseo. Ach ba mhaith liom go bhfásfadh féar thar an eachtra. 

Nílim compordach bheith mar ábhar comhrá! 

Le bheith iomlán soiléir faoi, ní dóigh liom gur caitheadh go dona liom féin; aon míthuiscint a bhí ann, is míthuiscint ionraic a bhí ann. Tá modhnóireacht deacair. Fiú gan daoine faoi bhrú. 

Verfassungspatriotismus

Tá neart caint ar na saolta seo ar athaontú an dá dlínse ar an oileán seo i Stáit amháin. Dhá ghrúpa, ar an mórgóir, a bhí in iomaíocht le chéile tráth na críochdheighilte. Tá an scéal imithe i gcastacht ó shin. Fágann céad bliain de thaithí éagsúil, cuid mhór de faoi chois ar bholg Stáit forlámhach Aontachtaithe, go bhfuil dearcadh agus meon an-éagsúil ag náisiúntóirí ó thuaidh.

Ní raibh sé riamh cuí braith, mar a rinneadh ó dheas, ar an gCaitliceachas Éireannach (nach ionann go baileach agus an Chaitliceachas Rómhánach!) mar bhonn don náisiún. De dheasca sotal a thug deis do lucht an oilc, agus de dheasca easpa soiscéalú tá an Eaglais i ndrochriocht. (Mar creidmheach tá dóchas agam go mbeidh athnuachan, ach mar chreidmheach freisin aithním gur aimhleas Stáit agus eaglais araon caidreamh ró dhlúth eatarthu).

Rinneadh faillí sa chultúr - teanga agus litríocht - a d'fhéadfadh a bheith ina chloch bonn do náisiún ina mbeadh áit ann don Protastúnach, Chaitliceach agus easaontóir.

Tá athrú mór tagtha ar chúrsaí le céad bliain anuas, agus ní trí dream atá abhus - Aontachtaithe, náisiúnaigh ó dheas, náisiúnaigh ó thuaidh. Tá athrú meoin agus iolrachas smaointe ina measc siúd a bhfuil a sinsir anseo leis na glúinte.

Agus tá fás follasach ar an inimirce. Feicim daltaí in éide scoile agus gach lí faoin spéir ar a gcraiceann. Caille na Moslamach. Comharthaí sóirt an iliomad cultúr. Chonaic baicle bé óg le déanaí i lár na cathrach, ag dul ag rince. Spleodar na hAfraice ina siúil damhsúil grástúil. (Scríobh Róisín Sheehy, mura bhfuil dul amú orm, dán faoi saoirse muiníneach an siúl céanna). 

Ach is é a chloisim á labhairt acu ná Béarla (faraor) na hÉireann. Éireannaigh iad, saoránaigh de chuid an Stáit seo. 

Caithfidh an stroighin lena ceanglaítear brící aon dlínse nua ar an oileán seo na saoránaigh uile seo, lena mianta agus a dtíolachtaí, a nascadh. 

San áit a bhfuil an Ghaeilge agus an chultúr láidir, tá sí tarraingteach do Éireannaigh nua. Creidim gurb é an ghníomh fónta mar sin ná an Ghaeltacht idir tíreolaíoch agus ideolaíoch - nó pé lipéad is fearr a oireann do phobail na Gaeilge lasmuigh den nGaeltacht oifigiúil a threisiú. Tá Deividas Uosis (sular mheall an Astráil) agus Franz Sauerland agus Andreas Palandri cloiste agam, ag caint go líofa as Gaeilge, compordach go maith in Iarthar Dhuibhneach. Tá neart daoine atá gníomhach i saol na Gaeilge lasmuigh den nGaeltacht oifigiúil a shealbhaigh í san nGaelscoil nó lasmuigh di. Is saibhride muid leithéid Úna-Minh Caomhánach (maith go leor, leathchos sa Ghaeltacht aici sin freisin) nó Ola Majekodunmi bheith inár measc. Nó leithéid Michal Měchura, a shealbhaigh an Ghaeilge mar dhuine fásta agus a chur á shaineolas ríomhaireachta chun fónamh don iliomad togra. Tá daoine thar lear freisin arbh fhiú iad a lua - Kevin Scannell, gan amhras. Agus níl ansin ach na daoine a bhfuil aithne nó eolas éigin agam orthu. Léiríonn siad agus daoine nach iad go bhfuil cultúr Gaelach fáilteach muiníneach tarraingteach. 

Creidim, ní hamháin go bhfuil áit don nGaeilge i mBunreacht nua, ach go bhfuil an Ghaeilge, an ceol agus an spóirt riachtanach. Ní éilíonn siad creideamh ar leith ná idé-eolaíocht ar leith chun pléisiúr agus tairbhe a bhaint astu. Is oidhreacht gach duine ar an oileán iad, cuma an míle, sé chéad, trí chéad, tríocha nó trí bliana ó shin a leag a sinsir nó iad féin cos uirthi. 

Creidim go bhfuil Bunreacht de dhíth orainn ina bhfuil teacht ag gach saoránach gan dua ar oidhreacht cultúrtha an oileáin tríd an chóras oideachais agus tríd cumainn. Creidim go bhfuil gá le dílárú radacach cumhachta - go mbeadh prionsabal na coimhdeachta i dtreis, eadhon go réiteofaí gach cheist chomh gar do na daoine atá ceangailte ann. Go mbeadh aitheantas, tacaíocht agus cosaint ag cearta an duine aonair, an teaghlaigh, an pobal bheag - agus modhanna chun fadhbanna a thiteann amach i ngach áit a réiteach go cóir. Saoirse an duine aonair maireachtáil ar a rogha dhóigh - ach gan cuir as do dhaoine eile. Tá sé sin deacair uaireanta! 

Ba mhaith liom go dtabharfaí droim láimhe don dlí coiteann agus córas cúirteanna a bhraitheann ar sáraíocht idir abhcóidí chun teacht ar an cóir. 

Measaim go bhfuil go leor le foghlaim ó thraidisiún dlí na Mór Roinne, ina bhfuil an breitheamh ina fhiosraitheoir seachas ina mholtóir. 

Ní saineolaí mé, ach sé mo thuiscint go raibh gnéithe de sin ag baint le dlíthe na mbreithiúna abhus fadó. Ach ar aon nós is i ngan fhios don dlí is fearr a bheith beo, agus ní gá gur faoin gcúirt a fhágfaí rudaí ach córas solúbtha tuisceanach riaracháin a bheith i gceist, agus cinntí á dhéanamh acu siúd ar gá dóibh maireachtáil leis na hiarmhairtí. 

Agus na saoránaigh a bheith dílis don mBunreacht, ag tógáil agus ag forbairt sochaí le chéile. Bunreachtghrá in áit mórtas treibhe, a níonn iarracht treibh an duine féin a chur os cionn gach dream eile, seachas dáileadh cothrom agus comhoibríoch acmhainní.