Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-12-03

Máithreachas ceiliúrtha go fileata...


Mheall cuireadh ó Ailbhe isteach go lár na cathrach mé, go dtí an siopa leabhar i Sráid Fhearchair. Bhí an leabhar is déanaí léi, Tonn Teaspaigh, foilsithe ag Éabhlóid, le seoladh.

Is í Máirín Nic Eoin a rinne an chaint. Shocraigh sí, os Eoghan a chuir i láthair í, labhairt ar an leabhar mar earra i dtosach, ag tabhairt ómós tuillte do obair Eoghan agus a mheitheal. An cúram a dhéan siad de pháipéar, cló, clúdach (Caomhán Ó Scolaí luaite go sonrach). Eagarthóireacht a d'fhág an téacs gan cham. Ealaíon Kim Sharkey ar an gclúdach agus scaipthe tríd an leabhar. Ribín an, a chuireann cuma liotúirgeach ar an leabhar. (Tá blagmhír ansin, maram). Caighdeán ard snasta leagtha síos ag Éabhlóid, a shantóidh filí dar le Máirín. [Bhí na tréithe céanna le sonrú i Tairseach le Dairena Ní Chinnéide, anuraidh].

Ansin chrom sí ar chaint go líofa moltach ar Ailbhe, agus an ghlúin dar daoibh í, ag tagairt do na Scríbhneoirí óga agus úra a ghairm Ríona Nic Congáil ar an tsaoil, agus ag rianadh na forbairtí tríd na cnuasaigh foilsithe agus an t-aitheantas a fuair sí fán tslí - mar shampla í bheith luaite ar ghearrliosta RTÉ A poem for Ireland. Labhair sí ansin ar an gcnuasach reatha agus an taithí mar mháthair as ar fáisceadh é. Taithí atá thar a bheith ioga agus go mbíonn teannas ag baint leis, go háirithe dóibh siúd faoi thionchar an feimineachas atá amhrasach faoi bheith cúngaithe ag an sainmhíniú. Agus an leochaileacht a bhaineann le taithí le leanaí a roinnt fiú i gcló filíochta. 

Labhair Máirín go líofa spreagúil agus níl san cuir síos seo ó mo chuimhne ach macalla fann. Tá súil agam go gcuirfear a cuid cainte i gcló. Luaigh sí roinnt dánta go sonrach ag piocadh amach gnéithe le plé. Mhol sí freisin réamhrá an leabhair leis an scoláire Seiceach Daniela Thienová. 

Ansin léigh Ailbhe cuid de na dánta ón gcnuasach chun ár spéis ann a threisiú níos mó fós. 


Lean an allagar ar aghaidh sa siopa agus ar ball i gClub an Chonartha. Is leor a rá go raibh sé tar éis meán oíche nuair a shroich mé an baile, agus gur mise is túisce a d'fhág. 

Táim ag súil go mór leis an gcnuasach a léamh...