Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-12-15

Fabhalscéalta La Fontaine, Ó Doibhlin


Seo rogha Bhreandáin Uí Dhoibhlin de insint La Fontaine de na fabhalscéalta ársa. Bhí leagan éigin acu ar fad, nach mór, léite nó cloiste agam roimhe. Cuid de throscán aigne an Eorpach liteartha iad, measaim. Ach tá leaganacha La Fontaine fileata cuanna agus tá siad curtha i nglan Ghaeilge fileata ag Ó Doibhlin. Ó thaobh na foclóra de, soléite cliste cuanna.

Tá mé sásta gur chuir mé fios orthu faoi dheireadh ón leabharlann. Is saibhride m'aigne an méid de saothar Uí Dhoibhlin atá léite agam, idir bunsaothair ficsean, critic (nach bhfuil mórán in aon chor de léite agam) agus aistriúchán. (Caiticeasma na hEaglaise Caitlicí san áireamh, cé nach bhfuil sin léite ó chlúdach go clúdach fós agam!). Ní cúis iontais é gur thug Rialtas na Fraince gradam dó as feabhas a oibre, ag cuir saíocht na Fraince in aithne d'Éireannaigh. 

Mar a dúirt Terry Pratchett tráth, Pan Narrans, ápa inste scéalta is ea an duine. Trí scéalta a insint agus a chlos a dhéanaimid foghlaim. Agus tá fírinní buaine sna scéalta ársa seo. Ach iad a bheith inste go maith, tá siad thar a bheith éifeachtach dúinn.

Tá focail Uí Dhoibhlin snoite snasta. Faraor, níl cló a dhiongbhála curtha orthu san eagrán seo. Tá an cló beag agus doiléir. Fágann an leagan amach go bhfuil cuid den téacs - an téacs Fraincise go háirithe - ró ghar d'imeall an leathanaigh, agus doléite gan dochar a dhéanamh don ceangal.

Ba mhaith liom eagrán ar pháipéar maith, le cló soléite agus leagan amach cúramach. Tá léaráidí maithe san eagrán seo, ach fágann caighdeán an chló doiléir iad. Tá roinnt botúin cló agus clóchur le leasú. 

Táim sásta go bhfuair mé an leabhar, ach d'fhéadfadh sé bheith i bhfad níos fearr!