Píosaí liom in áiteanna eile:

2006-12-28

An féasóg an fear!

Oíche Nollaig, ghlac muid páirt i nDrama Nollaig na hEaglaise Liútarach in Éirinn. Bíonn mo bhean i bpáirt leo gach bliain, toisc go neagraíonn sí an pobal caitliceach a labhrann gearmáinís in Áth Cliath (níl sé sin chomh casta sa Ghearmáinís!).

Mar a dhéanaim i gconaí, dúirt mé paidir as gaeilge. Tá m'fhéasóg sách fada faoi láthair, agus tharla go raibh cóta mór fada dúghorm orm.

Cheap ar a laghad duine amháin gur Eabhrais a labhair mé, agus gurbh Rabbi mé!

Mheabhraigh sé eachtra eile dom, a tharla san nochaidí. Tógadh i bhfoisceacht céad slat den sionagóg i dTir an Iúir mé. Bhíodh siopa nuachtáin ag teaghlach Giudach ar an gcúinne. Bhí mé ar cuairt abhaile ó Bherlin, agus bhí hata ceannaithe agam, agus cóta mór orm. Chuaigh mé isteach chun an Irish Times a cheannach - agus gan é a iarraidh, fuair mé cóip den Jewish Chronicle - cheap siad gurbh mac an Rabbi mé!

2006-12-20

Mo mhallacht ar Ghoogle!

D'aistrigh mé go dtí an Blogger nua, agus anois tá ná sínte fada ar fad scriosta sa chreatlach. Teicneolaíocht!?

Tá súil agam go mbeidh mé in ann iad a dheisiú.



Níos deanaí
Taim dóchasach go bhfuil sé leasaithe anois, agus cód html curtha agam in ait na gutaí fada.

Fós beo, ach cruógach ...

Idir brú oibre, agus cúram clainne, is fada ó bhí aon rud uaim anseo.

Ach táim fós thart, agus tá na smaointe ag borradh. Beidh toradh orthu anseo, le cúnamh Dé.


Lipéid:

2006-12-09

Cloig i naghaidh an drong donn

Mo ghraidhn é an sagart paróiste Ulrich Boom sa Bhaváir. Chuir sé cosc ar leirsiú de chuid an NPD trí a chloig a bhualadh go dtí gur éirigh siad as. Rinne siad gearán faoi leis na cúirteanna, ach theip orthu

Bíonn an drong donn de shíor ag iarraidh an dlí a úsáid chun tochailt faoin mbunreacht thall. Is maith an rud é go dteipeann orthu ó ham go chéile!

Ceist leochaileach atá ann sa Ghearmáin. De bharr an stair, tá dlíthe laidre ar son leirsiú agus saoirse cainte acu. Ach is minic míúsáid bainte ag an drong donn astu.



Lipéid:

2006-11-30

Píblíne

Ní hea, ní scéal eile maidir le Shell chun Sáile atá anseo (cé go nguím gach ráth ar Phobal Ros Dumhach). Ach tá sé tamall ó scríos aon bhlas teicniúl anseo. Táim ag obair leis an gcoars Unix cuid mhaith na laethanta seo. Siad trí suailce an saor chláir ná leisce, mífhoighne agus hubris. Tá na tréithe úd go laidir ionamsa, agus bhí sa dream a chuir Unix ar fáil an chéad lá riamh. Ceann des na riailacha beatha atá againn ná, má déantear rud níos mó ná trí huaire, gur cheart é a uathoibriú, i. clár bheag a scríobh chun an tasc sin a dhéanamh. Is mór an chabhair chuige seo corás na píopaí atá in Unix. Is féidir sonraí a thagann as clár amháin (an aschur) a úsaid mar amhabhár chlár eile (inchur). Usáidtear sort speisialta comhaid chuige seo, ar a dtugtar "píopa". Usáidtear an comhartha "|" chun sreang cláracha a chuir le chéile. Abair gur mian leat gach comhad go bhfuil "master" mar chuid den ainm a fháil
find . -name "*master*"
Tabharfaidh sin liosta na gcomhad dhuit. anois is mian leat fáil réidh le haon cheann atá i comhadlann RCS
grep -v RCS
Tabharfaidh sin, ach an liosta a thabhairt mar inchur dó, an liosta gan na cinn RCS dhuit. Anois, is mian leat iad a chosaint ó bheith scríofa:
chmod 444

find . -name "*master*" | grep -v RCS | xargs chmod 444

Cleas breise atá san xargs - ní mian linn an liosta a athrú, ach is ceart an clár chmod a chuir ag obair ar gach ball den liosta. Cleas deas eile ná "alias", i. is féidir ordú a bhíonn in usáid agat go minic a ainmniú go sonrach
alias aimsighMaster "find . -name "*master*"

Anois, níl le clobhualadh ach "aimsighMaster". Go deimhin, de ghnáth is leor an chéad cúpla litir a chló, agus ansan tab a bhrú, agus cuireann an ríomhaire an chuid eile ar fáil.

2006-11-29

Níos mó na bliain ar an bhfód

Atá an bhlag seo. Is fanach an áit ina gheofa caitheamh aimisire!
Agus féach go bhfuil blag Oistín, a spreag an cheann seo, imithe ar shlí na...pé slí a dtéann sean stuif idirlíon.


Maireann eolas digiteach go deo, nó cúig bliana, pé acu is tuisce a thagann
Jeff Rothenberg



Lipéid:

2006-11-28

Féile Críost Rí

A bhí ann dé Domhnaigh.

Tráthúil mar sin gur bhaist muid Frederike Bébhinn dé Domhnaigh chomh maith, agus gur ghlac sí seilbh dá réir ar a sciar de shagartóireacht, fáidheadóireacht agus ríocht Chríost.

Searmanas iolbhéarlach a bhí ann, mar is dual d'ar gclann.

Táim ana bhuíoch den sagart, a chabhraíonn le mo bhean ina hobair le Pobal Caitliceach labharta na Gearmáinise in Áth Cliath.

Cé go bhfuil sé os cionn na ceithre scór, bhí sé cumasach as Gaeilge agus as Gearmáinis.



Mo bhuiochas dóibh siúd go léir a rinne comhghairdeas linn as breith Frederike sna tráchtaireachtaí anseo, agus san seomra mhór gorm!


Lipéid:

2006-11-17

Creatlach Coille



Sórt déanach don bhlag seo. Sin thuas an maisiúchán Samhna a bhí againn i mbliana - freasúra don turscar saorga ar fad a bhí thart.

Creatlach atá ann, déanta as géaga a fuaireas sa choill.
Ceann le gabhal air don cabhail, géaga le cipíní dos na lamha agus cosa, cipiní níos laidre dos na heasnacha. I mbliana d'aimsigh mé cipín le síolta ar don ceann; blianta eile bhí pota plandaí againn in ait an chinn.

É ar fad curtha le chéile le bandaí leaisteach mar atá leirithe anseo

Lipéid:

2006-11-08

Daidí blag!


Rugadh m'iníon Frederike Bébhinn dé Domhnaigh beag seo.

Ní bheidh móran ama agam do smaointe fánacha go gceann roinnt seachtainí, táim ag déanamh.



Lipéid:

2006-11-02

Cleiteacháin agus Ainmneacha Cleite

Is minic ábhar ar an idirlíon a bheith scríofa ag duine anaithnid.

Cothaíonn sin deacreachtaí uaireanta, agus tá roinnt suíomhanna, go hairithe Wikianna, a bhfuil polasaí "Fíor Ainmneacha, le'd thoil" acu.

Eascraíonn sin as an taithí go mbíonn daoine a bhfuil a n-ainmneacha sofheicthe níos sibhialta de ghnáth, agus go mbíonn plé níos fearr ann dá bharr.

Ach ar an dtaobh eile, is deacair a cheapadh go mbeadh greann Mhíshásta, mar sampla, chomh furaist sin ag an té a scríobh a scríobh, dá mb'eol don saol cé hé (nó hí?) féin.

Tá gá leis an dá rud, mar sin. Ach is fearr go mór liomsa a bheith ag plé le fíor daoine, le féiniúlacht soléir, soaitheanta, leanúnach.





cleiteachán [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
duine beag éadrom.


Lipéid:

2006-10-29

Sliogáin fuaime

Chuala mé le deanaí go raibh cluasáin gan sreang le teacht ar an margadh chun ligean do dhaoine éisteacht faoi rún lena n-ipodanna.

Is cosúil baol goidthe a bheith ann má ta duine ag éisteacht go feiceálach le ipod agus iad ag siúl.

Chuir san ag smaoineamh mé. Bíonn cluasáin de shórt éigin ar chuile duine ag ag triall ar obair ar an DART ar maidin. Gach neach faoi chlogad fuaime, a chosaint fhéin ar teangmháil leis an saol mór. Is minic nuachtán, pé acu saor nó ceannaithe, nó leabhar mar sciath chosanta againn chomh maith.

Bhí an scaradh amach seo tré cluasáin soiléir i Fahrenheit 451 Bhradbury. Montag gan a bheith in ann caidreamh a bheith aige lena bhean toisc í a bheith ag síoréisteacht leis na "Sliogáin mara" nuair nach raibh sí ag faire ar an dteilefís.

Ach bíonn gné soisialta leo ar uairibh. Feictear deagoirí ag roinnt ipod - duine ag éisteacht ar gach cluasáin, ag scaipeadh an cheoil ina bhfuil suim acu.

Agus fiú in úrscéal duairc Bhradbury, bhain Faber agus Montag feidhm as cluasán chun caidreamh a bhunú agus a bhuanú.

Mar a dúirt Kästner:
Es gibt nichts Gutes, Außer, man tut es.
Níl ní ar bith maith, seachas má déantar é.

Feicim go bhfuil leabhar Bhradbury féin ar fáil i leagan fuaime anois, fiú.

Éistimis, mar sin, ach ná dearmad ná líonraí soisialta!


Lipéid:

2006-10-28

Níl sarú na mná sasanacha le fáil

ag scríobh na "cérinnecháin"!

Bainim an-taitneamh as leabhra P. D. James, Anne Perry, Margery Allingham , D.L. Sayers agus Ellis Peters.

Dar ndóigh, is í Agatha Christie céad sinsear an iomaire seo, ach ní thaithníonn na leabhra sin chomh mór liom, cé go bhfuil réimse maith díobh againn. Níl an téagar chéanna ionntu.

Go deimhin, tá an clú chomh mór sin ar mhná sasanacha as cérinnecháin a scríobh, gur chuir a fhoilsitheoir iallach ar an bhfear seo ainm cleite banúil, sasanach a tharraingt chuige féin!

Tá sé súntasach gur fear is mó a bhíonn mar bleachtaire acu, cé go mbíonn fir agus mná le chéile i leabhra Anne Perry.

Bean atá mar príomh bhleachtaire ag an scríobhnóir Gearmanach Petra Oelker, bean den uasailaicme san 17ú céad a d'éalaigh mar gasúr ó athair chruálach, agus a chuaigh le buíon aisteoirí arbh fánaithe iad.


Tá dornán gearrscéalta scríofa ag Biddy Jenkinson leis an bhfoclóirí Dinneen mar bhleachtaire, agus gné foclóireachta ag baint le gach scéal. Táim ag súil go mór leo teacht amach i bhfoirm leabhair! Tá scéal amháin acu, a foilsíodh i bhFeasta, ar líne anseo.

Is poncán í Candace Robb, ach baineann sí leis an dtraidisún chéanna.

Bíonn gné den úrscéal stairiúl ag na mná thuas don gcuid is mó, agus bainim an súp as sin chomh maith.

Sin agaibh anois cur síos ar sciar des na hudáir ar ár leabhragán!

Is as léamh leabhra dá léithéid a d'fhoghlaim mo bhean Béarla ar dtús.

Lipéid:

2006-10-22

Malá Pravčická Brána

Bhí roinnt uaireanta an chloig againn sula raibh orainn an bus go Děčín.

Mar sin, i ndiadh dúinn bricfeasta breá a ithe, agus slán a fhágaint le Pod Lipou, thug muid aghaidh ar na cnoic arís.

Geata bheag Pravčická a bhí mar sprioc againn - áirse nadúrtha gaineamhchloiche.


Thart ar 3 m atá mar réise aige, agus móran an airde chéanna. Is féidir dreapadh suas air (ach níor mhothaigh mé ró shlán thuas - bhain Tiernán i bhfad Éirinn níos mo taitneamh as.!)

Tá "deartháir mór" aige i ngar dó - Pravčická Brána - an áirse nadúrtha is mó san Eoraip.


Lipéid:

Jetřichovice, Dolny Myln agus thar nais go Vysoka Lípa

Tar éis an lóin, bhog muid ag aghaidh arís. Shiúl muid go deire an bhaile, agus ansin tá bealach a leannan clais fán abhann. Tá muileann ag a thús, agus teach tabhairne beag sa Mhuileann. Bhí sos beag againn ansin agus tharla eachtra greannmhar. Chuir mo bhean scairt orainn, agus bhí Tiernán ag caint lei ar an bhfón póca. Chuir mo bhean ceist ar cá raibh muid. D'fhéach sé timpeall, chonaic fógra mór ar an teach, agus d'fhógair "Tá muid i Hostinec!" (Hostinec = Teach Tabhairne - rud is eol do mo bhean, dar ndóigh!).



Ar aghaidh linn arís ar feadh thart ar 4 km ar an mbealach buí go dtí gur shroich muid an bruach trasna ó sean muileann eile - Dolny Myln. San 20ú aois luath ba ostán mór a bhí anseo chomh maith le Muileann, ach níl ann anois ach fothrach. Tá staighre sách géar greannta sa chloch ar bhruach na habhainn, agus is as sin a théann an cosán buí thar nais go Vysoka Lípa.



Bhíomar sách tuirseach! Ach bhaineamar ann taithneamh as an lá.
Lipéid:

2006-10-20

Tá sé i do phóca!

Táim ag éisteacht le Conn ar An Líonra Sóisialta ó thosaigh sé a phodcraoladh.

Is mór an spórt é.

I mo phóca a bhíonn sé - ar seinnteoir mp3 beag, agus mé ar an nDart abhaile.

Bígí leis!



Lipéid:

2006-10-19

Camchuairt (Eachtraí sa tSeic, ar lean)


Tá coras an-éifeachtach cosáin i bPoblacht na Seice. Bíonn rianta i ndathanna éagsúla orthu, agus marc gach 50 m nó mar sin. Bíonn fograí cosáin rialta ann chomh maith.



Mar sin, ní raibh sé ró dheacair orainn camchuairt bhreá a chuir dinn. Bhí, gan amhras, léarscáil bhreá 1:50000 againn, a cheannaigh mé na blianta ó shin. Kartografie Praha a d'fhoilsigh, ach níl teacht ar an leagan atá agamsa ar a suíomh siúd anois. (ISBN 80-7011-213-1 Českésaské Švýcarsko.) Ach tá leagan eile anseo

Bhí bricfeasta breá againn Pod Lipou, uibheacha scrofa agus adharcáin áran, agus ansin abhae linn ó thuaidh píosa agus ansin soir ar an gcosán dearg i dtreo Ostroh. Thart ar 5 km a bhí anseo, tríd coillte a raibh ailltreacha móra gainimhchloiche ag gobadh suas astu.



D'aistrigh muid go dtí an cosán buí agus shroich Na Tokaní tar éis thart ar 2 km. Bhí anraithe prataí againn ansin i bproinnteach bheag sa choill. Nuair a bhíodh muid anseo sa 90í ní raibh ann ach an t-aon bhialann, ach tá péire ann anois; rud a chuir mearbhall airithe orm. Ag bean de shliocht na lucht labhartha na Gearmáinise a bhí an bialann a bhí ann cheana; d'éalaigh sí ó dlíthe Beneš de bharr gaol cleamhnais le seicigh. "Botháin an tochmhairc" is brí le Na Tokaní (Balzhütten sa Ghearmáinís); tá baint ag an ainm le nósanna éanlaithe agus lucht a seilge, ach ní chuimhin liom na sonraí.


Ó Na Tokaní thog muid an cosan gorm aneas go dtí Rynartice. Cosán sách casta tríd failtreacha atá anseo. Is go Rynartice a tháinig mé le mo chailín (lena bhfuilim pósta anois) ar mo chéad turas go dtí an taobh seo tíre sna 90í. Chaith muid oíche taitneamhach i dTeach na Dreancaidí (U Blechu). Leska a bhí ar an tabhairneoir, ainm a bhfuil fuaim greannmhar ag baint leis do Ghaeilgeoirí! Bhí an tabhairne dúnta, áfach, mar sin ar agaidh linn ar an mbóthar go Jetřichovice
Téann an bóthar idir failltreacha, agus ar taobh na lámha clé agus tú ag dul i dtreo Jetřichovice tá Pluirín Sneachta agus na seacht nAbhac greanta sna failltreacha; saothar a déanadh ag deireadh an 19ú aois.


Bhí lón againn san proinnteach seo

Ar lean...
Lipéid:

2006-10-18

Mochéirí

Ar mhaithe le feabhas éigin a chuir an mo shaol spioradáilte, táim ag éisteacht le leachtanna an Easpaig Sheen

Bhí nath deas amháin aige a néadaigh im aigne:

Tá dhá dóigh le héirí ar maidin:

"Maidin mhaith, A Dhé"



"A Dhé mhaith, maidin!"

2006-10-15

Děčín, Vysoká Lípa agus Uaimh Ladrann!

Bealtaine 2006: Céad lá den turas.

Tháinig muid aneas ó Bheirlín chuig Děčín ar an dtraen. Turas fán Eilbe (Labe sa Seicis) atá ann. Chonaigh muid an Königstein fán mbealach, agus freisin rian na bhfuarlaigh - bhí an Eilbe fós sách ard.

Bhí ár gcéad béile Seicise againn i nDěčín, ach faraor, ní raibh Svičková (luan mhairteola) ar fáil! Ach bhí anraithe breá seicise!

Ar aghaidh linn ar an mbus ansin chuig Vysoká Lípa. De bharr na ghaineamhchloiche, bíonn ná boithre caol agus cúinne géara orthu. Thugamar suantas dos na tithe - iad leath adhmad agus leath cloch. Ceantar mór fíodóireachta a bhíodh anseo tráth, agus bhíodh na seolta san cuid adhmaid den tigh, a bhí in ann na creathanna a shlogadh.



D'fhág muid ár guirléidí sa loistín agus chuaigh muid ar siúlóid gairid chuig Loupežnický Hrádek - Caisleán na Ropairí. Faill árd atá ann a raibh caisleán ar a bharr tráth. Tá Schauenstein/Šaunštejn ar an áit chomh maith. Bhí lucht labhartha na Gearmainise agus na Seicise ina gcomharsan san áit seo ón na meanaoiseanna ar aghaidh, agus is cosán tabhachta trádala a bhí ins na cosáin ar do caitheamh aimsire anois iad.



Tá an faill sách árd; ach tá dreimirí greannta sa chloch, nó greamaithe de, agus mar sin tá sé sách easca dul go barr.



Agus is fiú é! Tá radharc iontach ann.


Bhí dinnéir againn ansin san teach tabhairne "U Loupežáku" (An Ropaire). Thaithin na palatčinka (pancóga le sú talúin agus uachtar) go mór le Tiernán! Thaithin na knedlicky (domplagáin) agus an feol le anlann go mór liomsa. (Agus an Czerny Pivo (leann dubh), ach sin scéal eile)



Maidir le "Uaimh ladrann", chuala mé eagrán de "leagan cainte" inar pléadh an tearma seo - pluais ropairí atá ann. Tá ladrann ag Dineen - is dócha gur ón Spáinnís nó Laidin a tháinig sé.




Lipéid:

2006-10-07

Eachtraí Thiernáin i dtír Přemysl...



Bealtaine seo chaite chaith mé seal le mo mhac i bPoblacht na Seice. Bhí sé i gceist agam cur síos ar ár n-eachtraí anseo, ach de bharr easpa leathanbhanda níor tháinig mé chuige fós. Bhí muid san "Eilvéis Boihéamach", ceantar gaineamhchloiche cois Eilbe.

Bhí ár gceannceathrú againn i Vysoká Lípa (An Teile Ard), san teach úd Pod Lipou (Faoin dTeile) atá le feiscint má leanann tú an nasc. Tá léarscáil anseo

Agus seo, muna bhfuil dul amú amach is amach orm, crann phatrún an bhaile!





Lipéid:

2006-10-06

Iontas na nIontas

Tá nasc banda leathan againn! Is cosúil go raibh muid eirconned. Ar deireadh thiar thall ní dhearna BT ach an nasc a chuir ar ceal agus é a ordú arís, agus anois táimid ar líne ar lán luas arís....

Lipéid:

2006-09-28

Líonr(a)ithe!

Feicim go bhfuil an blag seo luaite ag Conn ar an Líonra Soisialta an tseachtain seo.
Chuir clár an lae inné ag siúl siar boithrín an líon mé. Táimse "ar" an líon ó 1996 anuas, más buan mo chuimhne.

Gleas oibre a bhí ann ar dtús, ach ó tharla go raibh mé thar lear, gleas chun faobhar a choiméad ar mo chuid ghaeilge a bhí ann freisin.

Táim cláraithe le liosta r-phost gaeilge-a le fada an lá. Sinsear gaeltacht fíorúil na linne seo ab ea na líostaí úd. Agus is cuimhin liom an clochaois sin inár raibh orainn gutaí fada chuir in iúl le "/" - cosu/il leis an bpi/osa te/acs seo!

Ó am go chéile agus mé thall i mBeirlín dhéanadh mé "gaeilge" agus "berlin" a chuardach ar an idirlíon - agus bhuail mé le gaeilgeoir nó dhó eile ar an mbealach sin. Bhuail mé le roinnt acu sa "seomra mór gorm" ó shin (i. san fíor saol).

Chomh luath agus a bhí nasc againn ón mbaile (le ISDN an uair sin) chuir mé suas líonráithéain - ag t-online ar dtús, agus tá beagnach an suíomh chéanna le feiscint anois ar eircom.

Ansin bhí an t-iris idirlín Cumasc ann, gona chlár plé. Áit bhríomhar a bhí ann, agus lucht leanúna dilís aige. Is ann a tháinig talann Mhíshásta chun solais an chéad uair. Tá Mí fós linn, dar ndó - anseo, i measc áiteanna eile. Ach is cosúil gur tháinig tost bhuan ar Mhrs Pender (nach maireann).

Rinne Pádraig Ó Cinnéide tarrtháil ar roinnt de sheodra cumasc - táid fós le léamh air a shuíomh siúd. Duine eile é Pádraig ar chuir mé ríomhaithne ar dtús air. Thuig muid araon go raibh an duine eile ina chonaí sa Ghearmáin - ach is tír fairsing í. Thog sé bunús bliain sular thug mé sciúrd aneas chun cúirt a thabhairt air.

Tá baint agam le Chlár plé Daltaí ó 1996 freisin, sílim.
Cuireann ceisteanna na foghlaimeoirí ansan barr slacht ar mo chuid gaeilge - cé go bhfuil muid chuid gramadaí fós gan a bheith thar moladh beirte, faraor.

Caithim súil ar Bheo ó am go chéile, ach bhí an tsean clár plé imithe i dtigh diabhail de bharr dornán bheag pleidhcí; agus tá an ceann nua ró chasta, dar liom!
Tá clár plé eile ag Seamus Poncán - ach ó tharla gur fear le tuairimí laidre eisean, níl mórán tarraingt ar an áit, feictear dom.

Nuair a d'fhill mé ar Éirinn i 2000, tháinig mé ar an rud ar a dtugtar "Wiki" - go deimhin, i mo chuardach agus mé ag lorg abhár fiuntach faoi feabhas ar mhodhanna oibre innealtóireacht bhogearraí tháinig mé ar an chéad Wiki - ceann Ward Cunningham. Ceann atá scriosta ag amadáin ó shin, faraor.

Ar feadh seal bhí mé gníomhach ar Why,, áitreamh ina raibh plé ar siúl faoi chursaí creidimh, ach rinne an Rí Diaga a bhí i mbun na háite cead eagarthóireachta a srianadh go docht. Bhí lámh beag agam i Wiki nó dhó eile, ach seachas an ceann dúnta atá in úsáid agam ar obair, atá bunaithe ar an mbogearra usemod, nílim gníomhach ar Wikianna níos mó.

Focail ó Havaii atá i Wiki - an brí atá leis ná "mear". Do roghnaigh Ward Cunningham, an fear a chum Wiki, an t-ainm seo mar focal atá ar comhchiall le mear. Is éard atá i Wiki ná feidhmchlár ar freastalaí a chuireann ar chumas meitheal usaideoirí bunachar comhaid a fhorbairt i gcomhar le chéile. Usáidtear na bun-feidhmeanna atá ag aon brabhsaer html maidir le foirmeacha a úsaid chun eagarthóireacht a dhéanamh ar téacs. Tá coras cúng nodanna in úsaid i Wiki chun leagan amach a rialú, seachas an coras fairsing nodanna a bhíonn i gceist le HTML. Dá bhrí sin, tá sé éasca leathanach a fhorbairt go tapaidh. Tá gnás simplí ann chun nascanna a chruthú le leathanaigh eile sa bhunachar. Mura bhfuil sprioc an naisc ann cheana, cuirtear é seo in iúl go feicealach ar an mbun leathanach. Tá cuid den feidhmchlár ansin a shlogann an bun téacs seo agus a eisíonn leagan HTML de nuair a éilitear an leathanach airithe sin ón bhfreastalaí. Ón am a chum agus a sheol Ward Cunningham an chéad Wiki i 1995 tá an sampla leanta agus forbairthe ag na céadtá. Tá leaganacha ag baint feidhm as an iliomad teangeacha ríomhaireachta cruthaithe; ach cloíann siad ar fad leis an mbunchoinceap; sé sin, gurbh féidir le h-aon ball den meitheal aon leathanach a leasú. I gcásanna airithe, tá ballríocht sa mheitheal oscailte do chách, fiú gan aon clárú leis an bhfreastalaí.

An láidireacht is mó atá ag Wiki ná an deis seo atá ag gach ball den meitheal leathanach a leasú. Dar ndóigh, is í seo an laigeacht is mó freisin, i gcás Wiki oscailte, sa mhéid is gur feidir loitiméireacht a dhéanamh gan dua.

Trí thaisme a chuaigh mé leis an mblagáil ar dtús. Tharla go raibh ceist ar bhlag oistín, agus freagra na ceiste agamsa. Bhí orm cuntas a oscailt le blogger chun tráchtaireacht a dhéanamh ar bhlag oistín - agus táim ann ó shin!




líonraithe nó líonritheach?



líonrith [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh]
rith croí le sceimhle, anbhá.


Foirmeacha Dírithe :
líonritheach [aidiacht den chéad díochlaonadh]
Foirmeacha
líonrith - ainmfhocal líonrith [ainmneach uatha]
líonrith [ginideach uatha]


Lipéid:

2006-09-18

An Pápa, an Fáidh agus an tImpire

Tá sé ina raic ó rinne an Pápa Benedict tagairt do agallamh idir Manuel II. Palaeologos, Impire Biosáintiam, agus scoláire Peirseach i 1391.
Ag caint le hollúna i Regenburgs a bhí sé, áit ar chaith sé fhéin tréimhse mar ollamh. Tá an chaint ar fad ar fail ó suíomh idirlíne na Vatacáine

Seo an sliocht a tharraing an raic:

In der von Professor Khoury herausgegebenen siebten Gesprächsrunde (διάλεξις - Kontroverse) kommt der Kaiser auf das Thema des Djihād, des heiligen Krieges zu sprechen. Der Kaiser wußte sicher, daß in Sure 2, 256 steht: Kein Zwang in Glaubenssachen - es ist eine der frühen Suren aus der Zeit, wie uns die Kenner sagen, in der Mohammed selbst noch machtlos und bedroht war. Aber der Kaiser kannte natürlich auch die im Koran niedergelegten - später entstandenen - Bestimmungen über den heiligen Krieg. Ohne sich auf Einzelheiten wie die unterschiedliche Behandlung von "Schriftbesitzern" und "Ungläubigen" einzulassen, wendet er sich in erstaunlich schroffer, uns überraschend schroffer Form ganz einfach mit der zentralen Frage nach dem Verhältnis von Religion und Gewalt überhaupt an seinen Gesprächspartner. Er sagt: "Zeig mir doch, was Mohammed Neues gebracht hat und da wirst du nur Schlechtes und Inhumanes finden wie dies, daß er vorgeschrieben hat, den Glauben, den er predigte, durch das Schwert zu verbreiten". Der Kaiser begründet, nachdem er so zugeschlagen hat,dann eingehend, warum Glaubensverbreitung durch Gewalt widersinnig ist. Sie steht im Widerspruch zum Wesen Gottes und zum Wesen der Seele. "Gott hat kein Gefallen am Blut", sagt er, "und nicht vernunftgemäß, nicht 'σὺνλόγω' zu handeln, ist dem Wesen Gottes zuwider. Der Glaube ist Frucht der Seele, nicht des Körpers. Wer also jemanden zum Glauben führen will, braucht die
Fähigkeit zur guten Rede und ein rechtes Denken, nicht aber Gewalt und Drohung. Um eine vernünftige Seele zu überzeugen, braucht man nicht seinen Arm, nicht Schlagwerkzeuge noch sonst eines der Mittel, durch die man jemanden mit dem Tod bedrohen kann...".



San eagrán a chuir an tOllamh Khoury ar fáil den seachtú agallamh (διάλεξις - conspóid) tugann an tImpire faoi ábhar an Djihād, an Cogadh Naofa. Is cinnte go raibh fhios ag an Impire go ndeir Sure 2, 256 "ní bíodh éigean i gcursaí creidimh. Is ceann des na Sure luath é seo, ó am, mar a deir na saineolaithe linn, go raibh Mohammed féin gan cumhacht agus faoi bhagairt. Ach bhí cur amach ag an tImpire freisin na forálacha sa Chóran - a tháinig ann níos deanaí - faoin gCogadh Naofa. Gan bacaint le mionphointí cosúil leis an iompar eagsumhal i leith "Sealbhoirí an Scriptúir" agus "Neamhchreidmhigh" chas sé ar bhealach giorraisc - ar bhealach a chuireann iontas orainne de bharr a ghiorraisce, ar lár cheist an caidreamh idir Creideamh agus Éigean. Dúirt sé lena phairtí san agallamh : "Taispeáin dom na rudaí nua a thug Mohammed, agus ní bhfaigheadh tú ann ach droch rudaí mídhaonna, mar shampla, gur ordaigh sé an creideamh a chraobhscaoil sé a scaipeadh leis an gclaíomh." Tar éis an buille seo do bhualadh, do thug an tImpire bunús mion don tuairim go bhfuil scaipeadh Creidimh tré éigean in aghaidh na céille: Tá sé contrátha le bheith Dé agus bheith an anama. "Ní maith le Dia fuil", a deir sé, "agus tá sé i gcoinne bheith Dé iompair i gcoinne réasún, gan iompar go 'σὺνλόγω'  Toradh na hanama, ní toradh an choirp í an creideamh. Is mithid, dá bhrí sin, don té ar mian leis duine a thabhairt chun an creideamh bua na cainte agus an smaoineamh cheart a bheith aige seachas éigean agus bagairt. Níl feidhm le lamh laidir, ná airm ná aon uirlís eile ar féidir ba a bhagairt leis chun áiteamh ar anam reasúnta"


Is léir nár tugadh aird ach ar giota beag den tsliocht úd, gan trácht ar an chaint iomlán.

soiléiriú foilsithe ag an Pápa ó shin, maraon le léithscéal as an masla a baineadh as, cé narbh é sin a bhí i gceist aige in aon chor.




Feictear dhom go bhfuil sciar airithe den phobal Ioslamach de shíor ag lorg iarraim cúis.

Féach, claíomh an fáidh atá mar meirge ag lucht na hIoslaime. Scaip an Ioslam leis an gclaoímh tríd an mean oirthear agus chomh fada le Catalunya agus geataí Vín. Tíortha Criostaí a bhí i mór chuid na tíortha sin roimh ré.

Is cogadh cosanta a bhí sna Crosaidí ar dtús agus i bprionsabal. Is fíor gur fhág iompar roinnt de lucht an Crosáide smal ar a gcúis; agus scannal ab ea an 4ú Crosaid, nár bhain amach ach an Biosáintiam agus a dhíbir an tImpire ann.

Ach ní bheadh cáil in aon chor leis na Crosaidí murach an lamh láidir a bhí á imirt ag Ioslamaigh ar oilithrigh Criostaí chuig an Tír Naofa, agus an bagairt do Biosáintiam.

Braitheann meas agus caoinfhulaingt ar chomhurraim. Ní cabhair ar bith é má chosctar ionraiceas agus saoirse creidimh ar mhaithe le gan dream le claíomh a mhaslú.



Lipéid:

2006-09-10

Halla na Cathrach

I ndiaidh dúinn bualadh le Ríona agus a hathair i gCaife Úna, bhí roinnt ama againn roimh an bus abhaile. Bhí sé ar intinn againn ar dtús dul go dtí Dublinia (atá lámh le Tempeall Chríost). Fán bealach thug mé faoin ndeara go raibh taispeántas ar Stair na Cathrach i Halla na Cathrach. Shocraigh muid sciúird isteach a thabhairt.

Thairg siad treoraí fuaime dúinn. D'iarr mé as Gaeilge i nGaeilge é. Thuig duine des na mná óga mé, agus fuair muid i nGaeilge iad. Bí cáighdeán ard ionntu - Nuala Ní Dhomhnaill mar príomh guth, agus Seán Ó Cadhain (más cruinn mo chluas) ag tacú lei.

Thaithin an taispeántas féin go mór liom freisin, ach d'éirigh an fear is óige corrthónach - ní fear mór iarsmalainne é. Beidh orm dul thar nais uair éigin eile le mo mhac is sine. Tá leagan amach deas ann, agus nithe cosúil le claoímhte na cathrach, agus an sean seala móide a bhosca gona sé ghlas - ceann do gach príomh oifigeach cathrach.


Lipéid:

An Dá Claoímh


Zwei swert in einer scheide

verderben lîhte beide;

als der bâbst der rîches gert,

sô verderben beidiu swert


Má bhíonn dhá claoímh i dtruaill amháin,

is minic an péire millte,

Má éilíonn an Pápa an ríocht,

milltear an dá claoímh



Bescheidenheit, Frîdanc, 13ú aois

Seo rud atá lárnach sa Chríostaíocht ó thús - deighilt idir stát agus Creideamh.



Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar iad, agus le Dia na nithe is le Dia

Matha 22:21



Níorbh chun leasa aon stát ná creideamh é iad a bheith spléach ar a chéile. Ach is eagal liom nach bhfuil spás don deighilt seo san Ioslam. Ná, gan amhras san sochaí tuata seo. Buaileann na "heaspaig" sna nuachtáin agus sna meáin an bachall orainn chun go bhfágadh muid aon smaoineamh ar creideamh nó Dia sa bhaile nó san Eaglais.





Lipéid:

2006-09-08

Cosán na Naomh

Agus mé thiar i gCorca Dhuibhne, shiúl mé Cosán na Naomh.

Siúlóid marcáilte atá ann, bunaithe ar na cosáin a thóg oilithrigh go dtí Cnoc Breánainn.

Tá a thús ag Halla Ceann Trá (Q 383 005). Tá fógra mínithe trasna an bhótháir ón Halla, agus giota beag i dtreo Ceann Trá. Tosnaíonn an slí ar an mbóthar ag dul ó thuaidh, ach i ndiadh píosa gairid, castar soir isteach i mbóthar níos lú a iompaíonn ina boithrín glas sar a bhfad. Tá corr teach (nó, níos cruinne, fothrach tí) fán bóthar seo. Ar ball beag bíonn tú ar an mbóthar arís, an bóthar ó Ceann Trá go Mám an Óraigh. (Q 385 007). Suas le fána atá an slí anois, nach mór lomdíreach ó thuaidh, ach ag casadh siar ag an Mám. Leantar an bóthar siar ansin i dtreo Cháisléain Rath Sheanáin (tá leaganacha eile den logainm seo feicthe agam). Fothrach túrthí atá anseo, tógtha i lár rath, a bhfuil iarsmaí na ballaí cré fós soiléir. Tá ana radharc ar Fionn Trá ón mbóthar seo, agus ar Sliabh Iolair. Tá freisin morchuid tithe móra fuinneog mhóra ann, a raibh cuma folamh orthu uilig agus mé ag siúl fán bhóthair. Agus níos mó á dtógáil. Tithe saoire, gan amhras. Go deimhin, tá an teach inar chaith muid fhéin seachtain na meala i bhfad ó shin ag an casadh sa bhóthair ag an Mám. Táim nach mór cinnte gur tógadh chuile teach eile fán mbóthar ó shin.

Ag Rath Sheanáin (Q 372 016), casann an slí siar ó thuaidh fán mbóthar arís. agus soir ó thuaidh ar dhruim an cnoic, ag an mBaile Beag. (Q 370 018). Bhí roinnt tithe á dtógáil anseo freisin. Ach bóthar ciúin atá ann ina dhiadh sin, chomh fada leis an Leataoibh Beag. (Q 380 027) Tá roinnt beag tithe air, ach is léir go bhfuil conaí ionntu.

Is anseo a chuaigh mise amú. Bhí an comhartha a threoireóidh mé ar an mboithrín glas in easnamh. Ba cheart an boithrín glas sin a leanacht chomh fada leis an Leataoibh Mór.

Chuaigh mise an timpeall an an bóthar chomh fada le hImileá an Bhóthair, agus ansin soir go dtí gur aimsigh mé an cosán arís ag an Leataoibh Mór.

Ó thuaidh a théann an cosán ar feadh seal; ar boithrín ar dtús, agus ansan tríd na pairceanna glasa, le corr dreapa, go dtagann sé amach ag Sáipéilín Ghallarus. (Q 393 048). Cé go rabhas go minic thiar,ní éirigh liom dul chomh fada leis cheana. Ait ana dheas atá ann, cé gur dóigh liom go ndeachathas thar fóir leis an áit a néatú.

Bhí dreas comhrá agam (i nGaolainn) le bean agus fear óg áitiúl a bhí fostaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun ticéid (saor in aisce) a bhronnadh ar famairí ar mhaithe le cúntas a choiméad.

Siar a théann an cosán fán mbóthar ansin. Bhuail mé isteach chuig TP Ó Conchúir i dTeach an Aireagail chun ceist a chuir air faoi dinnsheanchais Mam an Óraigh, agus chun insint dhó faoin bhfógra ar lár.

Thug mé faoin ndeara gur "Gall Iorrus" atá greanta i gcloch ar an mbóthar ansin, ceann des na cloch úd atá ar fud ghaeltacht Chorca Dhuibhne le ainmneacha na bailte fearainn orthu.

Casann an cosán den mbóthar mór ansin (Q 388 050) agus leannan boithrín glas thar Chaisléan Ghallaruis. Túrtheach eile atá anseo, a bhfuil aththógáil deanta air, agus eolas cuirthe ar fáil ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Níor bhac mé leis an géabh seo - chonac anuraidh é.

Tagann an cosán amach ar an mbóthar arís ansin (Q 386 054), agus téann díreach soir go dtí Cathair Déargáin. Fothrach luath atá anseo, le ballaí ísle roinnt clocháin. Téann an bóthar seo idir páirceanna riascacha - bíonn lusanna áille le feiscint ann san samhradh.

Ó thuaidh seal ansin ar bhótháir sách gnóthach go dtí Cill Mhaolchéadair.(Q 400 062). Tá Fothrach an tSainsiléara - fothrach tí ó na meanaoiseanna - leath bealaigh idir Chathair Déargáin agus Cill Mhaolchéadair.

Áit ann fhéin Cill Mhaolchéadair. Fothrach séipéal ón naoi aois (más buan mo chuimhne) sa stíl rómhánúil. Tá sé suite i reilig, ina bhfuil clog gréin agus gallan le hinscribhínn oghaim freisin. Tá poll ag barr an ghallán. Chuala mé fear a bhí ina threoraí ag dream famairí ag rá gurbh é nós na háite conradh a dhaingniú tríd an páipéir a chuir tríd an poll úd, agus geallúint sollúnta a thabhairt.

Chonac nath deas ar uaigh oide scoile ann - Níl sa tsaol seo ach naoiscoil na síoraíochta.

Trasnaíonn an cosán an cnoc ansin - ó Cill Mhaolchéadir, thar Rinn Chonaill (Q 410 070) go dtí na Corr Aillí. Níl cosán ar bith anseo, trasna páirceanna sách bogach a théann an slí. Tá fothrach eile díreach sula bhuaileann an tslí le boithrín arís ag Corr Aillí (Q 418 076). Is i Loch Corr Aillí atá ollpheist faoi choire ag fanacht ar Lá an Lúain, más fíor don scéal béaloideasa úd faoi Naomh Cúán atá le clos ar Scéilín ó Bhéilín. Tugann an boithrín thar an loch tú, chomh fada leis an mbóthar ón nDaingean go Cuas ag Baile an Lochaigh. (Q 425 078). Tharla go raibh mo bhean agus mo chlann ag teacht an bealaigh ansin, agus chuaig hmise an chuid eile den slí leo sa charr. Thart ar ceithre uair a chloig, ag dul go breá bog, a thóg an tsiúlóid ormsa.

Téann an slí fán mbóthar ansin siar ó thuaidh go dtí gabhal (Q 422 084). Ansin ó thuaidh go dtí Droichead an Bhaile Bric (Q 421 088), agus siar thar an Baile Breac go dtí an carrchlós ag bun Chnoc Bhréanainn. (Q 434 094). Sin an deiridh oifigiúl, ach gan amhras ta an bealach go barra Bhréanáinn marcáilte go maith freisin.




D'úsáid mé an corás uimhreacha atá mínithe a léarscáil an SO sa chúntas seo. S.O. Billeog 70 atá de dhíth - ach fainic! Tá a lán bealaí marcáilte air mar "Cosán na Naomh" nach bhfuil marcáilte in aon chor, agus atá dúnta ag feirimeoirí i gcásanna airithe.

Níl an bealach thaus ar mo éagránsa, nó níl ina iomláine pé scéal é. An Dara éagrán, ó 2000 atá agam.

Lipéid:

2006-09-03

Fós gan banda leathan.

Tá an scéal i lámha ComReg anois. Tá "seirbhís" BT do chreidte lofa.

Tá cantal orm; ní thig liom an bhlag seo a fhorbairt mar ba mhaith liom, le griangrafanna ó mo siúlta agus mar sin de, leis an nasc chaolbhandach atáim ag brath air.


Lipéid:

Do bhille ó Vodafone

Chuala mé (nó chonaic mé) tagairt do Vodafone a bheith ag cuir bille ar fáil i nGaeilge. Mar sin ghlaoigh mé ar 1907 agus chuir mé fios air.

Seachas go bhfuil orm an diabhail rud a íoc, táim sásta go maith leis. Tá roinnt Béarla sa chuid nach n-aithríonn, ach tá an chuid is mó i nGaeilge cruinn.


Lipéid:

2006-09-02

Corca Dhuibhne

Ó tharla gur thug mo bhean lei an ríomhaire glúine (ar mhaithe le caiteamh aimsire dos na buachaillí má leanann an doineann ró fhada) glacfaidh mé an deis roinnt míreanna don blag a scríobh. Cuirfidh mé suas iad nuair átaim thar nais sa chathair arís, le cúnamh Dé (agus Comreg!).




Dé hAoine, 18ú Lúnasa

An timpeall a tháinig mé ans(e)o. Tharla go raibh deirfiúr liom ag obair ar feadh dhá lá i gCorcaigh, mar sin thóg mé an bus aneas (ghiorraigh an Bhab Feiritéar an bealach aneas dhom!), agus thiomáin sise siar go Corca Dhuibhne mé. Dá bhrí sin, thugamar sciuird gairid tríd Ghaeltacht Chorcaí. Taobh tíre diamhair agus álainn atá ann. Tá fonn orm filleadh agus tamall a chaitheamh cois Súláine.

Bhíomar stiugtha leis an ocras, agus ó bhí airgid le caitheamh, bhí fonn orm é fhágaint sa Ghaeltacht. Ach mó léan, bhí an "Cruiscín Lán" i mBaile Mhic Íre folamh agus iata romhainn.
Ní raibh fonn orm teach tabhairne a thaobhú ós rud é go mbíonn an bia daor agus gan a bheith thar moladh beirte níos minicí ná a mhalairt.

Sop in ait na scuaibe ab ea an bia gasta tí Supermacs i gCill Áirne.

Bhí sé a deich ístoiche sular shroicheamar an Baile Breac agus leaba! Is dócha ná raibh san ró olc - d'fhag mé an t-oifig i Mullach Íde ar a ceathrú chun a haon.

Thug mé suntas don oiread siopa le fograí i nGaeilge a chonaic mé fán bealach sa Ghalltacht - teach tabhairne amháin a raibh "An Aitiúl" mar ainm air ina measc. Agus proinnteach le "Nithe le n-ithe" thar an doras.




Dé Satharn, 19ú Lúnasa

Ceobhrán inniu. Chuig muid 'on Daingean ag siopadóireacht. Chaith mé seal in Oispidéal an Daingin ag tabhairt cuairt ar Reiner Rolff atá ag teacht chuige fhéin ina dhiadh do stroc é a bhualadh anuaraidh. Bhí se níos fearr ná mar a bhí súil agam, ach tá an caint fós stadach aige. Thuig sé cé mé fhéin ach ní raibh ar a chumas teacht ar m'ainm. Mar a dúirt a phairtí, tá na tarracháin san intinn greamaithe.

Cúis sásaimh dhom an oiread dem ghnó a bhíos in ann cur i gcrích tré Ghaolainn sa Daingean. Cheannaigh muid olann tré ghaeilge sna wollen mills, do lorg muid bioráin cniotála tí Ginnea ar an príomh sráid - áit ar labhair fear an tsiopa Gaolainn liomsa toisc gur i nGaeilge a bhíos ag caint le mo mhac. Bhí Gaolainn ag bean a'phoist chomh maith. Gan amhras thug mé sciuird isteach sa Chafé Liteartha, agus níor éalaigh mé ón ghnáth chinniúnt. Dhá "Choiscéim" nua ceannaithe agam - úrscéal ficsean eolaíochta a phioc Tiernán amach dó fhéin, agus an chéad mhír eile den sraith ar 1916 - Na Priompalláin - 1916 agus athscríobh na Staire. Tagairt atá sa teideal don cur síos atá ag an Chéitinnigh ar na staraithe frith Ghaelacha.

Is ea, iomarra, is nós don phriompallan, an tan thógas a cheann san samhradh, bheith ar foluain ag imeacht, agus gan chromadh ar mhínscoith dá mbíonn sa mhachaire, nó ar bhlath dá mbíonn i luibhghoirt, dá mba rós nó lile uile iad, ach bheith ar fuaidreamh go dteagmhaíonn bualtrach bó nó otrach capaill leis, go dtéann dá unfairt féin iontu.


Agus, dár ndóigh, bhí affogato agam agus ag mo bhean tí uí Mhurchú. Is fada mé ag fanacht air ó phléamar uachtar reoite ar chlár plé Daltaí ó chianaibh.


Tá an diabhail pobailbreith úd ar lic an dorais, agus "Dingle" sméartha ar an gcomhartha ag teacht isteach sa bhaile (ó Baile an tSagairt) dá réir.

Tráthnóna, chun faobhar a chuir ar ár ngoile, agus fonn codalta a chuir ar na gasúir, shiúil mé fhéin agus na buachaillí ón mBóthar Buí an bothríní tríd Cathair Scoilbín agus na Corr Aillí, agus thar nais ar an mbóthar go dtí an Baile Breac. Ó am go chéile bhí monabhar bhinn na mbeach sna deora dé le clos go soiléir. Tá an fraoch faoi bhláth, agus ná claíocha fán bóthar ildaite dá réir ag fraoch, deora dé, (an féar oraiste sin, ainm le haimsiú) agus an ioliomad lusanna eile. Bhí corr sméar dhubh aibigh ann, ach iad fós géar.

Ístoíche ansin chuas go dtí teach tabhairne an Bóthar le Harald agus beirt cuairteoirí a bhí aige. Gearmáineach eile, a bhfuil teach aige ar an mBaile Breac é Harald. Muinteoir is ea é, agus caitheann sé aon saoire a bhíonn aige ar an mBaile Breac, agus é ar intinn aige conaí go buan ann nuair a théann sé amach ar pinsean. Focal Béarla níor labhair mé an oíche ar fad! Bhí neart Gaolainne le clos sa teach tabhairne. Muintir na háite is mó a bhí ann. Chuir an "Géarmáineach" ag labhairt Gaeilge leo mearbhall ar corr dhuine!






Dé Domhnaigh, 20ú Lúnasa

Cheapamar go mbeadh aifreann ag 9.30 i Sáipéal na Carraige, ach ní raibh, agus b'éigean dúinn brostú siar go dtí an mBuailtín d'aifreann a 10. Agus muid ag teacht aniar arís cheannaigh muid ámhábhar bricfeasta ar an mBóthar Buí. Cé bheadh sa scuaine i mo dhiadh ach an Snodach é fhéin. Bhí beagainín sarú eadrainn agus bean a' tsiopa maidir leis an slí a mheallann sé airgead asam agus as daoine eile lena chuid leabhair!

Ainneoin an ceobhráin, chuamar ag siúl ar Fionn Trá, ó Árd a' Bhothair (mar a bhfuil teach tabhairne Phaidí Uí Shé) siar. Níorbh fada go rabhamar fliuch go craiceann ag an diabhail ceobhrán. Ghlan an t-aimsir agus muid ar tí bailiú linn, agus mar sin chuamar isteach ag snámh. Ach bhí an t-uisce fuar go maith, agus ní dhearnamar aon ró mhoill.

Anocht chuas suas go dtí teach na gcomharsan ag lorg iasachta sceana oibre. Bhí cómhra agam le fear an tí. Tá seisean go láidir ar son "Dingle/Daingean Uí Chúis" Creideann sé go bhfuilid ag braith ar na comharthaí bóthair i dTrá Lí agus Cill Airne a bheith ag tabhairt na famairí go dtí "Dingle". Is dócha go bhfuil cuid den cheart aige. Tá na comharthaí fós dhá theangach lasmuigh den nGaeltacht pé scéal é - ar a laghad na cinn agus tú ag teacht ó Chill Áirne.

Ach sí an cheist mhór ná conas a mhairfidh an nGaeltacht gan fostaíocht. Tá an t-iascach imithe, agus an feirmeoireacht ag imeacht. Tá cuimhne láidir agus doimhin, mar a dúirt sé, acu siúd a chuaigh ar imirce cheana, agus a ndearna a mhuintir fhéin fonóid futhu as easpa Béarla. Dúirt sé freisin gur mó daoine a labhraíonn gaeilge anois ná scór bliain ó shin, go hairithe iad siúd a d'fhoghlaim ar scoil é, nó mo leithéidí féin a tógadh le gaeilge sa Ghalltacht.



Dé Luain, 21ú Lúnasa

Chuas suas ar Cnoc Breanáinn le mo mhac is sine inniu. Thart ar 4 uair a thóg sé orainn. Bhí ana radharc againn chomh fada leis an 7ú staisún, ach uaidh sin ar aghaidh is sna scamaill a bhíomar. (Tá 14 cros staisúin na croise fán mbealach suas).

Chaith muid an cuid eile den lá go ciúin sa mbaile.



Dé Máirt, 22ú Lúnasa

Brádán sách trom a bhí ann ar maidin, mar sin thug muid aghaidh ar an nDaingean agus uiscedán Mhara Beo. Ba cuimhin leis an mBainisteoir (bean as Dún chaoin) muid ó anuraidh. Ticéad seachtaine a fuaireamar - 60 €, suas ó 48 anuraidh.

Ar aghaidh linn ansin go dtí Dún Chaoin. Bhí feabhas éigin ag teacht ar an aimsir. Bhí lón ana dheas againn san Ionad Ceardaíochta. Gaolainn ar fad ansin, dar ndóigh, agus bailiúchán de leabhra idir sean agus nua ar díol. D'eirigh liom smacht éigin a choiméad orm fhéin...

Ó bhí an uain go maith, ní sásodh dada an fear is óige ach dul ag snámh. Cuas an Bhodaigh is gaire don teach, agus d'fhan mise leis agus chuaigh an dream eile abhaile. Bhí sé ag cur arís faoin am ar tháinig mo bhean inár dtreo - bhíomar tosaithe ag siúl abhaile.




Céadaoin, 23ú Lúnasa.

Trasna an Conrach go Cáisléain Ghriaire linn, áit ar bhain na gasúr ana scléip as an gclub uisce ann.

Tá na radharcanna ar dhá thaobh an Conrach go hiontach ar fad. Tá an cuid is mó den bóthár leathnaithe ag an gcomhairle contae freisin, mar sin níl an turas chomh dian ar néaróga an tiomanaí is mar a bhíodh.





Sin eachtra Aonghusa cois Feothainaigh go n-uige seo


Ar lean uair éigin; bhíomar seachtain eile thiar, ach níor scríos níos mó agus mé ann





Lipéid:

Cré na Cille

Ó tharla mé ar saoire, thug mé faoi Cré na Cille a léamh. Bhí an-drogall orm drannadh leis, mar níor éirigh liom riamh mórán adhmaid a bhaint as gearrscéalta an Chadhnaigh. Ach níorbh amhlaidh le Cré na Cille - seans toisc gur caint díreach ar fad atá ann. Bhain mé ana sult as eachtraí Chaitríona Phaidín agus a comhluadar sa reilig;

Chuir an rud ar fad an "aiste" úd a scríobh an banlaoch in Educating Rita maidir le conas na dúshláin le Peer Gynt a léiriú a sharú:

I'd do it on the radio


Ar ndóigh, chuaigh lucht RnaG i ngleic le Cré na Cille siar sna seachtóidí, agus leathchuala mé mír nó dhó le tamall anuas - bhíothas á athchraoladh. Tá an rud ar fad ar fáil ar 8 CD ar 40 Euro anois.

Tá an chaint créiúl, tiríul a bhí Ó Cadhain ag trácht ar i bPáipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca ann go flúirseach. Ach ní ar mhaithe leis an gcaint amháin is fiú é a léamh - ana scéal atá ann (nó iontu, le bheith cruinn - a scéal féin scéal gach choirp, agus scéal a deirféara scéal Chaitríona!)


Lipéid:

2006-08-17

Faoiseamh a gheobhadsa

Táim ag dul siar go Corca Dhuibhne ar feadh coicíse amárach.

Táim ag tnúth go mór leis...

Faoiseamh cois cladaigh...

Lipéid:

2006-08-10

I gceann tamaill

Bhíodh scéal grinn acu sa Ghéarmain Thoir faoin mbaile clúiteach "Kürze".

Bhí gach earra le fáil "in Kürze" (i gceann tamaill, nó ar ball).

Is cosúil gurb é an dála céanna againne é leis an mbanda leathan úd.

Tá comreg ar an gcás anois, ach níl faic cloiste againn ó BhT in ainneoin sin.

Seans go mba cheart dúinn bogadh go dtí "Ceann Tamaill"


Lipéid:

2006-08-03

Clann Lir

Chonaic mo bhean agus mé fhéin an leiriú seo de chuid Siamsa Tíre in Amharclann an Phavilion i nDún Laoghaire.

Éacht eile ó bhuíon Thrá Lí!

Treas trua na scéalaíocht curtha inár láthair go healaíonta le damhsa, ceol, mím agus amhránaíocht (i nGaeilge amháin!).

Bhí an bhean i bpáirt Aoife go hiontach ar fad. Thug sí léargas bhreá ar éad agus formad nuair ba léir gur mó grá a bhí ag Lir dá chlann ná di. Agus thug sí léargas chumasach freisin ar a crá croí agus truamhéileacht nuair a deineadh deamhain aer di mar leorghníomh.

Baineadh feidhm bhreá freisin as fothram cosa na damhsoirí chun an scéal a bhogadh ar aghaidh.

Ní raibh an léiriú gan locht - bhí míreanna den rince a chuaigh i bhfad gan cur leis an scéal mórán. Agus bhí banamhranaí amháin nach raibh an Ghaeilge (agus dá bharr an foghraíocht) ar a toil aici, agus a rinne iarracht an bhearna a líonadh le neart a gutha.


Seo an dara taispeántas de chuir Siamsa Tíre ar ar fhreastal muid. Thaithin léiríu na bliana seo chaite - Oileán - faoin mBlascaod go mór linn chomh maith.

Má bhíonn sibh thiar i dTrá Lí, tapaigí bhur ndeis!


Lipéid:

2006-07-30

Domhnach Crom Dubh

atá ann inniu.

Tabharfaidh na mílte aghaidh ar Chruach Phádraig arís. Beidh comharbha Phádraig, an tArdeaspag Séan Brady, ina measc i mbliana.

Tá sé roinnt blianta ó bhíos fhéin ar an gCruach.

Ach bhíos ar cnoc inniu - ruaig mo bhean mise agus na gasúr suas Ceann Bhré; ait a bhfuil cros in onóir Chríost ar a bharr (ó bhliain naofa éigin san 1950í).

Ach is cosúil gur mó adhradh a déantar ar dhéithe an bheoir saoir agus na toitiní ann ar na saolta seo, ná ar Chríost nó fiú Lugh Lámhfhada nó Crom Cruach fhéin.





Lipéid:

2006-07-19

Meirbh Marbhánta

le roinnt laethanta anois.

Ach ainneoin sin, nó seans dá bharr, tá an boc seo múchta le slághdán. Caith mé an lá inné ar fhleasc mo dhroma. Cuasa, scórnach agus srón ám chrá. Abhae liom don bhinn báin anois in iarracht leigheas a fháil.

Lipéid:

2006-07-14

Blag-foghlaithe

Feicim go bhfuil scrios iomlán déanta ag lucht truscar ar bhlag oistin, a bhíodh ag oistin.blogspot.com.

N'fheadar an fadhb fairsing atá ann? An bhfuil cosaint air?

Lipéid:

Ár n-arán laethiúl

Toradh fónta eile atá ar na nua hÉireannaigh ná go bhfuil raon aráin ar fáil anois nach raibh ann agus mise ag eirí aníos.

Is cuimhin liom an t-am go raibh sé deacair rud ar bith seachas arán bán "sliced pan" nó arán sóid a fháil.

Taithí eile ar arán a bhí agam sa Ghearmáin, agus déanann muid ár n-arán fhéin ag an baile. Arán donn ar bhunús cosúil le taos ghéar.

Ach anois tá leithéidí arán seagail le cearbhas, aguis aráin eile nach iad, ar fáil go forleathan.

Lipéid:

Deireadh Téide

Fáiltím roimh an nuacht go bhfuil Club ucht rince Stringfellows i mBÁC dúnta.

Treaslaím le Vera Brady agus na daoine aitiúla eile a sheas i gcoinne lucht an "cultúir nua aoiseach" mar dhea.

Meas fualáin a bhí riamh agam ar an dream a bhaineann dúchíos as macnas colainne.




Lipéid:

2006-07-12

Fós ann, ach fós gan nasc

Beidh orainn bata mhór ComReg a bhagairt orthu níos déine, is eagal liom.
Lipéid:

2006-06-29

Ann as!

Fós gan nasc cheart idirlín.

Tá Eircom agus BT ag achrann faoi céard (agus cé) is cúis leis.

Sin toisc mo thost!

Feicim a lán baothchaint ar na nuachtáin maidir le h"Éire" a bheith lámh ar lámh le "Ireland" i ngnóthaí an AE.

Is ait an dream muid, go hairithe an sciar againn nach bhfuair greim ar an nGaeilge. Cé nár shílis Michael D. a bheith ina measc siúd.

Meas tú cad a cheapann muintir Suomi FinlandBelgië Belgique?

Lipéid: .

2006-06-20

Cloch ar charn

Tá Mícheál Ó Dubhshláine ar lár. Fear uasal.

Bhí sé de phribhléid agam bualadh leis cúpla uair ina theach ar an nGráig. Chuir mé Gearmáinís ar scéal dá chuid, agus tá roinnt eile idir lámha agam dár gcara Reiner Rolff.

Ar dheis Dé go raibh sé, i measc naoimh na nGael.

Feartlaoi ag an Times anseo

Lipéid:

2006-06-04

Na comharsain ón gcoigríoch

Bhíos san Eaglais Eaglais Liútarach in Éirinn inniu. Tá an Pastor Mayer ag imeacht i gceann tamall, agus bhí cairdeas airithe eadrainn.

Pé scéal é, ó tharla an Cincís a bheith ann, bhí blas ilteangach ar an seirbhís. Ollamh le diagacht ón Fhrainc a thug an aitheasc. Bhí scéal deas aici faoi fear i mbaile beag sa bhFrainc. Tháinig an méara chuige toisc é bheith de shíor ag clamhsán faoi na hArabaigh brocacha falsa úd.

Agus an méara ann, tháinig fear eile isteach, agus thairg fear na gclámhsáin tae dhó, agus bhí comhrá eathartha.

Ach, arsa an méara, nach Arabach eisean?

Ó, ní hé, sé sin mo chomharsan!




Anois ar ndóigh, agus na heachtrannaigh ag tarraingt orainne, ní mór féachaint chuige gurbh iad na comharsain a fheicimid. Ach conas?



Dúirt mé tamall ó shin go rabhas ag iarradh bheith béasach, agus "Sé Se" (atá gar go maith do "Go raibh maith agat" as Sínís) a rá leis na freastailithe Síneacha. Monuar, inné ba ón Mongóil an fear a dúras leis é....



Lipéid:

2006-06-02

Uafás Auschwitz

De bharr cuairt an Phápa, tá Auschwitz i mo chuid smaointe arís. Thug mé cuairt air sna 90í.

Roimh an cuairt, a rinne mé le dream gasóga ón nGearmáin, do labhramar le fear óg géarmanach a bhí tar éis seal a chaitheamh ann le Aktion Sühnezeichen, eagaríocht do dhaoine óga a dhéanann iarracht ann síochain a chuir chun cinn.

Neadaigh cúpla rud a dúirt sé i'm aigne:

1) Bhí ar na bránna (Häftlinge) an campa a thógail. Iadsan a rinne fógra úd an mhíchlú "saorann saothar" (Arbeit macht Frei). Ach féach gur chuir siad "b" bun os cionn ann. Bhí comharthaí beaga eile ann nach raibh dignit caillte acu - íomhanna greanta anseo agus ansiúd sa stroighin.

2) Bhí sé ag cur faoi le sean bhean polannach a bhí ann le linn an cogaidh. Níor lig sí dó feol a friochtadh - bhí eagla uirthi go ndófaí an feoil - agus bhí an boladh fós ina bpollairí ón gcreamatóir.

Chuir Birkenau sceon orm - de bhrí go bhfuil sé ollmhór. Níl fagtha anois ach simléir na mbearaicí de bharr gur dódh an adhmad sna drochblianta in ndiadh an cogaidh. Ach táid ann ina bpeirí go imeall na spéire.

Dia idir sinn agus a mhacasamhail d'olc.

Lipéid:

2006-05-30

Cearnóg an Mhaoir, Beirlín

Bhíos i mBerlín le gairid. Agus mé ann, tharla go raibh mé ag Staisiún fó thalún Hausvogteiplatz.

Agus mé ag teacht aníos an staighre ann, thug mé faoi ndeara go raibh ainmneacha agus seoltaí greannta sna céimeanna. Shíl mé ar dtús gurbh fograíocht a bhí ann. Thug mé faoi ndeara ansin gur ainmneacha Giudacha a bhí i gceist ... Levi agus a chlann mic, agus mar sin de.

Ansin, thug mé faoi ndeara go raibh dáta ag dul le roinnt acu... go dtí 1938, 36 7rl.

Ag barr an staighre bhí nod ann: "Sleachta as Leabhar Seoltaí an Tionscail Éadaigh".

Bhí na daoine seo ár lár ó tharla an slad ar Ghiudáigh na Géarmaine. Rian eile den slad, ar bhealach ciúin éifeachtach.

Ná raibh a leithéid de slad arís ann.

Lipéid:

An craiceann agus a dhúch

Anois teacht an earraigh agus cneas ar leis, feictear dhom go bhfuil tatúanna ag éirí iontach fairsing.

Nós nach dtuigim fhéin, ach is annamh seodra ná maisiúcháin ormsa pé scéal é. (Agus ní maith liom pian in-seachanta, gan amhras).

Bítear ag lorg nathanna don craiceann go minic ar Clár Plé Daltaí, ach feictear dom gur
íomhanna teibí is mó atá le feiscint abhus.

N'fheadar an toraíocht féiniúlachta is cúis leis seo ar fad?



Focal an lae:
leis [dobhriathar]
nocht, gan éadach

Lipéid:

An diabhail líne úd.

Bhuel. Táim fós gan nasc cheart leis an idirlíon ón mbaile.
Tá cábla curtha chomh fada le doras an tí acu, agus deirtear linn go mbeidh sé suas le sé seachtain sula mbíonn an nasc chuig an tigh déanta acu.

Agus tá an líne gutháin scriosta ag gleo - ceapaim go bhfuil an cábla nua ag feidhmiú mar aeróg agus ag sá fuaim isteach sa sean líne.

Idir an dá linn, tá bille árd faighte againn do seirbhís nach bhfuil againn.

Agus sé an "polasaí" atá acu ná go gcaithfidh muid an bille a íoc, agus go bhfaigheadh muid creidmheas uatha nuair atá na deacrachtaí reitithe acu.

Tá cad é cantal agus frustrachas orm maidir leis an ealaín seo go léir.



Lipéid:

2006-05-17

Mac a' Stanley

Chonaic mé an leagan seo (den Dreigroeschenoper de chuid Brecht) a scríobh Aodh Ó Domhnaill de hAoine. Go híontach amach is amach. Thaitneoidh na hamhrán a d'aistridh Aodh le Brecht, dar liom.

Tá aisteoirí Bhulfin thar barr ag aisteoireacht, cé nár shroich a cuid amhránaíochta an caighdéain árd chéanna, faraor.

Cloisim go bhfuil sé i gceist ag Aodh leagan radio a chuir á dhéanamh, más féidir. Bheadh sin togha.



Maidir leis an leathanbhanda, is cosúil anois go bhfuil an líne gutháin chun na tí s'againne fabhtach...


Lipéid:

2006-05-12

Fiabhras léana

Táim céasta inniu, sraoth in ndiadh sraoth agus súile ata ag an diabhail Fiabhras léana seo.

Na crainn faoi bhláth, agus mise faoi scáth!


Nuair a chuaigh mé faoi scrúdú ailléirge sa Ghearmáin roinnt bliant ó shin, bhí toradh ar chuile rud ach an placebo. Go hiondúil ní raibh cursaí chomh dian orm anseo, ach inniu....

Lipéid:

2006-05-11

Teicneolaíocht an eolais?

Fuair muid ródaire ar deiridh. Ach níl deiridh fós leis an fhadhb.

Bhí muid ag iarradh nasc gan sreang a bheith againn idir an ródaire agus an ríomhaire. Ach nuair a chuir muid an ródaire in aice leis an soicéad gutháin, ní raibh an comhartha sách láidir.

Mar sin, chuir muid an ródaire níos giorra don ríomhaire, ach ansin theip orainn comhartha ADSL cheart a fháil.

Chuir muid cábla Ethernet idir ródaire (in aice leis an guthán) agus ríomhaire.

Anois deirtear linn go bhfuil deacracht éigin lasmuigh den teach....

Beidh orm na smaointe fánacha a stórail. Bhí mé sa Ghearmáin agus Poblacht na Seice an tseachtain seo chaite, agus roinnt blaganna ag eascair as, ach...

Lipéid:

2006-04-27

Fós gan nasc banda leathain

Agus is mór an crá croí an 44 kps, mar a deir Trevor i Lá inniu.

Is beag a fheicfear uaim anseo go dtí go mbíonn nasc cheart agam leis an idirlíon.

Tá na crainn faoi bhláth anseo faoi láthair - bheadh fonn orm blag a dhéanamh ar sin.

Lipéid:

2006-04-16

Is fíor gur éirigh Sé!

Go moch ar maidin Domhnach Cásca
ba mhór le rá an ní a tharla:
An té ar dlíodh Dé hAoine bás dó
d'éirigh sé arís an triú lá sin.


Beannachtaí na Cásca oraibh agus ar bhur gclainn.



Táim thar nais tar éis Carghas a dhéanamh. Ní raibh sé ró dhian orm, ois cosúil nach rabhas chomh tughta don Idirlíon is a cheapas. Pé scéal é, táim idir solathoirí leathanbhanda faoi láthair - beidh tamall ann mar sin sula mbíonn mórán le feiscint uaim anseo. Is mór an chéim siar 44 kps nuair a bhí taithí ag duine ar ADSL....

2006-02-26

Tost ar feadh seal..

Tosnaíonn an Charghas dé Céadaoin.

Tá sé i gceist agam an chrannóg gaoitearachta seo, agus mo gníomhartha idirlíon eile a chuir uaim go dtí tar éis na Cásca.

Agus do ÷reonui³ an Spiorad sa ¢fása¥ é, ar feaḋ dá ḟicid lá, agus an dia¢ail ag cur ca÷ui³÷e air. Agus níor i÷ sé éinniḋ i n-imea¥t na lae÷anta sin, agus nuair do bhí deireaḋ leo, do bhí ocras air. Agus adu¢irt an dia¢al leis, Má’s tú Mac Dé, abair leis an gclo¥ seo go ndéantar arán dí. Agus d’ḟreagair Íosa é, Atá scrío¢÷a, Ní h-ar arán aµáin µairfeas an duine a¥ ar an uile ḟocal a ÷agann as béal Dé.

Lúcás IV 1-5

Lipéid:

2006-02-22

Sophie Scholl - a laethanta deiridh

Chonaic mé an scannán seo dé Luáin.

Chorraigh sé go mór mé. Bean óg uasal gan cham. Creideamh láidir aici, agus tuiscint láidir ar chonsias.

Tá beatháisnéis anseo.

Is éard atá sa scannán, go bunúsach, cuir síos ar an ceistniú a chuir an poilín Mohr uirthi i ndiadh di a bheith gafa as billeoga a scaipeadh in aghaidh an Naitsíochas.

Bhí radharc cumhachtach amhain nuair a bhí sí ag cáineadh an cleachtas leanaí le meabhair ghalar a dhúnmharú - "beatha gan fiúntas" a bhí iontu de réir na Naitsíthe.

Má bhíonn deis agaibh, féachaigí air!

Ar dheis Dé atá a hanam uasal, táim cinnte.

Lipéid:

2006-02-19

Na hÉireannaigh nua

Le tamall anuas, tagann cantal orm faoin ábhar seo.

Ar dtúis bhí Pat Rabitte ag moladh srianta ar oibrithe ó Oirthear na hEorpa, agus ansin bhí Fine Gael ag olágon faoi inimircigh on AE ag bheith ag fáil na pingeanacha suaracha atá an Rialtas ag bronnadh ar thuistí, cé go raibh a leanaí sa bhaile thar lear acu.

Seo iad an drong chéanna a bhíonn cad é fuadar futhu ag iarraidh ar Rialtas SAM an dlí a lúbadh ar mhaithe le hÉireannaigh a sharaigh dlíthe viosa SAM.

Ní fimínteacht go dtí é.

Chailigh mise ón ollscoil i 1990. Chuig thart ar dhá trian de mo rang ar imirce - an formhór acu go dtí tíortha eile san AE. Chuig ochtar déag (as thart ar 80) chun na Géarmáine, mise ina measc. Murab teifigh eacnamaíocht a bhí ionann, níl fhios agam cad is teifeach eacnamaíochta ann.

Tá dream maith againn tagtha thar nais anois, níos saibhre i dtaithí ó bheith thar lear. Chuir an chuid is mó againn pingineacha soir abhaile, táim cinnte.

Is chun leasa na hÉireann ar mórán bealaí an gluaiseacht sall is anall seo ag Éireannaigh. Bhain an Ghéarmain leas asainn freisin, gan amhras - bhí muid roinnt bliainta níos óige ná ceimithe géarmánacha, rud a d'fhag go raibh muid níos saoire, agus níos solubtha - mar atá Polainnaigh in Éirinn anois, seans?

Is cuimhin liom go raibh an dúrud ceardaithe tógala as Éireann i mBerlín le linn dom bheith ann. An mórchuid acu féinfhostaithe mar dhea, agus gan árachas ceart sláinte acu, ná dleachtanna soisialta á íoc. Macalla eile, nach ea?

Táim go laidir ar son dlíthe a thugann cosaint d'oibrithe (agus d'fhostóirí ionraice) ar an dream a d'fhéachfadh le teacht i dtír orthu, cuma cad as dóibh. Ach ní hiad na himircigh is cúis leis na deacrachtaí seo.

Cuirimse fáilte rompu. Bímís stuama - is chun ár leasa iad a bheith anseo anois, agus más féidir linn cuidiú leo airgead a bhaint amach anseo, agus filleadh abhaile ar ball, is chun ár leasa sin freisin.

Maidir lei san drong anseo atá craicéailte ag ceannacht maoin in oirthear na hEorpa..ná labhair liom futhu!

Lipéid:

Bláthanna an Ghrá



Sabhairciní seachas Rósanna, dar liomsa. Tá cúis maith agam - phós mé mo bhean i mí Aibréain, agus bhí muid ar mí na meala i gCorca Dhuibhne. Bhí sabhairciní agus uain gach áit.

Ó shin i léith, siad bláthanna an ghrá agam iad.

(Fuair mé na cinn seo ó mo bhean, lá le Vailintín!)

Lipéid:

2006-02-16

Gaelchonaí sna Speiríní

Is fada ó scríos rud ar bith anseo. Ró-chrúogach.

Ach ní mór dom an scéal seo a roinnt libh! Bhí árd deire seachtaine agamsa agus na gasúr.

Tharla sé go bhfaca mé scéal i faoi deire seachtaine do teaghlaigh. Chuir mé scairt ar Mhairtín ó Gaelphobal mar a moladh san alt, agus shocraigh mé dul le Tiernán agus Fionn.

Bhí an ocáid le bheith i nGoirtín, Co Thír Eoghain, mar sin chuamar ó thuaidh de hAoine seo chaite sa bus. Bhuail Mairtín linn sa Srath Bán, agus thiomáin muid go Goirtín. Ba é sin an tús le árd deire seachtaine. Bhí méid mór paistí de gach aois ann. Níor chomharaigh mise iad, agus níl fhios agam an ndearna aoinne eile!

Bhí ceol den scoth againn oíche Aoine, le gach aoinne a raibh nóta éigin ceol acu ag canadh (mise as an áireamh, ó tharla nach bhfuil ceol agam!).

Dé Satharn, bhí siúlóid cnoic ann, agus an t-uafás iománaíocht sa halla, le idir tuistí agus paistí in iomaíocht fíochmhar le chéile (táim fós scriosta).

Dé Domhnaigh bhí níos mó spraoi ann, agus siúlóid bheag eile.

Rinne Séan Mór agus an lucht eagraithe ann jab - bhí an méid ceart eagar ar an rud go raibh spás ann do na gasúr cairde nua a dhéanamh, agus a rogha rud idir na himeachtaí.

Lipéid:

2006-02-01

Anois teacht an Earraigh

Lá le Bríde faoi shonais dhaoibh!


Gabhaim molta Bríde
Ionmhain í le hÉirinn
Ionmhain le gach tír í
Molaimis go léir í

Lóchrann geal na Laighneach
A’ soilsiú feadh na tíre
Cean ar óghaibh Éireann
Ceann na mban ar míne

Tig an geimhreadh dian dubh
A’ gearradh lena ghéire
Ach ar Lá ‘le Bríde
Gar dúinn earrach Éireann



Píosa deas ag Dónall Mac Giolla Comhghaill i Lá an lae inniu.

2006-01-25

An teanga is fearr ar domhan, is dócha....


Sciobtha (le caoinchead) ó Lorcán Bermingham agus a dheartháir Michéal

Fleiscín Gaeil agus Éireannaigh Nua

Tá an barraíocht caife a d'ól mé inniu ag dul idir mé agus codladh na hoíche!

Is ag amanta mar seo a ritheann smaoinet fánacha le neach.

Eascraíonn an ceann airithe seo as plé ar chlar daltaí faoi Stádas Mhichal mar duine atá sa tír le roinnt blianta, agus seilbh glactha aige ar gnéithe d'ár gcultúr.

Ritheann sé liom gur líonmhaire fleiscín gaeil i measc cúram ghaeilgeoirí ná béarloirí na hÉireann. Tá cairde liom pósta ar mhná as gach aird. Pádraig sa Ghéarmáin atá ag togann a chlann le dhá miontheanga, mar a deir sé féin - Gaeilge agus Bairisch. Tá cara eile liom pósta ar Seirbeach, agus fear eile fós ar bhean ón gcatalóin. Táid, nó tá ar intinn acu, a gclann a thógaint le gaeilge agus teanga na máthara.

Cúis dóchais domhsa go mbeaidh glún nua gaeilgeoirí ilteangacha sa tír.

Fágfad ceist na nua hÉireannaigh do lá eile - dream eile a chuirimse fáilte rompu.

2006-01-24

Ag díol 's ag reic mo shláinte


Brú aisteach oibre orm le tamall, agus beidh go gceann i bhfad. Is beag ama atá agam do smaointe fánacha ná fiuntacha!

Ach caithfead an iomhá gleoite seo a sciob mé ó Mhichal a chuir suas!

2006-01-07

Casadh an Cheatharníona....

Mar a luaigh mé cheana, is féidir casadh a ríomhadh go gonta le ceatharníon.

Is mor an chabhair é sin do graificí ar ríomhaire, agus do treosuíomh spasárthaigh.

Ar dtús, conas a fheidhmíonn sé? Tá cuir síos cuimsitheach ag Wikipedia anseo.

Go bunúsach, is féidir casadh tríd uileann u, thart ar áis a, a fheidmiú mar ceatharníon
q = isin(u/2) û + jsin(u/2) û + ksin(u/2) û + cos(u/2)

Is féidir pointe
p = (x,y,z)
a chasadh tríd ceatharníon
qp = ix + jy + kz + 0
a dhéanamh as (caithfear é a normalú ar dtús, ach fágfaidh mé é sin ar lár anois!)

pqcasta = q * pq * q-1


Is é an ceatharníon comhchuingeach do q é q-1, i.
q-1 = -ix - jy -kz + s

más fíor gur
q = ix + jy + kz + s






Is treosuíomh spásarthaigh is mó is suim liomsa.
Bíonn córas tagartha ag spásárthach - áiseanna x,y,z dá chuid fhéin. Bíonn siad bunaithe ar bunphointe ag meáchanláir an árthaigh. Is gnách an áis x a bheith i treo airithe, abair an treo ina mbeidh an grian de ghnath, agus y agus z amach uaidh sin.

Chun cuir síos ar treosúiomh an árthaigh sa spás, baintear feidhm as fráma tagartha socraithe, abair an corás An Fráma Tagartha Neamhaí Idirnáisiúnta.

Bíonn ceartharníon ann ansin a chuireann síos ar cén casadh is gá chun go mbeadh fráma tagartha an árthaigh comhthreomhar leis an fráma támhúil a róghníodh.


Lipéid:

2006-01-06

Foilsiú an Tiarna

Nó féile na dtrí Ríthe:



¤uai³ siad istea¥ sa tea¥ go ¢faca siad an lean¢ agus Muire A µá÷air, agus ÷it siad síos roiµe á a«ra«. D’oscail siad a gcistí ansin, agus ÷ug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr.

Ma÷a 2:11

Beannachtaí an fhéile seo go raibh againn go léir. Nollaig na mBan a thugtar ar an lá seo freisin. Féile mhór, aige a bhfaigheann na leanaí bronntanais atá an sa Spáinn.


Lipéid:

2006-01-04

Do na Firéin

Bhí sé i gceist agam níos mó a scríobh thar an Nollaig, ach bhíos traochta de bharr slághdán. Sin mar a bhíonn!


Rugadh Mairtín Ó Cadhain ar an gCnocán Glas in aice an Spidéil ar an lá seo i 1906.
Níor mhair sé an chéad, faraor, ach tá a chuid litríochta fós linn.

Tá cloiste ag gach aoinne faoi Cré na Cille (ach níor éirigh liom fhéin é léamh fós)

Is fearr liom fhéin a chuid iriseoireachta, atá ar fail i roinnt cnuasaigh, mar shampla
Caithfear Éisteacht agus Caiscín (Coiscéim 1998).

Thaithin a aiste Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca go mór liom freisin.

Bhí clár speisialta Cursaí an Lae ann inniu ar RnaG faoi, ón teach inar rugadh é. Níor chuala mé é, agus sean chlár atá ar an suíomh go fóill!