Píosaí liom in áiteanna eile:

2006-09-28

Líonr(a)ithe!

Feicim go bhfuil an blag seo luaite ag Conn ar an Líonra Soisialta an tseachtain seo.
Chuir clár an lae inné ag siúl siar boithrín an líon mé. Táimse "ar" an líon ó 1996 anuas, más buan mo chuimhne.

Gleas oibre a bhí ann ar dtús, ach ó tharla go raibh mé thar lear, gleas chun faobhar a choiméad ar mo chuid ghaeilge a bhí ann freisin.

Táim cláraithe le liosta r-phost gaeilge-a le fada an lá. Sinsear gaeltacht fíorúil na linne seo ab ea na líostaí úd. Agus is cuimhin liom an clochaois sin inár raibh orainn gutaí fada chuir in iúl le "/" - cosu/il leis an bpi/osa te/acs seo!

Ó am go chéile agus mé thall i mBeirlín dhéanadh mé "gaeilge" agus "berlin" a chuardach ar an idirlíon - agus bhuail mé le gaeilgeoir nó dhó eile ar an mbealach sin. Bhuail mé le roinnt acu sa "seomra mór gorm" ó shin (i. san fíor saol).

Chomh luath agus a bhí nasc againn ón mbaile (le ISDN an uair sin) chuir mé suas líonráithéain - ag t-online ar dtús, agus tá beagnach an suíomh chéanna le feiscint anois ar eircom.

Ansin bhí an t-iris idirlín Cumasc ann, gona chlár plé. Áit bhríomhar a bhí ann, agus lucht leanúna dilís aige. Is ann a tháinig talann Mhíshásta chun solais an chéad uair. Tá Mí fós linn, dar ndó - anseo, i measc áiteanna eile. Ach is cosúil gur tháinig tost bhuan ar Mhrs Pender (nach maireann).

Rinne Pádraig Ó Cinnéide tarrtháil ar roinnt de sheodra cumasc - táid fós le léamh air a shuíomh siúd. Duine eile é Pádraig ar chuir mé ríomhaithne ar dtús air. Thuig muid araon go raibh an duine eile ina chonaí sa Ghearmáin - ach is tír fairsing í. Thog sé bunús bliain sular thug mé sciúrd aneas chun cúirt a thabhairt air.

Tá baint agam le Chlár plé Daltaí ó 1996 freisin, sílim.
Cuireann ceisteanna na foghlaimeoirí ansan barr slacht ar mo chuid gaeilge - cé go bhfuil muid chuid gramadaí fós gan a bheith thar moladh beirte, faraor.

Caithim súil ar Bheo ó am go chéile, ach bhí an tsean clár plé imithe i dtigh diabhail de bharr dornán bheag pleidhcí; agus tá an ceann nua ró chasta, dar liom!
Tá clár plé eile ag Seamus Poncán - ach ó tharla gur fear le tuairimí laidre eisean, níl mórán tarraingt ar an áit, feictear dom.

Nuair a d'fhill mé ar Éirinn i 2000, tháinig mé ar an rud ar a dtugtar "Wiki" - go deimhin, i mo chuardach agus mé ag lorg abhár fiuntach faoi feabhas ar mhodhanna oibre innealtóireacht bhogearraí tháinig mé ar an chéad Wiki - ceann Ward Cunningham. Ceann atá scriosta ag amadáin ó shin, faraor.

Ar feadh seal bhí mé gníomhach ar Why,, áitreamh ina raibh plé ar siúl faoi chursaí creidimh, ach rinne an Rí Diaga a bhí i mbun na háite cead eagarthóireachta a srianadh go docht. Bhí lámh beag agam i Wiki nó dhó eile, ach seachas an ceann dúnta atá in úsáid agam ar obair, atá bunaithe ar an mbogearra usemod, nílim gníomhach ar Wikianna níos mó.

Focail ó Havaii atá i Wiki - an brí atá leis ná "mear". Do roghnaigh Ward Cunningham, an fear a chum Wiki, an t-ainm seo mar focal atá ar comhchiall le mear. Is éard atá i Wiki ná feidhmchlár ar freastalaí a chuireann ar chumas meitheal usaideoirí bunachar comhaid a fhorbairt i gcomhar le chéile. Usáidtear na bun-feidhmeanna atá ag aon brabhsaer html maidir le foirmeacha a úsaid chun eagarthóireacht a dhéanamh ar téacs. Tá coras cúng nodanna in úsaid i Wiki chun leagan amach a rialú, seachas an coras fairsing nodanna a bhíonn i gceist le HTML. Dá bhrí sin, tá sé éasca leathanach a fhorbairt go tapaidh. Tá gnás simplí ann chun nascanna a chruthú le leathanaigh eile sa bhunachar. Mura bhfuil sprioc an naisc ann cheana, cuirtear é seo in iúl go feicealach ar an mbun leathanach. Tá cuid den feidhmchlár ansin a shlogann an bun téacs seo agus a eisíonn leagan HTML de nuair a éilitear an leathanach airithe sin ón bhfreastalaí. Ón am a chum agus a sheol Ward Cunningham an chéad Wiki i 1995 tá an sampla leanta agus forbairthe ag na céadtá. Tá leaganacha ag baint feidhm as an iliomad teangeacha ríomhaireachta cruthaithe; ach cloíann siad ar fad leis an mbunchoinceap; sé sin, gurbh féidir le h-aon ball den meitheal aon leathanach a leasú. I gcásanna airithe, tá ballríocht sa mheitheal oscailte do chách, fiú gan aon clárú leis an bhfreastalaí.

An láidireacht is mó atá ag Wiki ná an deis seo atá ag gach ball den meitheal leathanach a leasú. Dar ndóigh, is í seo an laigeacht is mó freisin, i gcás Wiki oscailte, sa mhéid is gur feidir loitiméireacht a dhéanamh gan dua.

Trí thaisme a chuaigh mé leis an mblagáil ar dtús. Tharla go raibh ceist ar bhlag oistín, agus freagra na ceiste agamsa. Bhí orm cuntas a oscailt le blogger chun tráchtaireacht a dhéanamh ar bhlag oistín - agus táim ann ó shin!




líonraithe nó líonritheach?



líonrith [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh]
rith croí le sceimhle, anbhá.


Foirmeacha Dírithe :
líonritheach [aidiacht den chéad díochlaonadh]
Foirmeacha
líonrith - ainmfhocal líonrith [ainmneach uatha]
líonrith [ginideach uatha]


Lipéid: