Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-07-13

Pobal na Gaeilge

Nuair a d'fhreastal mé ar seoladh ardchathrach an leabhair seo, bronn Pádraig cóip léirmheastóireachta orm. Ní dóigh liom gurb mé léirmheastóir a dhiongbhála, ach tá mé ag treabhadh tríd an leabhar ó shin, le bearna nuair a bhí mé as baile ar feadh tréimhse (ní leabhar póca atá ann!). Go bunúsach is léitheoir ficsean mé seachas léitheoir ar chúrsaí sochtheangeolaíocht, riaracháin agus dlí. Ach is cinnte gur údar é Pádraig ar na hábhair sin, agus é sin le feiceáil ar gach leathanach den saothar so-léite (fíú do mo leithéidí de dheargthuata). Ní hé go seachnaíonn sé cruinneas téarmaíochta, ach is amhlaidh go míníonn sé atá i gceist aige sa chaoi agus gur féídir leis an léitheoir a chuid smaointe, áiteamh agus iniúchadh a leanacht.

Ní rud nua an áiteamh go bhfuil an Stáit ag tréigean aidhm caomhnú agus athbheochan na Gaeilge, agus á fhágáil faoi phobal na Gaeilge - acu ag éileamh freisin nach labharfaí leo féin é! 

Mar atá ráite sa leabhar 
Is féidir a áitiú go bhfuil iarracht déanta ag Rialtais Éireannacha pobal na Gaeilge a ionramháil ina phobal imeallach, ní hamháin trí thuiscintí bréagacha de phobal ar an imeall a chur chun cinn, ach trí sheirbhísí Stáit trí mheán na Gaeilge a tharraingt siar de réir a chéile agus trí dhiúltú cleachtais earcaíochta don Stát a chur i bhfeidhm a d'fhreagródh do riachtanais bhunreachtúla teanga. Is féidir le diúltachas i leith cainteoirí Gaeilge san idirphlé idir saoránaigh agus an Stát comhtháthú an phobail a chur ó mhaith.
De réir a chéile, agus go héifeachtúil tá pobal na Gaeilge á dhíchumhachtú ag an Stát.
Ní taobh le háiteamh amháin atá an leabhar seo áfach, mar tá an fhianaise agus a thátal leagtha amach go cúramach agus go pointeáilte. Ba mhór an chomaoin orainn an méid sin ann féin, ach tá Pádraig imithe cúpla céim sa bhreis, agus moltaí sonracha ó thaobh gníomh agus dlí leagtha amach aige chun an cheist a réiteach - rud a bheadh ar mhaithe an stáit chomh maith le pobal na Gaeilge dar liom, mar níl sé folláin go mbeadh cur i gcéill lárnach i féínthuiscint an Stáit.

Ar shlí, léiríonn ról na Gaeilge san Eoraip - ó tháinig deireadh leis an maolú ag tús na bliana seo go háirithe, an feabhas a d'fhéadfadh teacht ar chúrsaí  ach tabhairt faoin nGaeilge a bheith in úsáid i gceart i riaracháin an stáít, agus na buntáistí táinisteacha a bheadh ann do phobal na Gaeilge i gcoitinne, agus go háirithe don seachadadh ó ghlúin go glúin atá riachtanach do bheatha an phobail teanga.

Tá dlúthbhaint ag Pádraig B Ó Laighin le baint amach agus neartú stádas na Gaeileg san Eoraip trína shaothar foighneach pinn agus stocaireachta le blianta fada anois. Tá tuiscint doimhin aige dá réir ar an meíd is féidir a bhaint amach agus conas é bhaint amach.

Cé go bhfuil feabhas áirithe ar Acht 2022 le hais Acht 2003 tá spás go leor fágtha ann don seachantacht agus don méar fhada, mar atá léirithe ag Pádraig san leabhar seo - agus moltaí sonracha curtha chun cinn aige chun dul i ngleic leis.

Ar ndóigh, cuid mhór den fhadhb ná gur fíor bheagán léann a déantar trí mhéan na Gaeilge tar éis na scoile - agus má tá stáitseirbhísigh agus go deimhin múinteoirí dara léibhéal in ábhair éagsúla le bheith ar fáil don phobal, ní mór dóibh oiliúint trí Ghaeilge a fháil ina gcuid sainábhair. Moladh dá réir anseo - go dtógfaí ar an rath atá ar Fiontar i gColáiste Ollscoile Cathair Átha Cliath, agus Ollscoil na nGael a bhunú chun na bearnaí aitheanta a líonadh. Agus bearnaí a aithneofar má leantar moltaí Phádraig maidir le aonad laisitigh de gach Roinn Rialtais a bheadh a feidhmiú trí Ghaeilge, agus a mbeadh cúram sonrach air féachaint chuige go mbeadh an roinn sin ag fónamh ina gcuid oibre do phobal na Gaeilge chomh maith.

Tá súil agam go ndéanfar an leabhar seo a léamh - creidim go mbainfidh lucht dlí, sochtheangeolaíochta agus polaitíochta i bhfad níos mó as ná mar a fuair mise - ach fuair mise go leor.

Agus ba cheart na moltaí a chuir faoi bhráid an rialtas arís agus arís eile!

Aguisín - tá an méid a dúirt Colmcille Ó Monacháin ag an seoladh le léamh ar Facebook anseo



Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht
Pádraig B. Ó Laighin
Cló na nGael, 2022. 
xvi + 312 leathanach. Innéacs.
ISBN 978-1-8383544-0-4 (clúdach bog, €20)
ISBN 978-1-8383544-1-1 (clúdach crua, €30)