Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-09-28

Aisling?

Bhí mé féin is mo mhac i láthair san Olympia anocht do léiriú Aisling?

Bréidín fite as aisteoireacht, ceol, filíocht, deisbhéil, damhsa.

Cliar cumasach ó gach cearn den nGaeltacht a chuir a scileanna agus éigse le chéile chun taibhiú ar leith a fhuineadh.
Canúintí ag damhsa le chéile. Caint a chuaigh go cnámh. Ceol a chuaigh go croí.

Filíocht a bhfuil taithí againn air athfhuinte agus beatha nua tugtha do.

Amhráin idir sean agus nua.

Spreagadh agus gríosadh.

Ardú meanmain agus fáisceadh creasa chun tabhairt faoin streachailt.

Beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir!

Ní raibh ach an aon oíche amháin i mBleá Cliath ach leanann an camchuairt agus tá na sonraí uilig ar fáil ag http://aisling2018.com/tickets/

2018-09-26

Beannaithe

San dráma seo tugann cliar beag ach cumasach léamh Biddy Jenkinson ar dhán na hEaglaise. Cé gur oirniú na mban atá chun tosaigh, clúdaítear i bhfad níos mó. Mar sin féin, ní ag seanmóireacht atá Biddy.  

Tá formhór an dráma lonnaithe i dteach ina bhfuil na mná rialta lonnaithe anois agus an clochar díolta go brabúsach (cé nach léir cé bhain tairbhe as an brabús!) . 

Triúr ban, an bean soineanta dílis, an seanfhondúir a bhfuil a saol tugtha don gcreideamh aici, an bhean a fuair gairm déanach tar éis bás a fir is a leanbh. Í seo lán de faobhar do mhisean sóisialta don eaglais, ach in achrann le húdarás agus seanghnás. 

Tarraingíonn seo aird na n-údarás i bpearsan Monsignor ar ionchollú an chléiriúlachas uaibhreach é. Sa chúlra tá an easpag ar leaba a bháis, a bhfuil amhras agus fonn gníomh saortha air. 

Tá an dráma lán grinn ach mar sin féin cíoradh dáiríre ar cheisteanna creideamh, údaráis, dlisteanacht agus carthanacht. 

Tá an chliar ana inchreidte, gach duine acu sáite ina bpáirt. Tá radharc amháin inár gá do bheirt acu ról eile a ghlacadh chucu féin a bhfeadfaí á neartú. 

Baintear feidhm éifeachtach as an spás i scoil na mbuachaillí, as fuaim agus ceol - téacsanna ársa arna nua choiriú, as téacsanna aifrinn agus bíobalta. 

Béarla agus Gaeilge briste ag an easpag,   bealach éifeachtach lena coimhthíos go dtí seo óna phobal a chuir in iúl. 

Lón machnamh. 

Tá léirmheas ag Maitiú ar NÓS anseo: https://nos.ie/cultur/ardan/meafar-go-leor-le-feiceail-i-leiriu-cumasach/




2018-09-18

Oilithreacht Pinn

Dialann Camino Liam Uí Mhuirthile atá in Oilithreacht Pinn, agus an Camino Francés á shiúl aige ina aonair. Ní treoirleabhar atá ann, ach dialann ana phearsanta, na daoine a chastar air fán mbealach, a shiúlann sé sciar den ród leo. Roinnt tagairtí freisin do file Gailísiseach Rosalía de Castro,  bhfuil saothar léi ina thiachóg agus é ag aistriú roinnt sleachta as.

Dialann iontach ionraice atá ann; ní cheileann sé a mhothúcháin idir sorcha agus dorcha, ná athrú tuairime a thagann air faoi dhaoine de thoradh breis aithne. Ós rud é go bhfuil Fraincis aige agus riar a chás den Spáinnis níl sé taobh le Béarla chun aithne is cumarsáid a dheánamh - buntáiste gan aon agó.

Ón leabharlann a fuair mé an saothar seo, ach cheannaigh mé an cnuasach beag dánta a scríobh sé ar an dturas - dánta ina bhfuil eisint na siúlóide ceaptha, toradh marana agus lón marana. Viaticum don gnáth shaol.

Tá an dá shaothar luachmhar. Cuimhin liom Frainc Mac Brádaigh, ina aitheasc sochraide, ag insint go raibh Oilithreacht Pinn ina trostán marana aige féin, Liam ina chompánach bóthair ar a oilithreacht ar an saol seo.

Leaba i measc na naoimh ag Liam, agus go bhfaighe a shaothair aird chun ár dtairbhe uilig!

¡Buen Camino!

2018-09-17

Faobhar an lae

Tá cairde ag mo nuachar ar ealaíontóirí iad. Go deimhin, is taispeántas le duine acu Thomas Richter a thug go hÉireann í sna luath nóchaidí. Thit sí i ngrá leis an gceol, rud a thug isteach i teach tábhairne ceoil i mBeirlín í. Áit ar bhuail mise léi....

Chuaigh mé léi chuig taispeántas de chuid Tomas i Köpenick agus thit mé i ngrá le pictiúr dá chuid, tírdhreach cósta a mheabhraigh saoirí mar pháiste i mBun Machan dom. Cheannaigh mé uaidh é, ar rátaí! Tá ealaíon eile ar na ballaí againn, bronntanais thar na blianta. Ach níl aon pictiúr íle eile ina measc- ní hacmhainn dúinn iad a cheannach agus níl balla a diongbhála againn cibé.

I Mám an Óraigh, ós cionn Fionn Trá a chaith muid mí na meala. Ansin nuair a tháinig muid go hÉireann i 2000,thosaigh muid ag caitheamh saoire i gCorca Dhuibhne. Ó 2003 tá tréimhse caite againn ann mórán chuile bliain. Tá an ceantar siúlta agam. Tá fréamhacha eile agam ann. Is go Com Dhíneoil a chuaigh mo sheanathair chun Gaeilge a fhoghlaim chun a shástachta. Chaith sé sealanna ina dhiaidh sin lena theaghlach i mBaile an Fheirtéaraigh, cois Cuan an Chaoil. Áit éigin sa cheantar tumadh sa tsáile mé agus gan mé ach cúpla lá d'aois - tugadh anoir aduaidh an chéad garmhac lena chuir i láthair!

Nuair a chonaic mé mír Molscéal faoi thaispeántas Áine Ní Chíobháin mar sin bhí sé thar a bheith tarraingteach.

Thapaigh mé an deis sciurd a thabhairt ar an dtaispeántas de Sathairn. Bhí fios maith agam nach mbeadh luach aon phictiúr acu agam ná balla chun a chrochta.

Mar sin féin bhí mo mhac is mé féin tógtha leis an slí a cheap sí na tírdhreacha seo atá inár gcroíthe. Beocht agus téagar sna pictiúr. An solas agus an síon atá mar anam na gcnoc ceaptha agus tugtha go Baile Átha Cliath, na pictiúir ina ngeataí sí go halltar na gcnoc is na hoileáin.

Tá súil agam go bhfaigheadh siad baile maith agus go mbeidh sciar acu ar a laghad crochta ina áiteanna poiblí chun an saibhreas a scaipeadh.

2018-09-16

Black 47


Chuaigh mé inné ag faire ar an scannán Black 47 le mo mhac. (Aire: teastaíonn uaim an scannán a phlé, mar sin má tá fút é fheiceáil, stop ag léamh anois - níl mé cinnte an éireoidh liom sceitheadh rúin a sheachaint go hiomlán!)

Thaitin an scannán go mór liom. Fairsingiú ar an gearrscannán An Ranger atá ann (agus na scríbhneoirí céanna i gceist). Filleann saighdiúir ón Chianoirthear i mbliain is measa an drochshaoil. Faigheann sé amach go bhfuil a mháthair marbh; muca ag fear gaimbín san tigh s'acu. A dheartháir crochta. Bíonn air seasamh i leataobh, de bharr lámh láidir na bpéas, agus fuílleach a mhuintir á gcuir as an tigh ina bhfuair siad fothain toisc nach raibh teideal acu air. Briseann sé as an géibheann - slad fágtha ina dhiaidh aige, ach tá sé ró mhall nuachar a dheartháir a tharrtháil ó bhás den fhuacht; agus duine dá clann léi. Cromann sé ar díoltas fíochmhar ag baint amach, an oiliúint agus taithí a fuair sé thoir á chuir ag obair go marfach aige. Tá an tóir amuigh air áfach, agus iar oifigeach dá chuid, fear a tharrtháil sé tráth, ach atá anois i ndeireadh na feide agus gan de rogha aige ach bheith ina chú seilge ag oifigeach sotalach Sasanach.

Is iomaí corr sa scéal roimh deireadh agus léirítear an stair go paiteanta. Is carachtar iomlán gach carachtar, ach is eiseamláir iad freisin. Ní na Sasanaigh amháin atá ina mbithiúnaigh. Tá an fear gaimbín ann. Tá carachtar níos casta incorpartha ag Stephen Rea - fear teanga don sealgaire. Gáire ar a bheola do na Sasanaigh - an Tiarna Talún ach go háirithe, ach fuath ina chroí. Ról óinmhid inste an fhírinne gharbh aige. Thaitin sé liom go bhfuair an cosmhuintir Sasanach a gceart i bhfoirm an saighdiúir óg singil a scaoiltear ag na péas agus é ag iarraidh an dream atá an saothrú bás ocrach a tharrtháil le gráin an Tiarna Talúin.

Scannán sách dorcha, ach dóchas ann freisin. Ní tugtar aon réiteach simplí ar an gceist ach oiread. 

Tá cuid mhaith den gcaint sa scannán as Gaeilge; tharraing léirmheas Eoin Ó Dubhghaill ar NÓS caint toisc gur cháin sé easpa cumais an príomhaisteora inti. Níl mo chluas chomh híogair le cluas Eoin - cloisim (agus monuar seans go labhraím scaití) go leor míchruinneas sa Ghaeilge agus tá mo chluas maolaithe dá réir. Ach is cinnte gur chuir an chaint bac uaireanta roimh an bheith tumtha iomlán sa scéil. Is mór an trua, dar liom, nach bhfuair cainteoir cumasach deis tabhairt faoin ról - Dara Devaney, abair - chun cuir leis an hinchreidteacht. 

Ach is maith ann an scannán.


2018-09-14

Feartraí

Tagann cuid de uisce inólta Bhaile Átha Cliath as Taiscumar Fheartraí, lámh leis an Tóchar i gCill Mhantáin. Bhí timpeall an leath Íochtarach siúlta cúpla uair agam; ach ní raibh fhios agam an raibh siúlóid timpeall ar an Loch Uachtarach. Ní hamháin go bhfuil, ach tá roinnt lúb siúlóidí leagtha amach. Shiúl mé ann le déanaí le'm athair. Siúlóidí taitneamhacha atá iontu; tá go leor crainn aibí timpeall na locha saorga. Chonaiceamar roinnt fianna, agus bhí go leor éin uisce ann - corr réisc, cearca uisce, ealaí. Bhí lorg an triomach go soiléir! Tá obair ana dheas cloiche i bhfearas an taiscumair, na droichid, túir agus araile.

Áit ana dheas chun dul ag siúl tráthnóna Domhnaigh.