Posts mit dem Label eoghan mac giolla bhríde werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label eoghan mac giolla bhríde werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
2020-04-17
Cnámh
Is ag Féile Imbolc traidhfil blianta ó shin a casadh Eoghan Mac Giolla Bhríde orm. Bhuail sé bob orainn nuair a d'inis sé scéal dúinn seachas an caint léirithe le power point a bhíomar ag dréim leis. Taibhiú samhlaíoch cliste. (Tá físeán ar fáil ar shuíomh Imbolc.ie)
Bhí dhá leabhair gearrscéalta foilsithe aige an uair úd, "Idir Feoil is Leathar" agus "Díbeartaigh". Chuir mé fios orthu. Thaithin liom. Roinnt de fáiscthe as a thaisteal i Meiriceá Theas. Scéalta neamhghnácha. Léargas éagsúil.
Sa chnuasach is déanaí Cnámh tá na tréithe céanna, ach breis snas orthu. Muid istigh in aigne na bpríomhcharachtar. Na scéalta féin níos cosúla le heipeasóid. Gan tús ná críoch shoiléir. Cuid de na carachtair ag streachailt le leadrán agus imní an ghnáth shaol. Déagóirí ag fulaingt miangas agus leadrán. Cuid eile ina ngeilt cruthanta.
Cor agus casadh san scéal. Spreagann smaoineamh. Máistreacht focail is teannas.
Mothúcháin le blaiseadh agus bolú.
Fillfear air...
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Éabhlóid
2019
Clibeanna
éabhlóid,
eoghan mac giolla bhríde,
imbolc
2018-09-28
Aisling?
Bhí mé féin is mo mhac i láthair san Olympia anocht do léiriú Aisling?
Bréidín fite as aisteoireacht, ceol, filíocht, deisbhéil, damhsa.
Cliar cumasach ó gach cearn den nGaeltacht a chuir a scileanna agus éigse le chéile chun taibhiú ar leith a fhuineadh.
Canúintí ag damhsa le chéile. Caint a chuaigh go cnámh. Ceol a chuaigh go croí.
Filíocht a bhfuil taithí againn air athfhuinte agus beatha nua tugtha do.
Amhráin idir sean agus nua.
Spreagadh agus gríosadh.
Ardú meanmain agus fáisceadh creasa chun tabhairt faoin streachailt.
Beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir!
Ní raibh ach an aon oíche amháin i mBleá Cliath ach leanann an camchuairt agus tá na sonraí uilig ar fáil ag http://aisling2018.com/tickets/
2017-12-13
Amhrán Eibhreach
Bhrostaigh mé trasna lár na cathrach aréir ó seoladh Táin Bhó Cuailgne Leabhar Breac (scéal do mhír eile, nuair atá an leabhar léite agam) go dtí an IFI chun Song of Granite, scannán beathaisnéise Pat Collins ar Joe Éinniú a fheiceáil.
Theastaigh uaim é fheiceáil in ionad a dhiongbhála seachas fanacht ar an léiriú amach anseo ar TG4. Bhí tuairim agam (bunaithe i measc rudaí eile ar an scannán Silence) go mbeadh eachtra ar leith romham ós comhair scáileán airgead - agus bhí an ceart agam.
Scannán dubh agus bán ar leith; agus draíocht éigin á imirt le go mbeadh na carachtar géar soiléir agus an cúlra doiléir, mar a bheadh as fócas scaití. Ligtear do na hamhráin, seanchas agus na híomhánna an scéal a insint, agus is minic tost sa scannán - is fíor bheagán dialóg atá ann.
Muirníonn an cheamara tírdhreach agus muirdhreach Chonamara as ar fáisceadh Joe; feicimid Joe óg cúthail (Colm Seoighe) ag siúl agus ag tabhairt faoi deara, ag éisteacht go hairdeallach le hamhráin agus scéalta a mhuintir; agus an ómós a léiríonn lucht scoile agus cnuasach béaloideas dóibh.
Feicimid Joe ina fhear fásta (Micheál Ó Confhaola), aonarán corr i nGlaschú agus i Meiriceá; spleách ar postanna suaracha ainneoin a cháil mar fonnadóir. Léirítear a chaidreamh casta lena bhean agus an chlann a bhronn sí air i mbeagán radharc gan focal; feictear an streachailt idir grá agus mianach an fhánaí - a fuair an lámh in uachtar.
Radharc amháin a fhanfaidh liom ach go háirithe measaim; Joe ina gíománach ar bhloc árasán; ag seasamh ag an ndoras ina éide péacach móide láimhíní bána. Baineann de an láimhín is muirníonn ursain eibhreach an doras; ag dul soir ina smaointe chuig an mórchuid cloch agus gannchuid chré as ar eascair sé.
Is pearsa iontu féin carraigeacha Chonamara san insint seo.
Chímíd Joe ag druidim le deireadh saoil (Macdara Ó Fatharta), tnúthán an dúchais dá ghairm abhaile ainneoin aitheantas ó lucht acadúil i Meiriceá agus aos léinn ag sú a cheoil uaidh; é féin i ngalar na gcás mar go n-éilíonn siad maoithneachas na mbailéad Béarla atá bunoscionn leis na hamhráin atá gar dá chroí.
Idir eatarthu giotaí scannán faisnéise de Joe Heaney féin, é faoi agallamh ag Proinsias Mac Aonghusa nó ar stáitse. Eadarlúid cumhach ina chloistear glór a mhic tréigthe, nó gaol lena bhean tar éis a bhás ag tathant air tríd Liam Clancy filleadh abhaile.
Clabhsúr chumhachtach an scannán radharc samhlaithe fileata, sean Joe agus Joe óg ar dhá thaobh abhainn ag allagar faoi ghaois agus filíocht;
Duine casta, corr, uaigneach ach fial leis an saibhreas ceoil a bhí aige, a fáisceadh as seanchas ársa agus tírdhreach sceirdiúil.
Guth Eoghan Mhic Giolla Bhríde sa chúlra scaití ag reic ón seanchas céanna as ar fáisceadh foinn Joe.
Seod ealaíona. Má tá ag deis agaibh, tapaigh é - ar scáileán mór más féidir in aon chor.
(Agus tá fios curtha anois agam ar bheathaisnéis Liam Mhic Con Iomaire air)
Clibeanna
eoghan mac giolla bhríde,
gaeilge,
IFI,
joe éinniú,
pat collins,
scannán
2016-01-24
Tomhas orm, Tomhas ort
Fuair mé an leabhar seo mar féirín ó Eoghan Mac Giolla Bhríde.
Is éard atá ann ná sraith tomhais agus dubhfhocal ó chnuasaigh éagsúla béaloidis. Tá siad rangaithe in ord deacrachta - smaoineamh ana mhaith is ea iad a rangú de réir ranga na sean-fhilí, pictiúr ar leith do gach rang ó Fochlac go Rí Ollamh; agus na cinn éadroime rangaithe faoin ndrúth.
Tá tomhas ar gach leathanach, agus na freagraí de réir uimhreacha ag deireadh an leabhair. Rogha cliste a bhí ann gan na huimhreacha a bheith in ord, mar sin ní léifidh tú freagra an chéad chinn eile de thaisme.
Bainim féin agus m'iníon (atá 9) an spraoi as na tomhais a fhiafraí dá chéile agus ar dhaoine eile. Anois is arís baineann na leagnacha canúnacha tuisle asainn, ach tá gluais úsáideach ag deiridh an leabhair freisin.
Tá an dearadh snasta agus glan.
Molaim an leabhair seo d'aon duine atá tugtha do dubhfhocal. Daoibhse a bhfuil iPad nó iPhone agaibh tá aip ar fáil freisin.
Tá sé ar fáil sna deá siopaí agus ó Éabhlóid.
Tomhas orm, Tomhas ort
Tomhasanna béaloidis bailithe le chéile i leabhar amháin
Ealaíontóir – Sinéad Ní Chadhain. Eagarthóir – Eoghan Mac Giolla Bhríde
Ealaíontóir – Sinéad Ní Chadhain. Eagarthóir – Eoghan Mac Giolla Bhríde
€12
Clibeanna
éabhlóid,
eoghan mac giolla bhríde,
gaeilge,
leabhar,
nathaíocht
2015-11-07
Éabhlóid an Phrionsa Bhig
Tá ionad bhuan ag saothar seo Saint-Exupéry i gcanóin na leabhair a bhfuil daoine thar a bheith ceanúil orthu. Ar an gcéad amharc, leabhar do pháistí atá ann: ach tá sé i measc an cnuasach leabhar úd atá feiliúnach dáiríre do leabharbhách ar bith. Mar a dúirt C.S. Lewis san tiomantas do "An Leon, An Bandraoi agus an Prios Éadaigh" tagann an lá nuair atá duine sách críonna le bheith ag léamh scéalta sí arís.
Scéal sí de chineál atá anseo. Cinnte, tá noda láidre ann mar a luaigh Dennis, gur "Roman à clef" atá ann, léargas ar shaol an údar. Ach is féidir a bheith dall orthu sin (mar atá mise d'aon uaim go fóilleach) agus tairbhe a bhaint as.
Scéal atá ann atá an oiriúnach le léamh ós ard. Tá an leagan seo atá déanta ag Eoghan Mac Ghiolla Bhríde ina chanúint dhúchais Conallach thar a bheith fóirsteanach don léamh ós ard. Ní mór dom admháil go bhfuil focail ann nach bhfuil cleachtadh agamsa orthu, agus a bhainfidh tuisle as mo theanga agus mé á léamh ós ard. Ina choinne sin tá nathanna agus cainteanna áille ann, cuannacht sa Ghaeilge ar aon dul le cuannacht Saint-Exupéry sa bhun Fraincis. Is fíor go ndearna Breandán Ó Doibhlin leagan den leabhar tamaill siar; ach tá de bhua san eagrán seo go bhfuil na léaráidí daite, agus an leabhar maisiúil.
Gabhann muid i bhfad scéal le ceist na canúintí abhus, nuair is ea fírinne an scéil go bhfuil cainteoir líofa de chanúint ar bith in ann dul i ngleic leis na canúintí uile. Is mó go mór na difríochtaí idir canúintí na Gearmáinise, abair. Ach cuirtear litríocht i gcló iontu ar fad, go háirithe sa mhéid a bhaineann le caint agus comhrá.
Fáiltím roimh an saibhreas cainte san leagan seo, ainneoin an streachailt a bhí i gceist dom é léamh.
Tá an leabhar le ceannach ón suíomh anseo: Táim buíoch d'Eoghan a bhronn cóip orm.
Scéal atá ann atá an oiriúnach le léamh ós ard. Tá an leagan seo atá déanta ag Eoghan Mac Ghiolla Bhríde ina chanúint dhúchais Conallach thar a bheith fóirsteanach don léamh ós ard. Ní mór dom admháil go bhfuil focail ann nach bhfuil cleachtadh agamsa orthu, agus a bhainfidh tuisle as mo theanga agus mé á léamh ós ard. Ina choinne sin tá nathanna agus cainteanna áille ann, cuannacht sa Ghaeilge ar aon dul le cuannacht Saint-Exupéry sa bhun Fraincis. Is fíor go ndearna Breandán Ó Doibhlin leagan den leabhar tamaill siar; ach tá de bhua san eagrán seo go bhfuil na léaráidí daite, agus an leabhar maisiúil.
Gabhann muid i bhfad scéal le ceist na canúintí abhus, nuair is ea fírinne an scéil go bhfuil cainteoir líofa de chanúint ar bith in ann dul i ngleic leis na canúintí uile. Is mó go mór na difríochtaí idir canúintí na Gearmáinise, abair. Ach cuirtear litríocht i gcló iontu ar fad, go háirithe sa mhéid a bhaineann le caint agus comhrá.
Fáiltím roimh an saibhreas cainte san leagan seo, ainneoin an streachailt a bhí i gceist dom é léamh.
Tá an leabhar le ceannach ón suíomh anseo: Táim buíoch d'Eoghan a bhronn cóip orm.
Is leis an chroí amháin a tchíthear i gceart.
2012-08-11
Ciúnas. Suaimhneas. Tost - an bhearna idir dhá thrup.
De bhrí mo suim a bheith spreagtha ag Eoghan Mac Giolla Bhríde ag Imbolc, bhí spéis agam san scannán Silence nuair a chuala mé faoi. Shíl mé go raibh an deis caillte agam ach ansin chonaic mé go raibh sé ar siúl san Lighthouse.
Bhí mé ann aréir mar sin le mo bhean. Scannán iontach.
Osclaíonn an scannán de phlimp agus Eoghan ag taifid fuaim na cathrach i mBeirlín - faoin Magistratschirm. Bhí cónaí orm féin i ngiorracht scread asal den áit sin ar feadh seal. Seachas nach gcloisfí asal san áit callánach sin mar a thagann bóthar mór, S-Bahn, agus U-Bahn (atá thar talamh anseo) le chéile. Bíonn an chéad cúpla nóiméad den scannán i mBeirlín thar a bheith glórach - ansin chíonn muid Eoghan ag fágáil slán lena chailín. Tá sé ag filleadh siar go hÉireann - don obair. Radharc deas ar droichead - agus báitear an méid atá le rá acu le callán na dtraein. Imní uirthi siúd go mbeidh an dúchas ró mhaith dó: luann sí dán le Hölderlin:
Hoch auf strebte mein Geist, aber die Liebe zog
Schön ihn nieder; das Leid beugt ihn gewaltiger;
So durchlauf ich des Lebens
Bogen und kehre, woher ich kam.
(Bhí m'anam ag déanamh tréaniarracht chun na harda, ach tharraing an Ghrá
go deas anuas é; chrom an Mhairg le foréigin é;
Mar sin a shiúlaim stua
na Beatha, agus fillim ar an áit as ar tháinig mé)
Tá nod de chineál ansin don gcuid eile den scannán; filleann Eoghan ar Éirinn chun fuaim can tionchar daonna air a thaifid. Ach iompaíonn an turas ina thuras abhaile leis. Éacht is ea an scannán; pictiúir áille dúlra ó áiteanna ar fud na hÉireann, ag dul ó thuaidh de shíor - coill ársa (nílim cinnte cá raibh sin), Mullach Mór sa Bhoirinn, cladaí Chonamara, an Chabhán, Gleann Bhéithe, Gaoth Dobhair agus ar deireadh Toraí. Fite fuaite leis na radharcanna dúlra tá comhráití le daoine a bhuaileann leis fán mbealach agus a phléann a thóraíocht leis. Ina measc Tim Robinson agus Michael Harding. Daoine atá fite fuaite leis an taobh tíre ina bhfuil siad lonnaithe.
B'shin rud a thug mé suntas dó; ainneoin Eoghan a bheith ag tóraíocht easpa daoine leis an ciúnas nádúrtha a cheapadh - is áiteanna tréigthe seachas áiteanna nár leag daoine cos riamh orthu is mó a thaobhaigh sé. Baineadh feidhm ealaíonta as giotaí ón gcartlann chun sin a threisiú.
B'shin rud a thug mé suntas dó; ainneoin Eoghan a bheith ag tóraíocht easpa daoine leis an ciúnas nádúrtha a cheapadh - is áiteanna tréigthe seachas áiteanna nár leag daoine cos riamh orthu is mó a thaobhaigh sé. Baineadh feidhm ealaíonta as giotaí ón gcartlann chun sin a threisiú.
Is amharcealaíon scannán go hiondúil, ach bhí an fhuaim lárnach san scannán seo mar a bheifeá ag súil leis, agus ar uairibh rinneadh an pictiúir ceomhar chun go seasfadh an fhuaim amach.
Shíl mo bhean go raibh pearsa Eoghan rud beag ... Conallach. Nascann sí duairceas agus dúbhrón leis an taobh tíre ansin, agus is cinnte go raibh an pearsa san scannán amhlaidh, ag machnamh go dúlaí tríd síos.
Mar sin féin bhain muid araon an-sásamh as an scannán; na radhairc agus na fuaimeanna go hálainn, amhráin roghnaithe go maith, an pearsa lárnach spéisiúil. Agus réalta eile ag an scannán Gaeilge dhúchais Eoghain, Gaeilge Thír Chonaill - nach cloistear sách minic! Agus é nádúrtha san insint seo ar filleadh abhaile ar áit a bhí tréigthe ach nár thréig.
Mar sin, má bhíonn an deis agaibh, tapaígí é! (Nod libh: Tá fáil ar ar líne ach íoc as. Ach pictiúrlann níos oiriúnaí.)
(Nod eile libh: as an gcomhrá idir Harding agus Eoghan a mhúnlaigh mé teideal na míre seo. Iad ag ple cén Ghaeilge atá ar Silence. Thaitin an sainmhíniú ar Thost go mór liom. Gaois ann)
(Nod eile libh: as an gcomhrá idir Harding agus Eoghan a mhúnlaigh mé teideal na míre seo. Iad ag ple cén Ghaeilge atá ar Silence. Thaitin an sainmhíniú ar Thost go mór liom. Gaois ann)
2012-04-09
Imbolc 2012: Seachrán Eoghain
![]() |
| Eoghan Mac Giolla Bhríde Íomhá le caoinchead Imbolc agus an Ghrianghrafadóra |
I measc an éigse a labhair ag Imbolc i mbliana bhí an scríbhneoir agus fear teilifíse, Eoghan Mac Giolla Bhríde. Chuaigh Eoghan i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le léacht poiblí a thabhairt ar do shaothar ar bhealach thar a bheith glic. Cé go raibh an chuma air go raibh léacht á thabhairt aige faoi thionchar ghraffitti ar mheon scríbhneora, diaidh ar ndiaidh nochtadh dúinn gurbh é a bhí ar siúl aige lena thaispeántais sleamhnáin de fhir beaga dubha atá le feiceáil ar ballaí na cathrach agus na smaointe a spreagann siad, ná scéal a insint dúinn. Rud a rinne sé go sár mhaith, le grianghraif a rinne sé féin agus é ag léiriú a reacaire ag sleamhnú níos doimhne agus níos doimhne isteach sa pharanóia. D'inis sé an scéal leis na pictiúir, lena ghuth agus lena cholainn. Agus ar dhóigh a shúigh isteach san scéal muid, a bhuail bob orainn fiú nuair a bhí tuigthe againn cad a bhí ar bun. Níor réabadh an creideamh ann le linn dó bheith ag a caint. Bhí an díchreidemah ar fionraí ar feadh seal.

Ar an ndrochuair, beidh oraibh fanacht le físeáin Imbolc chun blaiseadh ceart fháil ar an scéal. Caithfidh mé admháil gur spreag sé macallaí i'm chuimhne de na gnúiseanna (fearacht iadsan sa ghrianghraif) atá feicthe thall is abhus sa chathair agam: ní deacair smaoineamh ar an tionchar a bheadh ag a leithéidí ar inchinn suaite. (Agus nílim róchinnte nach bhfuil a leithéid agam!) Spreag an léiriú a thug sé fiosracht orm agus chuir mé fios ar an dá leabhar gearrscéalta dá chuid atá i gcló. Idir Feoil is Leathar (2002) agus Díbeartaigh (2005) is ainm don dá leabhair seo, lán le gearrscéalta samhlaíocha.

Thuig mé ó bheith ag caint le hEoghan go bhfuil tionchar air ag scéalta ó lár na hEorpa, agus tá cuma Khafka ar roinnt den na scéalta sna chnuasaigh, rudaí as an ghnáth ar fad ag tarlú do dhaoine, fear a chailleann a theanga mar shampla - nó fear a dhúisíonn agus a bhean céile dúbláilte - nó an bhfuil? Tá scéalta grá de chineáil éagsúla ann, scéalta taisteal, scéalta uafáis. Má tá snáth coiteann iontu sílim gurbh é stoiteachas an snáth sin, an duine aonair scartha amach ón saol ainneoin nó uaireanta de bharr an gaol atá aige le daoine eile. Scéalta de chuid ár linne, lán de thaithí a chnuasaigh Eoghan abhus agus ar aistir tríd Mheiriceá Theas, a bhfuil tagairtí dóibh sna scéalta. Ní léitheoireacht éadrom, cinnte, ach thaitin na scéalta go mór liom. Agus tá na leabahir díreach an méid ceart le sleamhnú isteach i bpóca chun turas a ghiorrú!
Más fíor an méid a luann Alan Titley, gurbh filíocht an rud nach sroicheann deireadh an leathanaigh, tá dán snasta amháin sa leabhair: 'Brath' - scéal snasta a cheapann an bomaite a thuigeann bean gur raibh a leannáin mídhílis - trína shúile seisean. Sár scéal.
Idir Feoil is Leathar
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Coiscéim 2002
Díbeartaigh
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Coiscéim 2005
Más fíor an méid a luann Alan Titley, gurbh filíocht an rud nach sroicheann deireadh an leathanaigh, tá dán snasta amháin sa leabhair: 'Brath' - scéal snasta a cheapann an bomaite a thuigeann bean gur raibh a leannáin mídhílis - trína shúile seisean. Sár scéal.
Idir Feoil is Leathar
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Coiscéim 2002
Díbeartaigh
Eoghan Mac Giolla Bhríde
Coiscéim 2005
Clibeanna
eoghan mac giolla bhríde,
gaeilge,
imbolc,
leabhar,
scéalaíocht
Abonnieren
Posts (Atom)


