2022-10-20
Seoladh Pádraig Ó Laoghaire le Meibhín Ní Úrdail
2020-11-08
Gaillimh - Díolaim Cathrach
2020-10-24
Máchail
2020-02-13
Mangairí an Amhrais
2019-04-27
Bliain na nAmhrán
Anois, deich bliana níos déanaí tá eagrán iomlán nua curtha ar fáil agus leabhar ag dul leis leis na focail ar fad ann. Tá an CD álainn – chomh maith le Tadhg agus a iníon Róise tá Caitlín Ní Chualáin ag canadh, agus leanaí ó Scoil Sailearna i nGaeltacht Chonamara.
Tá sé an-tábhachtach go gcloisfeadh leanaí leanaí i nGaeilge!
Is seod atá sa leabhar féin. Tá cáil ar Futa Fata as feabhas a bpictiúrleabhar, agus san leabhar seo tá gach ráithe maisithe ag duine ar leith den gcliar cumasach sin – Christina O'Donovan (earrach), Brian Fitzgerald (samhradh), Tarsila Krüse (fómhar) agus Jennifer Farley (geimhreadh).
Cuireann na pictiúr go mór leis na focail agus tá greann agus gean sna hamhráin – taitneoidh siad go mór le óg agus sean. Beidh an leabhar an-oiriúnach do scoileanna chomh maith le do theaghlaigh ina bhfuil na páistí ag foghlaim Gaeilge sa bhaile.
Údar: Tadhg Mac Dhonnagáin/John Ryan
Léaráidí: Tarsila Krüse, Jennifer Farley, Christina O’ Donovan agus Brian Fitzgerald.
ISBN: 9781910945216
Foilsitheoir: Futa Fata
Aois: 4+ years
Foilsíodh an píosa seo i dtosach ar Gobblefunked.com 31 Eanáir 2017
Bí ag spraoi liom
Cuireann albam pictiúr í ar chonair smaointe chun buaileadh le Mamaí agus í óg – agus aimsíonn Mamaí an spás atá de dhíth chun díriú ar a hiníon.
Tá frídín amhrais ionam áfach – beidh sé deacair ag tuismitheoirí an scéal seo a léamh gan mothú beagán ciontach, mar is cinnte gur beag duine againn a éiríonn leo droim láimhe a thabhairt do chúraimí an lae agus díriú go hiomlán ar ár bpáistí.
Léiríonn an leabhar gur fiú é dhéanamh, agus seans go dtabharfaidh sé misneach do pháistí agus do thuismitheoirí – is cinnte go bhfuil lón samhlaíochta ann!
Údar: Sadhbh Devlin
Léaráidí: Tarsila Krüse
ISBN: 9781910945315
Foilsitheoir: Futa Fata
Aois: 3-7 bliain
An Billiúnaí Beag
Folaithe san scéal faoi athair agus mac atá éirithe fíor saibhir go tobann tá scéal dáiríre faoi srianta an airgid, tábhacht an chairdeas agus an grá – rudaí nach féidir a cheannach. Rudaí a bhfuil meas agus am riachtanach chucu.
Tá greann Walliams ainrialach ainsrianta agus bainfidh leanaí sult as an bhfiántas easurramach.
Tá ruthaig fada d’fhocail áiféiseacha agus ainmneacha níos áiféisí fós.
Tá scigaithris ar mhúinteoirí chruálacha agus bulaithe bréana.
Ar pháipéar leithris atá saibhreas muintir Práta bunaithe, agus de bharr fabht leis a chailleann siad a gcuid maoine. Fágann an ghné sin scóip don uafás greann leithris, gné eile a chuirfidh leanaí áirithe ag gáire.
Mar sin féin, is cineáltas agus meas a thugann fuascailt an scéil agus a shlánaíonn athair agus mac.
Tá cloiste agam go bhfuil lucht leanúna Walliams a bhfuil Gaeilge acu ag tnúth leis an leabhair; ní bheidh díomá orthu!
Cuireann bunléaráidí Tony Ross go mór leis an spraoi.
Clochmhíle eile sáraithe ag Futa Fata.
Údar: David Walliams
Aistritheoir: Máirín Ní Mhárta
Léaráidí: Tony Ross
ISBN: 9781910945254
Foilsitheoir: Futa Fata
Aois: 8+ bliain
Foilsíodh é seo i dtosach ar Gobblefunked.com ar 6 Márta 2017
An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín
Tá Banríon Bess agus a comhluadar cait ag maireachtáil go síoch i Lios na gCat, ardmheas ag a comharsana daonna i mBaile an Leasa orthu.
Ach faigheann Gusaí Gaimbín, fear gnó neamhscrupallach seilbh ar mhaoin Bhaile an Leasa agus é i gceist aige an Lios a scrios agus Casino ollmhór a thógáil. Mar is iondúil tá na boic móra daonna – an TD, an Comhairle Contae agus araile, meallta aige lena chuid ‘forbairt’. Tá brú ar féin freisin mar go bhfuil airgead ar iasacht aige ó bhithiúnaigh – Fifó Fum ina measc. Cuireann na cait agus an cosmhuintir ina choinne agus is iomaí corr sa scéal go deireadh, an ceantar agus an alltar a comhoibriú le scéiméireacht Ghusaí agus a chomhbhithúnach an foghlaí mara baineann Sciní Goleor a chuir ó rath. An Cat Mara a bhunaigh an lios, agus tá ról lárnach ag catapais – cait ar féidir leo snámh – sna heachtraí, agus tuileann siad ardú céime is urraime dá bharr.
Tá an insint bhríomhar agus lán de imeartas focail a bhainfidh leanaí an-sult astu – iad ilteangach, Fraincis sa chumasc chomh maith. Tá léaráidí ghleoite de chuid Ríbó ar gach leathanach.
Tá an leabhar oiriúnach le léamh ós ard, ach bainfidh léitheoirí neamhspleácha an-tairbhe as freisin.
Údar: Biddy Jenkinson
Léaráidí: Ribó
Foilsitheoir: Coiscéim
Raon aoise: 9-12 years
Foilsithe i dtosach 13 Nollaig 2016 ar Gobblefunked.com
2019-01-18
Dialann mo Mháthar
2019-01-08
Anonn is ar ais arís
Fadó riamh a léigh mé an Hobbit. Go deimhin léigh mé Lord of the Rings agus an Silmarillion fiú. Ar fad ón leabharlann i dtosach. Léigh mé roinnt den saothar a chuir mac Tolkien in eagar freisin, cé nach bhfuair mé an blas céanna air. Easpa maise an údair.
Roinnt blianta ó shin nuair a briseadh as mo phost mé, cheannaigh mé na cúig leabhar - an Hobbit, trí imleabhar na fáinní agus an Silmarillion. Féirín sóláis. Léigh mé arís iad ó tharla mé díomhaoin agus in ísle meoin. Tá siad ar na leabhragán ó shin agus léite ag mo chlann.
Bhí spéis éigin agam nuair a d'fhoilsigh Evertype aistriúchán Ghaeilge Nicholas Williams ach bhraith mé é bheith rud beag daor. Nílim riamh cinnte an fiú aistriúcháin ón Sacs-Bhéarla. Go háirithe sa chás seo, nuair a chuir Tolkien roimhe miotaseolaíocht Sacs-Bhéarla a chruthú agus anáil a chuid teangeolaíochta agus saineolas liteartha ar an saothar.
Tarlaíonn sé áfach go raibh m'iníon ag scoil fidléireachta i nGleann Cholm Cille. Chuaigh sí isteach i siopa leabhar Oideas Gael ag lorg ábhar léitheoireachta agus chroch léi an Hobad. Agus é sa tigh bhí sé i gceist agam é léamh, uair éigin. B'fhéidir.
Tharla uair éigin idir dhá Nollaig.
Tá sé píosa fada ó léigh mé an Hobad sa bhunleagan. Ba mo chuimhne air go raibh sé soineanta go maith mar scéal. Ach i ndáiríre is sár scéal eachtraíochta atá ann, agus go deimhin polaitíocht ann freisin. Ní tuathánach saonta é Biolbó. Níl ann ach go raibh sé leamh i mo chuimhne le hais Tiarna na Fáinní.
Tá saibhreas in aistriúchán Williams, an réimse teanga oiriúnach agus taitneamhach. Tiontú cúramach agus oiriúnach ar ainmneacha.
Sa bhreis ar sin is táirge ealaíne an leabhar féin, léaráidí Tolkien féin agus an téacs iontu aistrithe go cúramach go Gaeilge ag Michael Everson.
Eachtra iontach, teanga shaibhir, cló cuanna, léaráidí iontacha. Pléisiúr.
Beidh mé ag filleadh air arís ar Hobad, abhaic, eilbh (rogha stuama ar Elf) agus a dtroid le púcaí is criúin. An Modarchoill, an Fiántas, an Srath. Ainmneacha atá dílis don mbunleagan agus don nGaeilge. Dúshlán sáraithe go maith!
https://www.evertype.com/books/hobbit-ga.html
An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís
J.R.R. Tolkien
Aistrithe Nicholas Williams
Céad eagrán 2012
Cathair na Mart: Evertype.
ISBN 978-1-904808-90-9 (crua)
ISBN 978-1-78201-033-3 (bog)
2018-12-10
Akata
Ó léigh mé sraith Binti Nnedi Okorafor agus saothair eile léi bhí mé ag lorg an dá leabhair Akata Witch agus Akata Warrior. Theip orm iad a fháil ón leabharlann. Ansin fuair mé amach go bhfuil malairt teidil i gceist, i. 'What Sunny saw in the flames' agus 'Sunny and the Mysteries of Osisi'
Fós níor éirigh liom iad a fháil ón leabharlann agus ghéill mé do mo mífhoighne agus cheannaigh don Kindle iad.
Cailín óg de bhunadh na Nigéire í Sunny, a rugadh i Meiriceá. Leasainm maslach ar bunadh na hAfraice i Meiriceá is ea Akata.
Tá a teaghlach fillte ar an Nigéir. Ach sa mhullach ar a Meiriceánacht seasann Sunny amach ar chúis eile - is albino í. Ní mór di an ghrian a sheachaint dá réir.
Ní haon ionadh mar sin go bhfuil sí imeallaithe ar scoil, as alt san saol.
Tagann corr ina cinniúint nuair a chuireann sí aithne ar roinnt déagóirí imeallaithe eile. Faigheann sí amach go bhfuil draíocht ag baint leo - agus léi. Gur de phobail na Liopard í. Rún é seo atá le coinneáil ó na gnáthdhaoine, na hUain.
Ach cabhraíonn a cairde nua léi, a bhí i bpobal na Liopard ó rugadh iad, teacht ar an oideachas cuí agus a tallann a fhorbairt.
Aithníonn comhairle na Liopard gur meitheal ar leith an ceathrar, agus cuirtear iad i ngleic le draoi atá tar éis géilleadh don olc.
Ag deireadh an chéad leabhair éiríonn leo é a chloí ar éigin ach tá an ainspioraid a bhí á chothú aige lena dhrochghníomhartha beagnach láidir go leor briseadh isteach san ceantar ón alltar.
Rud a tharlaíonn san dara leabhar ach tar éis go leor eachtraí faigheann an ceathrar an ceann is fearr air an ainspioraid arís.
Tá na leabhair ar maos le traidisiún Afracacha agus na treibheacha éagsúla san Nigéir. Ní saineolaí mé, ach uair ar bith ar chuardaigh mé eolas fuair mé amach go raibh fréamhacha san stair nó sa chultúr ag nithe luaite.
Tá noda láidir sa leabhar go bhfuil breis eachtraí i ndán do Sunny is a cairde.
Táim ag súil leo! Cruinne samhlaíoch draíochta atá cruthaithe ag Nnedi Okorafor ach tá daonnacht, grá agus cairdeas ag a chroí. Agus streachailt agus spraoi.
2018-05-27
Úrscéalta na Gaeilge
Sheol Cló Iar Chonnachta cóip léirmheasa den leabhar dom. Bhí roinnt le rá agam faoin liosta tráth ar foilsíodh i dtosach é - ní mór cuimhneamh gur le húrscéalta na 20ú aois amháin a phléann sé. Tá roinnt nach nach léite agam léite ó shin agam."Cad iad na húrscéalta is fearr, is tábhachtaí, is lárnaí sa Ghaeilge? Cad iad na húrscéalta Gaeilge ar chóir a bheith i mbéal an phobail agus i lár an aonaigh chultúrtha? Cé hiad na húrscéalaithe móra ar chóir dúinn a léamh, ar chóir dúinn staidéar a dhéanamh orthu sna hollscoileanna? Cad í canóin liteartha na n-úrscéalta Gaeilge san fhichiú haois? Cad iad clasaicí móra chanóin liteartha na Gaeilge? Cad is fiú canóin liteartha ar bith? Reáchtáladh seimineár lá go leith ar an 23 agus an 24 Aibreán, 2015, i mBaile Átha Cliath, chun ceisteanna den saghas sin a chíoradh. Sé úrscéal déag a roghnaíodh ar deireadh, agus faoi chlúdaigh an leabhair seo tá blaiseadh den mhéid a bhí le rá ina leith. "
- Séadna (1905) leis An tAthair Peadar Ó Laoghaire Léite agam. Fadálach, go leor athrá ann; athinsint ar scéal idirnáisiúnta béaloidis, fear a fhaigheann buntáiste ón Diabhal ach a bhuaileann bob air ag deireadh. Tábhachtach mar saothar luath agus mar uirlis ag an Athair Peadar i cur chun coinn caint na ndaoine.
- Deoraíocht (1910) le Pádraic Ó Conaire Léite agam. Sách osréalach agus duairc. Saothair eile le Ó Conaire a thaitníonn níos fearr liom, ach tábhachtach mar gur bhris le maoithneachas agus tuath.
- Mo Bhealach Féin (1940) le Seosamh Mac Grianna. Léite agam. Ach níor shíl mé gur úrscéal a bhí anseo; shíl mé é dírbheathaisnéiseach agus é ag cíoradh a fhealsúnacht.
- An Béal Bocht (1941) le ‘Myles na gCopaleen’ Léite, agus athléite. Fíor greannmhar, aor den scoth ar ghnéithe de gluaiseacht na Gaeilge.
- Cré na Cille (1949) le Máirtín Ó Cadhain. Léite le fonn. Clasaiceach agus úrscéal ar leith, caint ar fad!
- Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) le Breandán Ó Doibhlin. Léite. Leabhar dheacair ach is fiú an tairbhe an trioblóid.
- Dé Luain (1966) le Eoghan Ó Tuairisc Léite.
- Caoin Tú Féin (1967) le Diarmaid Ó Súilleabháin Níl sé léite agam, agus ó tharla nár thaitin Maeldún liom ní dóigh liom go léifidh mé.
- An Uain Bheo (1968) le Diarmaid Ó Súilleabháin Léite.
- Fuíoll Fuine (1970) le Máirtín Ó Cadhain. Le léamh. Gearrscéal atá anseo.
- Méirscrí na Treibhe (1978) le Alan Titley. Léite
- An Fear Dána (1993) le Alan Titley. Léite
- Cuaifeach mo Londubh Buí (1983) le Séamas Mac Annaidh Léite.
- Éagnairc (1994) le Pádraig Ó Siadhail Le léamh. Ordaithe ón leabharlann.
- Desiderius a Dó (1995) le Pádraig Ó Cíobháin Le léamh.
2018-04-18
Aistí Eorpacha
Is dócha go raibh scata de haistí seo léite agam, nó leaganacha cíbe, san Irish Times nó Comhar. Ach bhí PoilGhael ar Twitter ag scaipeadh sleachta spéisiúla astu agus chuir mé fios ar an gcnuasach ón leabharlann.
Tá go leor ama caite ag Torlach Mac Con Midhe ar imirce as Éirinn, i dtíortha nach bhfuil an Béarla in uachtar iontu. Tá sé ag cuir faoi anois i gceantar san Eilvéis ina bhfuil an Romainis á fhéachaint leis na mór theangacha thart uirthi.
Tá taithí agus machnaimh déanta aige dá réir ar an rud a dtugann sé 'domhan teanga' - an cultúir iomlán a thugann teanga a bheith ar do thoil agat rochtain éigin air.
Tá domhan na Gaeilge faoi bhrú gan amhras agus í timpeallaithe, báite geal leis sa Bhéarla.
Mothaím féin go bhfuil baint agam le trí dhomhan teanga, Gearmáinis, Gaeilge agus Béarla agus tionchar agus ábhar machnaimh faoi leith ag teacht chugam ó chaon teanga acu.
Bhí bá agam leis na smaointe sna haistí, agus d'fhoghlaim mé astu.
Súil eile, fáiscthe as taithí neamhghnách fairsing.
Siúlach, scéalach, staidéarach.
Aistí Eorpacha
Torlach Mac Con Midhe
Coiscéim 2015
2017-12-18
Tintin sa Tibéid
Tá dhá leabhair curtha leis an sraith Tintin i nGaeilge ag Dalen Éireann -
An tOileán Dubh agus Tintin sa Tibéid
Bhain mé agus m'iníon an sult as na leabhair Asterix agus Tintin a foilsíodh cúpla bliain ó shin, agus cheannaigh mé Tintin sa Tibéid di.
Tá cáil le fada ar leabhair Hergé agus éiríonn go hiontach le Gabriel Rosenstock an ghreann agus an imeartas focail a thabhairt leis, sruthanna mallachtaí chomrádaí Tintin, an Captaen Haileabó san áireamh.
Scéal eachtraíochta faoi cara óg Síneach le Tintin atá ar iarraidh i sléibhte na Tibéide tar éis timpiste atá ann, agus téann Tintin i ngleic le dúshlán na sléibhte is na haimsire chun teacht i dtarrtháil air. Leis an arracht sneachta fiú!
Pléisiúr ann d'óg agus aosta, toisc go n-oibríonn an ghreann ar chúpla leibhéal.
Tá an obair á dhéanamh ag Dalen, agus cloisim go bhfuil roinnt imleabhar Asterix beagnach réidh!
2017-10-25
Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde
Is annamh dáiríre a léim saothair neamhfhicsin (lasmuigh de chúrsaí gairmiúla) agus cé gur dócha go bhfuil altanna le Nollaig Ó Gadhra léite agam, ní dóigh liom go bhfuil aon saothar leis léite agam (fós). Murach gur sheol Cló Iar Chonnacht cóip den leabhair seo chugham, mar sin, seans nach mbeadh sé léite agam. Fiú leis an géarú goile a chuir aistí as a bhí i Tuairisc agus Comhar ar fáil.
Is éard atá cnuasaithe anseo ag a iníon Máirín Ní Ghadhra ná sraith aistí, cuimhní pearsanta ó dhaoine a raibh caidreamh gairmiúil, pearsanta nó sách minic an dá rud acu le Nollaig Ó Gadhra. Chuir sí nóta beathaisnéise mar réamhrá leis.
Is dócha gur mó de léargas ar saol a linne ná ar Nollaig atá ann nach bhfuil ach beirt bhan i measc an dream a scríobh na haistí!
Tá an cur chuige spéisiúil, mar go bhfaighimid léargas ó dhearcthaí éagsúla ar a thréithe. Tugann sin pictiúr sách cruinn measaim ar an méid a mhúnlaigh é, agus an bealach a chuaigh sé i bhfeidhm ar dhaoine eile.
A réimse eolais, a bhéim ar chruinneas fíricí ach saoirse tuairimíochta, a chrógacht i ngleic le heasláinte, a fhéile is a thréith daoine a spreagadh agus a mhisniú.
Clocha fónta ar charn fathaigh. Beidh mé féin ag baint feidhm as na leabharlanna chun teacht ar a shaothair (tá liosta ag cúl an leabhar) le cuir le'm oideachas féin.
Suaimhneas síoraí aige, agus go leanfaidh na síolta a chuir sé ag péacadh.
Tá poblachtaigh le fís de dhíth go géar orainn fós!
Nollaig Ó Gadhra - Cuimhní Cairde
Eag. Máirín Ní Ghadhra
Cló Iar Chonnacht
2017-08-03
Iomramh Danny
Ó chuir mé aithne air ag Scoil Cheoil an Earraigh, bhí suim spreagtha ionam i scríbhneoireacht Danny Sheehy. Chuir mé fios air, agus léigh a leabhar faoi déanamh naomhóige Fan Inti.
Luath nó mall mar sin bheinn tagtha chomh fada lena thuairisc ar a thuras go hÍoslann is ar ais -
Iomramh Bhréanainn MMXI Ón nDaingean go hÍoslainn
Ach mar gheall ar a bhás tobann ar Chamino na Sáile, chuir mé fios ar an leabhar tríd córas na leabharlanna.
Tugann turas ar luaimh, Ar Seachrán, ón Daingean chun na hÍoslainne agus ar ais creatlach don leabhar. Ach tá i bhfad níos mó i gceist ná tuairisc lom ar imeachtaí an turais. Bhí baill foirne ag teacht agus imeacht, agus caidreamh agus comhluadar ann. Bhuail siad le daoine spéisiúla agus iad ar caladh, scaití agus iad ar foscadh.
Tá codanna den leabhar ar scathán anama Danny iad, sruth chomhfheasa spreagtha ag imeachtaí an lae agus seanchas a mheabhraigh siad dó.
(Tá caint sách minic faoi a chac a bheith air is conas mar a fuair sé faoiseamh!)
Tá cnuasach grianghraf a léiríonn codanna den scéal ag deireadh an leabhair.
Ach is éachtach an cnuasach seachas is deisbhéal, eolas dúlra agus staire, greann agus gean atá idir na clúdaigh.
Leabhar mór téagartha.
Bhí cánóg bhán mar aingeal coimhdeachta ag Danny ar a thuras. Tá súil agam gur thug a aingeal coimhdeachta slán go calafort buan na flaithis í.
Ní bheidh a leithéidí arís ann. Is maith agus is mithid a chuimhne a choinneáil beo, agus is seod a chuid leabhair dá réir.
2017-04-27
Oidhre Snorri
Tá leagan Gearmáinise den Edda agam ar mo leabhragán le fada, aistriúchán a chuimsíonn idir Edda phróis Snorri Sturulson agus na dánta eile atá ar marthain. Tá go leor atá dorcha agus coimhthíoch ann, agus tá sé blianta fada ó d'amharc mé air.
B'é a chuir Snorri roimhe ná na scéalta a chnuasach de bhrí go raibh eochair iontu ar go leor de na meafair agus samhla a bhí in úsáid ag lucht éigse. Cineál Uraiceacht na hÉigeas.
Is iomaí údar a bhain tairbhe as pantheon samhlaíochta an Tuaiscirt ó shin, oidhreacht a bhí ag na pobail ar fad go bhfuil teanga Gearmánach acu, cé gur leis na Lochlannaigh is mó a luaitear é. Is ann is faide a mhair na sean tuiscintí, agus ar ndóigh is san Íoslainn a bhí Snorri ag saothrú.
I measc na n-údar sin tá Neil Gaiman. Scríobh sé úrscéilín sách dílis - Odd and the Frost Giants. Fuair sé tinfeadh ann freisin dá mhór shaothar American Gods, athimirt na seanscéalta ar fhearann Mheiriceá a iniúchann imeascadh na pobail ann agus athrú cultúrtha tríd phriosma seanscéalta na pobail. (Tá Suibhne Geilt féin ann).
Anois tá a athinsint ar bogha iomlán na scéalta curtha ar fáil aige, ó chruthú na cruinne go clapsholas na nDéithe, an cogadh deireadh agus an tús nua.
Insint dílis atá ann, ach a ealaíon sainiúil féin agus féith grinn i bhfeidhm air. Is fusa go mór é léamh ná an Edda, agus tá na carachtar níos beoga ann. Mhothaigh mé go raibh aithne de chineál áirithe á chuir agam ar Thor (láidir, díreach ach rud beag dúr) agus Loki (glic - ró ghlic go hiondúil - agus mioscaiseach).
Ón leabharlann a fuair mé an leabhar, agus is mór an pléisiúr a bhain mé as an léamh.
Níl a leithéidí de taipéis fite as miotais na nGael, mór an trua.
2017-04-21
Fan Inti
Bhí Danny Sheehy ag reachtáil Ciorcal Comhrá le linn Scoil Cheoil an Earraigh agus chaith mé go leor ama ina chuideachta mar sin. Ana reacaire is ea é, eolgaiseach deisbhéalach. Thug an taithí sin an spreagadh breise a bhí de dhíth orm le fios a chuir ar an leabhar Fan Inti ón leabharlann.
Roinnt blianta ó shin, bhí Danny páirteach i dtogra ealaíona i mBaile Átha Cliath chun naomhóg a thógáil; bhí daoine ón gceantar páirteach san iarracht freisin.
Dialann na tógála droimlorga an leabhair. Ní raibh a leithéidí déanta cheana aige, cé go raibh scileanna siúinéireachta aige, é ina oide adhmadóireachta.
Is fearr an cur síos a thugann printíseach ná máistir ar shaothair cheirde, agus is amhlaidh anseo - bóithre caocha agus botúin san áireamh.
Ach tá níos mó ná dialann i gceist. Tugann sé lear mór seanchais dúinn ó Iarthar Dhuibhneach. Stair agus ginealach teaghlaigh a raibh baint acu le tógáil naomhóga; scéalta iascaireachta, báis tragóideach ina measc. Lán sonraí - fhios aige cén maoin a bhí ag comhluadar ar leith. Féar dhá bhó anseo, féar ocht mbó ansiúd. Siopadóirí gustalacha is sclábhaithe feirme gan phingin.
Codanna den leabhar iontach faoistineach - chuir roinnt den gcuir síos ar a bhabhtaí óil is ragairne imní orm!
Tá nathaíocht agus saibhreas cainte nádúrtha tríd síos, agus is mór an pléisiúr atá le baint as an léamh.
Tá caibidil ar leith ag deireadh an leabhair ag déanamh mion chuir síos ar uirlisí na ceirde.
Is trua nár déanadh beagán eagarthóireachta ar an leabhar - tá roinnt athrá gan gá ann, agus corr sleacht as áit.
Ach is léitheoireacht fiúntach atá ann, lán eolais is éirim.
(Nath is ea Fan Inti a chiallaíonn 'fan socair')
Fan Inti
Domhnall Mac Síthigh
Coiscéim
2008.50
2017-02-05
Lá leis na Lochlannaigh
Sa leabhar seo tugann Myra Zepf a laochra Brídín agus Cormac, agus muidne leo, tríd doras draíochta siar san am chuig Duibhlinn na Lochlannach. Buaileann siad le cailín ann - Bjarki. Gael í máthair Bjarki agus Lochlannach a hathair - tá Gaeilge agus Lochlainnis aici. Bíonn siad gafa in achrann contúirteach le beirt maistín, ach tagann siad as an achrann le gliceas.
Lá leis na Lochlannaigh
ISBN: 978-1-907494-55-0
Foilsithe: 2016
Léaráidí le: Olivia Golden
Leathanaigh: 74
€8.00
![]() |
| Léaráid ón leabhar |
2017-01-23
Athchuairt ar An Tionscadal
Chuir comhrá ar Twitter mé ag póirseáil ar mo leabhragáin chun sár-úrscéal Thomás Mac Síomóin a aimsiú arís.
Bhí dearmad déanta agam ar díreach chomh cumhachtach agus ilghnéitheach atá sé. Úrscéal a sáraíonn aon iarracht leaba Procrustes na seanrá a chuir i bhfeidhm air.
Tá gnéithe den scéinséir ficsean eolaíochta ann. Tá tagairtí don alltar agus pearsa meifisteofalach ag feidhmiú mar cineál deus ex machina chun casadh a chuir sa phlota.
Reacaire céad pearsain atá i príomh charachtar an scéal. Duine a shíleann é féin a bheith liobrálach ábharaíoch Marxach fiú - ach atá sáite go smior ina phost margaíochta agus dílis do modh oibre an caipitleachas creiche a chleachtann an ollcomhlacht ina bhfuil céim ard aige.
Duine é atá tugtha don féin iniúchadh, rud a thugann deis don údar an iliomad ceist a scrúdú gan a bheith ag cuir an scéal as a riocht.
Tagann sé ar nod faoi baile ar leith sna Piréiní, a bhfuil mistéir éigin ag baint leis. Spreagtar a fhiosracht ar mórán leibhéil, agus tugann sé turas ar an áit.
Faigheann sé áit a bhfuil an cuma air gur parrthas réamhtionsclaioch atá ann, sláinte agus fadsaoil as an gnáth ag an pobal. Ach an bhfuil cruimh san úll?
Téann sé ar thóir an rún, fonn air brabach a bhaint as. Le cabhair ó bhean de chuid na háite, a bhraitheann sáinnithe ann, aimsíonn sé an rún.
Baineann deireadh an úrscéil le plé lena fhostóir chun táirge tráchtála a fháisceadh as an rún.
Is anseo a chíortar ceisteanna fealsúnachta agus morálta go domhain agus 'meitheal machnamh' i mbun 'stoirm stuaime' ar na ceisteanna ar fad a eascraíonn as; ciniciúilacht agus idéalachas in adharca a chéile.
Ar shlí úrscéal ilmheáin atá anseo - idir insint dhíreach céad pearsa ann, dioscúrsa an stoirm stuaime, tuairiscí eolaíochta- agus do radharcanna áirithe, script samhlaithe scannáin.
Táim buíoch don gcomhrá a sheol arís i dtreo an lón machnaimh is pléisiúr seo mé!







