Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Cló Iar-Chonnachta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Cló Iar-Chonnachta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-05-10

Máinliacht fileata


Rogha dánta thar gairmré Áine Ní Ghlinn atá sa dhíolaim seo. Ní scíthléitheoireacht atá sna dánta seo, ach tá tairbhe sa léamh. Ga an mháinlia ag pléascadh neascóid an mhí-úsáid agus an cos ar bolg. Ag scaoileadh an brach as. Ag soilsiú an chréacht. Tá díghalrú sa solas láidir, agus ní maith leis na péist agus súmairí a bhíonn ag teacht i dtír ar laige agus íogaire é nuair a scalltar solas ar a modhanna.

Tá scéalta léanmhara mise freisin anseo. Tá sé phribhléid agamsa gur fear geal heitrighnéasach meánaicmeach mé, ó theaghlach seasmhach cosantach. Nuair a bhí mé óg agus saonta bhí fear ag útamáil liom, ach d'éist mo thuismitheoirí le mo mhíchompord agus ghníomhaigh go grod chun teacht idir mé agus an baol. Ní raibh an deis sin ag cách, agus go deimhin níl fós. Tá na creachadóirí fós inár measc agus cuidíonn tost agus dorchadas lena hainghníomhartha.

Ní dhearna mé ag siúl fánach a chaitheamh ar leaganacha traschruthaithe Theo Dorgan, ach de réir a réamhrá siúd tá an file í féin sásta leo. 

Tá íomhánna agus insint cumhachtach sna dánta seo, idir sean agus nua. Agus cé go bhfuil pian iontu níl siad éadóchasach. Tús leigheas na haicíde é a ainmniú agus a aithint. Is aicíd ar an bpobal an mhí-úsáid cumhachta, cuma an collaíochta, colainn nó inchinn a imrítear an mhí úsáid air. 

Cabhraíonn an cnuasach seo le antasubstaint an léitheora in aghaidh na patuaire a forbairt. Is maith sin. 

(Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa chugam) 

Áine Ní Ghlinn 
Theo Dorgan a d'aistrigh. 

2025-04-22

An gcuimhníonn sibhse, a chailíní, an lá ar fhága mé an Trá Bháin?

An dara ócáid i gCúirt ar fhreastal mé air ná
léamh drámatúil as úrscéal le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Tá an t-úrscéal bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston.

Faoi stiúir Eoghan Uí Riada chuir Bridie Ní Churraoin briathra Mhichíl Uí Chonghaile inár láthair, ag insint radhairc as saol an chumadóra. Chan Caitlín Pheaits sleachtanna as na hamhráin chun léiriú a dhéanamh ar an insint. Bhí an dís ban feistithe go cuí. Caitlín i ndubh ó bhonn go baithis agus feidhm éifeachtach á bhaint aici as caille uige. Bridie gléasta mar seanbhean ag amharc siar, agus brat uimpi a bhí ina chaille freisin. 

Bhí dearadh stáitse simplí ach éifeachtach ann. 

Nuair a chrom Caitlín ar chaoineadh agus í ar a ceithre boinn agus an caille uimpi, bhraitheamar uilig ualach an dobróin. 

Táim ag súil go mór leis an úrscéal, ach beidh sé deacair an taibhiú a shárú. 

Deirtear go bhfuil dhá insint ar scéal, agus dhá leagan déag ar amhrán. Tá cúpla leagan acu le léamh anseo agus le clos anseo. 



2025-04-21

Cúirt - Dinnseanchas Conallach


Bhí Cúirt agus Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh daichead bliain faoi bhláth, agus mheall ríomhphoist de chuid CIC anoir mé ar an Domhnach. Bus luath ó Bhleá Cliath agus bus tráthnóna abhaile. Tá feabhas mór ar chúrsaí iompair, agus níl an tír chomh mór feasta. Déanaim dearmad ar sin. Ba cheart dom comhairle Joe Steve a leanúint níos minice agus an chultúir thiar a bhlaiseadh níos minice. 

B'é seal na gConallach páirt a ghlacadh san togra leanúnach Dinnseanchas. Iarrtar ar beirt scríbhneoir píosa dinnseanchais a scríobh agus a léamh.

Iomann ag ceiliúradh baile fearainn An Machaire (sílim go bhfuil an machaire ceart agam) a thug an file agus an scéalaí Eithne Ní Ghallchobhair dúinn, dar bhfuadach as dorchadas na Taibhdheirce amach faoin dúlra Conallach, agus na snáithe uile dinnseanchais ina reacaireacht - tírdhreach, stair, béaloideas, cuimhní cinn, cosmaeolaíocht. Nuair a reiceann Eithne, bíonn a colainn ar fad san insint chomh maith le guth atá ceolmhar cumhachtach. Barr líonmhar bainte aici as togra caomhnaithe logainmneacha, atá ríthábhachtach agus oiread dóibh siúd a bhfuil an t-eolas acu ag síothlú. 

Gearrscéal dinnseanchais Mórtas Aigne Michelle Nic Pháidín. Lonnaithe i dTóraí na dtonn. Béaloideas agus seanchas ag fáil an cheann is fearr ar sceipteachas chúngaigeanta eolaí. Na snáithe arís láidir ann agus bréidín taitneamhach fite astu. 

Reacaire bhreá í Michelle freisin - glór láidir agus insint a mhúscail íomhánna. 

Bhí deis ansin roinnt ceisteanna a chur agus a phlé, faoi stiúir shéimh eolach Mhichíl Uí Chonghaile. 

Ócáid thar a bheith taitneamhach! 


2020-12-28

Ag útamáil leis - cuimhní cinn Pádraic Breathnach


Taithí measctha atá agam le saothair Phádraic Bhreathnach agus ní fear mór cuimhní cinn mé go hiondúil. Ach sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa mo threo de na cuimhní cinn seo. A óige ar fheirm bhocht i Maigh Cuilinn. Flosc oibre a mhuintire chun go mbeadh oideachas ar a gclann chun éalú ón anró. Comharsa agus nósanna. Oideachas na linne. Achrann agus comhoibriú. Léargas freisin ar an bhreac Ghaeilge - gur Béarla faoi thionchar láidir Gaeilge a bhí thart air dáiríre. Sa chaoi gur shíl Béarlóirí é bheith ag Gaeilgeoireacht, agus a mhalairt! Ach gur thug sé faoi sealbhú ceart an dá theanga ar an meánscoil agus Ollscoil. 

Meánscolaíocht, ollscolaíocht, tús gairme. Caibidil ionraic faoi bhabtha dúlagar. Taisteal lena chlann. Fiosracht agus dúil sa ndúlra. 

Snas ar gach caibidil a fhágann go bhféadfá iad a léamh astu féin. Go deimhin táim measartha cinnte go bhfuil ceann acu léite agam mar cholún san Irish Times. Agus go bhfuil insint i gceann eile ar eachtra a spreag gearrscéal. 

Stair sóisialta agus stair léann na Gaeilge fite fuaite tríd go héadrom, gan a bheith teagascúil. 

Tuiscint agus meas ann. Ach gan ceilt, feictear dom, ar a chuid lochtanna agus streachailtaí. 

Prós breá soléite. Taithneamh le baint as. Leabhar a d'fhéadfá piocadh suas agus caibidil fánach a léamh anois is arís, agus pléisiúr a bhaint as. 

Pádraic Breathnach
Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784442057  




2020-11-22

Siamsa an Gheimhridh


Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa den díolaim seo chugam. Athchóiriú le Peadar Ó Ceannabháin ar leabhar a chnuasaigh Domhnall Ó Fotharta, oide scoile, agus a foilsíodh i dtosach in 1892.

Is geal le bheith i láthair ag sraith oíche airneáin a bheith ag léamh an leabhair. Scéalta, amhráin, tomhaiseanna, nathanna agus rannta ag leanacht a chéile - nasc eatarthu uaireanta, uaireanta níl. 

Níl aon snas curtha ar na leaganacha cnuasaithe agus dá réir bíonn píosaí as alt i gcuid de míreanna - iad fágtha mar a breacadh síos iad gan eagarthóireacht liteartha. Ach is samplaí iontacha iad de na healaíona béil beo. Tá cultacha catha breátha sna scéalta. 

Tá foclóirín ag dul leis an leabhar ach ní raibh sé de dhíth orm. Feictear dom gur thug Peadar Ó Ceannabháin suas chun dáta go séimh an chaint sa leabhar, agus go snasta. 

Tá foinsí agus fonótaí curtha leis. Leabhar a bheidh fóinteach do scoláirí béaloidis chomh maith le scíth léitheoirí ar maith leo sean scéalta - agus i bhfianaise an spéis chuirtear i mbailiúchán na scoil, ní tearc a líon siúd! 

Tá obair mhaith ar bun ag Cló Iar-Chonnachta ag déanamh cúram d'oidhreacht an phobail ina bhfuil siad lonnaithe chomh maith le bheith ag forbairt scríbhneoirí, ceoltóirí agus fonnadóirí na linne seo. Gura fada buan iad. 

Peadar Ó Ceannabháin 
Tagairt: 9781784441975  


2020-11-08

Gaillimh - Díolaim Cathrach


Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa den díolaim seo chugam, agus táim buíoch. Togra a bhaineann le gradam Cathair na Gaillimhe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa i mbliana, comóradh a cuireadh as a riocht de bharr na paindéime.

Sleachta ficsean próis - as gearrscéalta nó úrscéalta, chomh maith le réimse filíochta. Iad ar fad bainteach le cathair na Gaillimhe. Díol suntais - bhraith an fear eagair easpa mná i measc na scríbhneoirí próis agus choimisiúnaigh dánta ó mhná mar chúiteamh. 

Mar a luaigh Máire Ní Finneadha, bhraith mé go raibh sé ait nach raibh na sleachta de réir údair - píosaí leis na húdair céanna scaipthe tríd an gcnuasach, agus an cur i láthair beagán éagsúil de réir an tsleachta. Is féidir go bhfuil eochair don leagan amach ar na sleachta ag an eagarthóir, ach theip orm féin pátrúin a aithint - is trua sin, mar measaim go mbeadh an díolaim níos láidre ach scafall dá leithéid a bheith ann. 

Cuid mhaith den bprós agus roinnt de na dánta bhí siad léite cheana agam. Ach is cinnte go raibh sleachta áirithe a spreagadh fiosracht léitheora maidir le húdar agus saothair agus is maith sin. Díolaim measartha leathan atá ann, agus clúdach maith déanta ar scríbhneoirí na fichiú haoise agus tús na haoise seo. 

Leabhar maith leabhragáin, le tarraingt air anois is arís d'fhonn na saothair a bhlaiseadh. Tá dearadh an leabhair oiriúnach chuige sin, clúdach crua agus clúdach deannaigh cuanna. Cló soiléir, innéacs agus tagairtí do na foinsí. 

Brian Ó Conchubhair